Caibidil 10 Oidhreacht Nádúrtha, Bithéagsúlacht agus Infreastruchtúr Glas/Gorm

Dúnta27 D.F., 2022, 09:00 - 27 D.F., 2022, 09:01

Obair a dhéanamh ar mhaithe le bithéagsúlacht agus oidhreacht nádúrtha a chosaint, a chaomhnú agus a bhainistiú, láithreáin a n-áirítear leo láithreáin ainmnithe ar leibhéal náisiúnta agus AE agus speicis agus gnáthóga cosanta taobh amuigh de láithreán ainmnithe, agus líonra infreastruchtúir ghlais/ghoirm a fhorbairt ar mhaithe le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an chontae.


10.1   Réamhrá 

Is acmhainn fhíorluachmhar é oidhreacht agus bithéagsúlacht shaibhir nádúrtha an Chontae atá tábhachtach dár ngníomhaíochtaí laethúla agus dár gcaighdeán beatha. Leis an bPlean seo iarrtar méid a dhéanamh ar mhaithe le bithéagsúlacht agus oidhreacht nádúrtha na láithreán ainmnithe agus neamhainmnithe sa Chontae a chosaint agus a fheabhsú, agus raon leathan tairbhí agus seirbhísí timpeallachta, sóisialta agus eacnamaíochta a chur ar fáil, lena n-áirítear bailte, sráidbhailte agus tuath atá mealltach a chur ar fáil ar mhaithe leis na pobail agus cuairteoirí. 

Tá an bhithéagsúlacht ina bunús ag ár dtírdhreacha agus ár limistéir thaitneamhachta. Soláthraíonn sí bia agus uisce glan, deiseanna le haghaidh diúscairt dramhaíola, athchúrsáil cothaitheach, cosaint an chósta, agus stóráil agus maolú tuile. Is éard is bithéagsúlacht ann iomlán na speiceas agus na ngnáthóg ar fad agus iad ag obair le chéile chun beatha a ghiniúint agus a chothú. Tá oidhreacht agus bithéagsúlacht shaibhir nádúrtha ag an gcontae, lena n-áirítear roinnt gnáthóg éagsúil agus uathúil atá annamh in Éirinn agus sa chuid eile den domhan. 

Is líonra de limistéir nádúrtha agus leathnádúrtha atá pleanáilte go straitéiseach é Infreastruchtúr Glas/Gorm, limistéir ag a bhfuil gnéithe timpeallachta eile atá deartha agus bainistithe chun raon leathan seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil, cosúil le híonú uisce, cáilíocht an aeir, spás le haghaidh fóillíochta agus maolú agus oiriúnú don athrú aeráide. D'fhéadfadh an líonra sin de spásanna glasa (talamh) agus gorma (uisce) feabhas a chur ar dhálaí timpeallachta agus, mar sin, ar shláinte agus cáilíocht beatha na saoránach. Chomh maith leis sin, tacaíonn sé le geilleagar glas, cruthaíonn sé deiseanna post agus feabhsaíonn sé bithéagsúlacht. Is é an líonra Natura 2000 cnámh droma an infreastruchtúir ghlais san AE. Uirlis a ndearnadh tástáil rathúil uirthi is eas pleanáil i leith Infreastruchtúr Glas chun tairbhí timpeallachta, eacnamaíochta agus sóisialta a chur ar fáil trí réitigh nádúrtha. I go leor cásanna, d'fhéadfadh sé spleáchas ar infreastruchtúr 'liath' a laghdú, infreastruchtúr a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh don timpeallacht agus bithéagsúlacht agus a bhíonn níos costasaí lena thógáil agus lena chothabháil.


Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 10 [PDF]

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile