Caibidil 8 Turasóireacht agus Tírdhreach

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

 PDF

 

Forbairt na hearnála turasóireachta a spreagadh mar thiománaí geilleagrach don Chontae agus ag an am céanna a chinntiú go bhfuil na tírdhreacha - ceann de na sócmhainní is tábhachtaí sa chontae - á gcosaint”.

8.1          Réamhrá

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe airdeallach ar an bpoitéinseal a bhaineann le turasóireacht mar phríomhthiománaí d’fhás socheacnamaíoch inbhuanaithe i suíomhanna uirbeacha, tuaithe, oileáin agus cósta an Chontae. Baineann tábhacht ar leith le forbairt inbhuanaithe an tionscail turasóireachta sa chontae. Is í Gaillimh ceann de na contaetha is rathúla sa tír i dtéarmaí líon na gcuairteoirí baile agus eachtracha agus i dtéarmaí an bhuntáiste gheilleagraigh a bhaineann leis an ngníomhaíocht turasóireachta seo. Tá sé mar aidhm ag an gComhairle turasóireacht inbhuanaithe a chomhtháthú mar ghníomhaíocht gheilleagrach lárnach, trí infheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúr, nithe is díol spéise do thurasóirí, gníomhaíochtaí teaghlaigh amuigh faoin aer; féilte agus imeachtaí ar fud an chontae agus tacú le forbairt infreastruchtúir atá oiriúnach do chuairteoirí cosúil le háiseanna; cóiríocht; áineas agus conairí amuigh faoin aer; agus an ríocht phoiblí a fheabhsú agus cur le mealltacht suíomhanna uirbeacha agus tuaithe.

Baineann tábhacht ar leith le cosaint na dtírdhreach i gcomhthéacs na Comhairle de bhrí gurb ionann é agus ceann de na príomh-shaintréithe atá le fáil sa chontae.  Tá cineálacha éagsúla tírdhreach le fáil sa chontae idir na sliabhraonta grianchloichíte agus bratphortaigh Chonamara agus an talamh torthúil feirme in oirthear na Gaillimhe agus na pábhálacha nochta carstacha in Oileáin Árann agus i nDeisceart na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm ag an gComhairle tacú le forbairt inbhuanaithe ag suíomhanna oiriúnacha ar fud an chontae agus ag an am céanna tírdhreacha a chosaint ó fhorbairtí míchuí.

8.2          Aidhmeanna Straitéiseacha 

Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe leis na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí stáit ábhartha lena chinntiú go bhfuil an tionscal turasóireachta á chosaint agus go bhfuiltear ag tacú leis agus go bhfuil ár dtírdhreacha á gcosaint go cuí agus tabharfar aird ar na haidhmeanna straitéiseacha seo a leanas: 

  • Cosnófar agus forbrófar earnáil shuntasach turasóireachta Chontae na Gaillimhe;
  • Bainfear an méid tairbhe agus is féidir as turasóireacht inbhuanaithe agus, ar an tslí sin, cuirfear le forbairt gheilleagrach chothromaithe an Chontae;
  • Oibreofar i gcomhpháirt le Fáilte Ireland, agus le gníomhaireachtaí eile chun turasóireacht a fhorbairt i gcontae na Gaillimhe;
  • Tacófar le hullmhú agus le cur chun feidhme Straitéis Turasóireachta do Chontae na Gaillimhe;
  • Forbrófar agus feabhsófar táirgí turasóireachta, nithe is díol spéise agus infreastruchtúr turasóireachta nua agus atá ann cheana féin;
  • Bainfear an oiread tairbhe agus is féidir as nithe is díol spéise do thurasóirí i gContae na Gaillimhe lena n-áirítear Bailte Cinn Scríbe, oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha, tírdhreacha ardscéimhe agus taitneamhachtaí nádúrtha;
  • Cuirfear obair i gcrích chun eispéireas cuairteoirí a fheabhsú agus chun tacú le Pleananna Forbartha Eispéireas Cuairteoirí ar fud an chontae lena chinntiú go mbaineann gach cuairteoir taitneamh as an eispéireas uathúil atá ar fáil i gContae na Gaillimhe;
  • Lántairbhe a bhaint as nóid shainaitheanta an Chontae feadh Bhealach an Atlantaigh Fhiáin agus Croíthailte Ceilte na hÉireann;
  • Na catagóirí tírdhreacha laistigh den Chontae a chosaint agus tionchair dhiúltacha ar an timpeallacht nádúrtha a sheachaint.

8.3         Comhthéacs Straitéiseach 

Ullmhaíodh an chaibidil seo i gcomhthéacs na bPleananna, Beartas agus Treoirlínte Náisiúnta agus Réigiúnacha seo a leanas:  

Creat Náisiúnta Pleanála – Éire 2040  

Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027  

An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair 2020-2032  

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019 

Plean Náisiúnta um Maolú 2017  

Forbairt agus Nuálaíocht Turasóireachta – Straitéis Infheistíochta 2016 – 2022 (Fáilte Ireland, 2016)

Daoine, Áit agus Beartas – Forbairt na Turasóireachta go dtí 2025

Plean Athshlánaithe Turasóireachta 2020 - 2023 Ullmhaithe ag an Tascfhórsa um Athshlánú na Turasóireachta Deireadh Fómhair 2020

Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta d’Fhorbairt Tuaithe

Food Wise 2025: Fís 10 mBliana do Thionscal Agraibhia na hÉireann (2015)

Plean Áitiúil Geilleagrach agus Pobail 2016-2022 (Comhairle Chontae na Gaillimhe)

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 – 2020

8.3.1      National Planning Framework

Aithnítear sa Chreat Náisiúnta Pleanála (NPF) an tábhacht a bhaineann le tírdhreach agus le turasóireacht. Tá béim leagtha ar thábhacht ár dtírdhreach in NPO 14 a dtarraingítear aird ann ar thábhacht thírdhreacha tuaithe na hÉireann mar ’áiteanna barántúla agus mealltacha le bheith ag cónaí iontu, ag maireachtáil iontu agus ag tabhairt cuairte orthu’. Tacaítear leis an tábhacht a bhaineann le forbairt turasóireachta a éascú go háirithe glasbhealaí, gormbhealaí agus bealaí portaigh in NPO22. Tá aird tarraingthe ar an tábhacht a bhaineann le tírdhreacha nádúrtha a chosaint ó thaobh na turasóireachta tuaithe de in NPO 23. Chomh maith leis sin, tá béim leagtha in NPF ar an tábhacht a bhaineann le comhordú agus cur chun cinn tionscnamh turasóireachta uile-oileáin trí chomhoibriú leanúnach idir na gníomhaireachtaí turasóireachta ábhartha agus Turasóireacht Éireann in NPO 49.

8.3.2     Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach

Sainaithnítear sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach (RSES) an tábhacht a bhaineann le turasóireacht áineasa go háirithe laistigh dár gceantair thuaithe agus chósta, agus conairí. Tá béim leagtha ar fheabhsú agus ar fhorbairt na hearnála fóillíochta uiscebhunaithe, glasbhealaí, gormbhealaí, bealaí marcaíochta. Tacaíonn an Straitéis le soláthar Rotharbhealach Náisiúnta idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh, Glasbhealach an Chósta - Órán Mór go Bearna, agus Glasbhealach Gaillimh go dtí An Clochán; Tá aird tarraingthe sa Straitéis seo freisin ar Ghormbhealach seanbhunaithe Loch Deirgeirt a áirítear ann Port Omna.  Tá tagairt déanta chomh maith in RSES don tábhacht a bhaineann le brandaí turasóireachta atá bunaithe cheana féin cosúil le Bealach an Atlantaigh Fhiáin agus Croíthailte Ceilte na hÉireann mar aon leis an ngá atá le háiseanna a uasghrádú agus a fheabhsú le freastal ar an méadú ar líon na gcuairteoirí a bhíonn ag taisteal i gcarranna, busanna agus ar rothar. Tá aird tarraingthe freisin ar an tábhacht a bhaineann le hullmhú agus le cur i bhfeidhm Phleananna Forbartha Eispéireas Cuairteoirí (VEDPanna). Sainaithnítear sa straitéis seo freisin an gá atá le tacú le háiseanna cultúrtha a sholáthar agus/nó a uasghrádú, an tábhacht a bhaineann le turasóireacht i saol phobal na gceantar Gaeltachta agus na nOileán.

8.4         Athrú Aeráide 

Tá sé mar aidhm leis an bplean seo tacú leis an tionscal turasóireachta sa chontae agus é a chur chun cinn agus ag an am céanna tírdhreacha na gcontaetha a chosaint thar shaolré an phlean seo agus a chinntiú gur féidir tograí forbartha a éascú ar bhealach a chinntíonn go bhfuil an contae ag aistriú chuig sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

Beidh ról lárnach ag forbairt inbhuanaithe na hearnála turasóireachta i ndéileáil leis na dúshláin atá le sárú ag an athrú aeráide sa chontae i dtéarmaí astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú agus tacú le bearta athraithe aeráide i bhforbairtí. In go leor cásanna, tá an earnáil turasóireachta sa chontae leochaileach don athrú aeráide chomh fada is a bhaineann le teagmhais drochaimsire lena n-áirítear tuilte, méadú ar leibhéal na farraige, ganntanas uisce agus caillteanas agus damáiste do shócmhainní nádúrtha agus do chinn scríbe nithe is díol spéise. Spreagfaidh forbairt infreastruchtúr turasóireachta cosúil le glasbhealaí úsáid a bhaint as modhanna iompair níos inbhuanaithe cosúil le siúl agus rothaíocht a chabhróidh le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú.

De réir mar a fhorbróidh an earnáil turasóireachta, béim sé riachtanach níos mó béime a leagan ar dhéileáil leis an athrú aeráide go háirithe i réimsí cosúil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú san earnáil seo atá ag fás, go háirithe astaíochtaí ó iompar.

Déileálfar i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn In-athnuaite, ar bhealach níos mionsonraithe leis an Athrú Aeráide agus leis an idirghaolmhaireacht idir cuspóirí beartais na caibidle seo agus an t-aistriú chuig sochaí sheasmhach.  

8.5          Turasóireacht i gContae na Gaillimhe

Tá an earnáil turasóireachta fíorthábhachtach i gcomhthéacs fhorbairt gheilleagrach an chontae. Is féidir suntas na turasóireachta sa chontae a mhíniú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear áilleacht nádúrtha an cheantair agus na sócmhainní cultúrtha a áirítear ina measc an Ghaeltacht is mó in Éirinn. Síneann an contae ó réigiúin chósta an Atlantaigh san iarthar agus tírdhreach drámata shléibhte Chonamara chomh fada leis na calaí atá le fáil ag imeall na Sionainne san oirthear. Ag croílár an Chontae tá an loch intíre is mó i bPoblacht na hÉireann, Loch Coirib, agus ag an oirdheisceart tá Loch Deirgirt. Tacaíonn turasóireacht le cruthú fostaíochta; forbairt fiontair áitiúil; méadú ioncaim sa Chontae mar aon le hinbhuanaitheacht bailte agus sráidbhailte, agus cuireann sé le caomhantas na hoidhreachta tógtha agus nádúrtha. 

Cuimsítear sa chontae cuid de na príomhchinn scríbe turasóireachta sa tír agus i láthair na huaire is í Gaillimh an Contae in Éirinn a dtugann an líon is mó cuairteoirí cuairt uirthi; bhí Gaillimh rangaithe go hard i measc na gcontaetha is mó cuairt riamh anall. Mheall Cathair agus Contae na Gaillimhe 1 mhilliún cuairteoir intíre in 2018 agus gineadh €175 milliún, agus thug 1.729 milliún cuairteoir idirnáisiúnta cuairt ar an gcontae agus thug siad sin €626 milliún isteach sa cheantar. 

Tacóidh an Chomhairle le comhordú comhpháirtithe tionscail ar fud an Chontae, lena n-áirítear gníomhaireachtaí cosúil le Fáilte Ireland, Oifig na nOibreacha Poiblí, Uiscebhealaí Éireann, Coillte agus Údarás na Gaeltachta; mar aon leis an tionscal a thacaíonn le forbairt na turasóireachta.  Leanfaidh an Chomhairle le tionscadail forbartha táirgí sonracha a stiúradh agus ag tacú le forbairt seirbhísí faisnéise do chuairteoirí mar aon le páirt a ghlacadh i margaíocht agus i gcaidreamh poiblí lena chinntiú go bhfuil an Contae in ann tairbhe a bhaint as geilleagar iomaíoch baile agus idirnáisiúnta cuairteoirí. Baineann fíorthábhacht le fás agus forbairt leantach na turasóireachta agus leagadh béim ar an bpointe go bhfuil baint ag 12-14% de ghnóthaí i nGaillimh le turasóireacht agus go gcruthaíonn an earnáil 21,000 post i nGaillimh (Cathair agus Contae IHF 2020), agus go bhfuil 27.6% den fhostaíocht iomlán in An Clochán á cruthú ag an earnáil fáilteachais, (WDC Insights Márta 2019) .

Cuspóirí Beartais Turasóireachta

TOU 1    An Earnáil Turasóireachta    

Comhoibriú leis na páirtithe leasmhara ar fad i dtionscnaimh a threiseoidh an earnáil turasóireachta sa chontae. 


TOU 2    Príomhcholúin Gheilleagracha  
 

Tacú le turasóireacht mar cholún geilleagrach de gheilleagar an Chontae agus tacú le soláthar nithe is díol spéise oiriúnacha do chuairteoirí agus spásanna poiblí a fheabhsú chun lár bailte mealltacha agus bríomhara a chur chun cinn mar phríomhionaid turasóireachta. 
 

8.6        Straitéis Turasóireachta Chontae na Gaillimhe

Tá ceanglas sainaitheanta ag an gComhairle go n-ullmhófaí Straitéis Turasóireachta Chontae na Gaillimhe (GCTS) chun tacú leis an earnáil turasóireachta atá ann faoi láthair agus ag an am céanna a chinntiú go bhfuil lántairbhe á baint ag an gcontae as a phoitéinseal turasóireachta.  Tacóidh an plean le hullmhú agus le cur chun feidhme na Straitéise seo.

Is é príomhchuspóir na Straitéise Turasóireachta croí Chontae na Gaillimhe a ghabháil agus a léiriú; tosaíochtaí straitéiseacha a fhorbairt chun eispéiris shuimiúla agus inbhuanaithe a chur ar fáil do chuairteoirí. Beidh an straitéis turasóireachta dírithe ar an gcontae ar fad agus ar gach suíomh agus tacófar le cruthú deiseanna i raon éagsúil eispéireas do thurasóirí.

Sonrófar treochlár sa ghné margaíochta den Straitéis Turasóireachta chun branda cinn scríbe amháin a fhorbairt; agus é mar aidhm tacar sócmhainní a fhorbairt a úsáidfear in ábhar poiblíochta agus chun eolas a roinnt le cuairteoirí. Tacóidh sé sin leis an ngeilleagar agus éascóidh sé athbheochan pobal intíre, cósta, oileáin agus tuaithe.

Cuspóir Beartais Straitéis Turasóireachta Chontae na Gaillimhe

GCTS 1    Straitéis Turasóireachta Chontae na Gaillimhe

Tacú le hullmhú agus le cur chun feidhme Straitéis Turasóireachta Chontae na Gaillimhe.

8.7          Ceantair Plean Forbartha Eispéireas Cuairteoirí

Tacóidh an Chomhairle le hullmhú Pleananna Forbartha Eispéireas Cuairteoirí (VEDP) agus máistirphleananna turasóireachta eile laistigh den chontae agus sna ceantair sin a thrasnaíonn ón gcontae isteach i gcontaetha in aice láimhe. Tá ceithre mháistirphlean VEDP/turasóireachta sa chontae faoi láthair - VEDP Chósta Chonamara agus Oileáin Árann (2017), VEDP Bhoirne & Aillte an Mhothair (2020), Máistirphlean Turasóireachta d’Uiscebhealaí na Sionainne 2020-2030 (2020) agus VEDP Loch Deirgeirt 2020-2024.

  • Plean Forbartha Eispéireas Cuairteora Chósta Chonamara agus Oileáin Árann (2017);

Ba é Fáilte Ireland a threoraigh an VEDP seo agus scrúdaítear ann eispéireas cuairteoirí i gConamara trí laochtháirgí a fhógairt, tacú le táirgí agus tosaíochtaí forbartha eispéiris. Tá Gréasán Turasóireachta Chonamara agus Oileáin Árann freagrach as VEDP Chonamara a chur i bhfeidhm.

  • Plean Forbartha Eispéireas Cuairteora Bhoirne & Aillte an Mhothair (2020);

Ba é Fáilte Ireland a thionscain an VEDP seo agus dírítear ann ar Chinn Mhara mar chuid de Bhoirinn; agus sainaithnítear laochtháirgí agus bearnaí agus tacaítear leo.

  • Máistirphlean Turasóireachta don tSionainn 2020-2030 Uiscebhealaí Éireann (2020);

Choimisiúnaigh Uiscebhealaí Éireann i gcomhar le Fáilte Ireland agus leis na 10 nÚdarás Áitiúla sa réigiún, SLR Consulting agus comhpháirtithe chun Máistirphlean Turasóireachta don tSionainn a fhorbairt. Is é seo an chéad uair a bhfuil plean aonair, iomlánaíoch agus tiomanta de chineál ar bith curtha i dtoll a chéile dírithe ar an tSionainn agus ar An Éirne agus tá sé mar aidhm leis Sionainn a bhunú mar cheann scríbe ag leibhéal idirnáisiúnta agus ag croílár Chroíthailte Ceilte na hÉireann.

  • Plean Forbartha Eispéireas Cuairteora Loch Deirgirt 2020-2024 (Contaetha Thiobraid Árann, an Chláir agus na Gaillimhe.)

Chuir Grúpa Margaíochta Loch Deirgirt a dara plean i dtoll a chéile in 2020, agus díríodh ar fhorbairt cinn scríbe a chomhordú ar fud cheantar na lochanna agus bonnsraith a leagan do chur chuige nua chun forbairt a dhéanamh ar eispéireas cuairteoirí ag an loch. Leabaíonn an cur chuige seo an plean in eispéiris bharántúla áiteanna atá ag croílár an chuir chuige mallturasóireachta agus aithnítear ann freisin na céimeanna éagsúla d’fhorbairt cinn scríbe mórthimpeall an locha.

Tacóidh an Chomhairle le cur chun feidhme na bpleananna thuasluaite agus le hullmhú pleananna breise dá leithéid ag suíomhanna oiriúnacha ar fud an chontae.

Cuspóir Beartais Pleananna Forbartha Eispéireas Cuairteoirí

VEDP 1    Pleananna Forbartha Eispéireas Cuairteoirí

Tacú le hullmhú agus cur chun feidhme Pleananna Forbartha Eispéireas Cuairteoirí (VEDPanna) sa chontae agus tacú le buntáistí uileghabhálacha turasóireachta agus sócmhainní nádúrtha agus cultúrtha an chontae a chur chun cinn. 

8.8          Infreastruchtúr Turasóireachta

Is léir ó thaighde atá déanta gur mian le turasóirí as thar lear cuairt a thabhairt ar cheann scríbe ina bhfuil go leor eispéireas á dtairiscint. Cé go bhfuil an t-ádh ar an gcontae go bhfuil cuid de na cinn scríbe agus de na heispéiris is fearr sa tír le fáil ann is den tábhacht é go bhfuil seirbhísí tacaíochta agus infreastruchtúr ar ardchaighdeán ar fáil chun freastal ar riachtanais na gcuairteoirí sin nuair a thagann siad chomh fada leis an gcontae. Díreoidh an plean ar príomhthionscadail agus ar phríomhréimsí straitéiseacha a shainaithint le haghaidh infheistíochta chun táirgí turasóireachta a sholáthar a bhfuil d’acmhainn acu a chinntiú gur féidir le tionscal turasóireachta an chontae leanúint ar aghaidh ag fás agus ag forbairt.

8.8.1       Faisnéis agus Léiriúchán do Chuairteoirí

Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbun idirchaidrimh le comhlachtaí cosúil le Fáilte Ireland, an tionscal turasóireachta agus páirtithe leasmhara eile chun seirbhísí do chuairteoirí a shainaithint i gceantair a bhfuil gá le háiseanna feabhsaithe iontu. Cinnteoidh an Chomhairle go dtacófar le nithe is díol spéise do thurasóirí le haghaidh tionscadal leathnaithe cosúil le limistéir chun carranna a pháirceáil iontu, agus ionaid/comharthaí léirmhíniúcháin de réir mar is cuí. Ó tharla go dtiocfaidh méadú ar líon na gcuairteoirí, ní mór tacú le soláthar an infreastruchtúir riachtanaigh más cuí. Ceanglófar ar thograí forbartha turasóireachta a léargas a thabhairt ar dhearadh ar ardchaighdeán, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu i dtéarmaí scála agus déine, agus an poitéinseal a bhaineann leis an togra cur go suntasach le caighdeán eispéireas an chuairteora.

8.8.2      Cóiríocht

Tá leibhéal suntasach cóiríochta sa chontae - bhí 20,119 leaba ar fad ar fáil le haghaidh cóiríocht d’aíonna in 2019 arb ionann é agus 7% den stoc leapacha d’aíonna ar fud na tíre. Tá an chóiríocht seo á soláthar laistigh de 81 óstán, 17 dTeach Lóistín, 114 Teach Leaba agus Bricfeasta, 86 Aonad Féinfhreastail, 14 bhrú, 4 Pháirc Carbhán agus Campála, agus 20 gnó atá ag feidhmiú ag Caighdeán Fáilte Ireland.  Tuigeann an Chomhairle go bhfuil soláthar cóiríochta cosúil leis na cineálacha cóiríochta a bhfuil béim leagtha orthu thuas riachtanach chun fás san earnáil turasóireachta a chumasú. Tacóidh an Chomhairle le forbairt na turasóireachta sa chontae trí thacú le soláthar raon leathan cineálacha cóiríochta do thurasóirí agus srian a chur le forbairt ar dócha a bheadh mar bhonn leis an acmhainn a laghdú, nó a mbeadh tionchar dochrach aige ar an timpeallacht áitiúil.

Go ginearálta, molfar a leithéid sin d’fhorbairtí a lonnú laistigh de nó gar do bhailte agus sráidbhailte atá ann cheana féin áit ar féidir leo tairbhe a bhaint as seirbhísí poiblí, áiseanna tráchtála agus pobail atá ann cheana féin. Tacóidh an Chomhairle le forbairt agus le huasghrádú cóiríochta ionas go mbeidh Caighdeáin Cháilíochta Fáilte Ireland á gcomhlíonadh, faoi réir na gcritéar forbartha bainistíochta agus ceanglófar go mbeidh caighdeán ábhartha dá leithéid á gcomhlíonadh ag tograí forbartha más cuí.

Cuspóirí Beartais an Infreastruchtúir Turasóireachta

TI 1    Infreastruchtúr Turasóireachta

Áiseanna agus cóiríocht turasóireachta atá le fáil i lonnaíochtaí sa chontae cheana féin a spreagadh
agus a chur chun cinn.  Déanfar breithniú ar a leithéid sin d’áiseanna i gceantair thuaithe áit a bhfuil ceanglas bailí ann an
togra a fhorbairt ag an suíomh sin.  Ceanglaítear ar na tograí seo breithniúcháin timpeallachta agus na Caighdeáin DM ábhartha a
chomhlíonadh. 
 

TI 2    Cóiríocht do Chuairteoirí    

Áiseanna cóiríochta do chuairteoirí a spreagadh agus a éascú ag suíomhanna oiriúnacha laistigh den
chontae áit a bhfuil ceanglas bailí dá leithéid d’áiseanna.  Ceanglaítear ar na tograí seo breithniúcháin timpeallachta agus na Caighdeáin DM ábhartha a chomhlíonadh. 
 

TI 3    Éifeachtúlacht Fuinnimh    

Tacú le bainistíocht timpeallachta dea-chleachtais lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, bainistíocht dramhaíola, soláthar agus athchúrsáil i bhfiontair soláthraithe cóiríochta agus turasóireachta sa Chontae. 
 

TI 4        Acmhainn Turasóireachta agus Infreastruchtúir
Breithneofar agus maolófar na héifeachtaí poitéinsiúla timpeallachta a bheidh ag méadú ar líon turasóirí/trácht turasóireachta go háirithe ag suíomhanna áirithe/feadh bealaí áirithe de réir mar is cuí. Cuimseofar i mbreithniúchán den chineál sin na tionchair phoitéinsiúla ar an infreastruchtúr atá ann cheana féin (lena n-áirítear uisce óil, fuíolluisce, dramhaíl agus iompar) mar thoradh ar thograí turasóireachta. Tacóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le Uisce Éireann agus le Fáilte Ireland d’fhonn a chinntiú go bhfuil infreastruchtúr cuí agus oiriúnach seirbhísí uisce ag freastal ar thurasóireacht.
 

8.9         Gníomhaíochtaí Turasóireachta Allamuigh

8.9.1      Glasbhealaí / Gormbhealaí

Tacaíonn an Chomhairle ar bhonn gníomhach le hinfreastruchtúr glasbhealaigh agus gormbhealaigh laistigh den chontae agus cuirtear na buntáistí a bhaineann leis ó thaobh taitneamhacht turasóireachta agus áineasa san áireamh. Dírítear i gColún 3 den Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta d’Fhorbairt Tuaithe ar ‘Ár bPoitéinseal Turasóireachta agus Áineasa Tuaithe a Uasmhéadú’, agus déantar moladh sonrach tacú le forbairt ghlasbhealaí agus gormbhealaí, agus deiseanna áineasa eile, agus tacú le poist thuaithe inbhuanaithe trí thionscnaimh turasóireachta spriocdhírithe.  Leanfaidh an Chomhairle ag tacú agus ag éascú soláthar glasbhealaí/gormbhealaí áit ar cuí laistigh den chontae. Tá tuilleadh scrúdaithe déanta orthu seo i gCaibidil 9 Bithéagsúlacht, Infreastruchtúr Glas agus Oidhreacht Nádúrtha.

Cuspóirí Beartais Glasbhealaí agus Gormbhealaí

GBW 1    Siúlbhealaí agus Rotharbhealaí

Tacú le agus forbairt siúlbhealaí agus rotharbhealaí a éascú ag suíomhanna oiriúnacha ar fud an
Chontae faoi réir breithniúchán timpeallachta.
 

GBW 2        Forbairt Gréasán Glasbhealaí Amach Anseo 

Tacú le soláthar tionscadal glasbhealaí/gormbhealaí straitéiseacha inbhuanaithe sa chontae de réir na Straitéise le haghaidh Forbairt Glasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo.
 

8.9.2     Turasóireacht Chósta agus Mhuirí

Tá líne chósta fhada agus neart Oileán i gContae na Gaillimhe ar nithe is díol spéise suntasach do thurasóirí iad go háirithe i rith mhíonna an tsamhraidh. Tá trí thrá brait ghoirm sa chontae - Trácht i gCinn Mhara, An Trá Mhór in Indreabhán agus Trá an Dóilín in An Cheathrú Rua. Tá an-tóir ar thránna an chontae mar ionaid atá feiliúnach do spóirt uisce lena n-áirítear surfáil, surfáil eitleoige, snámh, clárchéaslóireacht, cadhcáil etc. agus gníomhaíochtaí cosúil le siúl, bogshodar agus taitneamh a bhaint as an gcósta freisin. Tá cosaint líne an chósta mar shócmhainn turasóireachta riachtanach lena chinntiú go mbeidh buntáistí fadtéarmacha ag baint le gníomhaíochtaí turasóireachta.

Cuspóirí Beartais na Turasóireachta Cósta

CT 1     Acmhainn Turasóireachta     

Tránna agus láithreacha snámha a chosaint mar áiseanna áitiúla luachmhara agus mar acmhainn turasóireachta agus tacú le cothabháil, cosaint agus feabhsú rochtana ar na háiseanna seo.


CT 2    Spóirt Uisce

Forbairt na turasóireachta cósta a spreagadh i gceantair, leithéidí spóirt uisce agus gníomhaíochtaí agus imeachtaí uiscebhunaithe faoi réir na ngnáthchritéar pleanála agus timpeallachta.


CT3    Forbairt Turasóireachta

Tacú le tograí le haghaidh forbairt turasóireachta i gceantair chósta áit ar féidir a léiriú nach mbeidh aon tionchair dhiúltacha ag a leithéid ar thaitneamhachtaí sa cheantar, sláinte na timpeallachta nádúrtha nó luach geilleagrach líne chósta agus thránna an Chontae.
 

CT 4    Brait Ghorma    

Leanúint ag obair le An Taisce, an pobal áitiúil agus páirtithe leasmhara ábhartha eile chun an líon Brat Gorm sa Chontae a choimeád agus a mhéadú.


CT 5        Táirgí Turasóireachta

Tacú le cosaint agus feabhsú ár n-oileán, líne chósta agus uiscebhealaí mar tháirgí agus nithe is díol spéise do thurasóirí, faoi réir acmhainn iompair an phobail agus na timpeallachta.


CT 6         Sirtheoireacht agus Mianadóireacht

Cuspóir beartais na Comhairle é breithniú cúramach a dhéanamh faoi chúinsí eisceachtúla ar shirtheoireacht nó ar mhianadóireacht le haghaidh óir, airgid nó táirmhiotal i dtírdhreacha aicme 3 nó 4.
 

8.9.3      Turasóireacht Lochanna agus Uiscebhealaí

Is acmhainní nádúrtha saibhre iad lochanna agus uiscebhealaí an chontae a mheallann go leor cuairteoirí gach bliain. Is é Loch Coirib, atá suite sa chontae, an loch is mó i bPoblacht na hÉireann. Le cois a n-áilleacht radhairc, soláthraíonn siad deiseanna le haghaidh raon leathan gníomhaíochtaí cosúil le hiascaireacht, cadhcáil, rámhaíocht, seoltóireacht, faire éan agus bádóireacht phléisiúir. Tá sé riachtanach a chinntiú go bhfuil rochtain ar lochanna agus ar uiscebhealaí agus go bhfuil gníomhaíochtaí atá á reáchtáil ar an uisce, ag taobh locha agus i gcrios bruachánach uiscebhealaí á bainistiú go hinbhuanaithe lena chinntiú gur ann do chothromaíocht idir forbairt turasóireachta agus caomhnú na hoidhreachta nádúrtha san ceantair seo.

Cuspóir Beartais na Turasóireachta Lochanna agus Uiscebhealaí

LWT 1 1    Turasóireacht Lochanna agus Uiscebhealaí

Tacú le forbairt gníomhaíochtaí turasóireachta i gceantair lochanna agus uiscebhealaí faoi réir na ngnáthchritéar Pleanála agus timpeallachta. Beidh gach forbairt bheartaithe de réir na Creat-treorach Uisce agus gach Treoir AE. 

8.10      Turasóireacht Chultúir

8.10.1    Turasóireacht Oidhreachta

Aithníonn an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le turasóireacht oidhreachta agus saibhreas na turasóireachta sa chontae. Tá an Ghaeltacht is láidre sa tír i nGaillimh agus tá meascán saibhir de thaitneamhachtaí oidhreachta, ealaíona, ceol traidisiúnta agus gníomhaíochtaí cultúir sa chontae. Is gnéithe suntasacha den tionscal turasóireachta sa Chontae iad na healaíona, cultúr, oidhreacht agus oidhreacht uathúil teanga na Gaillimhe. Tá roinnt samplaí de bheocht na turasóireachta oidhreachta sa chontae. Is léir é sin ó líon na gcuairteoirí turasóireachta in 2019, mar shampla thug 560,000 cuairt ar Mhainistir & Gairdín na Coille Móire, 238,378 duine ar Pháirc Náisiúnta Chonamara, 131,273 duine ar Dhún Aonghasa agus 92,000 duine ar Ionad Cultúir an Líonáin.

Cé go bhfuil sé tábhachtach an méid a chuireann turasóireacht oidhreachta leis an ngeilleagar, is féidir feabhas breise a chur ar fhorbairt na turasóireachta oidhreachta sa chontae. D'fhéadfaí feabhas breise a chur ar an réimse sin trí ghníomhaíochtaí a chomhtháthú, lena n-áirítear ár sócmhainní oidhreachta, ár gcultúr ar leith, teanga san áireamh, agus an stair áitiúil. Tacóidh an Chomhairle le cosaint agus feabhsúchán oiriúnach ár láithreán turasóireachta oidhreachta chun an earnáil turasóireachta a chur chun cinn.

Cuspóirí Beartais maidir le Turasóireacht Oidhreachta

TO1    Páirtithe leasmhara   
 
Obair a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear Oifig na nOibreacha Poiblí, an Chomhairle Oidhreachta, Fáilte Éireann, Údarás na Gaeltachta, an Chomhairle Ealaíon, Uiscebhealaí Éireann, pobail agus gnólachtaí áitiúla chun tacú le turasóireacht oidhreachta agus chultúir a fhorbairt i nGaillimh.

TO2    Sócmhainní Oidhreachta    

Tacú le sócmhainní oidhreachta (tógtha agus nádúrtha) a ndírítear orthu ó thaobh forbairt 
turasóireachta de agus iad a chosaint, agus cloí le caighdeáin deachleachtais maidir le bainistíocht comhshaoil na bhfiontar turasóireachta.

TO3    Tionscal na Turasóireachta Inbhuanaithe
    

Tacú le tionscal turasóireachta a fhorbairt atá níos inbhuanaithe a íoslaghdaíonn na tionchair dhiúltacha ar phobail áitiúla, an oidhreacht thógtha, tírdhreacha, gnáthóga agus speicis; agus iad a fhágáil mar a bhí mar acmhainn do na glúnta atá ag teacht, fad a thacaítear le rathúnas sóisialta agus eacnamaíochta.
 

8.10.2   Bia agus Ceird

Tá earnáil sainbhia agus ceirde an Chontae ag fás go leor agus tá go leor táirgeoirí agus déantóirí beaga ag cur bia agus earraí ceardaíochta nideoige ar na margaí intíre agus idirnáisiúnta. Is cuid dhílis den tacaíocht a thugtar dóibh teacht chun cinn iad turais trádála eachtraí agus tionscnaimh bholscaireachta cosúil leis an bhfeachtas 'Déanta i nGaillimh' agus an líonra turasóireachta bia 'Discover Galway Food Experiences', mar cuireann siad ardán ar fáil chun raon bianna dúchasacha a chur ar taispeáint agus tionscail áitiúla ceardaí a chur faoi bhráid níos mó daoine. Sa tír seo, is samplaí de na ceannródaithe san áireamh iad Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo Leitir Fraic, an tIonad Náisiúnta um Dhearadh agus Teicneolaíocht na Todhchaí a bhfuil cáil air go hidirnáisiúnta as a fheabhas, agus Féile Diúilicíní Dhroichead an Chláirín a bhfuil clú uirthi ar fud an domhain. Is sócmhainn shárluachmhar iad institiúidí agus imeachtaí den chineál sin agus den chineál céanna don gheilleagar áitiúil agus cuireann siad le haird a tharraingt ar an mbia agus ar na hearraí ceardaíochta is fearr atá ar fáil sa Chontae. Trí fheabhas a chur ar mhargaí traidisiúnta feirmeoirí agus méadú ar an gcineál sin de chorrthrádáil rialtaithe ar fud an Chontae, is féidir tacú le hathrú a dhéanamh ar an tionscal bia agus ceirde i gcoitinne sa Chontae. Cuirfidh na margaí sin le spéis i láir bailte a spreagadh agus beocht sna láir sin a chothú, chomh maith le láithreáin a chur ar fáil do tháirgeoirí bia chun a dtáirgí a chur ar dhíol. Cuireann margaí eispéireas miondíola amuigh faoin spéir ar fáil atá níos sláintiúla agus níos sábháilte.

Cuspóir Beartais maidir le Bia agus Ceird

BC 1    Bia agus Ceirdeanna    

Tacú le bianna agus earraí ceardaíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn ar an margadh trí  líonrú agus naisc thrádála a fhorbairt ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

8.10.3    Imeachtaí agus Féilte

Tá dea-cháil ar Ghaillimh as méid agus caighdeán na n-imeachtaí agus na bhféilte a bhíonn ar siúl sa chontae i rith na bliana. Is bealach tábhachtach le cuairteoirí agus gníomhaíocht gheilleagrach a mhealladh chun an chontae iad na himeachtaí agus féilte sin ag amanna éagsúla den bhliain. Is iomaí imeacht agus féilte a bhíonn ar siúl sa chontae agus is tábhachtach an méid a dhéanann siad ar son forbairt turasóireachta agus gheilleagrach an Chontae. I measc na n-imeachtaí den chineál sin, bhí Féile Diúilicíní Dhroichead an Chláirín,  Seachtain Ealaíon an Chlocháin, Féile Capall Bhéal Átha an Sluaighe, Féile Mheánaoiseach Bhaile Locha Riach, Féile Ealaíon Shorelines Phort Omna, Féile Capaillíní Conamara agus Autumn Gathering Pháirc na Cúile.

Cuspóirí Beartais maidir le hImeachtaí agus Féilte

IF 1    Imeachtaí agus Féilte  
 
Tacú le féilte agus imeachtaí cultúir reatha a bhíonn ar siúl sa chontae, tacaíocht a thabhairt dóibh 
agus éascaíocht a dhéanamh ar imeachtaí nua a bhunú más cuí d'fhonn clú an chontae mar phríomhcheann scríbe turasóireachta a mhéadú.

8.10.4  Spéartha Dorcha

D'fhorbair an ghluaiseacht "Spéartha Dorcha" le 30 bliain anuas ar fud an domhain, agus is é an eagraíocht is mó a tháinig as an ngluaiseacht ná Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha. Is é aidhm na heagraíochtaí sin limistéir ina bhfuil spéartha oíche gan mhilleadh a aithint agus a chaomhnú. Is spéartha oíche iad ar féidir réalta a fheiceáil go soiléir iontu agus Bealach na Bó Finne a fheiceáil leis an tsúil (ag brath ar scamaill). Tá fairsinge na limistéar sin ag laghdú mar gheall ar an méadú ar limistéir ina bhfuil truailliú solais. Is próiseas é truailliú solais trína gceiltear Bealach na Bó Finne ag ard-dlús soilsithe shaorga agus i gcásanna níos measa trína gceiltear na réaltaí ag smúiteán solais.

Tá acmhainn shuntasach ann limistéir ainmnithe spéartha dorcha a fhorbairt sa chontae, den chuid is mó i gConamara mar gheall ar an dlús daonra íseal. Mar gheall ar cé chomh fada is atá Conamara ó aon chathair mhór níl mórán truailliú solais sa cheantar agus tá go leor ceantar iontu nach bhfuil aon fhoinse solais shaorga amháin le feiceáil iontu. Tacóidh an Chomhairle le scrúdú a dhéanamh ar limistéir ainmnithe spéartha dorcha a fhorbairt sna háiteanna is iomchuí.

Cuspóir Beartais maidir le Spéartha Dorcha

SD 1    Spéartha Dorcha    
Scrúdú a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann limistéir ainmnithe spéartha dorcha a  fhorbairt ag áiteanna iomchuí ar fud an chontae.

8.11        Eispéiris Bhreise Turasóireachta

Tacaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe le heispéiris bhreise turasóireachta nó taitneamhachtaí turasóireachta ar scála mór a fhorbairt, rud a chuirfidh feabhas ar thurasóireacht agus fostaíocht sa chontae. Tacaíonn an Plean le forbairt inbhuanaithe na n-áiseanna cosúil le páirceanna gníomhaíochta nó fóillíochta amuigh faoin spéir ag áiteanna oiriúnacha ar fud an Chontae. Déanfar breithniú ar thograí forbartha le haghaidh tairiscintí uathúla turasóireachta de réir a bhfiúntas agus faoi réir sláine oidhreacht thógtha agus nádúrtha an Chontae a chosaint.

Cuspóir Beartais maidir le hEispéiris Bhreise Turasóireachta

EBT 1    Tionscnaimh Bhreise Turasóireachta    

Éascaíocht a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe na hearnála turasóireachta agus soláthar a  dhéanamh chun go gcuirfear meascán ar leith de dheiseanna turasóireachta ar fáil a bhaineann  úsáid as líonra taitneamhachtaí i gContae na Gaillimhe agus taitneamhachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

8.12        Brandaí Turasóireachta Fháilte Éireann

Clúdaíonn Contae na Gaillimhe roinnt de na tírdhreacha agus muirdhreacha is áille in Éirinn, mar tá cuid de réigiúin an dá bhranda Bealach an Atlantaigh Fhiáin agus Croílár Ceilte na hÉireann sa Chontae.  Tacóidh an Chomhairle le forbairt réigiúin an dá bhranda Bealach an Atlantaigh Fhiáin agus Croílár Ceilte na hÉireann, agus le hinfheistíocht sa dá bhranda sin.

8.12.1                   Bealach an Atlantaigh Fhiáin

Tionscnamh turasóireachta é Bealach an Atlantaigh Fhiáin atá faoi stiúir Fháilte Éireann agus a rinne athrú ó bhun ar mhaithe le hIarthar na hÉireann. Tarraingíonn sé aird ar shócmhainní nádúrtha agus radhairc iontacha tíre an Iarthair agus bhí sé sin taobh thiar d'fhás geilleagrach sa chontae. Tá an píosa sin de Bhealach an Atlantaigh Fhiáin atá i nGaillimh 300 km ar fad. Tosaíonn sé ag an sráidbhaile Cinn Mhara in aice leis an teorainn le Contae an Chláir agus críochnaíonn sé ag An Líonán in aice leis an teorainn le Contae Mhaigh Eo. Clúdaíonn an bealach roinnt taitneamhachtaí do chuairteoirí, lena n-áirítear Caisleán Dhún Guaire, turais trasna go dtí na hOileáin Árann agus Inis Bó Finne, ceantar Chonamara i gcoitinne, sráidbhailte cosúil le Cloch na Rón agus Baile Uí Chonghaile san áireamh, agus Mainistir na Coille Móire. Aithníonn an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le branda Bhealach an Atlantaigh Fhiáin agus an tionchar dearfach a bhí aige sin ar earnáil na turasóireachta agus ar fhás geilleagrach an chontae.

8.12.2    Croílár Ceilte na hÉireann

Leis an mbranda Croílár Ceilte na hÉireann, a bhfuil oirthear na Gaillimhe mar chuid de, rinneadh branda nua a chur ar lár na tíre in 2018 chun borradh a chur faoi thurasóireacht sa cheantar.  Tá an tSionainn lárnach don tairiscint sin. Beartaítear go ndíreofar turasóireacht ar an abhainn agus ar na bailte máguaird le Máistirphlean Turasóireachta na Sionainne. Leagfar béim ar an tSionainn, ar líonraí agus conairí nua bia a fhorbairt agus ar mhoil nua siúil a chruthú mar chuid den fheachtas chun líon níos airde cuairteoirí a mhealladh. Is é an plean cuairteoirí a mhealladh chuig bealaí siúil agus lochanna an cheantair, agus cuirfidh feachtas gníomhaíochtaí cosúil le siúl, rothaíocht, iascach agus bádóireacht chun cinn. Beidh líonra bealach siúil agus conairí, Slí Bhéara-Breifne, sínte thar cheantar leathan agus aithneofar go leor bailte ar an mbealach mar "mhoil siúil" (Port Omna, Tír Chinn Eascrach, Dún an Uchta, Baile Átha an Sluaighe, Eachroim, Áth Eascraigh agus Béal Átha Ghártha i gContae na Gaillimhe san áireamh).Tugtar Slí Uí Mháine ar an gcuid sin de Shlí Bhéara-Breife atá i nGaillimh.

8.12.3    Bailte Cinn Scríbe

Deimhníonn taighde ó Fháilte Éireann go bhfuil bailte tarraingteacha ar cheann na rudaí is mó a spreagann an lucht saoire Éire a roghnú mar cheann scríbe, chomh maith le hoidhreacht shuimiúil, cultúr agus daoine cairdiúla. Ach is é an dúshlán le leas a bhaint as acmhainn gheilleagrach na gcuairteoirí ar mhaithe le gnólachtaí agus pobail áitiúla, eispéiris ardchaighdeáin a chur ar fáil i mbailte ar cinn scríbe iad, agus éagsúlacht áitiúil a léiriú agus tacú le pobail áitiúla atá faoi bhláth ag an am céanna.

Ainmníodh An Clochán mar an gcéad Bhaile Cinn Scríbe sa chontae faoi Thionscnamh na mBailte Cinn Scríbe de chuid Fháilte Éireann. Dáilfidh Fáilte Éireann an maoiniú faoin tionscnamh seo chun borradh a chur faoi tharraingteacht agus acmhainneacht turasóireachta an bhaile. Cuid d'obair Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta é an scéim seo de chuid Fháilte Éireann chun go scaipfear cuairteoirí agus caitheamh thar lear agus intíre ar bhealach níos fearr ar fud na réigiún. Maoinítear an scéim le straitéis Thionscadal Éireann 2040 an Rialtais agus é mar aidhm fás inbhuanaithe in earnáil turasóireachta na hÉireann a chur chun cinn, chomh maith le leibhéal níos airde ioncaim agus cruthú poist ar fud na hÉireann.

Tá An Clochán lonnaithe i gceantar cósta thiar Chonamara i gContae na Gaillimhe, thart ar 80 ciliméadar siar ó thuaidh de Chathair na Gaillimhe agus is é an phríomhlonnaíocht uirbeach a fhreastalaíonn ar cheantar Chonamara. Samhlaítear turasóireacht agus fáilteachas na hÉireann nuair a chloistear ainm an bhaile. Cuideoidh an maoiniú a fuarthas mar chuid de Thionscnamh na mBailte Cinn Scríbe le hearnáil turasóireachta an bhaile a neartú.

Cuspóirí Beartais maidir le Brandaí Turasóireachta an Chontae

BTC 1    Brandáil Turasóireachta         

Tacú le Bealach an Atlantaigh Fhiáin agus Croílár Ceilte na hÉireann a chur chun cinn  maidir lena ról chun an méid a dhéanann turasóireacht ar son an gheilleagair ar a mbealaí a fhás. 

BTC 2    Páirtithe Leasmhara Turasóireachta

Tacú le Fáilte Éireann agus aon pháirtí leasmhar eile chun áiteanna cuí a aithint le haghaidh infreastruchtúr nua agus feabhsaithe chun freastal ar fhás ar líon na gcarranna, busanna agus rothaithe a úsáideann líonra turais Bhealach an Atlantaigh Fhiáin agus Chroílár Ceilte na hÉireann agus na taitneamhachtaí cuairteoirí laistigh den chontae. 

BTC 3        Turasóireacht Mhall

Tacú le Pointí Treoshuímh agus Faisnéise a chur ar fáil atá dírithe ar mhargadh na Turasóireachta Moille go háirithe na sócmhainní laistigh de Chroílár Ceilte na hÉireann. 

BTC 4    Máistirphlean Turasóireachta na Sionainne

Tacú le Máistirphlean Turasóireachta na Sionainne a chur i bhfeidhm agus cúnamh a thabhairt  chun go leor infheistíochta a fháil chun é sin a bhaint amach. 

BTC 5    Bailte Cinn Scríbe

(a) Tacú leis an gClochán a chur chun cinn mar an gcéad Bhaile Cinn Scríbe agus mar an  bpríomh-Ionad Seirbhísí do chuairteoirí agus an mol do Bhealach an Atlantaigh Fhiáin de chuid Fháilte Éireann sa Chontae;

(b) Tacú le "Bailte Cinn Scríbe" breise a ainmniú taobh istigh den chontae má thagann deiseanna chun cinn.

 

8.13        Tírdhreach

8.13.1    Nádúr an Tírdhreacha

Is sócmhainn náisiúnta fhíorluachmhar é éagsúlacht na gcineálacha tírdhreacha, ó na sliabhraonta grianchloichít agus portaigh i gConamara go dtí an bhreacachan thorthúil talún feirme in oirthear na Gaillimhe agus na pábhálacha carst ar Oileáin Árann agus i ndeisceart na Gaillimhe. Mar gheall ar éagsúlacht nádúrtha na dtírdhreach sa Chontae agus ar na gnéithe oidhreachta tógtha agus cultúrtha, cosúil le séadchomharthaí seandálaíochta, claíocha cloiche, fálta sceach, talamh coillte, pátrúin páirceanna, lonnaíochtaí agus foirgnimh, gnéithe a thugann carachtar ar leith don chontae.

D'ullmhaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe Measúnacht ar Nádúr an Tírdhreacha (MNT) don chontae. Leis an bpróiseas Measúnacht ar Nádúr an Tírdhreacha, déantar tírdhreacha a shainiú, a mhapáil agus a rangú ar bhealach oibiachtúil. Trí nádúr an tírdhreacha a shainiú faightear tuiscint ar luach agus tábhacht féin na ngnéithe agus na bpróiseas tírdhreacha aonair a d'fhéadfadh nádúr an tírdhreacha a athrú amach anseo. Tacóidh an Mheasúnacht ar Nádúr an Tírdhreacha leis na suíomhanna is oiriúnaí a aithint lena bhforbairt.

Leis an Measúnacht sin foroinntear contae na Gaillimhe i dtrí réigiún tírdhreacha agus an cósta. Is iad sin bunchlocha nádúr an tírdhreacha sa chontae. Tá siad socraithe ag an mbungheolaíocht agus na gluaiseachtaí oighreacha a chuaigh i bhfeidhm ar thopagrafaíocht, ithir, fásra agus pátrún na lonnaíochta daonna ón réamhstair go dtí an lá atá inniu ann. Mar seo a leanas na trí réigiún sin agus an cósta:

Réigiún Iarthar na Gaillimhe: Den chuid is mó tá geolaíocht níos crua níos sine faoin réigiún seo, agus mar sin is tírdhreacha garbha casta ar scála mór iad, cosúil le sléibhte, lochanna, portaigh, oileáin agus góilíní cósta in iarthar an chontae;

Réigiún Mhá an Oirthir: Tá clocha níos óige níos boige faoin réigiún seo. Faigheann an chuid seo den chontae a charachtar ó chlúdach na n-ithreacha oighreacha a bhfuil féarthailte fairsinge cothroma ann dá mbarr, agus go leor portach ar an taobh ó thuaidh;

Réigiún Dheisceart na Gaillimhe: Tagann an chloch níos sine agus níos crua thart ar Shliabh Eachtaí le chéile leis an ngeolaíocht ghéilliúil níos óige sa Bhoirinn ar an taobh thiar agus in abhantrach na Sionainne ar an taobh thoir. Dá bharr sin, tá bailiúchán tírdhreacha níos lú sa réigiún. Athraíonn an tírdhreach go mór de mar a thaistealaíonn tú aniar go dtí an t-oirthear;

An Cósta: Is réigiún ar leith é an cósta a bhfuil difríochtaí a nádúir bunaithe den chuid is mó ar a gcóngaracht agus a n-idirghníomhaíochtaí leis na ceantair talún.

Briseadh na réigiúin tírdhreacha sin síos a thuilleadh i ndeich gcineál tírdhreacha ar leith. Mar seo a leanas Cineálacha Nádúr an Tírdhreacha do Chontae na Gaillimhe a aithnítear i Léarscáil 8.1 thíos.

  •  Cósta;
  • Oileáin;
  • Talamh ard agus portaigh;
  • Na ceantair thart ar lochanna;
  • Coimpléasc Thuaisceart na Gaillimhe;
  • Purláin na Sionainne;
  • Coimpléasc Lár na Gaillimhe Láir;
  • Tírdhreacha Carst;
  • Sliabh Eachtaí;  agus
  •  Purláin Uirbeacha.

Map 8.1: Landscape Character Areas

Map of Landscape Character Types

8.13.2   Íogaireacht an Tírdhreacha

Is éard is 'íogaireacht' nádúr an tírdhreacha ann cumas nádúr an tírdhreacha forbairt nua a thógáil gan athrú mór a dhéanamh ar nádúr ná ar chuma an tírdhreacha. Braitheann sé sin ar fhachtóirí cosúil le hairde, fána, agus cineálacha an chumhdaigh talún agus na hithreach. Rangaítear an ceantar mar cheantar atá ag éirí níos íogaire de réir mar a bhíonn níos mó de na fachtóirí sin san áit chéanna.

Leagadh amach ceithre Aicme Nádúr an Tírdhreacha sa Mheasúnacht ar Nádúr an Tírdhreacha, mar seo a leanas:

  • Aicme 1 – Íseal: Ní dócha go mbeidh tionchar diúltach ag athrú
  • Aicme 2 – Ard: Íogaireacht ardaithe ar athrú
  • Aicme 3 – Speisialta: Íogaireacht ard ar athrú
  • Aicme 4 – Íocónach: Tírdhreach uathúil atá an-íogair ar athrú

Faoi réir fhorálacha an phlean, déanfar forbairt incheadaithe a rialú i gcomhréir leis na cuspóirí beartais mar a leagtar amach thíos mar a bhaineann siad leis na ceithre Aicme de Nádúr an Tírdhreacha. Bunaithe ar an measúnacht ar an tírdhreach agus ar na rátálacha íogaireachta a bhunú do na ceantair éagsúla den Chontae, cuirfidh an tÚdarás Pleanála na cuspóirí beartais seo a leanas i bhfeidhm.

Map 8.2:  Landscape Sensitivity 8.2 Landscape Sensitivity

Cuspóirí Beartais maidir le Caomhnú agus Bainistiú Tírdhreacha

CBT 1        Nádúr an Tírdhreacha a Chaomhnú

Nádúr an tírdhreacha a chaomhnú agus a fheabhsú má mheasann an tÚdarás Pleanála, agus de réir a mhéid a mheasann sé, go mbíonn sé sin ag teastáil le haghaidh phleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, lena n-áirítear radhairc agus taitneamhachtaí na n-áiteanna agus gnéithe d'áilleacht nádúrtha nó gnéithe ar díol spéise iad a chaomhnú agus a fheabhsú, más féidir.

CBT 2          Rangú Íogaireacht an Tírdhreacha

Tabharfaidh an tÚdarás Pleanála aird ar rangú íogaireacht tírdhreacha na suíomhanna nuair a bhreithnítear aon mholadh suntasach forbartha agus, más gá, éileamh a dhéanamh go mbeidh Measúnacht Tionchair Tírdhreacha/Amhairc in éineacht le moltaí den chineál sin. Ach ag an am céanna tabharfar ceart don ghá le príomhinfreastruchtúr straitéiseach a fhorbairt chun aidhmeanna straitéiseacha an phlean a chomhlíonadh.

CBT 3          Rátálacha Íogaireacht an Tírdhreacha

Beidh breithniú na rátálacha íogaireachta tírdhreacha ina ghné thábhachtach d'úsáidí forbartha i gceantair den Chontae a shocrú. I gceantair ina bhfuil íogaireacht ard ó thaobh tírdhreacha de, beidh sé ríthábhachtach freisin dearadh agus roghnú shuíomh na forbartha sa tírdhreach sin a bhreithniú.

CBT 4          Tírdhreach Oscailte/Neamhfhálaithe

Stádas an tírdhreacha a bhíonn oscailte/neamhfhálaithe go traidisiúnta. Breithneofar tuillteanais gach cáis i bhfianaise na rátálacha íogaireachta tírdhreacha agus i bhfianaise thábhacht na radharc taitneamhachta.
 

8.13.3    Radhairc agus Bealaí Radharcacha Cosanta

Aithníodh na radhairc agus na bealaí radharcacha faoi chosaint sa Mheasúnacht ar Nádúr an Tírdhreacha atá le fáil in Aguisín 4 den phlean seo. Tá go leo radharc agus bealaí radharcacha tábhachtacha ar fud an chontae, áiteanna a bhfuil áilleacht mhór nádúrtha. Tá luach an-tábhachtach taitneamhachta, turasóireachta, eacnamaíochta agus cultúir ag baint leis na radhairc agus bealaí radharcacha sin don chontae agus dá dhaoine. Mar sin, tá sé tábhachtach na radhairc sin a chosaint agus a chaomhnú. Níor cheart go mbacfadh forbairt, má cheadaítear é, na radhairc sin ach ba cheart go lonnófaí agus go ndearfaí forbairt ar bhealach nach mbeadh tionchar diúltach aici ar na radhairc agus bealaí radharcacha cosanta sin.

Map 8.3 Scenic Routes

Map of Scenic Routes

Map 8.4 Protected Views

Map of Protected Views and Scenic Routes

Cuspóir Beartais maidir le Caomhnú agus Bainistiú Tírdhreacha

RBRC 1 – Radhairc agus Bealaí Radharcacha Cosanta

Na radhairc agus na bealaí radharcacha cosanta a leagtar amach i Léarscáil 8.3 agus Léarscáil 8.4 a chosaint ar fhorbairt a mheasann an tÚdarás Pleanála go mbeadh tionchar diúltach aici ar na radhairc agus bealaí radharcacha cosanta sin. Ach ag an am céanna tabharfar ceart don ghá le príomhinfreastruchtúr a fhorbairt chun aidhmeanna straitéiseacha an phlean a chomhlíonadh.

 

 

 

 

 

 

 

 

Clár ábhair

Baile