1.0 Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

“Is é Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe a spreagfaidh fás inbhuanaithe i Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, ag cur réimse cineálacha tithíochta ar fáil, mar aon le saoráidí  iompair phoiblí, fostaíochta, pobail, áineasa agus conláiste den gcéad scoth a chur ar fáil i dtimpeallacht shláintiúil a mheallfaidh an líon ard daoine a bheidh ag teastáil chun pobail áitiúla láidre a bhunú agus geilleagar láidir áitiúil agus réigiúnach a chinntiú.” 

1.1 Réamhrá 

Is é an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) an plean straitéiseach maidir le fás agus forbairt na tíre a mhúnlú amach anseo sa tréimhse go dtí an bhliain 2040, agus bunaítear Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe leis an gcreat sin. Áirítear sa CNP cuspóir náisiúnta pleanála NPO 67 maidir le Plean Straitéiseach Limistéir Cheannchathartha (PSLC) a ullmhú do Ghaillimh trí phróiseas na Straitéise Réigiúnaí Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE). 

Cuimsítear i Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE) an Tuaiscirt agus an Iarthair Plean Straitéiseach Limistéir Cheannchathartha ardleibhéil do Ghaillimh. Leagtar amach sa phlean sin an treoir straitéiseach don Limistéar Ceannchathartha chun an fás atá ina chéad fhothorthadh straitéiseach náisiúnta (FSN) sa Chreat Náisiúnta Pleanála a bhaint amach. 

Laistigh den SRSE, sainmhínítear ‘Comhfhorbairt Áite’ mar thosaíocht a chuirfidh taca faoin gcreat fáis agus a chinnteoidh sineirgíocht idir infheistíochtaí agus pleanáil le haghaidh idirbheartaíochtaí straitéiseacha agus a dhéanfaidh na torthaí a bheidh i ndán do ‘Dhaoine agus Áit’ a uasmhéadú. 
‘Leanfar leis an dlúthfhás lena chinntiú go bhfásfar lonnaíochtaí uirbeacha agus tuaithe níos dlúithe ar bhealach inbhuanaithe, agus poist, tithe, seirbhísí agus taitneamhachtaí ag tacú leo, seachas sraoilleáil leanúnach agus fás neamhphleanáilte, neamhgheilleagrach.’ Pléitear tuilleadh i gCaibidil 3 an coincheap ‘Comhfhorbairt Áite agus an Saol Uirbeach’. 

Léirítear Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe, ábhar an PSLC, i bhFigiúr 1 thíos agus téann sé ó Bhearna san iarthar isteach go Cathair na Gaillimhe agus a bruachbhailte, agus soir go Baile Chláir agus Órán Mór. Áirítear sa Limistéar Ceannchathartha thoir na limistéir fáis beartaithe seo a leanas: na hArdáin, an Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise. 

Sainaithnítear an Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise mar phríomhlimistéir fáis straitéisigh laistigh de Chontae na Gaillimhe agus cuirfidh sé sin go suntasach le hardaidhmeanna an CNP agus an SRSE. Tá Creatphleananna Uirbeacha ullmhaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe don Gharrán agus Chnoc Mhaoil Drise agus áirítear iad i gCuid 3 den phlean seo. 

Is é ról an Limistéir Cheannchathartha freastal a dhéanamh ar fhás ó thaobh daonra de sa limistéar chun beogacht agus mealltacht Chathair na Gaillimhe agus na lonnaíochtaí baile agus sráidbhaile máguaird a chinntiú. Le Limistéar Ceannchathartha láidir a chuimsíonn bonneagar fisiceach agus saoráidí pobail ardchaighdeáin agus comhtháite, neartófar ról réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair agus beidh sé ina chabhair don réigiún dul san iomaíocht ar an leibhéal náisiúnta. 

1.2 Cuspóirí Straitéiseacha 

Beidh feidhm ríthábhachtach ag an bPlean Straitéiseach Limistéir Cheannchathartha maidir le réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair a fhorbairt, agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh acmhainneacht ann freastal a dhéanamh ar an bhfás ó thaobh daonra agus fostaíochta de, mar a leagtar amach é sa CNP agus sa SRSE. Is féidir é sin a bhaint amach mar seo a leanas: 

  • Tacú le forbairt sa Limistéar Ceannchathartha a sholáthróidh tithíocht don daonra réamh-mheasta faoi 2028;
  • Tacú le hacmhainneacht eacnamaíoch an Limistéir Cheannchathartha, lena n-áirítear forbairt a dhéanamh ar thailte an tsean-Aerfoirt agus ar na tailte sa Gharrán arna gcriosú le haghaidh fostaíochta;
  • Fás dlúth agus comhdhlúthú a áirithiú laistigh de na lonnaíochtaí Ceannchathartha Baile Chláir agus Bearna, agus sna limistéir fáis atá beartaithe i gCnoc Mhaoil Drise agus sa Gharrán.
  • Cur chuige comhtháite a stiúradh i leith bonneagar iomchuí a sholáthar chun dlúthfhás inbhuanaithe a éascú;
  • Fás a ailíniú le bonneagar agus seirbhísí iompair atá ar an bhfód cheana féin agus bonneagar agus seirbhísí iompair atá ag teacht chun cinn, mar aon le béim a chur ar lonnaíochtaí insiúlta ’10 nóiméad’;
  • A chinntiú go ndéantar fás a chomhdhlúthú le rochtain éasca ar limistéir fostaíochta, miondíola, pobail agus conláiste, idir limistéir bhunaithe agus limistéir bheartaithe;
  • Athnuachan a chur chun cinn, chomh maith le lonnaíochtaí uirbeacha a fhorbairt ar bhealach a chomhdhlúthaíonn agus a fheabhsaíonn aitheantas, mealltacht agus beogacht lonnaíochtaí mar áiteanna tarraingteacha chun cónaí, oibriú agus infheistiú iontu.

1.3    Struchtúr an Doiciméid 

Tá trí phríomh-chomhpháirt san imleabhar 2 seo, a bhfuil achoimre orthu anseo:

  • Cuid 1: Sa chuid seo den imleabhar, tugtar forléargas ginearálta ar Limistéar Ceannchathartha an Chontae agus ar na cuspóirí beartais a bhaineann leis an limistéar seo trí Thábla Maitríse um Úsáid Talún a léiriú;
  • Cuid 2: Sa chuid seo, leagtar amach tráchtaireacht maidir le gach ceann de na lonnaíochtaí PSLC (Baile Chláir, Bearna & Órán Mór) le cuspóirí beartais sonracha agus Léarscáileanna um Chriosú Úsáide Talún i leith na lonnaíochtaí ar leith;
  • Cuid 3: Sa chuid seo, mionsonraítear na Creatphleananna Uirbeacha do Chnoc Mhaoil Drise agus don Gharrán, mar aon leis na cuspóirí beartais gaolmhara agus na Léarscáileanna um Chriosú Úsáide Talún.

1.4    Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe 

Trí Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe a bhunú, limistéar a chuimsíonn limistéir riaracháin Chathair na Gaillimhe agus Chontae na Gaillimhe, tugtar deis chun comhordú a dhéanamh ar fhás agus infheistíocht ar fud an dá limistéar riaracháin a dhaingneoidh todhchaí fhadtéarmach an Limistéir Cheannchathartha. 

Deimhníonn anailís ar dhaonáireamh 2016 go bhfuil daonra suntasach ina chónaí lasmuigh de limistéar riaracháin na cathrach a thaistealaíonn isteach sa chathair ar bhonn laethúil ar chúiseanna oibre nó oideachais. Ar an gcaoi chéanna, tá daoine ag taisteal ón gcathair amach go dtí an contae. Tá daoine a bhfuil cónaí orthu i Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe ag baint tairbhe cheana féin as na sineirgíochtaí agus as an gcomhoibriú idir na hÚdáráis Áitiúla agus Gníomhaireachtaí Reachtúla eile, lena n-áirítear bonneagar bóthair, iarnróid agus fuíolluisce, chomh maith le saoráidí sláinte, oideachais, fostaíochta, pobail agus bonneagar sóisialta eile. 

De réir agus a fhásann daonra Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair de réir an CNP agus SRSE, táthar ag súil go mbeidh cuid shuntasach den daonra méadaithe lonnaithe laistigh de Limistéar Ceannchathartha an chontae, áit a bhfuil teacht níos fearr ar thailte forbartha óna bhfuil an chathair inrochtana. Braitheann rath bunaidh an Limistéir Cheannchathartha ar chur chuige comhordaithe agus beartaithe maidir le hinfheistíocht a chinntiú chun bonneagar, seirbhísí agus saoráidí pobail a sholáthar. 

Fíor 1: Forléargas ar PSLC 

1.5    Réamh-mheastacháin Daonra do Limistéar Ceannchathartha Chontae na Gaillimhe 

Mar a leagtar amach i gCuspóir Beartais Náisiúnta 68 den CNP, d’fhéadfadh Limistéar Ceannchathartha an chontae freastal ar suas le 20% den fhás daonra réamh-mheasta do phríomhlimistéar na cathrach agus na mbruachbhailte, de bhreis ar an bhfás atá dírithe ar Limistéar Ceannchathartha an chontae. 

Seo iad na spriocanna daonra a leagtar amach do Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe sa Straitéis Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha: 

 

2016

2026

2031

PSLC na Gaillimhe 

94075

27500

14500

Cathair agus Bruachbhailte 

78,668

23000

12000

Contae na Gaillimhe Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe 

15,407

4500

2500

Tábla 1.1 Réamh-mheastacháin Daonra ó SRSE 

Mar a shainaithnítear i gCaibidil 2 Croístraitéis, Ordlathas Lonnaíochta agus Straitéis Tithíochta, tá an leithdháileadh daonra don PSLC de réir spriocanna daonra an SRSE. Cé go sainaithníonn an tábla thuas spriocanna daonra do 2026 agus 2031, is é 2022-2028 saolré Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe agus, mar sin,  úsáidtear daonra pro rata don dá bhliain bhreise idir 2026-2028 mar seo a leanas: 

 

2022-2028

2028-2031

Limistéar Ceannchathartha Chontae na Gaillimhe 

5500

1500

Tábla 1.2 Daonra Limistéar Ceannchathartha an Chontae 

Léirítear i dTábla 2.1 i gCaibidil 2 Croístraitéis, Ordlathas Lonnaíochta agus Straitéis Tithíochta an leithdháileadh daonra i ngach lonnaíocht agus limistéar fáis a sainaithnítear laistigh de Limistéar Ceannchathartha an chontae.Tá comhchoibhneas idir na figiúirí seo agus na limistéir fáis straitéisigh arna sainaithint sa SRSE. Léirítear an leithdháileadh daonra sa tábla thíos: 

Lonnaíocht Daonáireamh 2011  Daonáireamh 2016 

Réamh-mheastacháin  Daonra 2022-2028

Baile Chláir 

1217

1248

975

Bearna

1878

1998

750

Órán Mór 

4799

4990

1700

An Garrán 

*

*

1200

Cnoc Mhaoil Drise 

*

*

875

Tábla 1.3    Leithdháileadh Daonra maidir le Lonnaíochtaí agus Limistéir Fáis 

*Creatphleananna Uirbeacha

1.6    Dlús agus Tíopeolaíocht 

Féachann an CNP agus an SRSE le dlúthfhorbairt cónaithe a bhunú gar do bhonneagar amhail conairí iompair phoiblí. Cuirfear ardleibhéil dlúis chun cinn in aice le conairí iompair phoiblí de réir mar is cuí. Is leor na dlúis a bhainfidh leis na lonnaíochtaí ceannchathartha chun freastail don fhás daonra réamh-mheasta suas go 2028 agus ar aghaidh. Beidh éagsúlacht i gceist ó thaobh dlús, áfach, ar fud  an limistéir cheannchathartha chun comhthéacs an tsuímh a chur san áireamh. Tabharfar faoi Staidéar ar Thíopeolaíocht Dlúis le linn shaolré an phlean chun réimse barrmhaith na bhfoirmeacha foirgneamh agus dlús a shainaithint a sholáthróidh cuspóirí an CNP agus an SRSE sna lonnaíochtaí, an Garrán agus Cnoc Mhaoil Drise san áireamh. Pléitear é seo freisin i gCaibidil 3 Comhfhorbairt Áite, Athnuachan agus an Saol Uirbeach

1.7   Foirgnimh Arda 

Tá dlúthfhás le baint amach trí úsáid níos éifeachtaí a bhaint as talamh agus breithniú cúramach a dhéanamh ar fhorbairt ard-dhlúis. Tá ról ag foirgnimh níos airde chuige sin. Táthar ag súil go ndéanfar breithniú foirgnimh arda a chur i lonnaíochtaí Ceannchathartha, áit a gcuirfidh siad lena ról ceannchathartha agus le ‘Comhfhorbairt Áite’. Pléitear é seo tuilleadh i gCaibidil 3 Comhfhorbairt Áite, Athnuachan agus an Saol Uirbeach.

1.8    Nascacht laistigh de Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe 

Tá an nascacht idir cathair na Gaillimhe agus Limistéar Ceannchathartha an chontae dea-bhunaithe cheana féin agus is fianaise í ar an gcaidreamh agus sineirgíocht bhunúsach atá ann idir an dá limistéar riaracháin. 

Ullmhaíodh Straitéis Iompair na Gaillimhe i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. Sainaithnítear i Straitéis Náisiúnta Iompair 2016 réimse tosaíochtaí maidir le feabhsúcháin iompair phoiblí ar fud an Limistéir Cheannchathartha, chomh maith le Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe N6 a thógáil. Beidh cur chun feidhme na mbeart seo ríthábhachtach chun an Limistéar Ceannchathartha a bhunú ar an talamh agus chun tacú leis an dlúthfhorbairt a leagtar amach sa CNP agus sa SRSE. 

Cuimseofar naisc láidre idir lonnaíochtaí atá in aice lena chéile agus laistigh de na lonnaíochtaí sin freisin, agus chuig limistéir fostaíochta, chuig an gcathair agus chuig limistéir thaitneamhachta; beidh na naisc seo ina bpríomhspreagadh maidir le dlúthfhás rathúil agus mealltach a chothú sa Limistéar Ceannchathartha. Agus roghanna gluaiseachta áisiúla agus sábháilte ar an bhfód, ní bheidh daonraí amach anseo chomh spleách céanna ar iompar príobháideach, rud a chabhróidh chun an t-athrú aeráide a chomhrac, chun pobail níos sláintiúla agus níos bríomhaire a chothú, agus chun a n-eisíocaíochtaí míosúla a laghdú. Bíonn samhail forbartha iompar inbhuanaithe ina cabhair freisin chun pobail níos ionchuimsithí agus níos cothroime a bhunú. 

Tá na bunchlocha tógála iomchuí ag an Limistéar Ceannchathartha thoir cheana féin chun imeall ceannchathartha ardnasctha a bhunú idir an chathair agus an tuath. Tá sé beartaithe Stáisiún Traenach Órán Mór a uasghrádú ó stáisiún ina bhfuil ardán amháin go stáisiún dhá ardán agus réiteoidh lúb thrasnaithe an bealach chun minicíocht na seirbhísí traenach idir Bhaile Átha an Rí agus chathair na Gaillimhe a dhúbláil. Spreagfaidh stáisiún traenach Órán Mór iompar inbhuanaithe laistigh den limistéar Ceannchathartha thoir, rud a chothóidh deiseanna le haghaidh nasc tiomnaithe siúlóide agus rothaíochta, chomh maith le seirbhísí bus áitiúla a bhunú chun daoine ó Órán Mór, ón nGarrán, óna hArdáin agus ó Chnoc Mhaoil Drise a nascadh leis an iarnród agus leis an gcathair, nó soir go Baile Átha an Rí agus níos faide ar aghaidh. 

Is féidir na lonnaíochtaí Ceannchathartha a nascadh trí chonair ghlas thuaidh-theas a sholáthraíonn bealaí mealltacha agus sábháilte idir, agus laistigh de, na lonnaíochtaí, chomh maith leo a nascadh leis an bpríomhbhóthar soir-siar agus bonneagar iarnróid agus seirbhísí iompair phoiblí. Cuirfidh réamhphleanáil agus soláthar luath na conaire glaise thuaidh-theas bonn taca faoi phróifíl gluaiseachta inbhuanaithe an Limistéir Cheannchathartha thoir amach anseo, agus imreoidh sé tionchar breise ar an mbealach a dhéanfar forbairt laistigh de na lonnaíochtaí seo a dhearadh, a sholáthar agus a úsáid. Is léir go bhfuil na Creatphleananna Uirbeacha don Gharrán agus do Chnoc Mhaoil Drise ag súil cheana féin leis an nasc seo agus cinnteoidh comhordú idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe go leanfar leis an nasc glas seo trína hArdáin. 

1.9    Acmhainneacht Fáis Limistéar Ceannchathartha Chontae na Gaillimhe 

Mar a leagtar amach i gcuid 1.5, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú suntasach ar dhaonra  Limistéar Ceannchathartha an chontae faoin CNP agus an SRSE. Tugtar forléargas sa chuid seo  ar na haonaid chónaithe agus an méid talún a bheidh ag teastáil de réir na croístraitéise a  leagtar amach i gCaibidil 2 Croístraitéis, Ordlathas Lonnaíochta agus Straitéis Tithíochta. 

Lonnaíocht 

Daonáireamh 2016

Réamh mheastacháin Daonáirimh 

Aonaid Chónaithe

Aonaid Chónaithe 
Féideartha laistigh de Láir na Bailte
 
Méid Talún a bheidh ag teastáil (ha) 
Baile Chláir 

1248

975

390

117

13.00

Bearna

1998

750

300

90

10.00

Órán Mór 

4990

1700

680

204

22.53

An Garrán 

*

1200

480

*

14.38

Cnoc Mhaoil Drise 

*

875

350

*

13.03

Tábla 2.4   Fás réamh-mheasta ó thaobh struchtúir daonra agus lonnaíochta
*Creatphlean Uirbeach (Féach Cuid 3 den Phlean Ceannchathartha seo)

Tá an dlúthfhás mar a leagtar amach é sa CNP ina chuid bhunúsach de phleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe lonnaíochtaí uirbeacha agus soláthróidh siad an tairbhe bharrmhaith ó infheistíocht, chomh maith lena chinntiú go mbunófar lonnaíochtaí mealltacha agus sláintiúla. Bainfidh dlúthlonnaíochtaí tairbhe níos mó as infheistíocht i mbonneagar iompair phoiblí, uisce agus fuíolluisce, agus tá gá leforáil a dhéanamh do shaoráidí fostaíochta agus pobail, agus na saoráidí sin a sholáthar freisin d’fhonn tacú le pobail seachas dórtúir a bhunú. 

Mar a leagtar amach i gCuid 2 & 3, tá mionscrúdú déanta ar gach ceann de na limistéir um Chreatphleananna Uirbeacha i gcomhthéacs na pleanála le haghaidh an dlúthfháis chun ailíniú a dhéanamh le prionsabail an CNP agus SRSE a chinntiú. 

1.9.1 Acmhainneacht Chónaitheach 

Áirítear i Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe an chathair agus a bruachbhailte, chomh maith le réimse lonnaíochtaí bailte atá i limistéar an chontae. Cuimsíonn bailte an chontae réimse leathan cineálacha teaghaise cónaithe, ó réadmhaoine móra scoite lonnaithe ar cheapacha móra talún ar imeall lonnaíochtaí go foirgnimh árasáin a tógadh le fiche bliain anuas. Chomh maith leis sin, tá go leor tithíochta den stíl fho-uirbeach le fáil ann a bhaineann le tréimhse na 1970idí go dtí an lá atá inniu ann ó thaobh dearaidh, stíle agus aoise de. 

Tá méadú suntasach tagtha ar dhaonra an Limistéir Ceannchathartha thoir le blianta beaga anuas agus meastar gurb é an timpeallacht mhealltach maireachtála, lena n-áirítear réimse leathan seirbhísí agus saoráidí áitiúla, mar aon le rochtain ar chathair na Gaillimhe agus na príomhlimistéir fhostaíochta taobh thoir na cathrach sa Pháirc Mhór agus in Órán Mór, is cúis leis sin. Leis na saintréithe seo, mar aon le rochtain ar an gcósta ag Cuan Órán Mór agus ar an tírdhreach tuath go ginearálta, is mór an acmhainneacht atá ann don fhás atá beartaithe amach anseo. 

Mar a leagtar amach thuas, nuair a chuirfear an t-uasghrádú ar stáisiún traenach Órán Mór i gcrích cuirfear saoráid shuntasach iompair phoiblí ar fáil a bheidh ina Chumasóir Fáis don Limistéar Ceannchathartha thoir. Ceadóidh seirbhísí coisithe, rothaíochta agus bus áitiúil naisc idir lonnaíochtaí sa limistéar Ceannchathartha thoir agus an líne iarnróid. Tá an ceantar mórthimpeall ar an stáisiún traenach ainmnithe ina Limistéar Forchomeádta Straitéisigh faoi Phlean Ceantair Áitiúil Órán Mór 2012-2022 agus táthar tar éis Creatphlean Uirbeach iomparthreoraithe a ullmhú maidir leis na tailte seo sa Gharrán. Beidh an Garrán, mar a leagtar amach i gCuid 3, ina limistéar dlúthlonnaíochta ardchaighdeáin nua a bheidh dírithe ar stáisiún traenach atá ar an bhfód cheana, agus soláthróidh sé sármhaitheas ó thaobh an tsaoil uirbigh de, a chuimseoidh rochtain láithreach ar iompar poiblí chomh maith le réimse saoráidí pobail agus saoráidí eile. Beidh an Garrán ina eiseamláir de chuspóirí fáis an CNP agus an SRSE chun fás a ailíniú le saoráidí iompair phoiblí, lena n-áirítear Cuspóir Beartais Náisiúnta 64 den CNP a chuireann úsáid talún chomhtháite agus pleanáil spásúlachta agus iompar poiblí chun cinn mar mhodh iompair níos fearr ná an gluaisteán príobháideach. 

Tá cáilíocht na beatha ríthábhachtach don dlúthmhaireachtáil , agus mínítear i gCuid 2 & 3 thíos mar a bheidh dearadh ardchaighdeáin comhtháite ina thréith den dlúthfhás a bheidh i gceist, rud a sholáthróidh ardchaighdeán maireachtála agus taitneamhachtaí cónaithe. 

Cuirfear comhdhlúthú lonnaíochtaí atá ar an bhfód cheana chun cinn chun láithreáin athfhorbraíochta agus láithreáin inlíonta a fhorbairt d’fhonn beogacht na lonnaíochtaí a fheabhsú. Is beag acmhainneacht atá in Órán Mór ón taobh sin, áfach, ach tá deis ag Bearna agus Baile Chláir fás a sholáthar trí chomhdhlúthú. 

1.9.2 Lár an Bhaile agus Miondíol 

Is lárphointí tábhachtacha do gach ceann de na lonnaíochtaí iad lár an bhaile agus is é an láthair traidisiúnta maidir le hearraí agus seirbhísí a thrádáil. Is foinse luachmhar fostaíochta é freisin i ngach limistéar faoi seach. Cé go raibh dúshlán roimh fheidhm mhiondíola lár an bhaile le blianta beaga anuas, cuirfidh comhdhlúthú na n-áiteanna seo, lena n-áirítear láithreáin athfhorbraíochta agus láithreáin inlíonta a fhorbairt agus saoráidí áitiúla agus pobail a sholáthar, go mór lena n-athnuachan. 

I gCaibidil 3 Comhfhorbairt Áite, Athnuachan agus an Saol Uirbeach, cuirtear béim shuntasach ar ‘Chomhfhorbairt Áite’ mar bhealach chun beocht agus mealltacht lár an bhaile a fheabhsú mar áiteanna a sholáthróidh caighdeán maireachtála tarraingteach. Tá sé seo i gcomhréir le Cuspóir Beartais Náisiúnta 4 den CNP a fhéachann le háiteanna uirbeacha mealltacha, dea-dheartha, ardchaighdeáin agus oiriúnach do dhaoine a chruthú inar féidir le pobail ilghnéitheacha agus chomhtháite taitneamh a bhaint as ardchaighdeán maireachtála agus folláine. Baineann éagsúlacht ó thaobh scála agus feidhme de le limistéir lár an bhaile i gContae Ceannchathartha na Gaillimhe agus is gá cur chuige oiriúnaithe a chur i bhfeidhm i leith gach baile ar leith. 

Mar aon le seirbhísí tráchtála, is láithreáin bhunaithe é lár an bhaile a sholáthraíonn siamsaíocht, cúram sláinte agus úsáidí pobail amhail ionaid adhartha. Cothaíonn an iliomad úsáidí seo líon níos mó custaiméirí i lár an bhaile, rud a spreagann feabhsúcháin sa réimse poiblí agus i mbonneagar fisiceach eile.

Chomh maith le bheith ina n-áiteanna mealltacha agus beoga le hoibriú iontu agus le dul ar cuairt orthu, caithfidh gach lár baile laistigh den Limistéar Ceannchathartha a bheith inrochtana do chách trí réimse de mhodhanna iompair inbhuanaithe. Ag cuimhneamh air sin, ní mór go mbeidh limistéir chónaithe agus láithreáin fostaíochta dea-nasctha le lár an bhaile, de shiúl na gcos, ar rothar nó ar iompar poiblí go hidéalach. Caithfidh lár na mbailte seo tús áite a thabhairt dóibh siúd a shiúlann isteach iontu agus do dhaoine maol-luaineachta. Bheadh an cur chuige seo i gcomhréir le Cuspóir Beartais Réigiúnach (CBR) 4.46 den SRSE a spreagann forbairtí miondíola nua chun lonnú gar do chonairí iompair phoiblí chun taisteal inbhuanaithe chuig lár na mbailte agus uathu a chumasú. 

Tá láir bhailte síorathraitheacha Chontae Ceannchathartha na Gaillimhe criosaithe le haghaidh úsáidí lár baile, agus cuirfear cur chuige seicheamhach i bhfeidhm iontu i gcomhréir leis na Treoirlínte Pleanála Miondíola agus CBR 4.45 den SRSE. Áirítear i measc úsáidí láir bhailte meascán d’úsáidí tráchtála agus úsáidí cónaithe, ar urláir uachtaracha foirgneamh tráchtála de ghnáth. Dá réir sin, spreagfar maireachtáil lár baile chun beocht a fheabhsú agus pobal bunaithe i lár an bhaile a sholáthar chun an nós traidisiúnta sin de dhaoine a bheith ina gcónaí ‘os cionn an tsiopa’, gné stairiúil den saol i mbailte agus sráidbhailte na hÉireann, a choinneáil. Bheadh sé sin i gcomhréir le Cuspóir Beartais Náisiúnta 4 den CNP ina leagtar amach go gcaithfidh lár an bhaile a bheith in ann freastal ar róil agus feidhmeanna, ar phobal cónaitheach agus fostaíocht níos mó, agus ar leibhéil feabhsaithe taitneamhachtaí agus caighdeán deartha. 

Cuirfidh na lonnaíochtaí beartaithe sa Gharrán agus i gCnoc Mhaoil Drise leis na lonnaíochtaí atá ar an bhfód cheana, seachas dul in iomaíocht leo. Déanfar athúsáid na bhfoirgneamh i lár an bhaile Cheannchathartha a spreagadh, tacófar le hoibreacha feabhsúcháin ríochta poiblí i lár an bhaile, agus úsáidfear sruthanna maoinithe nuair a bheidh a leithéid ar fáil, bíodh é sin tríd an gCiste um Athnuachan agus Forbairt Uirbeach nó trí chlár maoinithe athnuachana eile den sórt sin. 

1.9.3 Forbairt Eacnamaíoch agus Fiontraíochta 

Tá réimsí suntasacha talún fostaíochta ina gcuid de, agus in aice le, Limistéar Ceannchathartha Chontae na Gaillimhe laistigh de limistéar riaracháin Chathair agus Chontae na Gaillimhe. Tá sé beartaithe, mar a leagtar amach i gCaibidil 5 Cúrsaí Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Miondíola go mbeidh an limistéar seo ina lárphointe mór ó thaobh fhorbairt na fostaíochta de. Soláthraíonn na hionaid fhostaíochta atá ar an bhfód cheana féin, go mór mór na cinn atá lonnaithe taobh thoir de chathair na Gaillimhe, bonn fostaíochta inbhuanaithe, iomaíoch agus láidir a dhéanann freastal ar dhaonra na cathrach, daonra an chontae agus níos faide ar aghaidh. Meastar, mar sin, gur cheart an bonn fostaíochta seo a chur ar aghaidh tuilleadh trí leas a bhaint as talamh iomchuí arna criosú le haghaidh úsáidí fostaíochta, agus i dteannta a chéile, ba cheart go dtarlóidh an fás cónaithe gar do na boinn fostaíochta seo sna lonnaíochtaí dá dtagraítear thuas. Tá sainaithint na dtailte fostaíochta seo i gcomhréir leis an SRS agus go speisialta le Cuspóir Beartais Réigiúnach 3.6.5 a fhéachann le tailte a sholáthar ar chúiseanna fostaíochta i gCnoc Mhaoil Drise, sa Pháirc Mhór, ar thailte an tsean-Aerfoirt agus in Órán Mór, an Garrán san áireamh. Mar a mhionsonraítear i gCuid 2 & 3, meastar go mbeidh na lonnaíochtaí sa Gharrán agus i gCnoc Mhaoil Drise ina lonnaíochtaí mealltacha, dinimiciúla agus ceannródaíocha ina soláthraítear bonneagar comhtháite agus nua-aimseartha, lonnaithe laistigh de thimpeallachtaí maireachtála inmhianaithe a mbeidh tóir orthu mar shuíomh i measc cuideachtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. 

Mar a leagtar amach i gCuid 1.4, déantar turais gach lá ón gcontae isteach sa chathair ar chúiseanna oibre, ach léirigh anailís a rinneadh ar Dhaonáireamh 2016 go bhfuil turais á ndéanamh gach lá freisin ón gcathair agus ó na bruachbhailte go lonnaíochtaí ceannchathartha Bhaile Chláir agus Órán Mór. Léirigh na torthaí freisin go bhfuil turais á ndéanamh go háiteanna eile sa chontae, amhail Baile Átha an Rí atá sainaitheanta mar limistéar Acmhainneachta Straitéisí sa SRSE, chomh maith leis na Bailte Buntábhachtacha de Thuaim agus Béal Átha na Sluaighe. 

Chomh maith leis na tailte arna gcriosú le haghaidh úsáidí fostaíochta éagsúla sna lonnaíochtaí agus i limistéir na gCreatphleananna Uirbeacha, rinneadh staidéar freisin ar acmhainneacht fostaíochta na dtailte ag Sean-Aerfort na Gaillimhe agus tá an staidéar sin faoi cheangal in Aguisín A i gCaibidil 5, Cúrsaí Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Miondíola. Sainaithnítear sa staidéar go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann chun fostaíocht fhadtéarmach a chothú ar na tailte athfhorbraíochta seo atá mór agus tarraingteach go leor chun infheistíocht mórscála gnó, fostaíochta agus taighde a tharraingt chun na Gaillimhe, rud lena mbainfeadh mealltacht shuntasach náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá teacht ar a thuilleadh eolais faoi sin i gCaibidil 5. 

Tá cuid den Limistéar Ceannchathartha sa Chonair Eacnamaíoch Straitéisí agus tá an chuid eile de i gConair Eacnamaíoch an Atlantaigh. Cuireann na limistéir seo forbairt na fostaíochta chun cinn i nGaillimh i gcás na Conaire Eacnamaíoch Straitéisí, agus i gcontaetha an Iarthair go ginearálta i gcás Chonair Eacnamaíoch an Atlantaigh. Tá teacht ar a thuilleadh eolais faoi sin i gCaibidil 5 Cúrsaí Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Miondíola. Chomh maith leis sin, leagtar amach forálacha  i gCaibidil 15 Caighdeáin Bainistíochta Forbartha chun an líon spásanna páirceála ar chúiseanna fostaíochta laistigh de Limistéar Ceannchathartha an Chontae a laghdú, agus beidh Plean Soghluaisteachta Tráchta ag teastáil le haghaidh forbairtí fostaíochta nua agus forbairtí fostaíochta atá ar an bhfód cheana féin. 

1.9.4 Saoráidí Pobail 

Beidh soláthar saoráidí pobail agus bonneagar sóisialta laistigh de lonnaíochtaí ina gcuid riachtanach den dlúthfhás atá beartaithe don Limistéar Ceannchathartha chun taca a chur faoi fhás agus bunú pobal bríomhar sláintiúil. 

Sainaithnítear sa CNP go bhfuil sé níos éasca agus níos éifeachtaí réimse leathan seirbhísí inrochtana a sholáthar don phobal áitiúil in ionaid dlúthmhaireachtála. Beidh seirbhísí cúraim leanaí, seirbhísí oideachais agus seirbhísí cúraim sláinte ina gcuid ríthábhachtach de gach lonnaíocht agus cuirfidh siad leis na seirbhísí mórscála a chuirtear ar fáil i gcomhpháirt ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe agus atá inrochtana ó na lonnaíochtaí ceannchathartha. 

Tacaíonn Cuspóir Beartais Réigiúnach 3.6.10 den SRSE le seirbhísí cúraim leanaí, seirbhísí oideachais, seirbhísí pobail agus seirbhísí cúraim sláinte a sholáthar i dteannta le forbairt chónaithe agus fostaíochta. I limistéar PSLC Chontae na Gaillimhe, tabharfar tacaíocht chun naíolanna, lena mbaineann úsáidí eile amhail scoileanna, a chomhshuí laistigh de láithreáin fostaíochta nó gar do limistéir chónaithe chun líon na ndaoine a dhéanann turais a laghdú agus timpeallacht maireachtála dheas a chruthú le haghaidh áitritheoirí reatha agus áitritheoirí amach anseo. 

Rinneadh na lonnaíochtaí atá ar an bhfód cheana agus na Creatphleananna Uirbeacha laistigh den Limistéar Ceannchathartha a bhreithniú agus a phleanáil ag cuimhneamh ar Chuspóir Beartais Réigiúnach 9.1 den SRSE, ina luaitear gur cheart dlútháiteanna ionchuimsitheacha a thógáil trí fhreastal a dhéanamh ar fhás agus tithíocht a sholáthar trí dhlúthfhás a chothú in áiteanna a bhfuil deiseanna tithíochta gar do scoileanna, saoráidí pobail, saoráidí sláinte, siopaí agus fostaíocht. 

Den chuid is mó, is iad forbróirí, i gcomhaontas leis na páirtithe leasmhara iomchuí, a sholáthróidh saoráidí pobail. Déanfar gach iarracht maoiniú a fháil nuair is féidir chun saoráidí pobail a sholáthar agus a fheabhsú.

1.9.5 Spás Oscailte/Bonneagar Glas 

Chomh maith le rochtain a sholáthar ar shaoráidí pobail amhail tailte spóirt, ionaid phobail, leabharlanna, naíolanna agus scoileanna, is gá spás oscailte éighníomhach a chur ar fáil freisin a thugann rochtain ar an timpeallacht nádúrtha agus an tuath oscailte laistigh den chúlchríoch ceannchathartha. Is mór an tairbhe a bhaineann limistéar as spás oscailte, lena n-áirítear timpeallacht mhealltach shláintiúil a chur ar fáil dóibh siúd a chónaíonn ann agus dóibh siúd a thagann ann ar cuairt, agus tacaíonn sé leis an bhfiadhúlra agus leis an mbithéagsúlacht freisin. Trí spás oscailte a sholáthar, cosnaítear áiteanna ardtaitneamhachta agus áiteanna áille sa limistéar ceannchathartha mar a leagtar amach sa Mheasúnú ar Shaintréithe Tírdhreacha an chontae agus i gCaibidil 7 Turasóireacht agus Tírdhreach. 

Mar a léirítear i bhfíor 2 thuas, is ann do spásanna glasa/spásanna oscailte arna n-úsáid ag áitritheoirí agus cuairteoirí ar fud an dá limistéar riaracháin. Tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí an phlean seo líonra Ceannchathartha de spásanna oscailte, páirceanna, conairí glasa agus conairí eile a chur chun cinn. Mar a leagtar amach i gCuspóir Beartais Réigiúnach 3.6.13 den SRSE, tá tacaíocht ann chun Líonra Glasbhealaigh straitéisigh a chur ar fáil do na limistéir chun Rotharbhealach Náisiúnta Bhaile Átha Cliath-Ghaillimh, an Glasbhealach Cósta ó Órán Mór go Bearna agus an Glasbhealach ó Ghaillimh go dtí an Clochán a chuimsiú. Tá breis eolais le fáil maidir le tábhacht an bhonneagair ghlais i gCaibidil 9 Oidhreacht Nádúrtha, Bithéagsúlacht agus Bonneagar Glas. 

Fíor 2    Líonra Glas 

1.9.6 Bonneagar 

Maidir le bonneagar a sholáthar, luaitear i gCuspóir Beartais Náisiúnta 9 den CNF go gcinnteoidh straitéis chomhtháite ailíniú le hinfheistíocht bonneagair, agus go mbeidh gá le fostaíocht a sholáthar, mar aon le conláistí agus seirbhísí tacaíochta sna limistéir atá le glacadh le fás suntasach. Beidh infheistíocht sa bhonneagar laistigh den Limistéar Ceannchathartha ina tosaíocht mar bhealach chun mealltacht an limistéir a choinneáil agus a mhéadú mar áit le bheith ag maireachtáil agus ag obair inti. Soláthrófar forbairt chomhordaithe amach anseo trí dhlúth chomhoibriú a dhéanamh le gníomhaireachtaí stáit, trí rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara agus le heagraíochtaí eile, mar aon le sruthanna maoinithe bonneagair a fháil de réir mar a bheidh siad le fáil. Áireofar sa bhonneagar agus san acmhainn bonneagair a sholáthrófar líonraí iompair fisiceacha ilmhódacha, teicneolaíochtaí digiteacha/cliste, mar aon le bonneagar sóisialta agus pobail. 

Tá acmhainn cóireála fuíolluisce i bhfeidhm cheana féin laistigh den Limistéar Ceannchathartha chun freastal a dhéanamh ar an bhfás réamh-mheasta foriomlán suas go 2028. Féadfaidh go mbeidh mionfheabhsúcháin líonra ag teastáil ar stáisiúin chaidéalúcháin áitiúla chun acmhainn iomlán a chinntiú i gceantair áirithe de na lonnaíochtaí ceannchathartha. 

Baineann Cumasóir Fáis ríthábhachtach arna shainaithint sa CNP le Staidéar Draenála do Mhórcheantar na Gaillimhe a sheachadadh. 
Is píosa bonneagair ríthábhachtaigh é seo atá ag teastáil chun fás agus forbairt inbhuanaithe sa Limistéar Ceannchathartha amach anseo a chinntiú. Tacaíonn an CNP freisin le fás trí limistéir láithreán úrnua a chur ar fáil le haghaidh tithíochta, mar aon le hiompar poiblí agus bonneagar tacaíochta eile. 

I measc na bpíosaí eile de bhonneagar ríthábhachtach atá ag teastáil chun forbairt an Limistéir Cheannchathartha a dhaingniú, tá na forálacha arna leagan amach laistigh de Straitéis Iompair na Gaillimhe agus Straitéis Iompair Chontae na Gaillimhe agus Cuarbhóthar na Gaillimhe a sheachadadh. 

Príomhchumasóir fáis eile a éascóidh an dlúthmhaireachtáil uirbeach agus a laghdóidh an spleáchas ar ghluaisteáin phríobháideacha ná iompar iarnróid a chur chun cinn, go mór mór ag stáisiún Órán Mór leis an uasghrádú atá beartaithe chun minicíocht na seirbhísí iarnróid a mhéadú. Déantar tagairt sa SRSE don bhonneagar iarnróid a fheabhsú nuair a léirítear i gCuspóir Beartais Réigiúnach 3.6.9 tacaíocht chun iarnród dériain a sholáthar idir Gaillimh agus Baile Átha Luain. Soláthróidh feabhsúcháin bonneagair mar seo réimse tairbhí do PSLC na Gaillimhe agus do cheantair eile laistigh den chontae. 

1.9.7 Athrú Aeráide agus Tuile 

Mar a leagtar amach i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn In-Athnuaite, imríonn an t-athrú aeráide tionchar díreach i gcónaí ar shaol daoine, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Féachann an plean le pobail dea-phleanáilte a chruthú ina laghdófar na hachair taistil ar an oideachas, ar an obair agus ar sheirbhísí, ina gcuirfear feabhas ar shaoráidí siúil agus rothaíochta agus ina ndéanfar foinsí áitiúla fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhtháthú. Tháinig Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022- 2028 faoi réir Measúnachta Straitéisí ar Riosca Tuilte (MSRT).

Freagróidh dlúthfhorbairt uirbeach ar an athrú aeráide trí theicneolaíochtaí um fhoirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh a dhearadh agus a sholáthar, agus trí Chórais Inbhuanaithe Draenála Uirbí (CIDU a ionchorprú ar chúiseanna bainistíochta uisce dromchla. Is féidir réitigh nuálacha CIDU a úsáid freisin chun feabhas a chur ar an mbithéagsúlacht laistigh de shráideanna agus spásanna oscailte. 

1.9.8 Cúlchríoch Ceannchathartha 

Leagtar amach i gCaibidil 4 Saol agus Forbairt Tuaithe cur chuige i leith tithíochta tuaithe agus forbartha tráchtála faoin tuath. Cumhdaíonn Straitéis Pleanála Iompair Chontae na Gaillimhe limistéir chúlchríocha an Limistéir Cheannchathartha agus sainaithnítear inti limistéir ardbhrú ina bhfuil gá le tithíocht uirbeach a thógáil. 

Éilíonn Cuspóir Beartais Náisiúnta 62 den CNP nascacht níos fearr le líonraí straitéiseacha níos leithne, cosc a chur ar chomhtháthú lonnaíochtaí agus fairsingiú straitéiseach fadtéarmach na limistéar uirbeach a spreagadh. 

Níl forbairt bhreise na tithíochta uirbí i limistéir chúlchríocha ag teacht le cuspóirí uileghabhálacha an CNP agus an SRSE agus is rud frithiomasach é nuair a smaoinítear ar na múnlaí fáis maidir le dlúthfhás inbhuanaithe. Beidh teorainn leis an méid forbartha a cheadófar, mar a leagtar amach i gCaibidil 4 den phlean seo. Beidh an fhorbairt le haghaidh úsáidí cónaithe agus fostaíochta dírithe laistigh de na lonnaíochtaí ceannchathartha d’fhonn cur chuige comhordaithe agus barrmhaith a chinntiú i leith infheistíochta i saoráidí cónaithe, saoráidí tráchtála, saoráidí fostaíochta agus saoráidí pobail. 

1.10 Criosú Úsáide Talún do Limistéir Cheannchathartha Chontae na Gaillimhe 

Cuspóirí um Chriosú Úsáide Talún do Limistéir Cheannchathartha Chontae na Gaillimhe 

LCCG 1    Forbairt Chónaithe 

Tacú le forbairt na dtailte arna sainaithint mar thailte Cónaithe (Céim 1) le linn shaolré an Phlean Forbartha Contae, faoi réir gnáthcheanglais pleanála, rochtana agus seirbhísithe, agus na tailte arna sainaithint mar thailte Cónaithe (Céim 2) a fhorchoimeád le haghaidh riachtanais fáis fadtéarmacha an limistéir. Ní bheidh tailte Cónaithe (Céim 2) infhorbartha de ghnáth le linn shaolré an Phlean seo, seachas na forbairtí seo a leanas a d’fhéadfadh an tÚdarás Áitiúil breithniú a dhéanamh orthu le linn shaolré an Phlean Forbartha Contae seo, faoi réir cás oiriúnach a dhéanamh le haghaidh ceann de na tograí seo a leanas: 

  1. Forbairtí tithe aonair le haghaidh ball teaghlaigh ar thailte faoi úinéireacht teaghlaigh
  2. Forbairtí neamhchónaithe atá oiriúnach do chomhthéacs an tsuímh, d’aon chonláiste cónaithe atá ar an bhfód cheana féin agus do phatrún reatha na forbartha sa limistéar sin.
  3. I gcás gur léir nach bhféadtar nó nach ndéanfar tailte Cónaithe (Céim 1) a fhorbairt laistigh de thréimhse an phlean, seans go dtabharfaí faoi fhorbairt chónaithe ar bhonn céimnithe ar thailte Cónaithe (Céim 2) áirithe.

Tiocfaidh na heisceachtaí thuasluaite faoi réir chomhlíonadh na nithe seo a leanas: an Chroístraitéis sa Phlean Forbartha Contae; na Cuspóirí Beartais sa Phlean Ceannchathartha; prionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inchothaithe; agus gnáthcheanglais phleanála, inrochtana agus seirbhísithe. Ní cheadófar forbairtí ach amháin sa chás go ndéantar cás dea-bhunaithe chun sástacht an Údaráis Phleanála agus nach ndéanfaidh an fhorbairt dochar d’úsáid na dtailte amach anseo d’fhonn freastal ar riachtanais fáis fadtéarmacha an limistéir cheannchathartha seo.

LCCG 2   Forbairt Lár an Bhaile 

Díreofar go príomha ar Lár an Bhaile sa Limistéar PSLC mar áit chun forbairtí nua miondíola agus tráchtála a lonnú agus déanfar iarracht ar an gcéad dul síos foirgnimh atá ar an bhfód cheana féin ar na sráideanna tráchtála reatha a athúsáid. Áiritheoidh an tÚdarás Pleanála go mbeidh suíomh forbartha miondíola amach anseo i gcomhréir leis na príomhchuspóirí beartais agus leis an ord tosaíochta, mar a leagtar amach iad faoi Mhír 4.4 go 4.6 de na Treoirlínte um Pleanáil Miondíola Údaráis Pleanála 2012 (agus in aon doiciméad nuashonraithe/doiciméad eile a thagann ina áit sin), agus beidh Measúnachtaí Tionchair Miondíola, lena n-áirítear sonraí maidir leis an gcur chuige seicheamhach agus Ráitis Dearaidh le haghaidh forbairtí miondíola de réir na dTreoirlínte Pleanála Miondíola, ag teastáil freisin. 

LCCG 3   Forbairt Tráchtála/Úsáide Measctha 

Foráil a dhéanamh maidir le forbairtí tráchtála agus forbairtí úsáide measctha a dhéanamh, ar thailte oiriúnacha a thugann lárphointe chun seirbhísí a sholáthar do chomharsanachtaí/limistéir mórthimpeall agus deiseanna a chur ar fáil le haghaidh fiontraíochtaí tráchtála, forbairtí miondíola agus chun fostaíocht a chruthú, le gné d’úsáid chónaithe de réir mar is cuí. 

LCCG 4   Forbairt Chónaithe Inlíonta Lár an Bhaile 

Foráil a dhéanamh le haghaidh forbartha cónaithe ar thailte i Lár an Bhaile, lena n-áirítear ar láithreáin inlíonta, agus aird á tabhairt ar na leibhéil dlúis iomchuí is féidir a chothú agus ar rochtain ar bhonneagar poiblí agus sóisialta. 

LCCG 5   Úsáidí Lár an Bhaile 

Beogacht agus inmharthanacht lár an bhaile a chosaint agus a fheabhsú trína chinntiú go bhfanann sé ina phríomháit mhiondíola, thráchtála agus úsáide measctha, agus cosc a chur ar leathadh úsáide nó úsáidí eile nach gcuireann le beogacht agus inmharthanacht lár an bhaile, i dtuairim an Údaráis Áitiúil. 

LCCG 6   Creatphleananna Uirbeacha 

Tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’fhorbairt na gCreatphleananna Uirbeacha, agus meascán sláintiúil inbhuanaithe de dhlús cónaithe agus saoráidí áisiúla a spreagadh laistigh de limistéir na bpleananna. 

LCCG  7 Gnó agus Fiontraíocht 

Tacaíocht a thabhairt do Chontae Ceannchathartha na Gaillimhe mar thionscnóir fhorbairt na fostaíochta i réigiún an iarthuaiscirt, ag baint leasa as sócmhainní reatha amhail rochtain ar bhraislí fostaíochta idirnáisiúnta bunaithe, iompar poiblí inbhuanaithe agus rochtain ar lucht saothair sciliúil a bhfuil ardoideachas orthu. 

LCCG 8   Tailte an tSean-Aerfoirt 

An suíomh fostaíochta straitéiseach seo a sholáthar laistigh den PSLC i gcomhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. 

LCCG 9   Tionsclaíocht 

Tacaíocht agus spreagadh a thabhairt maidir le tailte arna gcriosú mar thailte tionsclaíocha agus tailte chun críocha úsáidí fostaíochta laistigh den limistéar PSCL a fhorbairt i gcomhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe, gan dochar a dhéanamh don chonláiste cónaithe. 

LCCG 10   Turasóireacht 

Rachaidh an Chomhairle i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara iomchuí chun cur le geilleagar turasóireachta reatha na Gaillimhe. Tabharfar tacaíocht d’fhorbairt iomchuí turasóireachta in áiteanna oiriúnacha i gcomhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe. 

LCCG 11   Saoráidí Pobail 

Cur chun cinn a dhéanamh ar sholáthar agus feabhsú réimse leathan saoráidí pobail laistigh de phobail reatha agus pobail nua laistigh den PSCL. 

LCCG 12   Bonneagar Iompair 

Éascaíocht a dhéanamh maidir le bonneagar riachtanach iompair a sholáthar agus a chothabháil, lena n-áirítear bóithre poiblí, cosáin, rotharbhealaigh, stadanna an bhus agus tírdhreachtú, mar aon le hoibreacha riachtanacha gaolmhara, de réir mar is cuí. Beidh bóithre nua faoi réir measúnuithe ar riachtanais agus próisis roghnúcháin mionsonraithe maidir le conairí agus bealaí, agus cuirfear srianta agus deiseanna comhshaoil, inter alia, san áireamh freisin. 

LCCG 13    Spás Oscailte, Áineas agus Conláiste 

Cur chun cinn a dhéanamh ar bhainistíocht, úsáid agus/nó forbairt inbhuanaithe (de réir mar is cuí) na dtailte Spáis Oscailte laistigh den limistéar PSLC. 
Áirítear leis sin: 

a)    Spásanna oscailte agus gníomhaíochtaí áineasa a fhorbairt, i gcomhréir le dea-chleachtas agus ar thailte oiriúnacha óna bhfuil rochtain leordhóthanach ar an bpobal áitiúil, agus spás oscailte agus saoráidí áineasa atá ar an bhfód cheana a choinneáil, ach amháin i gcás gur féidir a thaispeáint go soiléir chun sástacht Chomhairle Contae na Gaillimhe nach bhfuil na saoráidí sin ag teastáil ón bpobal a thuilleadh;

b)    Bainistíocht iomchuí a dhéanamh ar, agus úsáid iomchuí a bhaint as, aon limistéir laistigh den zón Suirbhéireachta Ordanáis lena mbaineann baol tuile chun riosca agus tionchar féideartha tuile a sheachaint, a laghdú agus/nó a mhaolú, de réir mar is cuí;

c) Bainistíocht iomchuí a dhéanamh ar, agus úsáid iomchuí a bhaint as, limistéir ar bith a mbaineann ardluach bithéagsúlachta leo.

LCCG 14 Bonneagar a sholáthar 

Comhoibreoidh an Chomhairle le gníomhaireachtaí reachtúla, lena n-áirítear Comhairle  Cathrach na Gaillimhe chun bonneagar amhail feabhsúcháin iarnróid, Straitéis Iompair na Gaillimhe -  Cuarbhóthar na Gaillimhe N6, agus Staidéar Draenála do Mhórcheantar na  Gaillimhe a sheachadadh don cheantar MASP uile. 

LCCG 15 Fóntais Phoiblí 

Soláthar agus cothabháil de bhonneagar riachtanach fóntas poiblí a a éascú, mar aon leis na saoráidí agus úsáidí coimhdeacha riachtanacha, de réir mar is cuí. 

LCCG 16 Dlús/Tíopeolaíocht 

Réimse tíopeolaíochta a chur i bhfeidhm ar fud na mbailte ceannchathartha, lena n-áirítear limistéir na gcreatphleananna uirbeacha atá i gcomhréir le soláthar bonneagair riachtanaigh, lena n-áirítear soláthar iompair phoiblí inbhuanaithe. 

LCCG 17 Foirgnimh Níos Airde 

Measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na mbailte ceannchathartha, lena n-áirítear limistéir na gcreatphleananna uirbeacha chun freastal ar fhoirgnimh arda de réir uaillmhianta an CNP agus an SRSE. 

LCCG 18 Criosanna Tuilte agus Úsáidí Talún Iomchuí (Déan tagairt do na  léarscáileanna tuilte do Bhaile Chláir agus Órán Mór agus do na Creatphleananna Uirbeacha  do Chnoc Mhaoil Drise agus an Garrán) 

(a). Crios Tuile A agus Crios Tuile B a chosaint ó fhorbairt mhíchuí agus forbairtí/úsáidí talún a dhíriú isteach sa Chrios Tuile iomchuí i gcomhréir leis an bhfoilseachán ‘An Córas Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuilte - Treoirlínte Pleanála d’Údaráis Áitiúla 2009’ (nó aon doiciméad a thagann ina áit sin) agus an treoir a leagtar amach sa Lámhleabhar Deartha, Caighdeán 70, Tuile. Sa chás go mbeartaítear forbairt/úsáid talún laistigh den Chrios Talún a mheastar míchuí, ní mór Tástáil Fírinnithe Bainistíochta Forbartha agus Measúnacht ar Bhaol Tuile Suíomhoiriúnaithe a chur leis an togra forbartha, i gcomhréir leis na critéir arna leagan amach san fhoilseachán ‘An Córas Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuilte - Treoirlínte Pleanála d’Údaráis Áitiúla 2009’ agus Ciorclán PL2/2014 (nó in aon doiciméad nuashonraithe/doiciméad eile a thagann ina áit sin). 


