2.1 Baile Chláir

Dúnta27 D.F., 2022, 9:00am - 27 D.F., 2022, 9:01am

2.1 Lonnaíocht Cheannchathartha Bhaile Chláir

2.2  Comhthéacs an Bhaile

Tá Baile Chláir suite thart ar 10 km soir ó thuaidh de Chathair na Gaillimhe, taobh istigh de Ghaeltacht Chontae na Gaillimhe. Tá an sráidbhaile lonnaithe laistigh de limistéar ceannchathartha na Gaillimhe agus, mar sin, is cuid de Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe é. Tá an sráidbhaile suite san áit a dtrasnaíonn Príomhbhealach Náisiúnta an N17 ó Ghaillimh go Sligeach (Cúil Mhuine) Abhainn an Chláir. Tá sé ar an acomhal leis an N18, an Príomhbhealach Náisiúnta ó Ghaillimh go Luimneach, a nascann leis an N6, an Príomhbhealach Náisiúnta ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath agus an N18/M18.
 
Tá roinnt siopaí áitiúla, aonaid tráchtála/gnó agus dhá óstán lena mbaineann na saoráidí gaolmhara (ionad fóillíochta) ann, cuirtear saoráidí oideachais ar fáil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu laistigh den sráidbhaile, sa cheantar máguaird agus líon mór daoine a thaistealaíonn ar an N83 Ó Mhaigh Eo/Sligeach go Gaillimh ar bhonn laethúil/seachtainiúil. Téann Baile Chláir síos i líne ón taobh thuaidh d’Abhainn an Chláir go taobh deas acomhal an N83 agus an R381.
 
Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí oibreacha draenála i mBaile Chláir le déanaí chun tuilte a mhaolú, agus táthar tar éis droichead nua a thógáil. Sa chuid den sráidbhaile is faide ó thuaidh, tá cnuasach eaglasta le fáil ina bhfuil an Caisleán agus fothrach na Mainistreach Proinsiasach, reilig agus fothrach na heaglaise paróiste ó na meánaoiseanna, agus is i gcoinne an chúlra iontaigh seo atá an sráidbhaile suite ar bhruach Abhainn an Chláir.

 

2.3 Pobail lnbhuanaithe

2.3.1 Tithíocht

Tá fás suntasach tagtha ar an lonnaíocht chathrach Baile Chláir le 20 bliain anuas, a bhuí sin lena cóngaracht do Chathair na Gaillimhe, agus tá an-tóir air i gcónaí mar áit chun forbairtí cónaithe a thógáil. I measc na gcineálacha tithe, tá tithe sraithe, tithe leathscoite agus tithe scoite, a bhformhór díobh idir bhungalónna agus thithe dhá stór. Tá roinnt foirgneamh tráchtála/miondíola lonnaithe taobh leis an N83 freisin, laistigh de lár an bhaile.

Is príomhaidhm den phlean lonnaíochta ceannchathartha seo tithíocht bhreise a chur ar fáil amach anseo a chomhlíonann prionsabail na cáilíochta agus na hinbhuanaitheachta, go speisialta ó thaobh dearaidh agus leagain amach de. Caithfidh prionsabail na cáilíochta, na hinbhuanaitheachta agus na hionchuimsitheachta a bheith chun tosaigh agus forbairtí cónaithe á dtógáil i mBaile Chláir amach anseo. Ba cheart go gcuireann scéimeanna nua iltithíochta laistigh de limistéar an phlean rogha iomchuí d’aonaid tithíochta éagsúla ar fáil a dhéanann freastal ar éilimh reatha an tsráidbhaile agus ar éilimh an tsráidbhaile amach anseo, agus a bhíonn freagrúil ar an gcomhthéacs áitiúil, ó thaobh dearaidh, leagain amach agus dlúis de. Caithfidh forbairtí cónaithe laistigh de Bhaile Chláir cloí leis an gcuspóir beartais maidir le haonaid tithíochta a dháileadh ar theaghlaigh le Gaeilge.

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Lonnaíocht Cheannchathartha Bhaile Chláir [PDF]

 

Clár ábhair

Baile