1.0 Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe
Dúnta27 D.F., 2022, 09:00 - 27 D.F., 2022, 09:01
Is é an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) an plean straitéiseach maidir le fás agus forbairt na tíre a mhúnlú amach anseo go dtí an bhliain 2040, agus bunaítear Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe leis an gcreat sin. Áirítear sa CNP cuspóir náisiúnta pleanála NPO 67 maidir le Plean Straitéiseach Limistéir Ceannchathartha (PSLC) a ullmhú do Ghaillimh trí phróiseas na Straitéise Réigiúnaí Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE).
1.1 Réamhrá
    Is é an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) an plean straitéiseach maidir le fás agus forbairt na tíre a
  
  
    mhúnlú amach anseo go dtí an bhliain 2040, agus bunaítear Limistéar Ceannchathartha na
  
  
    Gaillimhe leis an gcreat sin. Áirítear sa CNP cuspóir náisiúnta pleanála NPO 67 maidir le Plean
  
  
    Straitéiseach Limistéir Ceannchathartha (PSLC) a ullmhú do Ghaillimh trí phróiseas na Straitéise
  
  
    Réigiúnaí Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE).
  
  
      Cuimsítear i Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE) an Tuaiscirt agus an
    
    
      Iarthair Plean Straitéiseach Limistéir Ceannchathartha ardleibhéil do Ghaillimh. Leagtar amach sa
    
    
      phlean sin an treoir straitéiseach don Limistéar Ceannchathartha chun an fás atá ina chéad
    
    
      fhothorthaí straitéiseach náisiúnta (FSN) sa Chreat Náisiúnta Pleanála a bhaint amach.
    
    
      Laistigh den SRSE, sainmhínítear ‘Comhfhorbairt Áite’ mar thosaíocht a chuirfidh taca faoin gcreat
    
    
      fáis agus a chinnteoidh sineirgíocht idir infheistíochtaí agus pleanáil le haghaidh
    
    
      idirbheartaíochtaí straitéiseacha agus a dhéanfaidh na torthaí a bheidh i ndán do ‘Dhaoine agus
    
    
      Áit’ a uasmhéadú. ‘Leanfar leis an dlúthfhás lena chinntiú go bhfásfar lonnaíochtaí uirbeacha agus
    
    
      tuaithe níos dlúithe ar bhealach inbhuanaithe, agus poist, tithe, seirbhísí agus taitneamhachtaí ag
    
    
      tacú leo, seachas sraoilleáil leanúnach agus fás neamhphleanáilte, neamhgheilleagrach.’ Pléitear
    
    
      tuilleadh i gCaibidil 3 an coincheap ‘Comhfhorbairt Áite agus an Saol Uirbeach’.
    
    
      Léirítear Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe, ábhar an PSLC, i bhFíor 1 thíos agus téann sé
    
    
      ó Bhearna san iarthar isteach go Cathair na Gaillimhe agus a bruachbhailte, agus soir go Baile Chláir
    
    
      agus Órán Mór. Áirítear sa Limistéar Ceannchathartha thoir na limistéir fáis beartaithe seo a
    
    
      leanas: na hArdáin, an Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise.
    
    
      Sainaithnítear an Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise mar phríomhlimistéir fáis straitéisigh laistigh de
    
    
      Chontae na Gaillimhe agus cuirfidh sé sin go suntasach le hardaidhmeanna an CNP agus an SRSE.
    
    
      Tá Creatphleananna Uirbeacha ullmhaithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe don Gharrán agus
    
    
      Chnoc Mhaoil Drise agus áirítear iad i gCuid 3 den phlean seo.
    
    
      Is é ról an Limistéir Cheannchathartha freastal a dhéanamh ar fhás ó thaobh daonra de sa
    
    
      limistéar chun beogacht agus mealltacht Chathair na Gaillimhe agus na lonnaíochtaí baile agus
    
    
      sráidbhaile máguaird a chinntiú. Le Limistéar Ceannchathartha láidir a chuimsíonn bonneagar
    
    
      fisiceach agus saoráidí pobail ardchaighdeáin agus comhtháite, neartófar ról réigiún an Tuaiscirt agus
    
    
      an Iarthair agus beidh sé ina chabhair don réigiún dul san iomaíocht ag an leibhéal náisiúnta.
    
    1.2 Cuspoiri Straiteiseacha
      Beidh feidhm ríthábhachtach ag an bPlean Straitéiseach Limistéir Cheannchathartha maidir le
    
    
      réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair a fhorbairt, agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh
    
    
      acmhainneacht ann freastal a dhéanamh ar an bhfás ó thaobh daonra agus fostaíochta de, mar a
    
    
      leagtar amach é sa CNP agus sa SRSE. Is féidir é sin a bhaint amach mar seo a leanas:
    
    - Tacú le forbairt sa Limistéar Ceannchathartha a sholáthróidh tithíocht don daonra réamhmheasta faoi 2028;
- Tacú le hacmhainneacht eacnamaíoch an Limistéir Cheannchathartha, lena n-áirítear forbairt a dhéanamh ar thailte an tsean-Aerfoirt agus ar na tailte sa Gharrán arna gcriosú le haghaidh fostaíochta;
- Fás agus comhdhlúthú a áirithiú laistigh de na lonnaíochtaí Ceannchathartha Baile Chláir agus Bearna, agus sna limistéir fáis atá beartaithe i gCnoc Mhaoil Drise agus sa Gharrán.
- Cur chuige comhtháite a stiúradh i leith bonneagar iomchuí a sholáthar chun dlúthfhás inbhuanaithe a éascú;
- Fás a ailíniú le bonneagar agus seirbhísí iompair atá ar an bhfód cheana féin agus bonneagar agus seirbhísí iompair atá ag teacht chun cinn, mar aon le béim a chur ar lonnaíochtaí insiúlta ’10 nóiméad’;
- A chinntiú go ndéantar fás a chomhdhlúthú le rochtain éasca ar limistéir fostaíochta, miondíola, pobail agus conláiste, idir limistéir bhunaithe agus limistéir bheartaithe;
- Athnuachan a chur chun cinn, chomh maith le lonnaíochtaí uirbeacha a fhorbairt ar bhealach a chomhdhlúthaíonn agus a fheabhsaíonn aitheantas, mealltacht agus beogacht lonnaíochtaí mar áiteanna tarraingteacha chun a bheith ag cónaí, oibriú agus infheistiú iontu.
Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe [PDF]