15.1 Gleann na Madadh Sráidbhaile Beagfháis

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

15.2     Comhthéacs Sráidbhaile

Tá sráidbhaile Ghleann na Madadh suite in Oirthuaisceart an chontae. Tá sé suite thart ar 55KM soir ó thuaidh ó Chathair na Gaillimhe agus 29KM soir ó thuaidh ó bhaile Thuama leis an N83. Cruthaíodh an sráidbhaile timpeall ar chrosbhóthar ar dtús, eadhon bóthar Dhún Mór - Gleann na Madadh, ar a dtugtar Bóthar Réigiúnach Bhaile Átha Luain (R362) agus an Baile Mór go Gleann na Madadh agus ar aghaidh go Bóthar Réigiúnach Mhaigh Locha (R364).

Bóthar réigiúnach an R362 ag nascadh Dún Mór ar an N83 leis an M6 i mBaile Átha Luain agus tá sé nasctha le Maigh Locha leis an mbóthar réigiúnach R364 ar an N63 in aice leis an mBaile Mór ar an N60. Tá crosbhóthar an tsráidbhaile sainmhínithe go soiléir fós i nGleann na Madadh sa lá atá inniu ann. Téann sráidbhaile Ghleann na Madadh siar go luath an naoú haois déag, ach tá go leor Séadchomharthaí Taifeadta sa cheantar lena n-áirítear liosanna, rud a thugann le tuiscint go bhfuil lonnaíocht san áit seo thar thréimhse níos faide.

15.3     Pobail Inbhuanaithe

15.3.1  Tithíocht

Sainghné na cúlchríche máguaird ná an meascán d’úsáid talmhaíochta le tithíocht aonuaire scaipthe ar na bóithre réigiúnacha ó lár an tsráidbhaile. Tharla roinnt forbairtí tithíochta níos mó i nGleann na Madadh thar na blianta lena n-áirítear Arda Dudley agus Páirc O’Keefe ó dheas ó chroílár an tsráidbhaile agus eastát Radharc an Locha soir ón sráidbhaile. Tríd is tríd, cuirtear éagsúlacht shláintiúil cineálacha agus méideanna teaghaise ar fáil laistigh de limistéar an phlean.

Bhainfeadh an lonnaíocht leas as athghiniúint maoine atá ann cheana féin i gcroílár an tsráidbhaile. Ba cheart go ndéanfaí forbairtí nua a chomhtháthú isteach sa sráidbhaile reatha agus go bhféadfaí siúl nó dul ar rothar go héasca agus go sábháilte go dtí an lár agus go dtí na príomháiseanna.

Bheadh sé inmhianaithe go ndéanfaí athnuachan leanúnach ar mhaoin laistigh de Chroílár an tSráidbhaile agus ba cheart go mbeadh dearadh ardchaighdeáin d’fhorbairt tithíochta inlíonta agus ba cheart go mbeadh aghaidheanna siopaí nua nó athsholáthair ag teacht le carachtar foriomlán na príomhshráide.

Tá sé tábhachtach freisin go ndéantar carachtar tuaithe, oidhreacht agus taitneamhachtaí nádúrtha an tsráidbhaile a chothabháil agus a fheabhsú agus nach gcuirtear as dóibh.

15.3.2  Oideachas

Is í Scoil Náisiúnta Sheosaimh an bhunscoil chomhoideachais áitiúil agus is í Scoil Phobail Gleann na Madadh an mheánscoil chomhoideachais.

15.3.3  Áiseanna Pobail

Tá raon áiseanna pobail á chur ar fáil cheana féin i nGleann na Madadh. Ina measc seo tá scoileanna, séipéal Naomh Pádraig, óstán, ionad sláinte, asraonta miondíola ar nós Supervalu, Bácús, creis, Stáisiún Garda, clinic tréidliachta agus ionad pobail chomh maith le hoifig phoist in éineacht le haonáin tráchtála eile.

Is áis eile í Amharclann Halla an Bhaile i nGleann na Madadh a fhreastalaíonn ní amháin ar dhaoine atá ina gcónaí sa sráidbhaile ach ar dhobharcheantar i bhfad níos leithne. Tá an tsaoráid CLG áitiúil suite taobh thoir den sráidbhaile. Tá Glen Celtic AFC suite siar ón sráidbhaile. Tá páirceáil phoiblí suite soir ó Shéipéal Naomh Pádraig. Tá Ionad Eachaíochta Glenn suite taobh amuigh de limistéar an phlean lonnaíochta, 1KM ó dheas ó lár an tsráidbhaile ar bhóthar Chill Choirín.

15.3.4    Comhshaol agus Oidhreacht

Tá Clós Súgartha Pobail Ghleann na Madadh, Páirc Uí Choileáin, suite ó dheas ón sráidbhaile. Anseo, cuirtear limistéar imeartha ar fáil le trealamh agus páirceanna imeartha gaolmhara.

