Caibidil 4 Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

Tacú le ról ceantar tuaithe chun bonn daonra cobhsaí a chothú trí ghréasán láidir sráidbhailte agus bailte beaga agus pobail tuaithe a neartú trí thacú le geilleagar tuaithe athléimneach agus talamh agus acmhainní a bhainistiú go hinbhuanaithe.

 

4.1   Réamhrá

Aithníonn Comhairle Contae na Gaillimhe an ról tábhachtach atá ag an gceantar tuaithe sa chontae ó pheirspictíocht tithíochta, gheilleagrach agus shóisialta.  Tá éagsúlacht shaibhir áiseanna nádúrtha, bailte beoga, sráidbhailte mealltacha, ardtailte, tailte féaraigh fairsinge, purláin locha, aibhneacha intíre, sruthanna, oileáin agus imeallbhord scéimhiúil sa chontae. 

Tá Gaillimh ar cheann de na contaetha is tuaithe in Éirinn, agus cónaíonn beagnach 78% den daonra sna ceantair thuaithe. Ar an ábhar sin, léireofar an ceantar tuaithe agus a thábhacht sna príomhchuspóirí beartais agus tiocfaidh sé leis an mbeartas náisiúnta. ‘Geilleagair agus Pobail Tuaithe Neartaithe’. Glacann ceantair thuaithe le príomhról i dtaobh an t-aitheantas a shainiú, an geilleagar agus an timpeallacht ardchaighdeáin a chur chun cinn agus beidh sé mar príomhchuid d’fhorbairt straitéiseach an chontae i rith thréimhse an phlean. 

Faoi mar a dtugtar cuntas air i gCaibidil 2, An Chroístraitéis, an Straitéis Lonnaíochta agus an Straitéis Tithíochta, sainaithnítear san ordlathas lonnaíochta roinnt sráidbhailte agus an tuath ghinearálta. Is é cuspóir beartais na Comhairle é go n-éascófar riachtanais tithíochta tuaithe a mbíonn gá leo sa phobal tuaithe áiteanna san Ordlathas Lonnaíochta agus go ndéanfar áiteanna mealltacha le cónaí iontu de na sráidbhailte laistigh den chatagóir seo agus go gcuirtear blaiseadh de shaol na tuaithe ar fáil iontu ag an taca céanna. Tabharfar príomhthús áite sa phlean seo do chothromaíocht a bhaint amach idir pobail tuaithe inbhuanaithe a threisiú agus a neartú agus an tuath á cosaint i gcomhthráth ó rófhorbairt.

Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil athrú ag teacht ar chleachtais oibre agus go bhfuil níos mó cianoibriú á dhéanamh, tá deis ar fáil sráidbhailte tuaithe a sholáthar mar fhíor-rogha do dhaoine ar main leo cónaí i suíomh tuaithe. Beidh gá níos mó leis roghanna eile ar chónaí in ionaid mhóra uirbeacha a sholáthar, ach caithfear cothromaíocht a bhaint amach chun ceantair uirbeacha agus thuaithe a chothú. Meastar go gcuireann na bailte agus na sráidbhailte deis ar fáil anois do dhaoine ar mhaith leo cónaí i gceantar tuaithe, ach nach sásaíonn critéir an riachtanais tithíochta.

Tá réimse éagsúil úsáidí sa chontae, idir tionscail talmhaíochta, ghairneoireachta agus eachaí, ionaid táirgthe bia áitiúla, gnólachtaí agraibhia agus gníomhaíochtaí caitheamh aimsire agus turasóireacht talmhaíochta. Nuair a chuirtear iad seo i dteannta a chéile, cuireann siad deis ar fáil do chónaitheoirí agus do chuairteoirí taitneamh a bhaint as timpeallacht ardchaighdeáin le cónaí agus le hoibriú inti agus le tabhairt faoi chaitheamh aimsire inti.


Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 4 [PDF]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile