10. Sráidbhailte Beagfháis

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Gach Sráidbhaile Beagfháis a chur chun cinn mar áit le cónaí agus oibriú inti agus cuairt a thabhairt  uirthi, ina gcuirtear raon seirbhísí, áiseanna pobail agus sráidbhaile insiúlta ar fáil atá ar aon dul le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe. 

10.1  Réamhrá 

Sa chuid seo (Imleabhar 2), tabharfar sonraí maidir le fís agus cuspóirí beartais chriosaithe do na sráidbhailte seo a leanas: 

An Cheathrú Rua, An Spidéal, Béal Átha Ghártha, Dún Mór, Gleann na Madadh, Cinn Mhara agus Maigh Locha. 

Ullmhaíodh pleananna Criosaithe agus Tuilte in éineacht le sainchuspóirí beartais do gach Sráidbhaile Beagfháis (SGV) a liostaítear thuas. 

San imleabhar seo de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028, cuimsítear na SGVanna ainmnithe do Chontae na Gaillimhe. Is iad seo na lonnaíochtaí den cúigiú sraith mar atá leagtha amach i gCaibidil 2 Croí-Straitéis, Ordlathas Lonnaíochta agus Straitéis Tithíochta den Phlean Forbartha Contae 2022-2028. Tá struchtúr lonnaíochta láidir ag na sráidbhailte atá liostaithe sa chatagóir seo agus tá an cumas acu tacú le fás breise, ag tairiscint rogha maireachtála malartach do dhaoine atá ag iarraidh cur fúthu inár SGVanna nó faoin tuath. Leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000( arna leasú), éascaítear do sholáthar na sainchuspóirí beartais do shráidbhailte níos lú, ina bhfuil daonra níos lú ná 5,000 duine iontu, a chur san áireamh sa Phlean Forbartha Contae. 

Déantar na SGVanna a ghrúpáil le chéile chun an tImleabhar 2 den Phlean Forbartha Contae a fhoirmiú toisc go bhfuil siad cosúil ó thaobh méide de agus go háirithe, ó thaobh daonra de. Mar shampla, níl an daonra de gach lonnaíocht níos mó ná 1,000 duine, ach mar sin féin, tá cumas bonneagair ag gach lonnaíocht chun freastal ar mhéid comhréireach den daonra agus ar fhorbairt ghaolmhar laistigh de shaolré an Phlean Contae seo. Nuair a chuirtear gach ceann de na lonnaíochtaí beaga seo san áireamh sa Phlean Contae, le cuspóirí beartais agus léarscáil criosaithe, tá an t-údarás áitiúil i riocht níos straitéisí chun a riachtanais atá leagtha amach sa RSES a sheachadadh trí áiteanna níos fearr a sholáthar do dhaoine chun maireachtáil agus oibriú iontu. Leis na sráidbhailte seo a chur san áireamh sa Phlean Forbartha Contae,  cuideofar le maoiniú agus tacaíochtaí eile a mhealladh ón Rialtas Láir agus ó fhoinsí féideartha eile. 

Tá gá leis na daonraí a chuirtear i leith gach sráidbhaile chun an fás leithdháilte daonra a chomhlíonadh mar atá leagtha amach sa CNP agus RSES. Caithfear freastal ar an bhfás seo sa daonra i ngach SGV ar bhealach inbhuanaithe, comhréireach agus seicheamhach. 
Léirítear sa tábla 10.1 seo a leanas an leithdháileadh daonra in aghaidh an SGV a liostaítear thuas. 
 

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Sráidbhailte Beagfháis [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile