Caibidil 12 An Oidhreacht Ailtireachta, Seandálaíochta agus Cultúrtha

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

An oidhreacht ailtireachta, seandálaíochta agus cultúrtha a chaomhnú, a fheabhsú, a bhainistiú agus a chosaint mar phríomhshócmhainní sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha atá ina gcuid dhílis den chontae agus a chosnaíonn na hacmhainní luachmhara seo trí bhainistíocht cheart, feabhsú íogair agus forbairt chuí. Aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach is féidir leis na healaíona agus an cultúr a imirt chun áit a chruthú le bheith mar limistéar tarraingteach chun maireachtáil agus oibriú ann agus chun taitneamh a bhaint as.

 

12.1   Réamheolas

Tá an oidhreacht chultúrtha chuile áit timpeall orainn, sna foirgnimh inár mbailte agus inár gcathracha, agus sna tírdhreacha, séadchomharthaí agus láithreáin seandálaíochta freisin. Tugann an oidhreacht chultúrtha pobail le chéile agus tógann sí comhthuiscintí ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orainn. Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht í an Oidhreacht Thógtha agus Chultúrtha, i bhfoirm sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe araon, toisc go dtugann siad deiseanna uathúla do phobail agus don tsochaí foghlaim faoin aimsir atá imithe siar, agus toisc go gcuireann sé leis an mórtas áite, agus, anuas air sin, toisc go cuir dílis í de charachtar agus tarraingteacht an Chontae.  

Tá an timpeallacht tógtha ó na céadta bliain ó shin áirithe leis an oidhreacht ailtireachta, chomh maith leis an timpeallacht tógtha ó bhlianta beaga anuas. Cuireann sé ar an eolas muid faoin saol a bhí ag na glúnta atá imithe thart agus cuireann sé le cuma tírdhreacha baile, sráidbhaile agus tuaithe araon. Tá ról lárnach ag an oidhreacht ailtireachta chun ‘áiteanna do dhaoine’ a chruthú go rathúil agus sainchomharthaí inaitheanta a chur i gcrích atá de chuidiú chun an mórtas áite a chur i mbun. Leis an gcomhfhorbairt áite, cuirtear pobail ar a gcumas ról gníomhach a bheith acu i bhforbairt a mbailte, a sráidbhailte agus a gceantar áitiúil féin. Tá sé uilechuimsitheach agus cuireann sé tuairimí éagsúla san áireamh agus cuidíonn sé le daoine saincheisteanna ina réimse féin a mheas agus réitigh a dhearadh dóibh féin. Cuireann sé deiseanna ar fáil atá á iarraidh ag saoránaigh agus cuireann sé comhar gníomhach ar fáil lena n-áirítear machnamh ar a n-oidhreacht agus ar a gcultúr.

Leis an tseandálaíocht. tugtar léargas ar shochaithe agus ar chultúir an aimsir atá imithe trí mheasúnú a dhéanamh ar an ábhar a d’fhág na daoine ó na hamanna sin ina ndiaidh, agus ón fhianaise sa timpeallacht freisin. Déantar imscrúdú ar na tithe, lonnaíochtaí agus tuamaí a bhí ag na daoine siúd, chomh maith leis na huirlisí a d’úsáid siad i gcoitinne. Féachann an tseandálaíocht leis an tírdhreach, an fásra agus an aeráid a bhí ann fadó a thuiscint de réir mar a chuaigh siad i gcion ar na daoine a bhí ann ag an am, agus de réir mar a chuaigh siadsan i bhfeidhm orthu freisin.Soláthraíonn sé acmhainn luachmhar chultúrtha, oideachais agus turasóireachta, chomh maith le mórtas áite tábhachtach a chruthú. I ngach baile fearainn agus paróiste i gcontae na Gaillimhe tá séadchomharthaí le fáil agus adhlacthaí réamhstairiúla, liosanna, toibreacha beannaithe, séipéil pharóiste meánaoiseacha agus reiligí ag gabháil leo, caisleáin ina measc, chomh maith le séadchomharthaí ón aimsir nach bhfuil imithe siar chomh fada sin. Tá os cionn 12,000 séadchomhartha taifeadta sa chontae seo. Is príomhghné den oidhreacht chultúrtha í an tseandálaíocht freisin, atá sainmhínithe ag UNESCO mar 'oidhreacht déantúsán fisiceach agus tréithe doláimhsithe grúpa nó sochaí atá fágtha ag na glúine a bhí ann san aimsir atá imithe siar, atá fós ann sa lá atá inniu ann agus a dhéantar iad a chaomhnú chun leasa na nglúnta atá fós le teacht'.

Aithnítear an oidhreacht chultúrtha mar phríomhchuid de tharraingteacht agus sainiúlacht na mbailte, na sráidbhailte agus na gceantar tuaithe. Leis an infheistíocht straitéiseach sa chultúr, san oidhreacht agus sna hEalaíona tugtar aitheantas dó go bhfuil an bonneagar ardchaighdeáin ríthábhachtach d’earnáil bhríomhar oidhreachta agus cultúir agus go bhfuil an infheistíocht inár n-oidhreacht chultúrtha mar bhonn agus mar thaca faoin gcomhtháthú sóisialta agus go dtacaíonn sé leis an bhfás eacnamaíoch chomh maith. Tá clú agus cáil ar Ghaillimh, sa tír seo agus ar fud an domhain fiú, mar lárionad oidhreachta, cultúrtha agus Ealaíon. Tá sé mar chuspóir ag an bPlean seo tacú leis an oidhreacht chultúrtha seo agus í a fheabhsú chun a chinntiú gur féidir le cónaitheoirí áitiúla agus le cuairteoirí ar an gContae taitneamh a bhaint aisti agus í a chaomhnú ar mhaithe leis na glúnta atá fós le teacht.

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 12 [PDF]

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile