2.12 Órán Mór

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

2.11 Lonnaíocht Cheannchathartha Órán Mór 

2.12  Comhthéacs an Bhaile 

Tá baile Órán Mór laistigh de limistéar Ceannchathartha Chontae na Gaillimhe anois. Tá sé suite 7km soir ó lár na cathrach ar imeallbhord laistigh Chuan na Gaillimhe. Cé go bhfuil méadú mór tagtha air le blianta beaga anuas, tá leagan amach bunaidh an tsráidbhaile fós le feiceáil. Tá lár an bhaile lonnaithe ag acomhal dhá bhóthair, is iad sin an Phríomhshráid agus Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath. Tá réimse úsáidí tráchtála gníomhacha le fáil timpeall ar limistéar lár an bhaile. Tá limistéir fhostaíochta ann freisin, lena n-áirítear próiseáil thionsclaíoch i suíomhanna ainmnithe ar imeall thuaidh an bhaile. Baineann tairbhí agus dúshláin lena suíomh cois cósta, m.sh.. an dúshlán a bhaineann leis an athrú aeráide agus na tairbhí a bhaineann leis na dea-radhairc sa limistéar. 

Tá an-tóir ar Órán Mór mar áit chónaithe toisc go bhfuil sé chomh cóngarach sin don Chathair agus go bhfuil timpeallacht mhaireachtála an-deas le fáil ann. Tá teacht éasca freisin ar an mótarbhealach agus ar na líonraí iarnróid, tréithe mealltacha a chabhróidh go mór chun Órán Mór a fhorbairt ina Bhaile Ceannchathartha le blianta beaga anuas. Sna blianta atá le teacht, is riachtanach a chinntiú go dtarlóidh fás inbhuanaithe seicheamhach pleantreoraithe sa bhaile seo. Éascóidh sé sin chun an baile mór seo a fhorbairt mar bhaile feabhsaithe beoga i gContae Ceannchathartha na Gaillimhe. 

2.13  Pobail Inbhuanaithe 

2.13.1 Tithíocht 

Tá líon beag readmhaoine cónaithe ar an bPríomhshráid in Órán Mór agus tá réadmhaoin mhór scoite breise ar cheapacha móra taobh le Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath. Is léir mar a d’fhás an baile amach go seicheamhach ó lár an bhaile i bpatrún gathach. Tá an tithíocht bhruachbhailteach ísealdlúis agus meándlúis a tógadh le déanaí ina tréith den fhorbairt seo. Tógadh cuid shuntasach den tithíocht seo le 20 bliain anuas agus tá an fhorbairt timpeall ar an mbaile mór fós ar siúl. Tá cóiríocht árasáin agus árasáin dhá urláir ina tréith de na limistéir chónaithe in Órán Mór freisin. Tharla an fhorbairt chónaithe ó thuaidh, ó dheas agus soir ó lár reatha an bhaile agus déanfar tuilleadh forbartha le linn shaolré an phlean. 

Tá na limistéir chónaithe seo faoi fhad siúil de lár an bhaile den chuid is mó agus tá rochtain orthu ón gcosán, rud a spreagtar agus a nglacadh go fonnmhar leis. Is gá an líonra rothaíochta a fheabhsú ar an mbealach isteach sa bhaile mór ó na limistéir chónaithe taobh amuigh de. Cinnteoidh an plean lonnaíochta seo nascacht shábháilte ardchaighdeáin coisithe agus rothaíochta le seirbhísí áitiúla amhail scoileanna, siopaí agus saoráidí pobail. 

