Caibidil 2, An Chroístraitéis, an Straitéis Lonnaíochta agus an Straitéis Tithíochta

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

 PDF

 

“Contae cothrom uirbeach agus tuaithe a chur chun cinn a chinntíonn go mbunaítear borradh amach anseo ar phrionsabail na forbartha inbhuanaithe, timpeallacht mhaireachtála agus oibre ardchaighdeáin a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais na gcónaitheoirí go léir”

2.1          Réamhrá

Rinne an Creat Náisiúnta Pleanála (an CNP), an Treochlár um Chur i bhFeidhm don CNP, an Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (an SRSE) don Réigiún Thiar Thuaidh, agus Treoirlínte Alt 28 ón Aire an Chroístraitéis, an Straitéis Lonnaíochta agus an Straitéis Tithíochta a ullmhú agus eolas a chur ar fáil dó. Ceanglaítear san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) go gcuirtear Croístraitéis fhianaisebhunaithe san áireamh i ngach plean forbartha. Is é a phríomhchuspóir a chinntiú go ndéanann údaráis áitiúla méid cuí talún a shainaithint agus a chur ar leataobh sna láithreacha cearta chun spriocanna daonra agus tithíochta a bhaint amach. Baintear seo amach trí straitéis chainníochtúil idir meántéarmach agus fadtéarmach a léiriú d’fhorbairt spásúlachta limistéar an údaráis phleanála, atá ar aon dul leis na cuspóirí beartais náisiúnta agus réigiúnacha faoi mar a dtugtar cuntas orthu sa Chreat Náisiúnta Pleanála (an CNP) agus sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (an SRSE) don Réigiún Thiar Thuaidh.  Tá Ordlathas Lonnaíochta don Chontae sa Chroístraitéis a dhéanann spriocanna daonra réigiúnaigh forordaithe a thrasuí a leagadh amach ar leibhéal contae le haghaidh lonnaíochta agus ceantair thuaithe a shainaithnítear laistigh den ordlathas lonnaíochta.  Sainaithnítear sa Chroístraités candam, láthair agus céimniú na forbartha i gContae na Gaillimhe ar feadh thréimhse an phlean ina léirítear na spriocanna daonra a rinneadh a shainiú go náisiúnta agus go réigiúnach agus an t-ordlathas lonnaíochta agus aird á tabhairt ar an bhfáil atá ar sheirbhísí reatha, infheistíocht phleanáilte, forbairt sheicheamhach agus riachtanais chomhshaoil.

2.2          Cuspóir na Croístraitéise

Is é cuspóir na Croístraitéise straitéis idir meántéarmach agus fadtéarmach a chur in iúl ar mhaithe le forbairt spásúlachta an chontae agus lena léiriú, agus amhlaidh á dhéanamh, go bhfuil an Plean Forbartha agus a chuspóirí beartais ar aon dul leis na cuspóirí beartais forbartha náisiúnta agus réigiúnacha a leagtar amach sa CNP, an SRSE, agus leis na riachtanais bheartais shonracha phleanála i dTreoirlínte Alt 28.

Trí Chroístraitéis a ullmhú mar chuid den Phlean Forbartha Contae, bunaítear straitéis thrédhearcach fhianaisebhunaithe ar mhaithe le forbairt spásúlachta inbhuanaithe an chontae. Sainaithnítear ann candam, láthair agus céimniú na forbartha i gcaitheamh thréimhse an Phlean atá ceangailte siar leis an sprioc dhaonra, i bhfoirm ordlathas lonnaíochta.

2.2.1      Ceanglais Reachtúla don Chroístraitéis

Ceanglaítear san Acht um Pleanáil agus Forbairt go ndéanann an Chroístraitéis an méid seo a leanas:

  • Eolas ábhartha a sholáthar lena thaispeáint go bhfuil an Plean Forbartha agus an Straitéis Tithíochta comhsheasmhach leis an Straitéis Spáis Náisiúnta agus na Treoirlínte maidir le Pleanáil Réigiúnach;
  • Aon bheartais de chuid an Aire a chur san áireamh maidir le spriocanna daonra;
  • Na riachtanais a chainníochtú chun tailte a chriosú d’úsáid cónaithe agus/nó meascán d’úsáidí cónaithe agus d’úsáidí eile agus na haonaid tithíochta a chainníochtú atá le cur san áireamh sa limistéar;
  • A léiriú conas a thagann na tograí criosaithe le beartas náisiúnta agus go dtitfidh forbairt amach ar bhonn céimnithe;
  • A léiriú gur thug an tÚdarás Pleanála aird ar aon treoirlínte ón Aire a bhaineann le miondíol nuair a dhéantar cuspóirí beartais a leagan amach a bhaineann le forbairt miondíola sa phlean;
  • Ordlathas lonnaíochta a leagan amach;
  • Léarscáil den Chroístraitéis de shaghas léaráideach/léaráid amhairc a chur san áireamh, ina léirítear an t-eolas thuas;
  • Tábla den Chroístraitéis a chur san áireamh, ina dtugtar achoimre ar na príomhstaitisticí sa Chroístraitéis i dtaca le dáileadh daonra agus tithíochta amach anseo agus a ailíniú leis na Treoirlínte maidir le Pleanáil Réigiúnach.

2.3          An Chroístraitéis a Cheapadh

2.3.1      Tionscadal Éireann 2040: An Creat Náisiúnta Pleanála (an CNP)

Tá Pleananna Forbartha laistigh d’ordlathas de phleananna Spásúlachta Náisiúnta agus Réigiúnacha agus is é an CNP atá ar bharr an ordlathais seo. Plean straitéiseach ardleibhéil é an CNP ina sainaithnítear borradh agus forbairt na tíre amach anseo go dtí 2040. Seo a leanas príomhfhís an CNP:

  • Straitéis nua atá dírithe ar réigiún a fhorbairt chun borradh a bhainistiú;
  • É seo a cheangal le plean infheistíochta nua 10 mbliana, Tionscadal Éireann 2040 agus an Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027;
  • Tacú le pleanáil ar leibhéal áitiúil atá dírithe níos mó ar an gcomhshaol agus an phleanáil sin a neartú.

Sainaithnítear sa CNP sraith spriocanna a léirítear mar Thorthaí Straitéiseacha Náisiúnta (TSNanna), a bhuntacaíonn le fís uileghabhálach don Tír.

Ar cheann de bhunphrionsabail Straitéis an CNP is ea cothromaíocht a bhaint amach athuair sa bhorradh atá ag teacht ar an Tír, agus tháinig an borradh seo go díréireach ar an Réigiún Thoir agus Lár Tíre riamh anall. Cuireann sé ar chumas chodanna uile na Tíre, bíodh áiteanna uirbeacha nó tuaithe i gceist leo, glacadh le borradh agus ról Bhaile Átha Cliath á aithint i gcomhthráth mar an áit is mó a chuireann dlús le geilleagar na tíre.  Dírítear sa CNP ar 50% den bhorradh náisiúnta foriomlán idir cúig chathair: Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge. Déantar tagairt freisin sa CNP do phlean straitéiseach spásúlachta ceantair uirbigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do Chathair na Gaillimhe agus a purláin, lonnaíochtaí Bhaile Chláir, Bhearna agus Órán Mór san áireamh. Gné thábhachtach den straitéis borrtha, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an CNP, is ea borradh dlúth agus inbhuanaithe a bhaint amach laistigh de na réigiúin. Sainaithnítear forbairt dhlúth mar phríomhghné den CNP a dtugtar tús áite dó agus díríonn sé ar “tailte athfhorbraíochta” a forbraíodh roimhe seo a athúsáid agus ar láithreáin inlíonta agus foirgnimh a fhorbairt. Chuige sin, iarrtar sa CNP go mbíonn ar a laghad 30% de na tithe nua a sholáthrófar i lonnaíochtaí ina bhfuil daonra breis agus 1500 duine suite laistigh den lorg reatha tógtha.

Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, rinneadh scrúdú iomlán ar na bailte seo agus sainaithnítear in Imleabhar 2 candam tailte sa Phlean Uirbeach (Baile Chláir, Bearna agus Órán Mór) mar Lár Baile/Limistéar Cónaithe Inlíonta. Tabharfar faoi seo freisin maidir leis na Príomhbhailte, Bailte a bhfuil Acmhainn Straitéiseach acu agus Bailte Féinchothaithe de réir mar a dhéanfar athbhreithniú orthu go ceann bliana.

2.3.2      Treochtaí Daonra

Cuireadh daonra 4,761,865 duine in Aibreán 2016 i gcuntas i nDaonáireamh 2016, arb ionann sin agus méadú 3.8% ar Dhaonáireamh 2011. Ba é daonáireamh Chontae na Gaillimhe in 2016 179,390 duine, arbh ionann sin agus méadú ar dhaonáireamh 2011, cé gur tháinig an méadú sin ar an daonáireamh ar ráta ní ba mhoille ná mar a tháinig ar na leibhéil a tugadh faoi deara sna hidirthréimhsí daonáirimh.

Bliain

1991

1996

2002

2006

2011

2016

Daonra

129,511

131,613

143,245

159,256

175,124

179,390

Athrú Iarbhír

-

2,102

11,632

16,011

15,868

4,266

% Athrú

-

1.6

8.8

11.2

10.0

2.4

Tábla 2.1: Daonra agus a Threochtaí Athraitheacha ó 1996 go 2016

Faoi mar is féidir a scrúdú thuas, tá borradh réidh ag teacht ar dhaonra an chontae ó 1991. Bhain na rátaí fáis méadú measartha amach nuair a chuirtear na blianta 1996 agus 2016 i gcomparáid lena chéile, ach is féidir luaineacht shuntasach a thabhairt faoi deara i rith na tréimhse sin. Faoi mar a léirítear thuas, tháinig méadú mór ar an ráta fáis i rith na tréimhse 1996-2002 ó 1.6% go 8.8% agus lean méadú ní ba mheasartha é sin aníos go dtí 11.2% in 2006, chomh maith le laghdú beag anuas go dtí 10% in 2011. Lean laghdú anuas go dtí 2.4% é seo in 2016, tráth inar tháinig borradh beag ar an daonra.

2.3.3     Dáileadh Daonra

Tá daonra an chontae scaipthe ar fud gréasán lonnaíochtaí uirbeacha agus tuaithe agus na tuaithe fairsinge. Ar leibhéal an chontae agus bunaithe ar pharaiméadair an POS, bhí cónaí ar 39,913 duine (22.2%), ar an iomlán, i lonnaíochtaí uirbeacha in 2016. Bhí 139,477 duine (77.8%) ag cónaí i mbailte agus sráidbhailte beaga, anuas ar fhuílleach tuaithe an Chontae. Tugtar le fios i dtorthaí dhaonáireamh 2011 go bhfuil dáileadh 22.6% agus 77.4% idir an daonra uirbeach agus tuaithe, faoi seach.  I ndiaidh anailís a dhéanamh, tháinig meath ní ba mhó ar an daonra in Iarthar na Gaillimhe, agus ba in Oirthear na Gaillimhe agus timpeall ar ionaid mhóra oibre ba mhó a bhí an daonra ag dul i méid, cosúil le Cathair na Gaillimhe agus Tuaim agus feadh an M17 agus an M6.  Baineadh ráta foriomlán borrtha amach i mbailte Bhaile Átha an Rí, an Ghoirt agus Bhaile Locha Riach a bhí ní b’airde ná an meánbhorradh sa chontae idir 2011 agus 2016, agus tháinig méadú 11.49% ar an daonra aníos ó 11,656 duine in 2011 go 12,995 duine in 2016. Bhí an ráta fáis ab airde sna lonnaíochtaí a shainaithnítear mar an gCeantar Uirbeach ina dhiaidh sin, agus tháinig borradh 4.33% ar an daonra aníos ó 7,894 duine in 2011 go 8,236 duine in 2016.

Saintréitheacht Lonnaíochta Lonnaíocht Daonra de réir an POS in 2011

Daonra de réir an POS 2016

Ráta Borrtha 2011-2016 %

Ceantar Uirbeach

Baile Chláir

1,217

1,248

2.55

Bearna

1,878

1,998

6.39

Órán Mór

4,799

4,990

3.98

Príomhbhailte Béal Átha na Sluaighe

6,659

6,662

0.05

Tuaim

8,242

8,767

6.37

Acmhainn Straitéiseach Baile Átha an Rí

3,950

4,445

12.53

Bailte Féinchothaithe An Gort

2,644

2,994

13.24

 

Baile Locha Riach

5,062

5,556

9.76

Bailte Beagfháis An Clochán

2,056

1,597

-22.32

Maigh Cuilinn

1,559

1,704

9.30

Uachtar Ard

1,333

1,318

-1.13

Port Omna

1,530

1,450

-5.23

Áth Cinn

889

973

9.45

Sráidbhailte Beagfháis

An Cheathrú Rua

814

786

-3.44

An Spidéal

250

237

-5.20

Béal Átha Ghártha

660

687

4.09

Dún Mór

577

600

3.99

Gleann na Madadh

500

480

-4.00

Cinn Mhara

620

730

17.74

Maigh Locha

503

518

2.98

 

 

 

 

Lonnaíochtaí Tuaithe agus Ceantar Tuaithe

 

129,382

131,650

2.91

Tábla 2.2:            Borradh ar an Daonra i gContae na Gaillimhe 2011-2016

2.3.4     An Treochlár um Chur i bhFeidhm don Chreat Náisiúnta Pleanála

Tugtar chun solais sa Treochlár um Chur i bhFeidhm don Chreat Náisiúnta Pleanála díriú an Rialtais ar ailíniú a bhaint amach idir pleanáil agus cleachtas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Cuirtear tuartha idirthréimhseach ar an daonra ar fáil sa treochlár seo ar scála Contae chun eolas a chur ar fáil do Phleananna Forbartha don tréimhse ó 2026 go 2031. Cuirtear na daonraí idirthréimhseacha le haghaidh Chathair agus Chontae na Gaillimhe ar fáil sa tábla thíos:

Réigiúin agus Contaetha

2016

2026

2031

An Lár-Iarthar

 

 

 

Gaillimh

258,000

300,000 - 308,500

322,000 - 334,500

Tábla 2.3: An Treochlár um Chur i bhFeidhm don Chreat Náisiúnta Pleanála

2.3.5      An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (an SRSE)

Cuirtear creat forbartha ardleibhéil ar fáil san SRSE don Réigiún Thuaidh agus Thiar (an RTT) a thacaíonn leis an CNP a chur i bhfeidhm agus le beartais agus cuspóirí ábhartha geilleagracha an Rialtais.  Cuirtear straitéis 12 bhliain ar fáil ann chun athrú claochlaitheach a sholáthar a theastaíonn chun cuspóirí agus fís an Tionóil a bhaint amach.

 

Cuirtear straitéis dhaingean ar fáil san SRSE chun an borradh a sholáthar a bhfuil súil leis, a chuireann le príomhshócmhainní agus príomhdheiseanna straitéiseacha an réigiúin seo agus dul i ngleic leis na dúshláin atá amach romhainn. Cuirtear Cuspóirí Forbartha Réigiúnaí ar fáil ann freisin a threoraíonn freagairtí beartais lena chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais daoine - cosúil le teacht ar thithíocht, poist, éascaíocht taistil agus folláine fhoriomlán - a fhad le 2040 agus ina dhiaidh sin.

 

Baineann uaillmhian uileghabhálach na straitéise le réigiún atá “Bríomhar, Nasctha, Nádúrtha, Cliste agus ina Áit Iontach le Cónaí ann, á daingniú le straitéis lonnaíochta láidir lena ndírítear ar ‘Dhaoine’ agus ar ‘Áiteanna’.  Is éard atá i gceist leis go mbeidh sé ina chreat beo, a dtacófar leis de réir mar a bheidh riachtanach le pleananna gníomhaíochta mionsonraithe, tograí infheistíochta agus comhpháirtíochtaí soláthair.

 

 

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara ina leith seo:

  • DAOINE AGUS ÁITEANNA - Leanfar leis an dlúthfhás lena chinntiú go bhfásfar lonnaíochtaí uirbeacha agus tuaithe níos dlúithe ar bhealach inbhuanaithe, agus poist, tithe, seirbhísí agus taitneamhachtaí ag tacú leo, seachas sraoilleáil leanúnach agus fás neamhphleanáilte, neamhgheilleagrach.

 

  • UAILLMHIAN BHRÍOMHAR - Creideann an Tionól gur fearr mar a bhaintear fás geilleagrach láidir amach, lena gcruthaítear poist bhuana inbhuanaithe, trí gheilleagar iomaíoch táirgiúil a thógáil. Ag díriú na mbeartas ar scála, ar infheistiú sa nascacht agus inár ndaoine agus muid ag leanúint le cur chuige ísealcharbóin go dian chun ár ndifreáil a bhreisiú.

 

  • UAILLMHIAN NÁDÚRTHA - Sonraíodh go bhfuil gníomhartha níos straitéisí riachtanach chun an réigiún a ullmhú don mhéid atá le teacht agus tarraingítear aird leis sin ar an ngá le comhfhís fhadtéarmach a chruthú do  thodhchaí an tsoláthair fuinnimh chomh maith lenár gcumas le fuinneamh in-athnuaite a úsáid.  Chun aghaidh a thabhairt ar ár riachtanais fuinnimh, leagtar béim inár Straitéis ar an ngá le comhordú, smaointeoireacht nua, infheistíocht agus scileanna chun athrú a chur i ngníomh. I ngach rud, caithfear ár n-acmhainní nádúrtha, ár dtírdhreach agus ár n-oidhreacht (idir nádúrtha, shóisialta agus chultúrtha) a chur san áireamh.

 

  • UAILLMHIAN NASCTHA - Imríonn an inrochtaineacht agus an tsoghluaisteacht laistigh den réigiún éifeacht dhíreach ar iomaíochas geilleagrach an réigiúin.   Imríonn siad éifeacht ar a tharraingtí is a bhíonn an réigiún mar thimpeallacht fhabhrach bheo agus chun cuairt a thabhairt air.  Tacóidh an Straitéis le tuilleadh infheistíochta i mbearta iompair inbhuanaithe. Lena chois sin, chun ár bhFís don réigiún a chomhlíonadh, caithfimid ár líonra digiteach a láidriú agus teicneolaíochtaí nua a chumasú le hoibriú trí chinntiú go mbeidh beartais agus córais i bhfeidhm ar féidir leo cabhrú le daoine trasdul chuig saol ina mbeidh i bhfad níos mó naisc dhigiteacha.

 

  • UAILLMHIAN IONCHUIMSITHEACH - Tá ‘inchónaitheacht’ an réigiúin ar cheann de na bunsraitheanna agus na moltaí is láidre atá ag teacht chun cinn mar rud a gcaithfidh an réigiún seo cur leis. Tá an Réigiún ag dréim le bheith ar cheann de na háiteanna is inchónaithe san Eoraip le tiomantas don fhás inbhuanaithe ionchuimsitheach.

 

  • UAILLMHIAN MAIDIR LE BONNEAGAR - Baineann tábhacht bhunúsach le bonneagar geilleagrach, ar nós fuinnimh, uisce agus dramhuisce, a sholáthar agus a chothabháil, chun dlúthfhás a sholáthar chomh maith le réigiún nasctha, bríomhar, ionchuimsitheach, athléimneach agus cliste.

 

I dtaobh déimeagrafaice don réigiún, tá daonra an Réigiúin Thuaidh agus Thiar scaipthe go míchothrom agus bhí leibhéal ní b’ísle d’uirbiú ann riamh anall i gcomparáid le réigiúin eile. Sainaithnítear Gaillimh, áfach, mar an gcathair is tapúla atá ag fás in Éirinn le 50 bliain anuas. In 2016, ba é an daonra iomlán a bhí ag cónaí laistigh den réigiún 847,442. Is ionann an figiúr seo agus thart ar 17.8% de dhaonra iomlán na hÉireann. Leagtar sprioc ráta borrtha 50%-55% go dtí 2040 amach sa Chreat Náisiúnta Pleanála do Ghaillimh.

 

Tuartar san SRSE go dtiocfaidh borradh 27,500 duine go dtí 2026 ar Cheantar Uirbeach na Gaillimhe agus go dtiocfadh borradh breise 14,500 duine air go dtí 2031 agus go mbeidh 23,000 duine ina gcónaí sa chathair agus sna bruachbhailte in 2026 agus 12,000 duine breise in 2031. Mar gheall go bhfuil lonnaíochtaí Bhaile Chláir, Bhearna agus Órán Mór i bpurláin an chontae, leithdháiltear daonra 4,500 duine ar an gcuid seo den chontae faoi 2026.

 

Lonnaíocht Daonra 2016

% méadú go dtí 2040 íosta

Proposed 2026 Uplift (min)

Proposed 2030 Uplift (min)

Transitional Population Target

Ceantar Uirbeach

Cathair na Gaillimhe

79,900

42,200

23,000

12,000

115,000

Tábla 2.4: An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta

2.3.6      Cásanna Daonra ar Leibhéal Lonnaíochta/Contae

Imscrúdaíodh roinnt cásanna tuartha daonra do Chontae na Gaillimhe a fhad le 2031, idir cásanna “neamh-idirghabhála” agus “idirghabhála beartais”. Cé gurb ionann modhanna neamh-idirghabhála agus modhanna fianaisebhunaithe réamh-mheastacháin a bhraitheann ar threochtaí déimeagrafacha an Stáit nó an Chontae, lorgaíonn an modh idirghabhála beartais leis an mbeartas pleanála náisiúnta agus réigiúnach a éascú chun patrún cothrom dlúth borrtha a bhaint amach. Tugtar achoimre ar na torthaí don tréimhse ó 2022 go 2028 arb é sin tréimhse an Phlean, i dTábla 2.4.

Cás Daonra 2022 Daonra 2028
Neamh-Idirghabháil-A

190,100 - 193,269

202,936 - 206,154

Neamh-Idirghabháil-B

207,329

212,415

Idirghabháil Beartais (Ríomhanna na Gaillimhe-Ríomhanna na Cathrach)

195,855

212,432

Idirghabháil Beartais (Sprioc Leathbhealach an CNP)

192,356

205,900

Idirghabháil Beartais (Ardsprioc an CNP)

195,056

211,100

Figiúirí an ITES (Sprioc Mheánach an ITES agus Sprioc Bhonnlíne an ITES)

187,831

198,750

Tábla 2.5: Torthaí ar Réamh-Mheastacháin an Daonra i gCásanna Éagsúla

Dá réir, fiosraíodh dhá leagan den chás neamh-idirghabhála. Braitheann an chéad leagan ar fhigiúirí réamh-mheastacháin an Stáit a sholáthair StatBank an POS, ina gcuirtear ráta fáis an Stáit i bhfeidhm ar an gContae ó 2016 ar aghaidh. Baineann an dara leagan úsáid as an Modh Comhpháirte Cohóirt (an MCC), ar a dtugtar an mhodheolaíocht is fearr san aicme chun réamh-mheastachán déimeagrafach a dhéanamh. Déanann an MCC réamh-mheastachán ar an daonra trí aoisghrúpaí agus gnéas trí úsáid a bhaint as rátaí marthanais, glanimirce, agus rátaí breithe i gcaitheamh thréimhse an Phlean.

Braitheann an cás idirghabhála beartais, ar an taobh eile den phingin, ar spriocanna daonra an CNP/an SRSE, agus baintear úsáid as na figiúirí seo mar na hathraithigh sheasta chun an leibhéal riachtanach athraithe sa bhliain laistigh den Chontae a idirshuíomh. Fiosraíodh athraithigh éagsúla faoin gcás seo: (1) an ríomh a dhéanamh don Chathair agus do Ghaillimh trí úsáid a bhaint as ardspriocanna daonra an CNP agus an SRSE i gcaitheamh thréimhse an Phlean agus daonra an Chontae a réamh-mheas tríd an gCathair a dhealú ón bhfigiúr foriomlán, (2) an sprioc dhaonra leathbhealach sa CNP a úsáid agus na ríomhanna a dhéanamh, (3) an ardsprioc dhaonra sa CNP a úsáid agus na ríomhanna a dhéanamh. Roghnaíodh an tríú leagan den chás idirghabhála beartais ar mhaithe leis an Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta (an MRÉT) agus an Chroístraitéis.

I ndiaidh gur foilsíodh obair thaighde an ITES “Éileamh Tithíochta Struchtúrach ar Leibhéal Contae” (Structural Housing Demand at County Level) an 14 Nollaig 2010, tar éis gur fhoilsigh an RTRÁO “Sprioc-Mhodheolaíocht Soláthair Tithíochta do Phleanáil Forbartha” (Housing Supply Target Methodology for Development Planning) i mí na Nollag 2020, agus tar éis gur foilsíodh an Litir ón Aire ina gcuirtear in iúl gurb iad na foilseacháin seo an cur chuige is cothroime le dáta i dtreo réamh-mheastacháin ar éileamh, bhí an tríú rogha ar fáil don réamh-mheastachán ar an daonra. Úsáideadh figiúirí Bonnlíne an ITES sa CNP agus an ITES sa rogha seo chun cás coigeartaithe réamh-mheastacháin ar an daonra a ríomh don Chontae. Faoi mar a léirítear sa tábla thuas, áfach, cé go léirítear níos mó comhsheasmhachta sna cásanna neamh-idirghabhála agus idirghabhála beartais, go háirithe sa tréimhse fhada a fhaide le 2028, is éagsúil go mór torthaí an ITES agus ní chuireann seo na treochtaí leanúnacha déimeagrafacha atá sa Chontae go hiomlán san áireamh. Ar an ábhar sin, meastar gurb é an idirghabháil beartais a bhraitheann ar an ardsprioc dhaonra sa CNP an cás is fearr.   Leagtar spriocphatrún amach sa CNP do Ghaillimh go dtí 2026 agus idir 300,000 agus 308,500 duine a bheidh sa daonra réamh-mheasta. Leagtar spriocanna daonra amach freisin do Chathair na Gaillimhe san SRSE. De réir Leagan 5 den Phlean Forbartha 2017-2023, is í an sprioc don chathair daonra 102,900 duine a bhaint amach faoi 2026, is ionann sin agus méadú 23,000 duine aníos ón daonra 79,900 duine a bhí sa Chathair agus sna Bruachbhailte i nDaonáireamh 2016. Is í an sprioc níos fadtéarmaí go dtí 2031 go dtiocfaidh borradh breise idir 12,000 to 114,900 duine ar an daonra sa chathair. Nuair a chuirtear 308,500 san áireamh mar an daonra a bhfuil súil lena bhaint amach i nGaillimh, seo a leanas a bheidh i gceist leis an réamh-mheastachán ar an daonra i gContae Gaillimh:

Lonnaíocht Daonáireamh 2016 Sprioc Dhaonra 2026 an CNP/an SRSE Sprioc Dhaonra 2031 an CNP/an SRSE
An Chathair agus Bruachbhailte 

80,000

23,000

12,000

Contae na Gaillimhe

180,000

25,500

14,000

Iomlán

260,000

48,500

26,000

Tábla 2.6:           Réamh-Mheastacháin ar an Daonra i nGaillimh

Sa chás idirghabhála beartais seo, úsáidtear na spriocanna daonra thuas mar na hathraithigh sheasta agus forbraíodh idirshuíomh den leibhéal riachtanach athraithe sa bhliain ansin ón mbliain bhonnlíne 2016 go dtí na spriocbhlianta 2026 agus 2031 sa CNP/an SRSE; agus chuir seo figiúirí bliantúlaithe i dtoll a chéile i gcaitheamh na tréimhse ó 2022 go 2028, arb é sin saolré an Phlean Forbartha

Bliain Daonra Iomlán i gContae na Gaillimhe

Daonra Bliantúil

Méadú i rith na bliana
Méadú Bliantúil ar an Daonra 2022-2028

Daonra Iomlán

Méadú 2022-2028

Méadú Iomlán ar an Daonra 2016-2028

2006

159,256

68.70%

 

 

 

2011

175,124

69.90%

 

 

 

2016

179,390

69.50%

 

 

 

2017

182,001

1.46%

2,611

 

 

2018

184,612

1.46%

2,611

 

 

2019

187,223

1.46%

2,611

 

 

2020

189,834

1.46%

2,611

 

 

2021

192,445

1.46%

2,611

 

 

2022

 

195,056

1.46%

2,611

 

 

2023

197,667

1.46%

2,611

 

 

2024

202,278

1.46%

2,611

 

 

2025

2028,889

1.46%

2,611

 

 

2026

205,500

1.46%

2,611

 

 

2027

208,300

1.36%

2,800

 

 

2028

211,100

1.36%

2,800

18,655

31,810

Tábla 2.7: Borradh Réamh-Mheasta ar an Daonra i gCaitheamh Thréimhse an Phlean bunaithe ar Spriocanna an CNP/an SRSE 2026 agus 2031

2.3.7     Meánlíon Teaghlaigh

Tugann sonraí dhaonáireamh 2016 le fios go bhfuil cóimheas 2.8 i nGaillimh idir daonra agus líon teaghlaigh agus tá seo beagán níos airde ná meánchóimheas 2.7 an Stáit. Luaitear sa CNP, áfach, go meastar go dtiocfaidh ísliú ar an meánchóimheas stáit seo anuas go dtí thart ar 2.5 faoi 2040, agus aithnítear freisin gur gnách go mbíonn líonta teaghlaigh i gceantair uirbeacha níos lú ná mar a bhíonn i mbruachbhailte nó in áiteanna tuaithe an chontae. Faoi mar a dtugtar cuntas air sa Straitéis Tithíochta (Aguisín 2), tugadh faoi anailís ar threochtaí stairiúla líon teaghlaigh sa chontae leis an laghdú fianaisebhunaithe céimnithe a tháinig ar mheánlíon teaghlaigh a dheimhniú, ar sainaithníodh gurb ionann é agus 2.5 do thréimhse an phlean.  Tríd an líon teaghlaigh ábhartha a chur i bhfeidhm ar na méaduithe réamh-mheasta ar an daonra, is féidir na líonta riachtanacha teaghlaigh a fhaide le 2028 agus ina dhiaidh sin a thuar.

2.3.8     Cohórt na Líonta Teaghlaigh

Faoi mar a dtugtar cuntas air i Mír 6.6 den CNP, is ionann comhdhéanamh agus réamh-mheastacháin ar theaghlaigh agus ionchur fianaise eolasach ar féidir leo cabhrú le cur leis an méid atá ar eolas againn faoi mhargadh éilimh an chontae amach anseo. Chabhródh anailís ar threochtaí stairiúla chohórt na líonta teaghlaigh in aghaidh an teaghlaigh leis na patrúin athraithe a shainaithint agus é sin a chur i bhfeidhm ar na teaghlaigh thuartha leis an athrú a d’fhéadfadh teacht ar chomhdhéanamh teaghlach i rith thréimhse an phlean a mheas. Léirítear treocht san anailís seo i dtreo teaghlaigh de mhéid níos lú, anuas go dtí teaghlaigh duine nó bheirte san áireamh. Tá éileamh comhfhreagrach ann go fóill laistigh de limistéar an chontae ar theaghlaigh mhóra, áfach. 

Tábla 2.8: Cohórt na Líonta Teaghlaigh

2.3.9      Croístraitéis na Gaillimhe

Chuir príomhghnéithe straitéis borrtha an SRSE i gcomhar le híogaireacht chomhshaoil an chontae eolas ar fáil do chroístraitéis na Gaillimhe. Tá sé bunaithe ar a lonnaíochtaí uirbeacha láidre a neartú, agus tacaíocht agus cosaint a sholáthar don daonra sna ceantair thuaithe i gcomhthráth, agus cuireann seo acmhainní luachmhara nádúrtha, bithéagsúlacht, cáilíocht chomhshaoil agus gnéithe tírdhreacha ar fáil freisin. Freastalófar go príomha ar bhorradh ar an daonra agus ar bhorradh geilleagrach go príomha sa Phlean Straitéiseach Ceantair Uirbigh (an PSCU), Príomhbhailte, Bailte a bhfuil Acmhainní Straitéiseacha acu agus Bailte Féinchothaithe agus aithneofar an acmhainn atá ag na bailte agus na sráidbhailte níos lú dul i mbun forbartha ar ráta inbhuanaithe.

Is féidir an achoimre seo a leanas a thabhairt ar an díriú ar an gcroístraitéis le haghaidh Chontae na Gaillimhe:

  • Tús áite a thabhairt do spriocbhorradh ar an daonra agus geilleagrach sa PSCU, Príomhbhailte, Bailte a bhfuil Acmhainní Straitéiseacha acu agus Bailte Féinchothaithe agus a mborradh leanúnach inbhuanaithe a chothú;
  • Tairbhe a bhaint as láthair na lonnaíochtaí laistigh den PSCU, chun ceangail agus sinéirgí idir Cathair na Gaillimhe agus limistéar níos fairsinge an PSCU a chur chun cinn;
  • Tacú le Príomhbhailte, Bailte a bhfuil Acmhainní Straitéiseacha acu arb áiteanna tábhachtacha iad ina gcuirtear leibhéil phost agus seirbhísí chun cinn agus ar fáil don daonra a chónaíonn iontu agus do na ceantair mórthimpeall;
  • Tacú le Bailte Féinchothaithe a dteastaíonn borradh cuimsithe uathu, ag díriú ar infheistíocht, seirbhísí agus bonneagar agus rogha inmharthana eile ar thithíocht aonair faoin tuath á cur ar fáil i gcomhthráth;
  • Tacú leis na Bailte Beagfháis agus na Sráidbhailte Beagfháis mar limistéir le haghaidh seirbhísí áitiúla agus ina bhfuil acmhainn chónaithe agus fostaíochta;
  • Cur le tailte athghiniúna uirbí agus le láithreáin athfhorbraíochta a fhorbairt chun lonnaíochtaí a athbheochan;
  • Bainistíocht a dhéanamh ar bhorradh ginte uirbeach i gCeantair Thuaithe atá faoi thionchar uirbeach, trína chinntiú go mbunaítear tithe aonair faoin tuath fhairsing ar chroíbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas follasach geilleagrach nó sóisialta chun cónaí sa cheantar tuaithe anuas ar threoirlínte reachtúla agus pleananna a chomhlíonadh agus aird ar inmharthanacht sráidbhailte agus bhailte a chinntiú;
  • Tá na tailte go léir a sainaithníodh le haghaidh forbartha i gcomhréir leis “an Cur Chuige Srathach i leith Criosú Úsáid Talún” faoi mar a leagtar amach sa CNP.

