12.1 An Spidéal Sráidbhaile Beagfháis

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

12.2     Comhthéacs Sráidbhaile

Suite 18km siar ó Chathair na Gaillimhe i nGaeltacht Chonamara, tá an Spidéal ar an dá thaobh den R336, ó thuaidh tá tírdhreach garbh de bhratphortach os cionn bhuncharraig eibhir agus ó dheas tá Cuan na Gaillimhe. Is é an R336 an Phríomhshráid agus nascann sé an Chathair leis an Líonán in iarthuaisceart Chonamara. Freastalaíonn bóthar áitiúil ar an sráidbhaile freisin a nascann go díreach é le Maigh Cuilinn agus leis an mbealach tánaisteach náisiúnta an N59. 

12.3     Pobail Inbhuanaithe

12.3.1    Tithíocht

I gcás an Spidéil, sa phlean sráidbhaile seo, cuirfear meascán de chineálacha agus de mhéideanna tithe laistigh den sráidbhaile chun cinn. Tá an stoc tithíochta laistigh de shráidbhaile an Spidéil comhdhéanta faoi láthair de mheascán de chóiríocht chónaithe ar an urlár uachtarach, le raon tithe cónaithe scoite agus leathscoite dhá stór feadh na príomhshráide. 

Lasmuigh de chroílár an tsráidbhaile, tá na forbairtí tithíochta éagsúil ó thaobh méid agus stíl de, ina bhfuil meascán de thithe móra scoite agus tithe leathscoite agus sraithe níos lú ar tógadh ar dhlús níos airde. 

Bhainfeadh an lonnaíocht leas as athghiniúint agus athúsáid na maoine atá ann cheana féin i gcroílár an tsráidbhaile. Ba cheart go ndéanfaí forbairtí nua a chomhtháthú isteach sa sráidbhaile reatha agus go bhféadfaí siúl nó dul ar rothar go héasca agus go sábháilte go dtí an lár agus go dtí na príomháiseanna. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt a úsáideann láithreáin athfhorbraíochta, agus ba cheart go mbeadh gach forbairt bháúil le carachtar an cheantair. Tá sé tábhachtach freisin go ndéantar carachtar tuaithe, oidhreacht agus taitneamhachtaí nádúrtha an tsráidbhaile a chothabháil agus a fheabhsú agus nach gcuirtear as dóibh. 

12.3.2  Oideachas

Is é Coláiste Chonnacht atá lasmuigh de theorainn an tsráidbhaile an áit is suntasaí le haghaidh gníomhaíochtaí áineasa agus taitneamhachta an phobail agus úsáidtear é freisin mar choláiste samhraidh do dhaltaí a thagann chuige chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Is í Scoil Náisiúnta Éinne an bhunscoil chomhoideachais agus tá sí suite ó thuaidh ón bpríomhshráid i lár an tsráidbhaile. Is scoil chomhoideachais freisin é Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, an mheánscoil áitiúil. 

12.3.3  Áiseanna Pobail

Tá dhá chuan sa sráidbhaile, an tSean Chéibh agus an Chéibh Nua agus dhá thrá phoiblí ó dheas a bhfuil tóir orthu, Trá na mBan agus Trá na Céibhe atá suite ar Chuan na Gaillimhe agus dea-naisc eatarthu le cosán siúlóide/ rothaíochta radhairc. 

Tá Trá na mBan ar thaobh an bhóthair soir ón sráidbhaile le promanáid ghairid, agus tá Trá na Céibhe foscadh taobh thiar den ché, agus féadtar teacht uirthi i gcarr ar bhóthar cúng siar ón sráidbhaile. Úsáidtear na carraigeacha taobh thiar den ché, agus an ché í féin, le haghaidh slatiascaireachta cladaigh le linn séasúir na ronnach. Tá láithreán deise do chlós súgartha sainaitheanta sa phlean seo a bheadh ina shócmhainn don cheantar do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon. 

12.3.4  Comhshaol agus Oidhreacht

Ba é William A. Scott, príomhdhearthóir Ealaíon agus Ceardaíochta dá ré, a dhear an séipéal Caitliceach, dar dáta 1904 lena gnéithe athbheochana Rómhánúla agus stíl eicléictiúil. Bhí Scott freagrach freisin as na stuabhealaí ina bhfuil saothair dhealbhóireachta Michael Shorthall as Baile Locha Riach le haimsiú ina ndearadh: mullaigh cholúin snoite, coirbéil agus dátchloch ar a dtaispeántar ainmhithe, duilliúr agus gníomhaíochtaí spóirt. 

Is cuid lárnach de shráid-dhreach an tsráidbhaile an clochar lena phlean L-chruthach dar dáta 1923. Tá an leabharlann lonnaithe i seanscoil a tógadh i 1952, foirgneamh a chuireann le carachtar shráidbhaile an Spidéil. 

12.3.5  Lár an tSráidbhaile, Gnó & Fiontar

Tá na foirgnimh ar an bPríomhshráid éagsúil ó thaobh stíle, méid agus aoise de, agus is úsáid tráchtála den chuid is mó a bhaintear as na bunurláir. I measc na n-úsáidí eile feadh na Príomhshráide tá Scoil Náisiúnta Éinne, Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, an Leabharlann agus Coláiste an Linbh Íosa. D’fhás an sráidbhaile in aice le dhá chuan in aice láimhe, rud a léiríonn an tábhacht atá ag an bhfarraige do phobal an chósta mar ghineadóir d’fhostaíocht áitiúil agus mar thaitneamhacht áineasa. 

Tá raon maith seirbhísí miondíola agus tráchtála le roinnt meascán cónaithe le fáil i lár an tsráidbhaile ag crosbhóthar an R336 agus Bóthar Mhaigh Cuilinn. Comhcheanglaíonn imeall thoir an tsráidbhaile de réir a chéile le stiall beagnach leanúnach de thithe tuaithe aonair a bhfuil a haghaidheanna ó dheas ag breathnú amach ar an bhfarraige. Tá imeall thoir an tsráidbhaile sainmhínithe níos soiléire le  Diméin an Spidéil agus Abhainn Bhoth Loiscthe. Tá roinnt láithreán deise sainaitheanta don Spidéal agus tugtar breac-chuntas orthu i gcuspóir beartais SSGV 12 Láithreáin Deise. 

12.3.6 Turasóireacht

Mar gheall ar shuíomh cósta an tsráidbhaile, an sráidbhaile ceardaíochta áitiúil, a chultúr uathúil agus cóngaracht an tsráidbhaile do Chathair na Gaillimhe is suíomh tarraingteach turasóireachta é mar is léir ón méadú ar líon na gcuairteoirí samhraidh. Cé go bhfuil sé laistigh de réimse tionchair na cathrach, coinníonn an Spidéal a fhéiniúlacht féin agus tá ról tábhachtach aige mar thairseach Ghaeltacht Chonamara agus mar ionad seirbhíse áitiúil. Suite sa tírdhreach atá tipiciúil de thír-raon Chonamara, le suíomh Dhiméin an Spidéil ar an taobh thiar den sráidbhaile, ina bhfuil Teach an Spidéil agus an choillearnach ghaolmhar, cuirtear sócmhainn thábhachtach chomhshaoil agus amhairc ar fáil don sráidbhaile. 

Tá geilleagar an tsráidbhaile uathúil, mar gheall ar an meascán seirbhísí a chothaíonn an sráidbhaile agus mar gheall ar an gcúlchríoch thuaithe níos leithne freisin. Tá roinnt siopaí miondíola ar mhionscála ann, tithe tábhairne, asraonta bia, oifigí, banc agus roinnt foirgneamh seirbhíse pobail. Tá an Cheardlann, Stiúideonna Ceardaíochta agus Dearaidh an Spidéil suite ar an mbealach isteach chuig sráidbhaile an Spidéil, díreach in aice leis an trá, ag breathnú amach ar Chuan na Gaillimhe, Aillte an Mhothair agus Oileáin Árainn. Tá roinnt ceardaí ag dearadh agus ag cruthú saothar, idir ghloine dhaite agus chomhleáite, ciseadóireacht, grianghrafadóireacht, criadóireacht, ealaíontóir meán measctha, éadaí seanré, péinteáil, fíodóireacht, agus priontáil T-léine. Tá an-tóir ar thurasóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta araon ar na hearraí ceardaíochta agus na táirgí atá deartha go háitiúil. 

12.4    Seirbhísí agus Bonneagar

12.4.1  Soláthar Uisce 

Tá soláthar uisce phoiblí ar fáil. Freastalaíonn soláthar uisce phoiblí ar an sráidbhaile. Tá soláthar uisce phoiblí ar fáil do na tailte go léir a shainaithnítear d’acmhainneacht forbartha. 

12.4.2  Fuíolluisce

Freastalaíonn córas cóireála fuíolluisce cathrach ar an sráidbhaile agus tá acmhainn laistigh den líonra chun freastal ar an bhforbairt atá beartaithe. 

12.4.3  Iompar agus Gluaiseacht

Tá sráidbhaile an Spidéil dea-nasctha leis an líonra cosán reatha.. Soláthraíonn siad nasc sábháilte do choisithe sa sráidbhaile agus timpeall air. Soláthraíonn Bus Éireann seirbhísí fillte laethúla isteach agus amach ó Chathair na Gaillimhe le cuideachtaí bus príobháideacha a sholáthraíonn iompar fillte idir an chúlchríoch agus an sráidbhaile ar bhonn seachtainiúil.

12.5     Tuilte

Maidir le tailte laistigh den sráidbhaile atá i mbaol tuilte, éileoidh an Chomhairle ar aon fhorbairtí atá beartaithe cloí leis an gCóras Pleanála agus na Treoirlínte um Bainistíocht Riosca Tuilte d’Údaráis Phleanála (RCORÁ, 2009) agus Imlitir PL2 / 2014 agus aon leasú orthu . Féadfaidh an Chomhairle, ag féachaint do chineál agus scóip na forbartha, a cheangal go ndéanfar Measúnacht Riosca Tuile a chur isteach, de réir mar is iomchuí, chun oiriúnacht tograí forbartha a mheas. Tá léarscáil tuile aitheanta don Spidéal agus tá sé de réir na dtreoirlínte agus na himlitreach dá dtagraítear thuas 

Cuspóirí Beartais Chriosaithe um Úsáid Talún don Spidéal (An Spidéal Sráidbhaile Beagfháis) 

SSGV 1    Lár an tSráidbhaile Inbhuanaithe

Forbairt shráidbhaile an Spidéil a chur chun cinn, mar thimpeallacht dhian, ardchaighdeáin, le dea- thírdhreachtú, de réir scála daonna agus inrochtana, le meascán iomchuí úsáidí, lena n-áirítear úsáidí cónaithe, tráchtála, seirbhíse, turasóireachta, fiontar, poiblí agus pobail de réir mar is cuí, a chuireann raon seirbhísí miondíola, áiseanna agus taitneamhachtaí ar fáil don phobal áitiúil agus do chuairteoirí ar na sráidbhailte. Leanfaidh lár an tsráidbhaile agus na príomhshráideanna gaolmhara de bheith ina phríomhfhócas do ghníomhaíochtaí miondíola agus seirbhíse laistigh de na ceantair phlean seo.

SSGV 2    Forbairt Chónaithe Inbhuanaithe

Forbairt tailte iomchuí agus seirbhísithe a chur chun cinn chun soláthar a dhéanamh do phobail chónaithe inbhuanaithe ar ardchaighdeán, a bhfuil dea-leagan amach agus dea-thírdhreachtú air, le meascán iomchuí de chineálacha agus dlúis tithíochta, mar aon le húsáidí talún comhlántacha ar nós áiseanna pobail, seirbhísí áitiúla agus saoráidí iompair phoiblí, chun freastal ar dhaonra cónaithe an Spidéil. Taitneamhachtaí cónaithe reatha a chosaint agus forbairt nua inlíonta atá comhoiriúnach agus deartha go cuí a éascú, de réir pleanála cirte agus forbartha inbhuanaithe de limistéir an phlean.


SSGV 3    Pointí Rochtana Táscacha le haghaidh Forbartha.

Pointí rochtana ar thailte infhorbartha / ceantair chúlchríche a chur in áirithe mar a léirítear sna léarscáileanna Criosaithe Úsáid Talún don Spidéal.

SSGV 4    Clásal Feidhme Teanga

Cuirfear Clásal Feidhme Teanga i bhfeidhm ar chuid d’aonaid chónaithe i bhforbairt de dhá aonad nó níos mó sa Spidéal. Is ionann a bheidh cion na dtithe a mbeidh feidhm ag an gclásal feidhme teanga leo agus 80% ar a laghad nó gcomhréir le líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn laethúil, de réir na dtuairisceán Daonáirimh is déanaí a foilsíodh, cibé acu is mó.

SSGV 5    Áiseanna Pobail

Forbairt áiseanna pobail a chur chun cinn ar thailte/láithreáin oiriúnacha, sa Spidéal le hardleibhéal rochtana ar an bpobal áitiúil, lena n-áirítear úsáidí oideachais, pobail, cathartha, poiblí, institiúideacha, áineasa, cultúrtha agus comhlántacha eile, de réir mar is cuí.

SSGV 6    Forbairt agus Seirbhísí Áitiúla

Forbairt áiseanna agus seirbhísí áitiúla a spreagadh agus tacú leo chun freastal ar riachtanais an phobail áitiúil.

SSGV 7    Turasóireacht

An Spidéal a chur chun cinn mar phríomhcheann scríbe turasóireachta ann féin agus mar mhol turasóireachta don Ghaeltacht, ag cur eispéiris ardchaighdeáin, shaibhir agus éagsúil ar fáil do gach cuairteoir.

SSGV 8    Fiontar ar Scála Beag

Soláthar forbartha tráchtála agus fostaíochta sa sráidbhaile a spreagadh agus go háirithe an soláthar de dheiseanna d’fhiontair nua-thionscanta ar scála beag.

SSGV 9    Bonneagar Fóntais Phoiblí

Soláthar agus cothabháil bonneagair fóntais phoiblí riachtanach a éascú, mar aon leis na saoráidí agus na húsáidí coimhdeacha riachtanacha, de réir mar is cuí, laistigh de limistéar phlean lonnaíochta an Spidéil.

SSGV 10    Bonneagar Iompair

Soláthar agus cothabháil bonneagair iompair riachtanaigh a éascú.
Áireofar leis seo áirithint tailte laistigh de limistéar phlean lonnaíochta an Spidéil chun bóithre poiblí, cosáin, rotharbhealaí, stadanna bus agus tírdhreachtú a éascú, mar aon le haon oibreacha gaolmhara riachtanacha, de réir mar is cuí. Beidh aon bhóthar táscach faoi réir measúnaithe riachtanas agus próisis mhionsonraithe um roghnú conairí agus bealaí agus aird á tabhairt, inter alia, ar shrianta agus ar dheiseanna comhshaoil.

SSGV 11 Plean Gnímh Ceantairdo Dhiméin an Spidéil

Is cuspóir beartais de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe é a cheangal go n-ullmhófar Plean Gníomhcheantair d’aon fhorbairt ar Dhiméin an Spidéil ag cur san áireamh íogaireachtaí comhshaoil an cheantair agus léiriú shuíomh uathúil na dtailte seo.

SSGV 12    Láithreáin Deise

Athfhorbairt chuí na láithreáin deise a shainaithnítear a chur chun cinn agus a spreagadh a chuirfidh le beogacht agus carachtar an Spidéil.

OPT-SP 1 Láithreán Deise 1 sa Spidéal Foirgneamh Ceann Tuí ar an mbealach isteach go dtí an Spidéal

Cur síos Achomair:
Achar: Is ionann achar an láithreán deise Uimh.4 agus 0.40HA
Criosú: Tá an láithreán criosaithe mar Lár an tSráidbhaile.
Úsáid Talún Reatha: Láithreán athfhorbraíochta folamh
Deis: Soláthar a dhéanamh do mheascán úsáidí atá in ann freastal ar fhorbairt mhiondíola agus/nó tráchtála. Ba cheart go léireofaí i bhforbairt an chuid theas den láithreán a shuíomh feiceálach ar an mbealach isteach chuig an Spidéal. Cuimseofar sa thogra forbartha foriomlán don láithreán plean tírdhreachtaithe mionsonraithe, ina gcuirfear san áireamh suíomh feiceálach an láithreáin ábhair ar imeall an tsráidbhaile. Dearadh foirgnimh nuálach, ardchaighdeáin agus leagan amach cuí agus suíomh na dtailte ábhair á gcur san áireamh

OPT - SP2 An Spidéal 
Cur Síos Achomair
Achar: Is ionann Láithreáin Deise SP 2 agus 0.14 ha agus is ionann Láithreáin Deise SP 2 agus 0.42ha
Criosú: Tá na tailte criosaithe mar Lár an tSráidbhaile agus Áiseanna Pobail 
Úsáid Talún Reatha: Tá foirgneamh ann cheana ar  chuid de thailte atá á n-oibriú ag FSS faoi láthair  agus is tailte athfhorbraíochta iad na tailte eile. 
Deis: Meastar go mbeadh roinnt úsáidí pobail lena n-áirítear clós súgartha / 'Limistéar Cluichí Ilúsáidte' oiriúnach ag an áit thábhachtach seo. I dtograí le haghaidh na dtailte seo, breithneofar suíomh/ comhthéacs an láithreáin chomh maith leis an tsaoráid chuain in aice láimhe i dtéarmaí dearaidh agus coincheap. 

An Spideal Léarscáil um Chriosú Úsáid Talún

An Spideal Léarscáil um Chriosú Úsáid Talún

 

An Spidéal Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte

An Spidéal Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte

 

Clár ábhair

Baile