Beidh soláthar tithíochta bunaithe ar fhorbairt chónaithe inbhuanaithe ardchaighdeáin a sholáthar ina gcuirtear prionsabail an dea-dhearaidh agus prionsabail an dea-leagain amach i bhfeidhm. Criosófar tailte ar bhealach seicheamhach le haghaidh na forbartha cónaithe timpeall ar bhaile Órán Mór, de réir mar is cuí, chun freastal ar an bhfás réamh-mheasta agus ar éileamh. Déanfar an fhorbairt chónaithe a shainaithint freisin trí fhéachaint ar láithreáin athfhorbraíochta agus láithreáin inlíonta sa lonnaíocht cheannchathartha seo agus mórthimpeall uirthi, i gcomhréir le huaillmhianta an CPN agus an SRSE. Nuair a dhéantar anailís ar lár an bhaile in Órán Mór, is léir go bhfuil lár dea-fhorbartha ann lena mbaineann acmhainn theoranta ó thaobh na forbartha cónaithe de. Léirítear na criosanna seo ar an léarscáil um chriosú úsáide talún atá le fáil i gCuid 3 den phlean seo. Cuirfear forbairtí úsáidí measctha in áiteanna oiriúnacha chun cinn i láithreáin i lár an bhaile, faoi réir na pleanála cirte agus na forbartha inbhuanaithe. 

2.13.2 Lár an Bhaile/ Miondíol 

Tá an príomhlárionad miondíola bunaidh (an Phríomhshráid & Seanbhóthair Bhaile Átha Cliath) tar éis fás leis na blianta ó chroílár Phríomhshráid R338 amach soir, ó thuaidh agus ó dheas. Tá fás le feiceáil i dtreo an iarthair freisin agus cuireann an fharraige teorainn leis an bhfás sin. Tá lár an bhaile ar an leibhéal agus deas, agus tá cosáin agus soilsiú ar fud na háite. Is féidir Cuan Órán Mór a fheiceáil ó áiteanna áirithe sa bhaile mór. 

Ritheann an Phríomhshráid thuaidh-theas i líne dhíreach. Tá an abhainn a théann soir siar isteach san fharraige mar theorainn thuaidh ag crios lár an bhaile. Tá réimse foirgneamh de chineálacha agus de mhéideanna éagsúla ar chuid thuaidh na sráide. Is réadmhaoin chónaithe dhá stór atá le fáil ar an gcuid seo den Phríomhshráid ach is réadmhaoine tráchtála atá ar an tsráid agus tú ag druidim i dtreo lár an bhaile. 

Tá forbairt déanta ar sciar mór de thailte lár an bhaile siar ón bPríomhshráid, talamh a bhíodh ina páirceanna  talmhaíochta roimhe sin. Tá dhá ollmhargadh agus aonaid tráchtála eile le fáil ann anois. Tá dea-nascacht choisithe ar fáil chuig an bhforbairt seo, siúlbhealach coisithe ón acomhal idir an Phríomhshráid agus Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath. Tá forbairt níos lú lonnaithe soir ón bPríomhshráid agus is scéim chuimsitheach mórscála úsáide measctha í ina bhfuil aonaid tráchtála agus árasáin le fáil. 

Soir ón bPríomhshráid agus ó thuaidh ó Sheanbhóthar Bhaile Átha Cliath ag an acomhal T, tá an tríú forbairt nua sa bhaile mór le fáil. Is éard atá ann ná forbairt úsáide measctha a chuimsíonn úsáidí agus seirbhísí éagsúla, lena n-áirítear seirbhísí airgeadais agus siopaí miondíola. 

Ar an iomlán tá réimse maith siopaí, caiféanna, bialanna agus tithe tábhairne sa bhaile mór. Tá óstán i lár an bhaile cheana féin agus tá óstáin eile le fáil ar imeall an bhaile. Is léir nach bhfuil mórán spás forbartha fágtha sa Bhaile Ceannchathartha seo, i gcomparáid le háiteanna eile sa chontae. Tá forbairt mhór mhiondíola déanta in Órán Mór le blianta beaga anuas agus is é miondíol an príomhúsáid anois ar na sráideanna breise nach raibh gníomhaíocht tráchtála riamh orthu, amhail taobh thuaidh de Bhóthar an Chaisleáin agus in Ionad Baile Órán. I gcás Ionad Baile Órán, is forbairt Úsáide Measctha/Tráchtála é seo ar an taobh thuaidh den bhaile mór. 