Tugtar sonraí breise faoin Straitéis Lonnaíochta do bhorradh amach anseo sa chontae i mír 2.4 den chaibidil seo.

2.3.10    Léargas Ginearálta ar an gCur Chuige i leith na Croístraitéise

Ullmhaíodh an Chroístraitéis agus aird ar na paraiméadair seo a leanas agus ar Straitéis Tithíochta agus an MRÉT. Meastar gur chuir an méid seo a leanas eolas ar fáil do thábla na Croístraitéise lastall ina dtugtar cuntas ar an gcur chuige a ghlac an Chomhairle:

  • Leithdháileadh an bhorrtha ar an daonra ar na lonnaíochtaí de réir cur chuige srathach inbhuanaithe bunaithe ar an ordlathas lonnaíochta a leagtar amach san SRSE (2019), mar gheall ar sheirbhísí bonneagracha, éileamh, soláthar a rinneadh roimhe seo agus borradh féideartha, tiocfaidh borradh ar na lonnaíochtaí ar ráta cuí agus ar leibhéal níos féinchothaithí, agus laghdóidh seo an gá, dá bharr, a bheidh le comaitéireacht a dhéanamh;
  • Dáileadh go leor saghsanna talamhúsáide laistigh de theorainneacha lonnaíochta, meascán d’úsáidí san áireamh i lár lonnaíochtaí a éascóidh éileamh laghdaithe ar thaisteal agus úsáid mhéadaithe a bhaint freisin as modhanna iompair inbhuanaithe;
  • Ceadaítear roinnt úsáidí éagsúla talún nó táthar sásta machnamh a dhéanamh orthu sa chriosú talamhúsáide laistigh de na lonnaíochtaí seo. Ceadaíonn seo úsáidí éagsúla atá i ngar dá chéile a chomhcheangal, agus laghdaíonn seo an gá, dá bharr, a bhíonn le taisteal a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, agus spreagann sé siúl agus rothaíocht, ar an dara dul síos;
  • Léirítear na lonnaíochtaí is géarchúisí, is é sin, an PSCU, Príomhbhailte, Bailte a bhfuil Acmhainní Straitéiseacha acu agus Bailte Féinchothaithe agus bailte agus sráidbhailte eile agus an timpeallacht reatha thógtha i gcur chuige an dlúis;
  • Thug candam, láthair agus dáileadh forbartha nua aird ar acmhainn an bhonneagair sheirbhíse fuíolluisce reatha agus phleanáilte;
  • Sainaithníodh borradh ar an daonra laistigh d’ionaid láidre fostaíochta agus seirbhíse ar gach mhéid, agus tacaíonn borradh leanúnach ar fhostaíocht leis;
  • Cuireadh breithnithe comhshaoil san áireamh nuair a bhí an Chroístraitéis á hullmhú.

2.3.11   Príomhphrionsabail

Rinneadh suíomh gach baile san ordlathas lonnaíochta a cheangal go soiléir leis na leithdháiltí cainníochtúla daonra agus le dáileadh an bhorrtha ar an daonra agus ar theaghlaigh amach anseo. Tá seo i gcomhréir leis “an Cur Chuige Srathach i leith Criosú Úsáid Talún” faoi mar a leagtar amach sa CNP.

  • Borradh Dlúth

I gcomhréir le prionsabail an bhorrtha dhlúith, tá ar a laghad 30% den tithíocht laistigh de lonnaíochtaí le bheith laistigh de limistéar reatha tógtha an loirg i gcomhar le forbairt sheicheamhach lonnaíochtaí. Tá tosca teoranta i gceist, e.g. foirmiú stairiúil go leor de na príomhbhailte i gContae na Gaillimhe, impleachtaí tuile, rochtain neamhleor, gabháltais theoranta agus scoilte talún agus an gá atá le forbairt miondíola a éascú sna láithreacha seo i gcomhréir leis an tástáil sheicheamhach faoi na Treoirlínte Pleanála Miondíola d’Údaráis Phleanála (an RCPRÁ, 2012). Tugtar le fios in anailís a rinneadh ar acmhainn fhéideartha lár baile/limistéar cónaithe inlíonta go bhféadfaí thart ar 1,820 aonad a sholáthar ar na tailte seo.

  • Athrú Aeráide agus Íogaireacht Comhshaoil

Tá ról níos mó i gcónaí le glacadh ag Athrú Aeráide maidir leis an mbealach a dhéantar an contae a phleanáil amach anseo. Tá ról ríthábhachtach le glacadh ag an bplean lena chinntiú go dtagann forbairt ar na pobail agus aird ar líonraí bonneagair inbhuanaithe a fhorbraíonn athléimneacht d’athrú aeráide. Déantar breithniú ar; leochaileacht screamhuisce agus uisce dromchla agus ar aon riachtanais tionchar féideartha comhshaoil (MST, HAD, Creat-Treoir Uisce an AE, Pleananna Bainistíochta Abhantraí agus Bainistíocht Riosca i gcás Tuilte san áireamh); fáil ar sheirbhísí agus bonneagar; acmhainn forbartha geilleagraí agus sóisialta na lonnaíochta; an tástáil seicheamhach; leochaileacht screamhuisce agus uisce dromchla; stair phleanála agus fáil ar an margadh agus rogha an mhargaidh. Ullmhaíodh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí i gcomhthráth leis an gCroístraitéis. Tugtar aird sa Chroístraitéis ar an dá mheasúnú agus rinneadh aon athruithe/mholtaí a chuimsiú sa straitéis.

  • Forbairt Miondíola

Tá ceanglas reachtúil ar an gCroístraitéis freisin eolas a chuimsiú lena thaispeáint gur thug an tÚdarás Pleanála aird ar na Treoirlínte Pleanála Miondíola nuair a bhí cuspóirí beartais á leagan amach d’fhorbairt miondíola agus go mbunaítear meastacháin ar fhorbairt riachtanach miondíola amach anseo ar na spriocanna daonra sonracha agus go gcuirtear na spriocanna sin san áireamh. Chun dul i ngleic leis an riachtanas seo, beartaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe Straitéis Miondíola a ullmhú i gcomhar le/i gcomhairle le Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi mar a leagtar amach in Caibidil 5 An Geilleagar, Fiontraíocht agus Miondíol den phlean seo. Tabharfar arid sa Straitéis Miondíola seo ar na riachtanais thuas. Leagtar amach i gCaibidil 5 den phlean an t-ordlathas miondíola don Chontae agus cuirtear ar fáil ann roinnt cuspóirí beartais eile maidir le bainistíocht miondíola, a leagtar amach laistigh de chreat na dTreoirlínte Pleanála Miondíola d’Údaráis Phleanála 2012. Tá an t-ordlathas miondíola ar aon dul le hOrdlathas Lonnaíochta a ainmniú agus leis an réamh-mheastacháin ar an daonra laistigh den Chroístraitéis, leis an PSCU, Príomhhailte, Limistéar a bhfuil Acmhainn Straitéiseach acu, Bailte Féinchothaithe, mar na rudaí ar a ndíreofar go príomha orthu i gcás forbairtí miondíola nua. Spreagfar freisin forbairt miondíola nua atá ar an scála cuí i suíomhanna atá suite go lárnach laistigh de ‘Bailte Beagfháis agus Sráidbhailte Beagfháis’.

  • Forbairt Gheilleagrach agus Úsáidí Eile Talún

Chuir úsáidí talún cosúil le húsáidí fostaíochta/tionscail agus roghanna iompair eolas ar fáil freisin don Chroístraitéis agus don Ordlathas Lonnaíochta i dtaobh cabhrú leis an ról agus na hacmhainní a shainaithint atá ag lonnaíochtaí aonair le haghaidh forbartha agus freisin lena dheimhniú cár cheart na leithdháiltí daonra faoin gCroístraitéis a shuíomh. Aithnítear limistéir a dtugtar tús áite dóibh sa Straitéis Spásúil agus sa Chroístraitéis, ar aon dul leis an SRSE, maidir le gníomhaíocht gheilleagrach don Chontae, cosúil leis na soláthairtí do Chonair Gheilleagrach Straitéiseach i limistéar thoir an Chontae, ról ceantar uirbeach chun buacacht gheilleagrach a chothú, an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh, an earnáil bhia agus cheardaíochta, turasóireacht, fuinneamh in-athnuaite agus an geilleagar cliste, agus sonraítear iad seo go léir i gCaibidil 5 den Phlean.

  • Cur Chuige Srathach i leith Forbartha

Leagtar amach sa CNP modheolaíocht chaighdeánaithe nua a théann i ngleic leis an difreáil idir talamh chriosaithe atá ar fáil le haghaidh forbartha agus talamh chriosaithe óna dteastaíonn go ndéantar infheistíocht shuntasach bhreise i seirbhísí do bhonneagar d’fhorbairt nuair is féidir leo ceangal a dhéanamh le seirbhísí forbartha reatha, i.e. rochtain ar bhóthar agus ar chosán, soilsiú poiblí, draenáil séaraigh bhréin, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce san áireamh, dá bhfuil acmhainn ar fáil agus ar féidir leo freastal ar fhorbairt nua, ar an ábhar sin. I gcomhréir leis seo, ullmhaíodh an Plean i gcomhréir le Cuspóir Beartais Náisiúnta 72a a cheanglaíonn ar údaráis phleanála cur chuige srathach caighdeánaithe a chur i bhfeidhm chun difreáil a dhéanamh idir i) talamh chriosaithe ar a bhfreastalaíonn seirbhísí agus ii) talamh chriosaithe ar féidir le seirbhísí freastal air laistigh de shaolré an phlean. Mar thoradh ar an measúnú seo, díríodh ar bhorradh i mbailte agus sráidbhailte laistigh den chontae a bhfuil acmhainn fuíolluisce agus uisce ar fáil dóibh.

2.3.12    Léarscáil na Croístraitéise agus Tábla na Croístraitéise

Léiriú léaráideach í Léarscáil na Croístraitéise (Léarscáil 2.1) den Straitéis pleanála spásúlachta do Chontae na Gaillimhe. Leagtar amach i dtábla 4.2 sa Chroístraitéis ar leathanach 39 na réamh-mheastacháin ar an daonra agus an leithdháileadh teaghlach do gach lonnaíocht agus don tuath a fhaide le 2028. Léirítear sna Pleananna Lonnaíochta na figiúirí seo in Imleabhar 2 agus tugtar le fios iontu candam na forbartha amach anseo do thréimhse an phlean.

