11.1 An Cheathrú Rua Sráidbhaile Beagfháis

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

11.2     Comhthéacs Sráidbhaile 

Tá sráidbhaile na Ceathrún Rua suite timpeall 45km siar ó chathair na Gaillimhe i lár leithinse ina bhfuil Toghcheantar an Chrompáin. Soir ón leithinis tá Cuan Chasla agus níos faide soir tá Ros an Mhíl agus Cois Fharraige, agus siar ón leithinis tá Cuan an Fhir Mhóir agus ansin Leitir Móir agus Garmna, an ceantar ar a dtugtar Ceantar na nOileán. Is é an R343 an bóthar a fhreastalaíonn ar an sráidbhaile a théann amach ón bpríomhbhealach réigiúnach an R336 ag an acomhal i gCasla. 

11.3     Pobail Inbhuanaithe 

11.3.1  Tithíocht 

Tá an tithíocht laistigh de shráidbhaile na Ceathrún Rua comhdhéanta de thithíocht scaipthe ísealdlúis. Tá an chuid is mó den fhorbairt tithíochta i dtéarmaí a dlúis, a treoshuímh agus a dearaidh cosúil leis na haonaid chónaithe lasmuigh de lár an tsráidbhaile atá ann cheana féin. 

Ar an bPríomhshráid agus ar na tailte ar chúl na príomhshráide, cuirtear deiseanna ar fáil d’fhoirgnimh le dearadh comhaimseartha agus úsáid mheasctha lena léirítear atmaisféar sráidbhaile i gceantar Gaeltachta, agus ag an am céanna rochtain a sholáthar ar chúl-thailte infhorbartha chun críocha cónaithe. 

Bheadh sé inmhianaithe go ndéanfaí athnuachan leanúnach ar mhaoin laistigh de Chroí an tSráidbhaile chomh maith le dearadh ardchaighdeáin d’fhorbairt tithíochta inlíonta. Tá sé tábhachtach freisin go ndéantar carachtar tuaithe, oidhreacht agus taitneamhachtaí nádúrtha an tsráidbhaile a chothabháil agus a fheabhsú agus nach gcuirtear as dóibh. 

11.3.2  Oideachas 

Tá bunscoil chomhoideachais Scoil Náisiúnta Mhic Dara agus meánscoil chomhoideachais  Scoil Chuimsitheach Chiaráin i sráidbhaile na Ceathrún Rua. Tá dhá Choláiste Samhraidh sa sráidbhaile – Coláiste Chiaráin agus Coláiste Cholumba a fhreastalaíonn ar 2000 dalta gach bliain. Riarann OÉ Gaillimh cúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge i gcomhthéacs oideachais fhor-rochtana san Acadamh ar a dtugtar Áras Mháirtín Uí Chadhain a bhfuil sé mar aidhm aige an teanga a neartú agus a mhéadú i measc mhuintir na Gaeltachta agus na n-institiúidí poiblí a fhreastalaíonn ar an nGaeltacht. 

11.3.3  Áiseanna Pobail

Is sráidbhaile tuaithe den chuid is mó é sráidbhaile na Ceathrún Rua, ach mar sin féin, cuirtear ar fáil raon áiseanna lena n-áirítear scoileanna, aonaid mhiondíola tráchtála, tithe tábhairne agus oifig an phoist. 

Is cuid riachtanach de chreatlach agus de charachtar an tsráidbhaile iad na cuanta ag an Sean-Chéibh agus Caladh Thadhg. Tá tailte CLG na Ceathrún Rua suite cóngarach don bhóthar L-52160. Tá Páirc Spraoi (clós súgartha) ar fáil sa sráidbhaile a osclaíodh in 2010. 

Tá méadú tagtha ar an daonra sa sráidbhaile agus sa chúlchríoch máguaird le blianta beaga anuas agus leis seo, cuirtear éilimh bhreise ar bhonneagar agus ar shaoráidí pobail an tsráidbhaile. Tá sé tábhachtach go spreagtar áiseanna nua gnó a chur ar bun i gcroílár an tsráidbhaile agus nuair is féidir, go bhfeabhsaítear na saoráidí pobail atá ann cheana. 

11.3.4  Comhshaol agus Oidhreacht 

Sa sráidbhaile tá roinnt limistéar spáis oscailte suite ó thuaidh agus ó dheas ón R343 agus tá siad seo suite go straitéiseach ionas go bhféadtar gach duine rochtain a fháil orthu. 

Tá croícheantar an tsráidbhaile ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Ailtireachta. Is gné thábhachtach den sráid-dreach í an tseanscoil náisiúnta, is foirgneamh suntasach é, dar dáta 1893, lena beanna atá fairsingithe go breá agus péireáil dhúbailte agus thriarach ar oscailtí fuinneoige. Tá scoil eile ar tógadh níos déanaí as eibhear áitiúil, tipiciúil de dhearadh lár an fichiú haois agus is é an Stát ar thóg í sa bhliain 1956. Tá an séipéal Caitliceach ann ó na 1920idí i leith, tá sé suite ar thalamh ard, agus dá bharr tugtar láithreacht iomráiteach di agus fócas ceannasach don phobal máguaird. Is foirgneamh suntasach é mar gheall ar a chruth fada caol agus a línte glana. 

11.3.5  Lár an tSráidbhaile, Gnó agus Fiontar 

D'fhorbair an sráidbhaile ar bhealach líneach den chuid is mó feadh an R343. Tá gráin thógtha an tsráidbhaile comhdhéanta de shraith ilroinnte foirgneamh feadh na príomhshráide ó eaglais an pharóiste siar ó dheas go dtí an casadh go Caladh Thadhg agus feadh ceithre mhionbhóthar a théann amach ón bpríomhshráid. Tá geilleagar an tsráidbhaile tipiciúil den mheascán a chothaíonn go leor sráidbhailte dá mhéad a fheidhmíonn mar ionaid seirbhíse do chúlchríoch fhairsing tuaithe. 

Sa sráidbhaile tá raon foirgneamh cathartha ina bhfuil séipéal, bunscoileanna agus meánscoileanna, halla pobail agus teach altranais/coimpléasc sláinte, agus raon foirgneamh tráchtála lena n-áirítear óstáin, oifig an phoist, siopaí, oifigí, stáisiún dóiteáin agus áiseanna bialainne. Tá roinnt seirbhísí ann freisin nach mbeadh le fáil de ghnáth i sráidbhailte dá mhéad i.e. Eastát Tionscail, Coláistí Samhraidh agus Áiseanna Oideachais Tríú Leibhéil. Léiríonn na húsáidí seo go léir an tábhacht a bhaineann leis an gCeathrú Rua i bhfoirm saoráidí agus seirbhísí. 

11.3.6  Turasóireacht 

Tá sé mar aidhm ag an bplean acmhainn chultúrtha, oidhreachta agus turasóireachta an cheantair a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe. Tá tionscal na turasóireachta ar cheann de na gineadóirí ioncaim is suntasaí in Iarthar na hÉireann, agus go háirithe i gConamara. Is sócmhainn turasóireachta thábhacht sa Cheathrú Rua í Trá an Dóilín ar thrá brait ghoirm í. Is sócmhainn luachmhar sóisialta agus eacnamaíoch an meascán de cháilíocht tírdhreacha, cósta an Atlantaigh, tír-raon sléibhe gan mhilleadh, agus cultúr uathúil briathartha agus ceoil dhúchasaigh. I measc roinnt tionscnamh turasóireachta áitiúla tá tumadóireacht scúba agus Féile an Dóilín. 

Aithnítear go bhfuil cuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh úsáid laethúil na Gaeilge de i gcontúirt anois mar gheall ar mheath eacnamaíoch agus sóisialta, rud a léiríodh sa Daonáireamh agus i dtuarascálacha sóisialta agus eacnamaíocha. Tacaíonn an plean seo le leibhéal leordhóthanach seirbhísí a fhorbairt chun inmharthanacht eacnamaíoch agus shóisialta de phobal na Gaeltachta sa Cheathrú Rua a chinntiú agus na bagairtí ar cheantair gheografacha níos forimeallaí a shainaithint. 

11.4     Seirbhísí & Bonneagar 

11.4.1  Soláthar Uisce 

Tá soláthar uisce phoiblí ar fáil. Tá soláthar uisce phoiblí ar fáil do na tailte go léir a shainaithnítear d’acmhainneacht forbartha.  Tá acmhainn dhearbhaithe ag an líonra. 

11.4.2  Diúscairt Fuíolluisce 

Freastalaíonn córas cóireála fuíolluisce cathrach ar an sráidbhaile agus rinneadh oibreacha uasghrádaithe agus tá acmhainn laistigh den líonra chun freastal ar an bhforbairt atá beartaithe.

11.4.3  Iompar agus Gluaiseacht 

Tá seirbhís rialta bus ann idir Cathair na Gaillimhe agus An Cheathrú Rua a théann siar go Leitir Mealláin agus/nó go Carna. Tá an nascacht i lár an tsráidbhaile go maith, agus tá i ndóthain cosán ann. 

11.5     Tuile 

Maidir le tailte laistigh den sráidbhaile atá i mbaol tuilte, éileoidh an Chomhairle ar aon fhorbairtí atá beartaithe cloí leis an gCóras Pleanála agus na Treoirlínte um Bainistíocht Riosca Tuilte d’Údaráis Phleanála (RCORÁ, 2009) agus Imlitir PL2 / 2014 agus le haon leasú orthu a dhéanfar orthu. Féadfaidh an Chomhairle, ag féachaint do chineál agus scóip na forbartha, a cheangal go ndéanfar Measúnacht Riosca Tuile a chur isteach, de réir mar is iomchuí, chun oiriúnacht tograí forbartha a mheas. Tá léarscáil tuile aitheanta don Cheathrú Rua agus tá sé de réir na dtreoirlínte agus na himlitreach dá dtagraítear thuas. 

Cuspóirí Beartais Chriosaithe um Úsáid Talún don Cheathrú Rua (An Cheathrú Rua Sráidbhaile Beagfháis -CSGV)

CSGV 1    Lár an tSráidbhaile Inbhuanaithe

Forbairt shráidbhaile na Ceathrún Rua a chur chun cinn, mar thimpeallacht dhian, ardchaighdeáin, le dea-thírdhreachtú, de réir scála daonna agus inrochtana, le meascán iomchuí úsáidí, lena n- áirítear úsáidí cónaithe, tráchtála, seirbhíse, turasóireachta, fiontar, poiblí agus pobail de réir mar is cuí, a chuireann raon seirbhísí miondíola, áiseanna agus taitneamhachtaí ar fáil don phobal áitiúil agus do chuairteoirí ar na sráidbhailte. Leanfaidh lár an tsráidbhaile agus an phríomhshráid ghaolmhar de bheith ina phríomhfhócas do ghníomhaíochtaí miondíola agus seirbhíse laistigh de na ceantair phlean seo.

CSGV 2    Pobail Chónaithe Inbhuanaithe

Forbairt tailte iomchuí agus seirbhísithe a chur chun cinn chun soláthar a dhéanamh do phobail chónaithe inbhuanaithe ar ardchaighdeán, a bhfuil dea-leagan amach agus dea-thírdhreachtú air, le meascán iomchuí de chineálacha agus dlúis tithíochta, mar aon le húsáidí talún comhlántacha ar nós áiseanna pobail, seirbhísí áitiúla agus saoráidí iompair phoiblí, chun freastal ar dhaonra cónaithe phlean lonnaíochta na Ceathrún Rua. Taitneamhachtaí cónaithe reatha a chosaint agus forbairt nua inlíonta atá comhoiriúnach agus deartha go cuí a éascú, de réir pleanála cirte agus forbartha inbhuanaithe de limistéar an phlean.

CSGV 3    Clásal Feidhme Teanga

Cuirfear Clásal Feidhme Teanga i bhfeidhm ar chuid d’aonaid chónaithe i bhforbairt de dhá aonad nó níos mó sa Cheathrú Rua. Is ionann a bheidh cion na dtithe a mbeidh feidhm ag an gclásal feidhme teanga leo agus 80% ar a laghad nó gcomhréir leis na daoine a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn laethúil, de réir na dtuairisceán Daonáirimh is déanaí a foilsíodh, cibé acu is mó.

CSGV 4    Áiseanna Pobail

Forbairt áiseanna pobail a chur chun cinn ar thailte / láithreáin oiriúnacha, sa Cheathrú Rua le hardleibhéal rochtana ar an bpobal áitiúil, lena n-áirítear úsáidí oideachais, pobail, cathartha, poiblí, institiúideacha, áineasa, cultúrtha agus comhlántacha eile, de réir mar is cuí.

CSGV 5    Forbairt agus Seirbhísí Áitiúla

Forbairt áiseanna agus seirbhísí áitiúla a spreagadh agus tacú leo chun freastal ar riachtanais an phobail áitiúil.

CSGV 6    Turasóireacht

An Cheathrú Rua a chur chun cinn mar phríomh-cheann scríbe turasóireachta ann féin agus mar mhol turasóireachta don Ghaeltacht, ag cur eispéiris ardchaighdeáin, shaibhir agus éagsúil ar fáil do gach cuairteoir.

CSGV 7    Fiontar ar Scála Beag

Soláthar forbartha tráchtála agus fostaíochta sa sráidbhaile a spreagadh agus go háirithe an soláthar de dheiseanna d’fhiontair nua-thionscanta ar scála beag.

CSGV 8    Oibreacha Feabhsúcháin ar an Sráid-Dreach

Féachaint d’ullmhúchán plean phoiblí a éascú a chuirfidh bonn eolais faoi oibreacha feabhsúcháin ar an sráid-dreach faoi réir acmhainní a bheith ar fáil.

CSGV 9    Bonneagar Poiblí a Leathnú

Tacú le leathnú an bhonneagair phoiblí laistigh den sráidbhaile de réir mar is gá.

CSGV 10    Comharthaíocht

An Ghaeilge a chur chun cinn de réir Scéim Teanga an Údaráis Áitiúil. Is i nGaeilge amháin a bheidh aon chomharthaíocht sheachtrach a chuirfear suas ar fhoirgnimh agus ar thailte sa Cheathrú Rua.

CSGV 11    Pointí Rochtana Táscacha le haghaidh Forbartha.

Pointí rochtana ar thailte infhorbartha / ceantair chúlchríche a chur in áirithe mar a léirítear ar an léarscáil Chriosaithe Úsáid Talún don Cheathrú Rua.

CSGV 12    Láithreáin Deise (OPT)

Athfhorbairt chuí na láithreáin deise a shainaithnítear thíos a chur chun cinn agus a spreagadh a chuirfidh le beogacht agus carachtar na Ceathrún Rua.

Láithreán OPT-CH 1 An Cheathrú Rua

Cur síos Achomair: Láithreán suite i lár an tsráidbhaile agus ina bhfuil teachín tréigthe ann.
Achar: Tá achar an láithreáin timpeall 0.10 heicteár.
Criosú: Tá an láithreán criosaithe mar Lár an tSráidbhaile.
Úsáid Talún Reatha: Cónaithe Ísealdlúis Reatha.
Deis: Soláthar a dhéanamh do mheascán úsáidí atá in ann freastal ar lár an tsráidbhaile / forbairt chónaithe. Cuimseofar sa thogra forbartha foriomlán don láithreán mionteagasc dearaidh agus plean tírdhreachtaithe ina gcuirfear san áireamh suíomh feiceálach an láithreáin ábhair sa sráidbhaile.

Láithreán OPT-CH2 An Cheathrú Rua

Cur síos Achomair: Is láithreán úrnua folamh é atá suite ó thuaidh ó chriosú lár an tsráidbhaile.
Achar: Is ionann achar an láithreán deise Uimh.2 agus 1.09 ha. Is ionann achar an láithreán deise Uimh.3 agus 2.49ha.
Criosú: Tá na láithreáin criosaithe mar Lár an tSráidbhaile.
Úsáid Talún Reatha: Láithreáin úrnua folmha.
Deis: Soláthar a dhéanamh do mheascán úsáidí atá in ann freastal ar lár an tsráidbhaile / forbairt chónaithe. Is príomhláithreáin iad seo laistigh den Cheathrú Rua agus ba cheart go léireofaí dearadh foirgneamh nuálach ar ardchaighdeán agus leagan amach cuí in aon togra forbartha agus aird á tabhairt ar shuíomh an togra ábhair don láithreán. Áireofar mionteagasc dearaidh agus plean tírdhreachtaithe ag cur san áireamh suímh fheiceálaigh an láithreáin ábhair sa sráidbhaile

 

 

An Cheathrú Rua Léarscáil um Chriosú Úsáid Talún

An Cheathrú Rua Léarscáil um Chriosú Úsáid Talún

An Cheathrú Rua Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte

An Cheathrú Rua Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte

 

 

 

Clár ábhair

Baile