Tá croícheantar ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Ailtireachta. Is baile tarraingteach, le dea- leagan amach é Gleann na Madadh. Téann forbairt an tsráidbhaile siar go dtí na 1820idí nuair a tógadh séipéal agus bunaíodh margadh. Taispeánann an chéad eagrán de Léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis c1840 tithíocht scaipthe ar líne na mbóithre isteach agus Beairic Póilíní ar Bhóthar na gCreag. Sa bhliain 1853, osclaíodh teach oibre Ghleann na Madadh agus bhí sé suite ar imeall thoir an bhaile. D’fhás agus bhí rath ar an sráidbhaile le teacht na margaí agus na n-aonach, trádáil mhéadaithe agus tógadh tuilleadh foirgneamh lena n-áirítear an stór meáchain margaidh timpeall 1900 chun na meáchain a úsáidtear leis na scálaí tríchosacha a choinneáil ar laethanta margaidh i nGleann na Madadh.

Tiomnaíodh Eaglais Chaitliceach Naomh Pádraig sa bhliain 1904; in ionad an tséipéil níos luaithe a bhí ina sheasamh ar thailte na reilige áitiúla. I 1909 tógadh Halla Baile Naomh Bríd agus tá ról tábhachtach aige i saol cultúrtha agus sóisialta an phobail ó shin.
Baintear úsáid talmhaíochta den chuid is mó as an tírdhreach íseal, droimneach, réidh timpeall Ghleann na Madadh. Tá mósáic de pháirceanna glasa, bogaigh, portaigh ardaithe agus pócaí foraoiseachta buaircíneacha ann os cionn aolchloiche. Tá turlach mór ar imeall thoir an bhaile agus tá sé mar chuid de choimpléasc mór turlaigh agus portaigh ar a dtugtar Portach Loch Loirgín / Turlach Ghleann na Madadh SAC. Tá loch beag ar bharr an phortaigh agus ritheann sruthán ón loch, tríd an bportach agus isteach sa turlach. Tá an ghné neamhghnách seo uathúil don phortach seo.

15.3.5  Lár an tSráidbhaile agus Gnó & Fiontar

Tá Gleann na Madadh ar cheann de na sráidbhailte suntasacha in oirthuaisceart na Gaillimhe le raon maith seirbhísí agus áiseanna. Tháinig croílár an tsráidbhaile chun cinn timpeall ar chrosbhóthar an R 362 agus an R 364 ina bhfuil formhór na n-asraonta tráchtála atá ag freastal ar an sráidbhaile inniu. Leis na ceithre bhóthar a théann ó lár an tsráidbhaile, sainmhínítear an sráid-dreach agus tá siad comhdhéanta go príomha d’fhoirgnimh dhá stór. Tá tríú hurlár tánaisteacha ag líon beag de na foirgnimh. Is iad sclátaí agus tíleanna gorma nó dubha na hábhair dhín is mó atá le feiceáil le bailchríoch phlástair bhrutha ar bhallaí seachtracha na bhfoirgneamh. Tá gairdíní tosaigh ag roinnt maoine ar na príomhshráideanna, ach den chuid is mó tá aghaidheanna na n-aonad cónaithe ar an gcosáin thadhlach.

Faoi láthair tá dhá sholáthraí bácúis suite ar an R 364 ó dheas ó lár an tsráidbhaile. I gcroílár an tsráidbhaile is é an aidhm ná úsáid tháirgiúil a bhaint as na foirgnimh atá folamh agus neamhúsáidte laistigh den limistéar seo. Tá acmhainn theoranta ann do scéimeanna cónaithe beaga nó do dheiseanna féin-thógtha laistigh den chroílár. Mar sin féin, tá deiseanna laistigh den lonnaíocht d’fhorbairt na maoine tearcúsáidte agus na n-áitreabh tréigthe atá ann soir ón sráidbhaile. Tacófar agus éascófar tograí forbartha atá suite i gcroílár an tsráidbhaile nuair is cuí, go háirithe Deiseanna um Chónaí os cionn an tSiopa i gcroílár an tsráidbhaile.

15.4    Seirbhísí agus Bonneagar

15.4.1  Soláthar Uisce 

Freastalaíonn soláthar uisce phoiblí ar an sráidbhaile. Tá acmhainn sa líonra chun freastal ar fhorbairt atá beartaithe.

15.4.2  Fuíolluisce 

Freastalaíonn córas cóireála fuíolluisce cathrach ar an sráidbhaile. Tá acmhainn laistigh den líonra chun freastal ar fhorbairt atá beartaithe.

15.4.3    Iompar agus Gluaiseacht

Cuireann Bus Éireann seirbhís bus phoiblí ar fáil idir Cathair na Gaillimhe agus Gleann na Madadh agus bealach bus 426 idir Cathair na Gaillimhe go Bealach an Doirín i gContae Ros Comáin.

15.5    Tuilte

Maidir le tailte laistigh den sráidbhaile atá i mbaol tuilte, éileoidh an Chomhairle ar aon fhorbairtí atá beartaithe cloí leis an gCóras Pleanála agus na Treoirlínte um Bainistíocht Riosca Tuilte d’Údaráis Phleanála (RCORÁ, 2009 agus Imlitir PL2 / 2014 agus aon leasú orthu . Féadfaidh an Chomhairle, ag féachaint do chineál agus scóip na forbartha, a cheangal go ndéanfar Measúnacht Riosca Tuile a chur isteach, de réir mar is iomchuí, chun oiriúnacht tograí forbartha a mheas. Tá léarscáil tuile aitheanta do Ghleann na Madadh agus tá sé de réir na dtreoirlínte agus na himlitreach dá dtagraítear thuas.

Cuspóirí Beartais Chriosaithe um Úsáid Talún do Ghleann na Madadh (Gleann na Madadh Sráidbhaile Beagfháis)

GSGV 1    Lár an tSráidbhaile Inbhuanaithe

Forbairt shráidbhaile Ghleann na Madadh a chur chun cinn, mar thimpeallacht dhian, ardchaighdeáin, le dea-thírdhreachtú, de réir scála daonna agus inrochtana, le meascán iomchuí úsáidí, lena n-áirítear úsáidí cónaithe, tráchtála, seirbhíse, turasóireachta, fiontair, poiblí agus pobail de réir mar is cuí, a chuireann raon seirbhísí miondíola, áiseanna agus taitneamhachtaí ar fáil don phobal áitiúil agus do chuairteoirí ar na sráidbhailte. Leanfaidh lár an tsráidbhaile agus an phríomhshráid ghaolmhar de bheith ina phríomhfhócas do ghníomhaíochtaí miondíola agus seirbhíse laistigh de na ceantair phlean seo.

GSGV 2    Pobail Chónaithe Inbhuanaithe

Forbairt tailte iomchuí agus seirbhísithe a chur chun cinn chun soláthar a dhéanamh do phobail chónaithe inbhuanaithe ar ardchaighdeán, a bhfuil dea-leagan amach agus dea-thírdhreachtú air, le meascán iomchuí de chineálacha agus dlúis tithíochta, mar aon le húsáidí talún comhlántacha ar nós áiseanna pobail, seirbhísí áitiúla agus saoráidí iompair phoiblí, chun freastal ar dhaonra cónaithe shráidbhaile Ghleann na Madadh. Taitneamhachtaí cónaithe reatha a chosaint agus forbairt nua inlíonta atá comhoiriúnach agus deartha go cuí a éascú, de réir pleanála cirte agus forbartha inbhuanaithe de limistéar an phlean.

GSGV 3       Áiseanna Pobail

Forbairt áiseanna pobail a chur chun cinn ar thailte/láithreáin oiriúnacha, i nGleann na Madadh le hardleibhéal rochtana ar an bpobal áitiúil, lena n-áirítear úsáidí oideachais, pobail, cathartha, poiblí, institiúideacha, áineasa, cultúrtha agus comhlántacha eile, de réir mar is cuí.

GSGV 4        GSGV 1 Lár an tSráidbhaile

Forbairt áiseanna agus seirbhísí áitiúla a spreagadh agus tacú leo chun freastal ar riachtanais an phobail áitiúil.

GSGV 5        Fiontair ar Scála Beag

Soláthar forbartha tráchtála agus fostaíochta sa sráidbhaile a spreagadh agus go háirithe an soláthar de dheiseanna d’fhiontair nua-thionscanta ar scála beag.

GSGV 6                 Oibreacha Feabhsúcháin ar an Sráid-Dreach 

Féachaint d’ullmhúchán plean phoiblí a éascú a chuirfidh bonn eolais d’oibreacha feabhsúcháin ar an sráid-dreach faoi réir acmhainní a bheith ar fáil.

GSGV 7                 Bonneagar Poiblí a Leathnú

Tacú le leathnú an bhonneagair phoiblí laistigh den sráidbhaile de réir mar a bheidh gá leis.

GSGV 8                 Láithreán Deise

Athfhorbairt chuí an láithreán deise a shainaithnítear thíos a chur chun cinn agus a spreagadh a chuirfidh le beogacht agus carachtar Ghleann na Madadh.

OPT-GL 1 Láithreán athfhorbraíochta atá cuid de folamh, Gleann na Madadh

Cur síos Achomair: Láithreán feiceálach suite ag an gcrosbhóthar i sráidbhaile Ghleann na Madadh.
Achar: Tá achar an láithreáin timpeall 0.21 HA.
Criosú: Tá an láithreán criosaithe mar Lár an tSráidbhaile
Úsáid Talún Reatha: Tá cuid de folamh.
Deis: Tá an láithreán suite ag an gcrosbhóthar i nGleann na Madadh. Láithreán cúinne é lena aghaidh ar an R364 soir agus ar an R362 ó thuaidh. Mar sin de, is deis dáiríre í anseo a d’fhéadfadh cur go mór le lár an tsráidbhaile. D’fhéadfadh an láithreán soláthar a dhéanamh do mheascán úsáidí atá in ann freastal ar lár an tsráidbhaile / forbairt chónaithe.

 

Gleann na Madadh Léarscáil um Chriosú Úsáide Talún
Gleann na Madadh Léarscáil um Chriosú Úsáide Talún
Gleann na Madadh Bainistíocht Riosca i gCás Tuile

Gleann na Madadh Bainistíocht Riosca i gCás Tuile

Clár ábhair

Baile