Léarscáil Uimh. 2.1: Léarscáil den Chroístraitéis  Core Strategy Map

 

Saintréitheacht Lonnaíochta Lonnaíocht

Daonra de réir an POS 2016

An Chroístraitéis 2022-2028

Leithdháileadh Daonra
Aonaid Tithíochta Dlús Riachtanas Talamh Tithíochta A mhéid le 30% d’Aonaid Chónaithe sa Lorg Tógtha
Contae Gaillimh

179,390

18,655

7,469

 

283

1,427

Ceantar Uirbeach

Baile Chláir

1,248

975

390

30

13.00

117.00

Bearna

1,998

750

300

30

10.00

90.00

Órán Mór

4,990

1,540

616

30

20.53

184.80

Cnoc Mhaoil Drise**

0

977

391

30

13.03

0

An Garrán**

0

1258

503

35

14.38

0

Iomláin

 

8,236

5,500

2,200

 

69.38

660.00

Príomhbhailte Béal Átha na Sluaighe

6,662

1,999

799

30

26.65

239.38

Tuaim

8,767

2,630

1,052

30

35.07

315.61

Iomláin

 

15,429

4,629

1,851

 

62

555

Acmhainn Straitéiseach Baile Átha an Rí

4,445

1,350

540

20

27.00

162.00

Iomláin

 

4,445

1,350

540

20

27.00 162.00

Self-Sustaining Towns

An Gort

2,994

800

320

20

16.00

96.00

 

Baile Locha Riach

5,556

1,400

560

20

28.00

168.00

Iomláin

 

8,550

2,200

880

 

44

264

Small Growth Towns

An Clochán

1,597

470

195

16

12.19

58.50

Áth Cinn 973 290 116 16 7.25 34.80

Maigh Cuilinn

1,704

350

140

16

8.75

42.00

Uachtar Ard

1,318

350

140

16

8.75

42.00

Port Omna

1,450

300

120

16

7.50

36.00

Iomláin

 

6,069

1,760

711

 

45

215.70

Sráidbhailte Beagfháis

An Cheathrú Rua

781

150

60

11

5.45

18.00

An Spidéal

237

55

22

11

2.00

6.60

Béal Átha Ghártha

687

175

70

11

6.36

21.00

Dún Mór

600

120

48

11

4.36

14.40

Gleann na Madadh

480

130

52

11

4.73

15.60

Cinn Mhara

730

200

80

11

7.27

24.00

Maigh Locha

518

125

50

11

4.55

15.00

Iomláin   4,038 955 382   35 115
Iomláin de réir Bailte agus Sráidbhailte

 

47,740

16,394

6,564

 

 

 

 

Lonnaíochtaí Tuaithe agus Ceantair Thuaithe

 

131,650

2,261

904

 

 

 

Tábla 2.9             Tábla na Croístraitéise

** Creatphleananna Uirbeacha arna n-ullmhú do Chnoc Mhaoil Drise agus an Garrán agus cuimsítear iad seo in Imleabhar 2 de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028.

2.3.14   Cuspóirí Beartais na Croístraitéise

Cinnteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe go gcuireann cur chuige faoi stiúir plean eolas ar fáil d’fhorbairt spásúlachta na Gaillimhe amach anseo, a dhéanann forbairt a ghineann forbairt cónaithe agus fostaíochta a thabhairt go láithreacha i gcomhréir le beartas náisiúnta agus réigiúnach agus le hacmhainn iompair comhshaoil, ar féidir leis tacú le hinfheistíocht i mbonneagar agus seirbhísí poiblí agus atá íogair do nádúr fisiciúil na timpeallachta tógtha agus nádúrtha. Tá an cur chuige seo le sonrú go smior i roinnt Cuspóirí Beartais den Chroístraitéis, faoi mar a shonraítear thíos:

Cuspóirí Beartais Uileghabhálacha na Croístraitéise

CS 1                      Cur i bhFeidhm

Cur i bhfeidhm na Croístraitéise agus an Ordlathais Lonnaíochta a bhaint amach a mhéid agus is indéanta, trí bhorradh inbhuanaithe a thabhairt i dtreo na lonnaíochta ainmnithe.

CS 2                      Borradh Dlúth

Borradh dlúth a bhaint amach trí thithe nua a sholáthar i gceantair uirbeacha laistigh de lorg reatha tógtha lonnaíochtaí, trí láithreáin inlíonta, athfhorbraíochta agus athghiniúna a fhorbairt agus tús áite a thabhairt do thalamh a mbaintear tearcúsáid as seachas do láithreáin úrnua.

CS 3                      Borradh ar an Daonra

Tacú le agus bainistiú a dhéanamh ar fhorbairt féinchothaitheach inbhuanaithe na lonnaíochtaí uile ar bhealach pleanáilte, agus borradh ag teacht ar an daonra agus forbairt ag teacht ar bhonneagar geilleagrach, fisiciúil agus sóisialta.

C S4                      Tionscnaimh

Bearta a chur chun cinn chun folúntas agus an tearcúsáid a laghdú a bhaintear as soláthar foirgneamh reatha agus tacú le tionscnaimh a chuireann athúsáid, athchóiriú agus iarfheistiú foirgneamh reatha chun cinn laistigh d’ionaid uirbeacha agus sprioclonnaíochtaí sa Chontae.

CS5                      An Daonra laistigh de Shraitheanna

Cuspóir beartais na Comhairle é tacú leis na réamh-mheastacháin ar an daonra laistigh de shraitheanna éagsúla na Croístraitéise a sholáthar. Nuair nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag lonnaíochtaí aonair i dtreo a leithdháilte daonra a bhaint amach ag an bpointe leathbhealach i saolré an phlean, is féidir an leithdháileadh daonra a athdháileadh laistigh den tsraith aonair a fhad agus a sholáthraítear dóthain seirbhísí don limistéar agus a dhéantar pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe dó.

2.3.15    Monatóireacht agus Bainistíocht

I ndiaidh gur glacadh le spriocanna ar leith daonra don chontae agus do gach lonnaíocht/saintréitheacht gach lonnaíochta, is gá monatóireacht a dhéanamh ar mhéid na forbartha cónaithe lena chinntiú go dtiteann forbairt amach ar bhealach comhtháiteach, réasúnach agus fianaisebhunaithe.

Cuspóirí Beartais Monatóireacht agus Bainistíocht

MM 1                   Monatóireacht agus Bainistíocht

Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhar leis an Tionól Réigiúnach agus foinsí eile, mar is cuí, an clár monatóireachta a chur i bhfeidhm faoi mar a leagtar amach é i dTuarascáil Chomhshaoil agus Ráiteas an MST. Cuirfear san áireamh leis seo Tuarascálacha Monatóireachta MST aonair:

  1. A ghabhfaidh leis an tuarascáil a cheanglaítear ar an mbainisteoir faoi alt 15(2) den Acht, eolas san áireamh maidir le dul chun cinn ar, agus na torthaí a bhíonn ar, monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí suntasacha comhshaoil chur i bhfeidhm an Phlean Forbartha
  2. Maidir leis na héifeachtaí suntasacha comhshaoil a bhaineann leis an bPlean a chur i bhfeidhm, sula gcuirfear tús leis an athbhreithniú ar an gcéad Phlean eile.

2.4         Ordlathas Lonnaíochta

Forbraíodh Ordlathas Lonnaíochta an phlean seo chun feidhm agus ról gach cinn de na lonnaíochtaí a shainaithnítear a chur san áireamh i gcomhréir agus i ndlúthchomhar leis an ordlathas lonnaíochta a shainaithnítear san SRSE.

2.4.1      Cuspóir

Léiriú spásúil é Ordlathas Lonnaíochta ar dháileadh inbhuanaithe daonra, ordlathas lonnaíochta agus ról lonnaíochta. Cuirtear treoir straitéiseach ar fáil ann maidir leis an mbainistíocht chuí a dhéanamh ar bhorradh, infheistíocht agus acmhainní i gcomhréir leis an gCroístraitéis ar bhealach atá seasmhach ó thaobh na haeráide. I ndiaidh gur sainaithníodh borradh tuartha ar an daonra do Chontae na Gaillimhe laistigh de shaolré an Phlean seo agus i ndiaidh gur sainaithníodh sraitheanna ábhartha an ordlathais lonnaíochta, leithdháileadh talamh tithíochta chun áiteanna cónaithe nua a sholáthar chun freastal ar dhaonra atá ag dul i méid ar bhealach inbhuanaithe. I dtaobh na lonnaíochtaí, is féidir an talamh seo a fheiceáil ar na Léarscáileanna Criosaithe Úsáid Talún in Imleabhar 2 den phlean seo, agus i bPleananna Ceantair Áitiúil.

2.4.2      Comhthéacs an Ordlathais Lonnaíochta

Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh an POS) sainmhíniú ar ‘tuaithe’ mar limistéir lasmuigh de lonnaíochtaí ina bhfuil daonra 1,500 duine nó níos mó. Áirítear leis seo lonnaíochtaí níos lú ina bhfuil níos lú ná 1,500 duine agus áit chónaithe aonair faoin tuath. De réir shainmhíniú an POS, lonnaíocht ‘uirbeach’ é lonnaíocht ina bhfuil breis agus 1,500 duine. Tugadh an sainmhíniú seo anonn isteach sa CNP. Catagóirítear an t-ordlathas lonnaíochta leis na paraiméadair seo, ach déantar lonnaíochtaí a bhfuil an fheidhm chéanna acu a ghrúpáil le chéile freisin.   

2.4.3     Ordlathas Lonnaíochta

Ceanglas den Acht um Pleanáil agus Forbairt, (2000) (arna leasú) iad comhsheasmhacht agus ailíniú idir pleananna Náisiúnta, Réigiúnacha agus Áitiúla. Tá an creat borrtha a bheartaítear do Ghaillimh á threorú, ar an ábhar sin, ag an SRSE.  Sainaithnítear san SRSE cur chuige daingean fianaisebhunaithe chun ordlathas lonnaíochta a bhaint ina sainaithnítear láithreacha ina bhféadfadh borradh teacht ar an daonra agus ar fhostaíocht agus ina sainaithnítear a chomhionann de bhonneagar agus d’infheistíocht i seirbhísí chun riachtanais bhorrtha amach anseo a shásamh agus chun freastal orthu. Baineann seo le Gaillimh ar na bealaí seo a leanas:

Lonnaíocht Catagóir Lonnaíochta Cur Síos Lonnaíocht   

1

An Plean Straitéiseach Ceantair Uirbigh Sainaithníodh an PSCU chun freastal ar mhais chriticiúil sa bhorradh a thiocfaidh ar an daonra laistigh den limistéar a chinnteoidh beogacht agus mealltacht Chathair na Gaillimhe agus na mbailte agus na sráidbhailte máguaird.

Baile Chláir

Bearna

Órán Mór

An Garrán

Cnoc Mhaoil Drise

2

Príomhbhailte Bailte arb ionaid fostaíochta atá straitéiseach ó thaobh cúrsaí réigiúnacha de ar scála suntasach ar féidir leo gníomhú mar bhailte réigiúnacha a chuireann agus a thacaíonn leis na limistéir is géarchúisí laistigh den ordlathas lonnaíochta (PSCU na Gaillimhe).

Tuaim

Béal Átha na Sluaighe

 

3

Acmhainn Straitéiseach Ionad seirbhíse mór atá gníomhach ó thaobh an gheilleagair de a chuireann fostaíocht ar fáil do na ceantair máguaird. Baile Átha an Rí

4

Bailte Féinchothaithe

 

 

 

Bailte Féinchothaithe ina bhfuil ardleibhéil de bhorradh ag teacht ar an daonra agus bonn teoranta fostaíochta a bhraitheann ar cheantair eile chun fostaíocht agus/nó seirbhísí a chur ar fáil agus a dteastaíonn spriocinfheistíocht “athdheise” uathu go n-éireoidh siad níos cothaithí.

An Gort

Baile Locha Riach

5

Bailte Beagfháis

 

Bailte Beagfháis a bhfuil acmhainn áitiúil seirbhíse agus fostaíochta acu. Is gá dóibh athghiniúint agus athbheochan bailte a chur chun cinn agus tacú le deiseanna fiontraíochta agus fostaíochta áitiúla lena n-inmharthanacht chinntiú mar ionaid seirbhíse do cheantair thuaithe máguaird

An Clochán

Maigh Cuilinn

Uachtar Ard

Port Omna

Áth Cinn

6

Sráidbhailte Beagfháis Sráidbhailte beagfháis a bhfuil acmhainn áitiúil seirbhíse agus fostaíochta acu.

An Cheathrú Rua

An Spidéal

Béal Átha Ghártha

Dún Mór

Gleann na Madadh

Cinn Mhara

Maigh Locha

7

Lonnaíochtaí Tuaithe agus an Tuath

Sráidbhailte tuaithe agus an réigiún tuaithe níos fairsinge. Cuimsítear in ‘tuaithe’ sráidbhailte agus an tuath níos fairsinge. B’fhéidir nach bhfuil iompar poiblí nó ceangail réigiúnacha mhaithe ann agus b’fhéidir go mbraitear go mór ar ghluaisteáin.

Déanann an tuath fhairsing soláthar do gheilleagair thuaithe agus do phobail tuaithe, bunaithe ar thalmhaíocht, foraoiseacht, turasóireacht agus fiontraíocht tuaithe.
Creachmhaoil, Cora Finne, Droichead an Chláirín, Ard Raithin, Cill Cholgáin, an Tulaigh/Baile na hAbhann, Cor an Dola, Móta, Cill Chonaill, an Cnoc Breac, Baile Mhic an Bhaird, an Carn Mór, Leacach, an Turlach Mór, Mainistir Chnoc Muaidhe, Cluain Bú, Eanach Dhúin, Áth Eascrach, Áth Tíomáin, Muine Mheá, Dún an Uchta, Beannchar, Eachroim, an Chealtrach, Cluain Fearta, Cill Tormóir, Mionlach, an Baile Mór, Fothannach, Cill Odhráin, Gallach, Droichead Bhéal an Átha Móir, Goirtín, Ceapaigh an tSeagail, Baile Liam, Cill Choirín, Bearna Dhearg, Béal Chláir, Cill Bheanáin, an Driseachán, an Droichead Nua, Béal Átha Mó, Baile an Mhuilinn, Cill Chonla, Cathair Loistreáin, Ceathrú na Lathaí, Saighleáin, an Leathbhaile, Sonnach, Caisle, Cill tSuibhne, Glinsce, Béal Átha Glúinín, an Láithreach Mór, an Ghráig, Cill Íomair, an Bhuaile Mheánach, an Eiscir, an Cheathrú Bhán, Cill Tullaigh, Doire Uí Dhónaill Beag, Baile an Doirín, Cill Chríost, Baile na Coille, Maigh Ghlas, Tobar Pheadair, Cillín a Díoma, an Droim, Cill Chon Iarainn, an Lábán, Tíne, Cill Rícill, an Mhainistir, an Ballán, an Corrbhaile, an Cuas, an Caisleán Nua, Cúil Lú, Seaneaglais, na Forbacha, an Cnoc, na Minna, Ros an Mhíl, Ros Cathail, Tulaigh Mhic Aodháin, Leitir Móir, Cill Chiaráin, Cill Rónáin, Cloch na Rón, Carna, an Tulaigh/Rinn Mhaoile, Glinsce, Leitir Mealláin, Béal an Daingin, Crois na Tulaí, Ros Muc, an Fhairche, an Líonán, an Cloigeann, Leitir Fraic, Casla, Corr na Móna, Baile Conaola, Sraith Salach, an Cladach Dubh, an Mám, an Teach Dóite, an Aird Mhóir, Mearaí, Cill Bheaganta, Cloch an Uabhair, Camas.
*Creatphleananna Uirbeacha arna n-ullmhú do Chnoc Mhaoil Drise agus an Garrán agus cuimsítear iad seo in Imleabhar 2 de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028.

Tábla 2.9: Ordlathas Lonnaíochta

2.4.4      Borradh Lonnaíochta Amach Anseo

Ar aon dul le torthaí straitéiseacha an CNP agus le cúig uaillmhian bhorrtha an SRSE, tá sé bunriachtanach go léirítear sna cuir chuige seo an cur chuige spásúil i leith Contae na Gaillimhe a fhorbairt go hinbhuanaithe.  Déanfar forbairt amach anseo a stiúradh ar an mbealach seo a leanas:

  • Borradh, agus díriú ar lár an bhaile/limistéar cónaithe inlíonta ar leibhéil 1,2,3 agus 4, nuair is infheidhme, agus ar limistéar cónaithe inlíonta ar thailte criosaithe cónaithe ar gach leibhéal;
  • Láithreáin Deiseanna a chur chun cinn ar leibhéil 5 agus 6 faoi mar a dtugtar cuntas air in Imleabhar 2 an phlean;
  • Tacú le hainmniú an PSCU agus shocraíochtaí Bhaile Chláir, Bhearna agus Órán Mór;
  • Tacú le coincheap na gCreatphleananna Uirbeacha do Chnoc Mhaoil Drise agus don Gharrán;
  • Príomhbhailte ainmnithe Bhéal Átha na Sluaighe agus Thuama a fhorbairt ar scála agus ar chaighdeán dóthanach chun borradh, infheistíocht agus rath réigiúnach a chur chun cinn, agus beidh borradh ar leibhéal inbhuanaithe le teacht ina dhiaidh sin ar na Bailte a bhfuil Acmhainn Straitéiseach acu, na Bailte Féinchothaithe agus na Bailte agus Sráidbhailte Beagfháis;
  • Sráidbhailte a neartú ar leibhéal 7 mar mhalairt ar thithíocht tuaithe faoin tuath fhairsing;
  • Úsáid níos fearr a bhaint as talamh agus foirgnimh a mbaintear tearcúsáid astu, foirgnimh fholmha, thréigthe agus thearcáitithe san áireamh;
  • Tacú le haistriú chuig sochaí ísealcharbóin agus é a éascú agus a chur chun cinn;
  • Lár bailte agus sráidbhailte a neartú chun a lánchumas a bhaint amach;
  • Borradh ar an daonra, fostaíocht, pobal agus tithíocht a ailíniú ar bhealach cothrom;

Is éard a bheidh i gceist leis an dúshlán is suntasaí comhfhorbartha áite atá roimh an gcontae forbairt amach anseo a phleanáil agus a sholáthar ar bhealach a aistríonn níos mó i dtreo féinchothú, seachas i dtreo gníomhaíocht atá faoi thionchar gníomhaíocht comaitéireachta, a cheadaíonn, ar an ábhar sin, dá bhailte, sráidbhailte agus gnéithe tuaithe feidhmiú de réir a láidreachtaí, fad a aistrítear, thar aon ní eile, ó shamhail forbartha atá faoi stiúir sraoilleála.

Lorgaíonn an tOrdlathas Lonnaíochta creatlach uirbeach an chontae a threisiú, agus leagtar béim ann ar mhais chriticiúil a fhorbairt sa PSCU, na Príomhbhailte, Bailte a bhfuil Acmhainn Straitéiseach acu, na Bailte Fáis Féinchothaithethe agus na Bailte Féinchothaithe. Dírítear ar bhorradh comhdhlúite na lonnaíochtaí a bhaint amach, agus comhréir an-ard de thithíocht ann i loirg reatha thógtha i ngach lonnaíocht, lár bailte a neartú go mbainfear a lánchumas amach trí úsáid a bhaint as talamh agus foirgnimh a mbaintear tearcúsáid astu agus na lonnaíochtaí a fhorbairt ar bhealach seicheamhach. Ullmhaíodh dhá Chreatphlean Uirbeacha do Chnoc Mhaoil Drise agus an Garrán agus cuimsítear iad in Imleabhar 2 den Phlean.  Tá an CPU don Gharrán dírithe timpeall ar an stáisiún traenach ag Órán Mór. Tá baint lárnach ag CPU Chnoc Mhaoil Drise i láithreáin an Údaráis Forbartha Tionscail (an ÚFT)/Fostaíochta ag an bPáirc Mhór agus ceanglófar é le conair reatha iompair phoiblí.

2.4.5      An PSCU

Síneann Ceantar Uirbeach na Gaillimhe, ábhar an PSCU, ó Bhearna san iarthar, Cathair agus bruachbhailte na Gaillimhe agus leanann sé soir go Baile Chláir agus Órán Mór. Tá limistéir bhorrtha phleanáilte sa Cheantar Uirbeach thoir ag na hArdáin, an Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise. 

Sainaithnítear an Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise mar phríomhlimistéir bhorrtha straitéisigh laistigh de Chontae na Gaillimhe a chuirfidh go mór le huaillmhianta an CNP agus an SRSE a bhaint amach.  D’ullmhaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe Creatphleananna Uirbeacha don Garrán agus do Chnoc Mhaoil Drise agus cuimsítear iad in Imleabhar 2 den Phlean seo. Is é ról an Cheantair Uirbigh freastal ar an mborradh a thiocfaidh ar an daonra laistigh den limistéar a chinnteoidh beogacht agus mealltacht Chathair na Gaillimhe agus lonnaíochtaí na mbailte agus na sráidbhailte máguaird. Neartóidh Ceantar Uirbeach daingean, ina bhfuil bonneagar fisiciúil ardchaighdeáin agus comhtháite agus saoráidí pobail, ról an réigiúin Thuaidh agus Thiar agus cabhróidh sé leis dul san iomaíocht ar leibhéal náisiúnta.

2.4.6      Príomhbhailte

Tá borradh ar a laghad 30% le teacht ar dhaonra na bPríomhbhailte, i gcoibhneas le Daonáireamh 2016 (i.e., Béal Átha na Sluaighe agus Tuaim). Is é ceann de na Príomhthosaíochtaí Amach Anseo maidir le Béal Átha na Sluaighe: “Ag fíorú chumas an bhaile mar ‘Bhaile Contae’, ag cinntiú cothromaíochta ó thaobh na forbartha i gcroílár bhaile Bhéal Átha na Sluaighe agus  socruithe a dhéanamh i gcomhair an dlúthfháis agus na forbartha láithreán athfhorbraíochta, ag athbheochan Shráid Dunlo, Chearnóg  an Mhargaidh, Shráid an Chumainn agus na Príomhshráide, agus folúntais a laghdú  agus tacú le beocht agus bríomhaireacht na  bpríomhshráideanna/na dtaobhshráideanna  siopadóireachta seo agus lár an bhaile.

Tá na Príomhthosaíochtaí Amach Anseo do Thuaim beagán éagsúil, mar gheall gurb é an rud is mó a ndírítear air don bhaile Tuaim a chur chun cinn mar cheann scríbe don ghnó, ach beidh na tosaíochtaí seo a leanas i gceist, áfach: “Chun Tuaim a fhorbairt mar an fócas d’fhorbairt amach anseo i dTuaisceart na Gaillimhe agus an bonneagar agus seirbhísí a sholáthar do na bailte/sráidbhailte beaga agus tailte tuaithe máguaird”, chomh maith le “Leas a bhaint as dlúthfhoirm uirbeach lár bhaile Thuama trí nascacht níos mó a spreagadh d’fhorbairt nua lena gcuirtear siúl agus rothaíocht chun cinn, agus na modhanna taistil sin a  spreagadh, ag cinntiú go mbeidh prionsabail an  iompair inbhuanaithe chomh maith le bearta dearthóireachta praiticiúla ina gcuid lárnach d’fhorbairt chomharsanachtaí nua.”

2.4.7     Limistéar Acmhainne Straitéisí

Sainaithnítear Baile Átha an Rí mar Limistéar Acmhainne Straitéisí. Tá rochtain gan stró ar líne iarnróid na Gaillimhe-Bhaile Átha Cliath agus ar líne iarnróid na Gaillimhe-Luimnigh ann i mBaile Átha Cliath. Tá teacht sa bhaile faoi láthair ar bhonneagar leathanbhanda agus ar sheirbhísí gaolmhara bonneagair. Is féidir le forbairt bhreise teacht ar Bhaile Átha an Rí agus is féidir fiontair a lonnú ann, e.g. an Chonair Gheilleagrach ó Órán Mór go Baile Átha an Rí.  Caithfear conairí geilleagracha, go háirithe conairí fostaíochta cosúil le Conair Straitéiseach Órán Mór-Bhaile Átha an Rí a fhorbairt/a chur chun cinn agus ba cheart seirbhísí a chur ar fáil iontu de réir ardchaighdeáin idirnáisiúnta chun Infheistíocht Dhíreach Eachtrach agus tionscail/gnólachtaí dúchasacha breise a mhealladh, a chuirfidh leis an láthair agus an bonneagar reatha straitéiseach. Cuirfear an chonair seo chun cinn go hinbhuanaithe mar ionad le haghaidh fiontair mhóra náisiúnta agus idirnáisiúnta ar bhealach a ndéanfar sainiú breise air i mbeartais pleanála áitiúla.

2.4.8     Bailte Féinchothaithe

Sainaithníodh an Gort agus Baile Locha Riach mar Bhailte Féinchothaithe ina bhfuil ardleibhéil de bhorradh ag teacht ar an daonra, ach tá bonn teoranta fostaíochta ann, áfach, a bhraitheann ar cheantair eile chun fostaíocht agus/nó seirbhísí a chur ar fáil agus teastaíonn spriocinfheistíocht “athdheise” uathu go n-éireoidh siad níos cothaithí. Is é an straitéis borrtha don Ghort agus do Bhaile Locha Riach chun a n-ainmniú mar Bhailte Féinchothaithe a chomhdhlúthú agus leanúint ag tacú le fairsingiú a mboinn fostaíochta.  Anuas air sin, éascófar forbairt cónaithe a thacóidh le borradh inbhuanaithe na mbailte.

2.4.9      Bailte Beagfháis

Tá feidhm thábhachtach ag na bailte a liostaítear sa chatagóir seo chun tacú le ceantair áitiúla a fhorbairt.  Déanfar an fhorbairt cónaithe a chionroinnt i leith bhorradh inbhuanaithe na mbailte. Díreofar sa straitéis borrtha ar an mborradh inbhuanaithe áitiúil a fhreastalaíonn ar riachtanais an daonra áitiúil agus na cúlchríche níos fairsinge.  Tacófar, sa chás gur cuí, le forbairt gheilleagrach agus a bhaineann le fostaíocht a neartódh an bonn fostaíochta áitiúil agus a laghdódh an brath ar chomaitéireacht.  Cuirtear Ráiteas Scríofa agus Léarscáileanna gaolmhara Criosaithe Úsáid Talún ar fáil in Imleabhar 2 den phlean seo.

2.4.10    Sráidbhailte Beagfháis

Tá feidhm thábhachtach ag na sráidbhailte a liostaítear sa chatagóir seo chun tacú le ceantair áitiúla a fhorbairt.  Déanfar an fhorbairt cónaithe a chionroinnt i leith bhorradh inbhuanaithe na sráidbhailte. Díreofar sa straitéis borrtha ar an mborradh inbhuanaithe áitiúil a fhreastalaíonn ar riachtanais an daonra áitiúil agus na cúlchríche tuaithe níos fairsinge.  Cuirtear Ráiteas Scríofa agus Léarscáileanna gaolmhara Criosaithe Úsáid Talún ar fáil in Imleabhar 2 den phlean seo.

2.4.11    An Tuath

Leanfar ag tacú leis an daonra tuaithe trí na sráidbhailte agus trí chur chuige inbhuanaithe i leith an gheilleagair thuaithe a chothú, a mbaintear cothromaíocht amach ina leith in aghaidh chosaint fhreagrach an chomhshaoil. Cabhróidh tacaíocht do thithíocht agus d’athphobalú, faoi mar is gá, atá á tabhairt laistigh de bhailte agus de shráidbhailte chun gníomhú mar rogha eile inmharthana ar thithíocht aonuaire faoin tuath fhairsing agus cuirfidh sé le prionsabal an bhorrtha dhlúth.  Forbrófar clár náisiúnta do ‘tithe nua i mbailte agus sráidbhailte beaga’ agus le húdaráis áitiúla, gníomhaireachtaí bonneagair phoiblí cosúil le hUisce Éireann, agus pobail áitiúla a chuireann láithreáin le seirbhísí ar fáil a bhfuil an bonneagar cuí acu a ghníomhaíonn mar rogha inmharthana ar thithe faoin tuath fhairsing. Tírdhreach beo agus ina gcónaíonn daoine atá sa tuath fhairsing agus leanfaidh sé amhlaidh agus díreofar ann ar riachtanais gheilleagar tuaithe agus phobal tuaithe, bunaithe ar thalmhaíocht, foraoiseacht, turasóireacht agus fiontraíocht tuaithe, agus seachnaíonn sé forbairt ribíneach agus fuílligh ó cheantair uirbeacha agus cosnóidh sé tréithe comhshaoil ag an am céanna.

Cinnteoidh an Chomhairle go dtiteann forbairt na tuaithe fairsinge amach ar bhealach a chomhoireann do phríomhshócmhainní geilleagracha, comhshaoil, bithéagsúlachta agus cultúrtha/oidhreachta a chosaint, cosúil leis an ngréasán bóithre, cáilíocht an uisce agus tírdhreacha tábhachtacha. I gcomhréir leis an SRSE, beidh sé riachtanach a léiriú go bhfuil ‘riachtanas feidhmiúil geilleagrach nó sóisialta’ ann maidir le riachtanas tithíochta i gceantair Thuaithe atá faoi thionchar uirbeach. Léirítear é seo i Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe (SIPCG) ar an léarscáil den Chroístraitéis thuas agus tá anailís mhionsonraithe ar fáil i gCaibidil 4 Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe.

2.4.12    Saintréitheacht Tuaithe

Faoi mar a iarrtar i dTreoir na Croístraitéise 2010, caithfear aicmiú ceantar éagsúil tuaithe i bhformáid léarscáile a chuimsiú sa Chroístraitéis i gcomhréir leis na Treoirlínte d’Údaráis Phleanála maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe 2005, a cuireadh san áireamh sa Léarscáil den Chroístraitéis. Toisc thábhachtach é an t-aicmiú seo freisin chun forbairt áiteanna cónaithe aonuaire tuaithe a éascú faoin tuath i gcomhréir le Cuspóir Beartais Náisiúnta 19 den SRSE, a dtugtar cuntas níos mó air i gCaibidil 4 Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe agus a thugtar le fios i Léarscáil 2.1 den Chroístraitéis. Deimhníodh saintréitheacht cheantar tuaithe trí anailís a dhéanamh ar shonraí do gach Toghroinn in aghaidh réimse critéar, patrún comaitéireachta, iarratas pleanála ar thithíocht tuaithe le cúig bliana anuas, íogaireacht chomhshaoil agus athrú ar an daonra san áireamh. Ullmhaíodh Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe (SIPCG) freisin a rinne anailís ar na paraiméadair a dtugtar cuntas orthu thuas. Meastar, go bunúsach, go gcuimsítear i limistéar an SIPCG a léirítear ar an Léarscáil den Chroístraitéis thuas mar na Limistéir atá faoi Thionchar Láidir Uirbeach.

Tá na hainmniúcháin tuaithe seo a leanas i gceist i gContae na Gaillimhe:

Limistéir faoi Thionchar Láidir Uirbeach (SIPCG)

Tá na saintréithe seo a leanas ag na limistéir seo:

  • Gaireacht do na purláin timpeall ar Chathair na Gaillimhe agus do cheantair garchomaitéireachta bailte móra;
  • Daonra atá ag dul i méid;
  • Brú le haghaidh forbairt cónaithe mar gheall ar ghaireacht do thimpeallachtaí uirbeacha/chonairí iompair.

Ceantair atá Lag ó Thaobh Struchtúir de

Tá na saintréithe seo a leanas ag na limistéir seo:

  • Méadú ar an daonra;
  • Struchtúr geilleagrach níos laige bunaithe ar innéacsanna ioncaim, fostaíochta agus borrtha gheilleagraigh.

2.4.13    Saintréitheacht Lonnaíochta

Léirítear ar an léarscáil seo a leanas leibhéil 1-6 de na lonnaíochtaí de réir ordlathas lonnaíochta do Chontae na Gaillimhe.

Léarscáil Uimh. 2: Ordlathas Lonnaíochta

Core Strategy Map

 

Ordlathas Lonnaíochta Cuspóirí Beartais  

SS1                       An PSCU (Leibhéal 1)

Tacóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le ról tábhachtach an Phlean Straitéisigh Ceantair Uirbigh (an PSCU) atá dlúthcheangailte le Cathair na Gaillimhe, mar phríomhrud a chuireann borradh sóisialta agus geilleagrach chun cinn sa Chontae agus sa Réigiún Thiar níos fairsinge agus a thacóidh le borradh inbhuanaithe na lonnaíochtaí straitéiseacha, forbairt na gCreatphleananna Uirbeacha amach anseo ina measc sin a sainaithníodh le haghaidh Chnoc Mhaoil Drise agus an Gharráin agus lonnaíochtaí Bhaile Chláir, Bhearna agus Órán Mór, laistigh de Cheantar Uirbeach na Gaillimhe.

SS2                       Príomhbhailte (Leibhéal 2)

Príomhbhailte Bhéal Átha na Sluaighe agus Thuama a aithint mar bhailte tábhachtacha a chuireann borradh chun cinn sa Chontae agus tacú lena bhforbairt inbhuanaithe ar aon dul leis an gCroístraitéis, chun a gcroílár tráchtála a chothú, a ndaonra a choimeád agus freastal ar dhaonra agus borradh tráchtála breise.

SS3                      Acmhainn Straitéiseach (Leibhéal 3)

Tacú le Baile Átha an Rí a fhorbairt mar bhaile a bhfuil Acmhainn Straitéiseach aige, faoi mar a dtugtar cuntas air sa Chroístraitéis agus sa Straitéis Lonnaíochta chun lár láidir beoga uirbeach a chothú a dhéanfaidh an geilleagar áitiúil a chur chun cinn, éileamh ar thaisteal a laghdú agus a thacóidh le cúlchríoch mhór thuaithe, agus a chuirfidh ról comhlántach ar fáil, i gcomhthráth, do na Príomhbhailte agus don PSCU agus do na bailte agus na sráidbhailte níos lú sa Chontae.

SS4                       Bailte Féinchothaithe (Leibhéal 4)

Tacú leis an nGort agus Baile Locha Riach a fhorbairt mar Bhailte Féinchothaithe faoi mar a dtugtar cuntas air sa Chroístraitéis agus san Ordlathas Lonnaíochta chun feabhas a chur ar roghanna fostaíochta, seirbhísí agus iompair inbhuanaithe áitiúla chun go ndéantar lonnaíochtaí níos feinchothaithí díobh.

SS5                      Bailte Beagfháis (Leibhéal 5)

Éagsúlacht gheilleagrach na mBailte Beagfháis a chosaint agus a neartú, a chuirfidh ar a gcumas tabhairt faoi fheidhmeanna tábhachtacha miondíola, seirbhíse, conláiste, cónaithe agus pobail don daonra áitiúil agus do chúlchríocha tuaithe.

SS6                      Sráidbhailte Beagfháis (Leibhéal 6)

Comhdhlúthú Sráidbhailte Beagfháis a chosaint chun roghanna fostaíochta, seirbhísí, tithíochta tuaithe agus iompair inbhuanaithe áitiúla a fheabhsú.

SS7                       Sráidbhailte Beaga a Fhorbairt (Leibhéal 7)

I gcás lonnaíochtaí níos lú nach bhfuil aon phleananna ar leith ar fáil dóibh, déanfar breithniú ar fhorbairt ar bhunús a nascachta, a hacmhainne (acmhainn shóisialta, chultúrtha, gheilleagrach, bhonneagrach agus chomhshaoil san áireamh) agus má shásaíonn sé an Chroístraitéis agus an tOrdlathas Lonnaíochta, dearadh maith, gnóthú pobail agus pleanáil agus forbairt inbhuanaithe cheart.