Thar shaolré an Phlean, spreagfaidh an Chomhairle na húsáidí breise iomchuí i lár Órán Mór atá ar chóimhéid lena leibhéal ar ordlathas miondíola an chontae agus atá i gcomhréir leis an bpleanáil cheart agus an fhorbairt inbhuanaithe. Déanfar gach iarracht spreagadh a dhéanamh chun foirgnimh neamhshealbhaithe agus foirgnimh thréigthe i lár an bhaile a úsáid an athuair. 

2.13.3 Fostaíocht agus Forbairt Gheilleagrach 

Tá ceithre ollmhargadh sraithe in Órán Mór agus cuireann siad go mór le bonn fostaíochta an bhaile. I measc na ndeiseanna fostaíochta eile i lár an bhaile, tá an earnáil fóillíochta, earnáil an fháilteachais agus earnáil na seirbhísí gairmiúla. Cuirtear an-bhéim sa phlean ar ghníomhaíocht a bhaineann le fostaíocht a spreagadh agus a éascú agus tugtar tuilleadh tacaíochta dó sin i gCaibidil 5 Cúrsaí Fiontraíochta, Geilleagracha agus Miondíola. 

Soláthrófar fostaíocht ar fud Lár an Bhaile, sa Chrios Úsáide Measctha/Tráchtála, sa Chrios Gnó agus Teicneolaíochta, sa Chrios Gnó agus Fiontraíocht agus sa Chrios Tionsclaíoch. I measc na mbuntáistí a bhaineann le suíomh Órán Mór agus an réimse saoráidí atá ar fáil ann, tá na nithe seo a leanas: 

  • Fianaise go bhfuil bonn láidir fostaíochta ann ó thaobh gníomhaíochtaí tionsclaíocha amhail próiseáil;
  • Cóngarach do líonra na mótarbhealaí;
  • Dea-nascacht leis na haerfoirt réigiúnacha Aerfort na Sionainne agus Aerfort Chnoc Mhuire;
  • Linn d’oibrithe óga sciliúla i limistéir chónaithe an bhaile agus sna hinstitiúidí tríú leibhéil;
  • Dea-nascacht le Cathair na Gaillimhe;
  • Ardluach Conláiste

Leis na tréithe seo, tá sé ar chumas Órán Mór chun bonn fostaíochta láidir dinimiciúil a chothú. Tá sé d'acmhainn ag an mbaile mór seo tionscail den chineál céanna agus fostóirí féideartha eile a mhealladh toisc go bhfuil réimse tairbhí straitéiseacha eile chuige sin aige: 

2.13.4 Gnó agus Teicneolaíocht 

Tá dáileacht mhór talún soir ó thuaidh ó Bhaile Órán Mór criosaithe le haghaidh úsáidí Gnó agus Teicneolaíochta. Baineann na húsáidí seo le tionscal eolaíochta agus teicneolaíochtbhunaithe in eolaíochtaí na beatha, bithchógaisíocht, TF, seirbhísí arna dtrádáil go hidirnáisiúnta, agus Taighde agus Forbairt. Féadfaidh úsáidí eile a bheith oiriúnach freisin. 

Tá suíomh Gnó agus Teicneolaíochta Órán Mór lonnaithe laistigh den Chonair Eacnamaíoch Straitéiseach mar a phléitear i gCaibidil 5 agus baineann achar 21 heicteár leis. Tagann sé faoi úinéireacht an Údaráis Forbartha Tionscail. Tugadh cead pleanála roimhe sin ar dháileacht thuaidh na talún d’fhonn Páirc Eolaíochta agus Teicneolaíochta, mar aon le saoráid réamhdhéantúsaíochta, a fhorbairt ann chun freastal ar dhéantúsaíocht agus taighde bithchógaisíochta. Tá an cead imithe in éag ó shin ach bhí na húsáidí beartaithe arna leagan amach san iarratas ar chead pleanála den chineál céanna agus na cineálacha úsáidí a cheadófaí anseo ar shuíomh criosaithe Gnó agus Teicneolaíochta. Tríd an suíomh seo a fhorbairt, bheadh sé ina mhórghineadóir fostaíochta sa bhaile ceannchathartha seo. 

2.13.5 Gnó agus Fiontraíocht 

Taobh ó dheas den suíomh Gnó agus Teicneolaíochta, tá dáileacht talún níos lú arna criosú lena  úsáid le haghaidh Gnó agus Fiontraíochta. Éascaíonn an criosú seo le hoifigí a fhorbairt, le húsáidí éadroma tionsclaíocha lena n-áirítear roinnt trádstórála, agus le húsáidí den chineál páirce fiontraíochta a fhorbairt freisin. Téann buntáistí suímh Órán Mór chun tairbhe an chriosaithe seo freisin, toisc go bhfuil fostóirí Gnó agus Fiontraíochta bunaithe lonnaithe in Órán Mór cheana féin. 

2.13.6 Tionsclaíocht 

Tá líon suntasach fostóirí lonnaithe in Órán Mór ar na tailte arna gcriosú mar thailte tionsclaíocha taobh thuaidh de lár an bhaile, in aice leis na tailte arna gcriosú mar thailte gnó agus teicneolaíochta. Mar sin, is príomhshuíomh sa limistéar ceannchathartha anois é Órán Mór agus déanfaidh sé rath geilleagrach na Gaillimhe a spreagadh agus a mhéadú freisin. Tá na tailte arna gcriosú mar thailte tionsclaíoch níos oiriúnaí chun earraí, lena n-áirítear láimhseáil amhábhar, a dhéanamh agus a phróiseáil. Tá a réimse féin d’úsáidí oiriúnacha - Gnó agus Teicneolaíocht; Gnó agus Fiontraíocht; Tionsclaíoch; Lár an Bhaile/Miondíol; agus Tráchtáil/Úsáid Mheasctha - ag gach limistéar fostaíochta laistigh den bhaile agus cuireann siad go léir le próifíl fostaíochta foriomlán an bhaile. 

2.13.7 Seveso

Déanann CHEMORAN in Órán Mór eiblitheoirí, oibreáin ghreamaitheacha agus oibreáin micreadhromchlaithe i dtrí shoitheach imoibriúcháin ina saoráid in Órán Mór. Sainaithnítear suíomh Chemoran mar shuíomh Leibhéil Íochtair Seveso II lena mbaineann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rialú Mórghuaiseanna Timpiste lena mbaineann Substaintí Contúirteacha) 2006. Chuige sin, tá crios 800 méadar marcáilte amach mórthimpeall ar an suíomh seo, mar a léirítear ar Léarscáil 1A/1B - Criosú um Úsáid Talún  agus  Léarscáil 2A/2B - Cuspóirí Sonracha. Tarchuirfear tograí forbartha sa limistéar seo chuig an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta le haghaidh comhairliúcháin.

2.13.8   Saoráidí Pobail 

Tá réimse saoráidí pobail lonnaithe in Órán Mór agus sa cheantar máguaird. Chomh maith leis na saoráidí oideachais leagtha amach thíos, tá réimse saoráidí spóirt gníomhacha le fáil ann freisin. I measc na saoráidí pobail eile atá le fáil ann, tá réimse saoráidí cúraim leanaí a mbaineann méid agus scála éagsúla leo, eaglais agus reilig, leabharlann, saoráidí leighis, Stáisiún an Gharda Síochána, Comhar Creidmheasa, banc, búistéir agus gruagaire. Is seaneaglais Chaitliceach é an foirgneamh leabharlainne in Órán Mór agus is léiriú maith é ar fhoirgneamh reatha a úsáid an athuair ar chúis eile. 

Tá Páirc Rinn Mhíl lonnaithe taobh ó dheas d’Órán Mór agus is spás oscailte luachmhar éighníomhach í inar féidir le cuairteoirí leas a bhaint as an líonra conairí siúil atá ar fáil. 

Déanfaidh an plean gach iarracht leanúint ar aghaidh seirbhísí agus bonneagar pobail a sholáthar de réir agus a fhorbraítear an baile agus a thagann pobail nua chun cinn le linn thréimhse an phlean. Tacóidh an plean le soláthar saoráidí pobail trí mhodhanna éagsúla, lena n-áirítear foinsí maoinithe amhail tacaíochtaí deontais pobail. 

2.13.9  Oideachas 

Tá bonn láidir oideachais sa bhaile mór seo ina bhfuil trí bhunscoil - Scoil Mhuire, Scoil Iósaif Naofa agus Gaelscoil de hÍde - agus meánscoil amháin, Coláiste Calasanctius. 

Tacóidh an plean le forbairt leanúnach na saoráidí oideachais in Órán Mór, i gcomhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe. 

2.13.10 Comhshaol agus Oidhreacht 

Tá roinnt suíomhanna ainmnithe laistigh de limistéar an phlean a áirítear sna Limistéir faoi Chosaint Speisialta agus sna Limistéir Chaomhantais Speisialta. Tá roinnt limistéar beartaithe oidhreachta nádúrtha in Órán Mór freisin a chuimsíonn cuid de Choimpléasc Chuan na Gaillimhe agus Riasc Creganna. 

Aithnítear go gcuireann an oidhreacht thógtha le saintréithe agus beogacht Órán Mór. Fanann an Caomhantas Ailtireachta atá i bhfeidhm in Órán Mór in éifeacht, mar aon leis na Déanmhais Chosanta laistigh den bhaile. Tá na sainchomharthaí, amhail an tseaneaglais Chaitliceach i lár an bhaile, fós ag cur le sráid-dhreach an bhaile. Téann an patrún sráide, méid na gceapach agus an comhleanúnachas ailtireachta ó dhéanamh san 18ú haois go dtí déanach sa 19ú haois agus tá go leor tréithe comhchoiteanna acu. Léiríonn an fhoirm agus na saintréithe atá ag Órán Mór anois an stair atá aige mar bhaile. Léiríonn lár an bhaile braistint láidir imfhálaithe arna cruthú ag an mbealach atá na ceapacha agus na foirgnimh leagtha amach. Cruthaítear é sin leis na tithe sraithe, na péirí tithe agus na tithe scoite a bhfuil bearnaí anseo is ansiúd eatarthu, rud a léiríonn na cróite lasmuigh díobh. Is ceapacha cúnga atá ann den chuid is mó, agus aghaidh na bhfoirgneamh amach chomh fada leis an gcosán i lár an bhaile, agus tá gairdíní móra taobh thiar dóibh freisin. Is foirgnimh dhá stór iad na seanfhoirgnimh den chuid is mó, agus tá roinnt samplaí ann de theachíní ceann tuí aon stór, nó teachíní a mbíodh ceann tuí orthu tráth. Ainmnítear ceantar mar Limistéar Caomhantais Ailtireachta de bharr aois, cáilíocht agus comhleanúnachas measta na bhfoirgneamh agus suíomhanna laistigh de chroí an limistéir stairiúil, agus leagtar amach é sa phlean lonnaíochta. 

Tá oidhreacht shaibhir seandálaíochta ag Órán Mór, agus is fianaise iad na séadchomharthaí taifeadta atá ann go raibh luathlonnaíocht ar siúl sa cheantar. 

2.14  Seirbhísí agus Bonneagar 

2.14.1 Diúscairt Fuíolluisce 

Rachadh sé go mór chun tairbhe  Órán Mór agus an chuid seo do Chontae Ceannchathartha na Gaillimhe dá ndéanfaí saoráidí cóireála uisce Phríomhdhraenáil Oirthear na Gaillimhe a fhorbairt. D’fhéadfadh sé freastal ar bhaile Órán Mór agus ar na ceantair máguaird, agus mar sin, tacaítear leis sa phlean seo. Tá ionad cóireála fuíolluisce Inis Caorach ag déanamh freastail faoi láthair ar Órán Mór. Déanann dabhcha séarachais aonair nó córais chóireála fuíolluisce dílsithe freastal ar roinnt tithe agus forbairtí eile ar imeall bhaile Órán Mór

2.14.2 Seirbhísí Uisce 

Faigheann Órán Mór a chuid uisce ó Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Thuama, agus chuige sin, ní gné teorannaithe ó thaobh na forbartha de é soláthar uisce. 

2.14.3 Bonneagar Iompair agus Gluaiseachta 

Tá rochtain láithreach ón mbaile mór seo ar na príomhlíonraí bóithre go léir a thugann rochtain ar Chathair na Gaillimhe. Tá rochtain éasca freisin ar na mótarbhealaí M6/M17/M18 ó Órán Mór agus, mar sin, tá sé éasca taisteal go Sionainn, go Luimneach agus go Baile Átha Cliath. Tugann stáisiún traenach Órán Mór rogha do dhaoine a chónaíonn i mbaile Órán Mór taisteal ar an traein ar an tseirbhís laethúil chomaitéireachta go Cathair na Gaillimhe, áit is féidir naisc a fháil go Baile Átha Cliath agus Luimneach. Táthar ag súil go soláthródh acmhainn fheabhsaithe iarnróid breis seirbhísí traenacha le linn na mbuaicthréimhsí. Meastar go soláthróidh an tseirbhís iompair inbhuanaithe seo an rogha dóibh siúd a chónaíonn in Órán Mór agus sa cheantar máguaird nasc iompair phoiblí iontaofa a úsáid go Cathair na Gaillimhe, rud a laghdóidh a spleáchas ar an ngluaisteán príobháideach. Anuas air sin, cuirfidh an fhorbairt a bheartaítear sa Chreatphlean Uirbeach don Gharrán feabhas ar nascacht an stáisiún traenach le baile Órán Mór. 

2.15  Athrú Aeráide agus Tuile 

Mar a leagtar amach i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn In-Athnuaite, imríonn an t-athrú aeráide tionchar díreach i gcónaí ar shaol daoine, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Féachann an plean le pobail dea-phleanáilte a chruthú ina laghdófar na hachair taistil ar an oideachas, ar an obair agus ar sheirbhísí, ina gcuirfear feabhas ar shaoráidí siúil agus rothaíochta agus ina ndéanfar foinsí áitiúla fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhtháthú. Rinneadh Measúnú Baol Tuile céim 2 ar phlean lonnaíochta Órán Mór agus sainaithnítear ceantair a mbaineann baol tuile leo, dobharthuile, tuile cois cósta, tuile bháistiúil agus tuile screamhuisce san áireamh. Tá léarscáil baol tuile le fáil i gCuid 4 den phlean ceannchathartha seo.

Cuspóirí Beartais Órán Mór (Plean Lonnaíochta Ceannchathartha Órán Mór – PLCÓM) 

PLCÓM 1     Forbairt Chónaithe Inbhuanaithe 

Forbairt tailte oiriúnacha agus seirbhísithe a chur chun cinn chun pobail chónaitheacha inbhuanaithe d’ardchaighdeán atá leagtha amach go maith agus a bhfuil tírdhreachtú maith iontu a sholáthar, le meascán oiriúnach cineálacha agus dlús tithíochta, chomh maith le húsáidí tailte comhlántacha ar nós saoráidí pobail, seirbhísí áitiúla agus saoráidí iompair phoiblí, chun freastal ar dhaonra cónaitheach phlean lonnaíochtaí Ceannchathartha Órán Mór. 

PLCÓM 2    Lár an Bhaile Inbhuanaithe 

Forbairt Órán Mór a chur chun cinn mar thimpeallacht dhlúth, ardchaighdeáin, dhea-thírdhreachaithe agus inrochtana ina bhfuil meascán iomchuí d’úsáidí, lena n-áirítear úsáidí cónaitheacha, tráchtála, seirbhísí, turasóireachta, fiontraíochta, poiblí agus pobail, de réir mar is cuí, a sholáthraíonn réimse seirbhísí, áiseanna agus saoráidí miondíola, don phobal áitiúil agus cuairteoirí. Díreofar den chuid is mó ar lár an bhaile agus ar an bpríomhshráid ghaolmhar maidir le gníomhaíocht mhiondíola agus seirbhíse laistigh de na pleananna seo. 

PLCÓM 3    Gnó agus Fiontraíocht 

(a)    Éascaíocht a dhéanamh maidir le húsáidí gnó agus fiontraíochta in Órán Mór a leathnú nuair is iomchuí agus i gcomhréir le pleanáil agus Inbhuanaithe forbairt cheart an limistéir.

(b)    Beogacht agus inmharthanacht lár an bhaile a chosaint agus a fheabhsú trína chinntiú go bhfanann sé ina phríomháit mhiondíola, tráchtála agus úsáide measctha in Órán Mór, agus cosc a chur ar leathadh úsáide nó úsáidí eile nach gcuireann le beogacht agus inmharthanacht lár an bhaile sráidbhaile i dtuairim an Údaráis Áitiúil.

PLCÓM 4    Gnó agus Teicneolaíocht 

Cur chun cinn a dhéanamh maidir le húsáidí ardluacha gnó agus teicneolaíochta a fhorbairt chun ról Órán Mór mar ionad fáis do chuideachtaí móra nuálacha a neartú. Áirítear ina measc siúd cuideachtaí in earnálacha amhail tionsclaíocht eolaíocht agus teicneolaíochtbhunaithe in eolaíochtaí na beatha, bithchógaisíocht, TF, seirbhísí arna dtrádáil go hidirnáisiúnta, agus Taighde agus Forbairt. Déanfaidh an criosú seo foráil d’fhorbairtí páirce oifige, saoráidí stórála agus lóistíocht ar úsáidí coimhdeacha go léir iad a bhaineann leis na príomhúsáidí thuasluaite. Féadfaidh breithniú a dhéanamh freisin ar shaoráidí oiliúna, amhail saoráidí For-Rochtana Tríú Leibhéal a chur ar fáil. 

PLCÓM 5   Tionsclaíocht 

Cur chun cinn a dhéanamh ar nuair is iomchuí ar úsáidí tionsclaíocha agus úsáidí a bhaineann leis an tionsclaíocht, lena n-áirítear déantúsaíocht, próiseáil ábhar, trádstóráil agus dáileadh ar thailte oiriúnacha, le seirbhísí agus saoráidí leordhóthanacha agus ardleibhéal rochtana ar phríomhlíonraí bóithre agus saoráidí iompair phoiblí. Beidh cóireáil imill agus/nó sciathadh leordhóthanach ag teastáil chun comhéadan ardchaighdeáin le spásanna poiblí agus aon limistéir chónaithe ina aice láimhe nó aon úsáidí talún íogaire eile a chinntiú, de réir mar is cuí. 

PLCÓM 6    Forbairt Turasóireachta 

Forbairt acmhainn turasóireachta inbhuanaithe Órán Mór a spreagadh agus a chabhrú ar bhealach a léireoidh meas ar thábhacht ailtireachta, sheandálaíochta agus chultúir an bhaile agus an cheantair máguaird. 