SS8                       Pobail Tuaithe a Fhorbairt

Aithneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an ról tábhachtach atá ag pobail tuaithe maidir le forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar Chontae na Gaillimhe agus cinnteoidh sé go ndéantar bainistíocht chúramach ar fhorbairt sna limistéir seo, agus an aird mar is cuí á tabhairt ar na cuspóirí beartais ábhartha a leagtar amach in áiteanna eile sa phlean.

2.5         An Straitéis Tithíochta

2.5.1      Comhthéacs

I gcomhréir leis an reachtaíocht phleanála, tugadh faoi Straitéis Tithíochta mhionsonraithe do Chontae na Gaillimhe ina sonraítear an daonra reatha agus amach anseo don Chontae i gcomhréir le pleanáil agus forbairt inbhuanaithe cheart. Tá Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta (MRÉT) sa Straitéis seo i gcomhréir le Cuspóir Beartais Náisiúnta (CBN) 37 den CNP a chinntíonn go bhfuil an soláthar tithíochta dóthanach chun freastal ar riachtanais dhaonra reatha agus amach anseo Chontae na Gaillimhe. Caithfidh an MRÉT buntacú agus tacú leis an Straitéis Tithíochta agus le torthaí na straitéise sin. Sainaithnítear sa MRÉT agus sa Straitéis Tithíochta aon saincheisteanna féideartha soláthair tithíochta is dóchúil a thiocfaidh aníos i rith shaolré an Phlean.

Tá coinne leis sa Straitéis go dtiocfaidh méadú aníos go dtí 82,846 faoi 2028 ar an líon teaghlach a dhéanfar a fhoirmiú agus is ionann seo agus líon 11,511 teaghlach i gcaitheamh thréimhse an Phlean. As an méadú iomlán ar theaghlaigh, ní cháileoidh 3,554 sealbhóir tí, ar an iomlán, do mhorgáiste i rith thréimhse an phlean. Ní shásóidh na 3,554 teaghlach seo na critéir inacmhainneachta freisin don mhargadh cíosa príobháideach agus meastar go dteastaíonn tithíocht shóisialta agus inacmhainne uathu, ar an ábhar sin. Tá dóthain talamh chriosaithe agus le seirbhísí ar fáil d’aonaid chónaithe chun freastal ar riachtanais na Straitéise Tithíochta.  Úsáidfidh an Chomhairle réimse roghanna i rith thréimhse an Phlean chun freastal ar riachtanais éagsúla tithíochta dhaonra Chontae na Gaillimhe. Pléitear iad seo thíos.

2.5.2      An Creat Náisiúnta Pleanála

Seo a leanas na Tosaíochtaí agus na Prionsabail do Thithíocht Amach Anseo de réir an Chreata Náisiúnta Pleanála:

  • Athléimneacht a fhorbairt inár stoc tithíochta trí an méid seo a leanas a dhéanamh: Athúsáid, éifeachtúlacht fuinnimh, inoiriúnaitheacht saolré, inrochtaineacht inbhuanaithe, agus imeascadh le pobail inbhuanaithe bheoga a chinntiú;
  • Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta (MRÉT) a fhorbairt;
  • Dearadh agus comhfhorbairt áite a bhaineann sárchaighdeán amach go comhsheasmhach;
  • Rogha láthair (laistigh de chomhthéacs na Croístraitéise), saghas, tionacht agus cóiríocht tithíochta a chur ar fáil;
  • Tús áite a thabhairt do láthair thithíochta i lonnaíochtaí reatha agus i gcomhréir leis an gCroístraitéis mar bhealach chun caighdeán níos fearr beatha a uasmhéadú do dhaoine trí theacht ar sheirbhísí, a chinntiú go mbaintear úsáid níos éifeachtúla as talamh agus a cheadú comhcheangal níos fearr a dhéanamh leis an mbonneagar reatha;
  • Scála agus cineál an tsoláthair thithíochta amach anseo a shaincheapadh i leith mhéid agus shaghas na lonnaíochta. Soláthar agus inacmhainneacht dhóthanach;
  • A chinntiú go bhforbraítear meascán de shaghsanna agus de mhéideanna tithe a fhreastalóidh go réasúnta ar riachtanais na gcatagóirí éagsúla teaghlach.

Cuspóirí Beartais Straitéis Tithíochta

HS 1                      Riachtanais Tithíochta

Is é cuspóir beartais na Comhairle riachtanais tithíochta dhaonra reatha agus amach anseo Chontae na Gaillimhe a éascú trí fhorbairt tithíochta a bhainistiú sa chontae i gcomhréir leis an Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta, an Chroístraitéis agus an tOrdlathas Lonnaíochta.     

HS 2                      Tithíocht Shóisialta agus Inacmhainne

Cuspóir beartais na Comhairle é áiteanna cónaithe folmha a fháil lena chinntiú go leantar le hiad a úsáid ar chuspóirí cónaithe amach anseo agus tithíocht a fhorbairt ar láithreáin inlíonta agus athfhorbraíochta laistigh de lár bailte agus sráidbhailte chun tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar.

HS 3                      Monatóireacht a dhéanamh ar an Straitéis Tithíochta   

Cuspóir beartais na Comhairle é monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na Straitéise Tithíochta maidir le freastal ar riachtanais tithíochta a shainaithnítear agus na riachtanais sin a réiteach.  

HS 4                      Monatóireacht a dhéanamh ar an Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta

Cuspóir beartais na Comhairle é tacú le monatóireacht agus athbhreithniú leanúnach ar an Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta (an MRÉT) i gcomhréir le modheolaíocht an MRÉT a bheidh ag teacht aníos a eiseoidh an Rialtas Láir.

HS 5                      Stoc Tithíochta Sóisialta

Cuspóir beartais na Comhairle é an stoc tithíochta sóisialta a mhéadú agus a bhainistiú go héifeachtach laistigh den chontae chun freastal ar riachtanais fhadtéarmacha tithíochta na dteaghlach siúd ar liosta tithíochta an údaráis áitiúil.

2.6.         Riachtanais Shonracha Tithíochta

2.6.1      Tithe Inacmhainne

Caithfear leanúint le tithíocht inacmhainne a sholáthar i rith shaolré an Phlean. Cuirfear iad seo ar fáil go príomha i mbailte agus sráidbhailte atá gar go leor do sheirbhísí agus limistéir fostaíochta.

2.6.2      Easpa Dídine

Leanfar le hiarrachtaí chun dul i ngleic le ceist na heaspa dídine agus leo siúd a dteastaíonn cóiríocht ghéarchéime uathu a chur chun cinn i gcomhréir le treoir an Rialtais agus i gcomhar le grúpaí deonacha agus le gníomhaireachtaí eile.

2.6.3     Cóiríocht don Lucht Siúil

B’ionann an daonra den Lucht Siúil i gContae na Gaillimhe in 2016 agus 2647. Ba mhéadú é seo aníos ó fhigiúr 2,476 2011. Aithnítear nósanna agus traidisiúin Phobal an Lucht Siúil i gContae na Gaillimhe agus timpeall air agus tugtar aird ar riachtanais chultúr an Lucht Siúil. Leanfaidh an Chomhairle le bearta a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus an treoir i gcomhréir leis an Straitéis Tithíochta agus leis an gClár Cóiríochta don Lucht Siúil, chun cóiríocht a sholáthar do bhaill de Phobal an Lucht Siúil. Leanfar le riachtanais chóiríochta an Lucht Siúil a sholáthar a mhéid agus is réasúnta agus is praiticiúil trí úsáid a bhaint as saghsanna éagsúla tithe. Soláthrófar seo trí dhul i gcomhairle le Pobal an Lucht Siúil agus le roinnt gníomhaireachtaí reachtúla agus deonacha a bhaineann le riachtanais an Lucht Siúil.

2.6.4      Tithíocht do Dhaoine Breacaosta, Daoine faoi Mhíchumas agus/nó Mhíchumas Foghlama

Leanfar le haonaid chónaithe a sholáthar do riachtanais ar leith nó shainaitheanta an daonra. Bunófar seo ar phrionsabal an dearaidh uilíoch agus ar inoiriúnaitheacht ar feadh an tsaoil. Lonnófar na haonaid chónaithe seo i láithreacha inbhuanaithe, ar an gcéad dul síos, lena chinntiú go mbíonn teacht láithreach bonn ar sheirbhísí agus ar bhonneagar áitiúil agus go n-éascaítear níos mó ionchuimsiú sóisialta.

Leanfaidh an Chomhairle le tithíocht do dhaoine breacaosta a sholáthar i ngar do sheirbhísí áitiúla, cosúil le háiseanna pobail. Cuirfear aonaid chónaithe níos lú san áireamh dóibh siúd ar mian leo aistriú go tithíocht níos lú níos déanaí sa saol. Freastalófar ar sciath-thithíocht, tithe altranais agus áiseanna eile cónaithe i láithreacha oiriúnacha i rith shaolré an Phlean.

Cuspóirí Beartais Riachtanas Tithíochta Sonrach

SH 1        Tithíocht Inacmhainne
Soláthar tithíochta inacmhainne a chur chun cinn go príomha i láithreacha inbhuanaithe i mbailte agus sráidbhailte ar fud Chontae na Gaillimhe ar an gcéad dul síos i gcomhréir le pleanáil agus forbairt cheart inbhuanaithe.

SH 2        Tithíocht do Dhaoine gan Dídean
Soláthar cóiríochta oiriúnaí a éascú do dhaoine gan dídean agus dóibh siúd a dteastaíonn cóiríocht éigeandála uathu.

SH 3        Cóiríocht don Lucht Siúil
Tacú leis an gClár Cóiríochta don Lucht Siúil 2019-2024 do Chontae na Gaillimhe (nó aon cháipéis nuashonraithe/a chuirtear ina ionad) agus é a chur i bhfeidhm.

SH 4        Tithíocht Inoiriúnaithe
Tacú le forbairt tithíochta inbhuanaithe agus é a chur chun cinn do dhaoine breacaosta agus iad siúd atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas foghlama, agus cuirfear coincheap na maireachtála neamhspleáiche chun cinn freisin.
 

2.7         Foráil Chuid V

Cuirtear tithíocht shóisialta agus inacmhainne ar fáil trí fhoráil ar a dtugtar Cuid V mar iarracht chun dul i ngleic le leithdheighilt tithíochta agus chun meascán maith de thionacht tithíochta a chur ar fáil in aon láthair. Sainítear in Alt 94 den Acht um Pleanáil agus Forbairt go gcuirfear céatadán nach mó ná 10% den talamh a rinneadh a chriosú le haghaidh áiteanna cónaithe nó ina bhfuil meascán úsáidí, úsáid cónaithe san áireamh, a choimeád chun tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar. Baintear seo amach trí chomhaontú Chuid V.

Cuspóir Beartais Foráil Chuid V

PV1                        Part V Provision

Cuspóir beartais na Comhairle é cur i bhfeidhm Straitéis Tithíochta Chuid V a bhaint amach i gcomhréir le halt 95(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), ach go háirithe, trí 10% den talamh go léir a choimeád a criosaíodh d’úsáid cónaithe, agus don úsáid sin amháin, nó do mheascán d’úsáid cónaithe nó d’úsáidí eile, a chur ar fáil ar mhaithe le tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar dá dtagraítear in alt 94(4)(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus soláthrófar sin i gcomhréir le halt 96 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus i gcomhréir le Cuid V den Treoir ón Aire nó le haon Treoir leasaithe a eiseofar amach anseo.

Clár ábhair

Baile