PLCÓM 7   Seveso 

Rachaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhairle leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta nuair atá measúnú á dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha beartaítear láithreáin nó gar do láithreáin arna sainaithint faoin Treoir maidir le Mórghuaiseanna Timpiste a Rialú (Treoir Seveso II), d’fhonn mórthionóiscí lena mbaineann substaintí contúirteacha a chosc agus chun iarmhairtí na mórthionóiscí sin ar an gcomhshaol agus ar an bpobal a theorannú. 

PLCÓM 8   Saoráidí Pobail 

Féachaint le saoráidí breise pobail a sholáthar, lena n-áirítear cúram leanaí, cúram sláinte, ionad adhartha agus ionad pobail, mar chuid lárnach de thograí maidir le forbairt chónaithe nua a thógail, agus saoráidí reatha an cheantair á gcur san áireamh. 

PLCÓM 9   Saoráidí Pobail i gCnoc Óráin 

A chinntiú go soláthrófar saoráidí siamsaíochta agus conláiste mar chuid lárnach de thograí forbartha i gCnoc Óráin. 

PLCÓM 10 Saoráidí Áineasa 

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt chun siúlbhealaí agus rotharbhealaí cois abhann a fhorbairt ar fud limistéar an phlean nuair is féidir, agus a chinntiú go mbreithnítear ar a leithéid de thograí, nó  go ndéantar iad a chuimsiú i bhforbairt tailte in aice láimhe, de réim mar is cuí. Mar chuid de  thograí, cuirfear san áireamh aon tionchair ar oidhreacht nádúrtha agus limistéir chaomhnaithe ainmnithe a d’fhéadfadh teacht as gníomhaíochtaí siamsaíochta. 

PLCÓM 11 Spás Oscailte 

Spásanna oscailte a chosaint ó fhorbairt mhíchuí, d’fhonn a mhealltacht a choinneáil agus a ról ó thaobh conláiste cónaithe agus saintréithe foriomlána Órán Mór a fheabhsú, agus éascaíocht a dhéanamh chun spásanna oscailte agus spásanna sibhialta a fhorbairt ag suíomhanna iomchuí laistigh de Limistéar an Phlean. 

PLCÓM 12   Saoráidí Oideachais 

Tacaíocht a thabhairt chun saoráidí oideachais leordhóthanach a sholáthar don phobal áitiúil, saoráidí bunscoile, saoráidí meánscoile, cláir fhor-rochtana tríú leibhéil, saoráidí Taighde & Forbartha san áireamh, chomh maith le saoráidí oiliúna eile, d’fhonn freastal ar riachtanais an réimse is leithne daoine laistigh d’Órán Mór agus a cheantair máguaird. 

PLCÓM 13 Comhshaol agus Oidhreacht 

Cosaint agus caomhnú a dhéanamh ar charachtar speisialta na ngnéithe oidhreachta tógtha go léir laistigh de limistéar an phlean, chomh maith leis na cinn atá le fáil sa cheantar máguaird. 

PLCÓM 14 Fóntais Phoiblí 

Tacaíocht a thabhairt do dheiseanna chun na córais reatha draenála screamhuisce agus uisce bhréin a uasghrádú chun srianta féideartha sa líonra cóireála reatha a mhaolú agus chun féachaint chuige go seasfaidh an bonneagar riachtanach an aimsir agus go mbeidh sé in ann tacú le forbairt iomlán Órán Mór. 

PLCÓM 15 Úsáidí Neamhchomhréireacha 

I gcás nach bhfuil úsáidí reatha i gcomhréir leis na cuspóirí úsáide talún nó le maitrís an phlean, éascóidh/tacóidh an tÚdarás Pleanála lena n-athlonnú chuig tailte níos inbhuanaithe a mbaineann an criosú iomchuí leo. 


Oranmore Land Use Zoning Map

 
Oranmore Flood Risk Management Map

Clár ábhair

Baile