(b). A chinntiú go gcuirfear Measúnacht Riosca Suíomhoiriúnaithe le tograí forbartha i leith limistéir arna sainaithint i mBearna, Baile Chláir agus Órán Mór agus i gCreatphleananna Uirbeacha do Chnoc Mhaoil Drise agus don Gharrán laistigh de Chrios Tuile C a mbaineann baol tuile leo ó fhoinsí eile (e.g. limistéir de thuile bháistiúil/screamhuisce táscaí agus d’ithir gláir),  i gcomhréir leis na critéir arna leagan amach san fhoilseachán ‘An Córas Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuilte - Treoirlínte Pleanála d’Údaráis Áitiúla 2009’ agus Ciorclán PL2/2014 (nó in aon doiciméad nuashonraithe/doiciméad eile a thagann ina áit sin). 

I gcás tograí forbartha i ngach limistéar eile de Chrios Tuile C, ba cheart don fhorbróir é/í féin a shásamh go bhfuil an leibhéal baol tuilte i gcomhréir leis an bhforbairt arna beartú. Sa chás, i dtuairim an Údaráis Áitiúil, go bhfuil an togra forbartha chomh mór sin go gcaithfear breithniú a dhéanamh ar bhaol tuile (m.sh. go mbeidh limistéir shuntasacha cruastad á gcruthú, rud a d’fhéadfadh an méid uisce a ritheann chun srutha a mhéadú go mór), féadfaidh an tÚdarás Áitiúil a iarraidh go ndéanfar measúnacht baol tuilte suíomhoiriúnaithe, i gcomhréir leis na critéir arna leagan amach san fhoilseachán ‘An Córas Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuilte - Treoirlínte Pleanála d’Údaráis Áitiúla 2009’ agus Ciorclán PL2/2014 (nó in aon doiciméad nuashonraithe/doiciméad eile a thagann ina áit sin). 

LCCG 19 Cuspóir um Úsáid Shrianta Talún 

Éascaíocht a dhéanamh maidir le bainistíocht iomchuí agus úsáid inbhuanaithe baol tuilte laistigh de limistéir arna bhforbairt roimhe seo. 

Baineann an criosú seo le limistéir arna bhforbairt roimhe seo amháin agus cuireann sé srian le forbairtí nua, á aithint go bhféadfadh go mbeidh forbairt mhionscála de dhíth ar fhorbairtí reatha laistigh de na criosanna seo, mar a leagtar amach thíos, le linn shaolré an Phlean, rud a d’fhéadfadh cur leis an dlúthfhorbairt uirbeach inbhuanaithe a leagtar amach sa PSLC. 

Meastar go bhfuil an criosú bunúsach nó na húsáidí ceadaithe reatha inghlactha i bprionsabal i gcás mionfhorbairtí ar fhoirgnimh reatha (amhail síntí beaga le tithe, formhór na n-athruithe úsáide ar fhoirgnimh reatha nach dócha a chothóidh saincheisteanna suntasacha ó thaobh tuilte de, ar choinníoll nach gcuirfidh siad bac ar shreabhchonairí tábhachtacha, nach dtabharfaidh siad líon mór daoine nua isteach i limistéar baol tuilte ná nach n-úsáidtear iad chun substaintí guaiseacha a stóráil. 


LCCG 20 Suíomhanna Sonracha Baol Tuilte (Déan tagairt de Léarscáileanna Tuilte Bhaile Chláir, Bhearna agus Órán Mór agus na Creatphleananna Uirbeacha do Chnoc Mhaoil Drise agus an Garrán)

Ní mór Measúnacht Riosca Suíomhoiriúnaithe atá i gcomhréir le Caibidil 5 ‘Bainistíocht Forbartha Tuilte’ den fhoilseachán ‘An Córas Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuilte - Treoirlínte Pleanála d’Údaráis Áitiúla 2009’  a chur isteach le hiarratais ar chead pleanála i ndáil le tailte i mBaile Chláir, Bearna agus Órán Mór agus sa Chreatphleananna Uirbeacha do Chnoc Mhaoil Drise agus don Gharrán arna sainaithint mar thailte atá laistigh de limistéir bháistiúla Réamh-mheasúnú Riosca Tuilte (PFRA) lasmuigh de Chrios Tuilte Tháscaigh A ar na Léarscáileanna Tuilte. Is saineolaithe atá cáilithe go hoiriúnach agus a bhfuil taithí hidreolaíoch acu a ullmhóidh na measúnachtaí sin agus déanfaidh siad rioscaí agus iarmhairtí aon mhaolaithe riachtanaigh a chainníochtú, mar aon leis na bearta is gá nó na bearta atá beartaithe chun rioscaí iarmharacha a bhainistiú. 

LCCG  21 Cúlchríoch Ceannchathartha 

Cloífear leis na critéir arna leagan amach sna cuspóirí beartais i gCaibidil 4 Saol na Tuaithe agus Forbairt maidir le forbairtí tí aonair lonnaithe ar thailte talmhaíochta lasmuigh de na lonnaíochtaí Baile Chláir, Bearna agus Órán Mór agus lasmuigh de na Creatphleananna Uirbeacha. 

LCCG 22 Saintithíocht 

Ceangal a chur i bhfeidhm go gcuirfear íoslíon 10% de shuíomhanna cónaithe incháilithe nua ar leataobh d’fhonn aonaid tithíochta sóisialta agus saintithíochta a fhorbairt, ach amháin sa chás go gcomhaontaítear socruithe oiriúnacha eile leis an Údarás Áitiúil, i gcomhréir le Straitéis Tithíocht Chontae na Gaillimhe agus Cuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus aon leasuithe a ndéanfar ar fhoráil Chuid V ina dhiaidh sin chun beartas an Rialtais a léiriú. 

LCCG 23 Maitrís um Chriosú Úsáide Talún 

Úsáidí talún éagsúla a dhíriú isteach i gcrios(anna) úsáide talún iomchuí, i gcomhréir leis na cuspóirí úsáide talún agus an mhaitrís um chriosú úsáide talún ar a chúl seo. A chinntiú go bhfuil úsáidí talún beartaithe laistigh de Bhaile Chláir, Bearna agus Órán Mór agus na Creatphleananna Uirbeacha do Chnoc Mhaoil Drise agus don Gharrán comhoiriúnach le húsáidí talún reatha agus ag teacht le saintréithe an limistéir. 

1.10.1 Criosanna Úsáid Talún 

Léirítear sa tábla seo a leanas an criosú úsáide talún atá beartaithe laistigh de Limistéar Ceannchathartha an Chontae: 

Criosú Cuspóir Tuairisc
Cónaithe & Cónaithe Inlíonta Reatha Conláistí cónaithe i limistéir chónaithe reatha a chosaint agus a fheabhsú.

Foráil a dhéanamh d’fheabhsúcháin tí, leasúcháin tí, síntí tí agus forbairt inlíonta iomchuí, i gcomhréir le prionsabail an dea-dhearaidh agus ag déanamh conláiste cónaithe reatha a chosaint.

Cónaitheach Céim 1 Limistéir chónaithe a chosaint, a sholáthar agus a fheabhsú laistigh de shaolré an phlean seo.

Soláthar forbairtí nua ardchaighdeáin a éascú ar dhlúis iomchuí agus a chinntiú go bhfuil an leagan amach agus an dearadh nasctha le lár an bhaile agus le saoráidí pobail. Meascán iomchuí a chur ar fáil ó thaobh mhéid, cineál agus tionacht na dtithe chun freastal a dhéanamh ar riachtanais teaghlaigh agus chun pobail chothromaithe a chur ar fáil.

Cónaitheach Céim 2 Limistéir chónaithe a chosaint, a sholáthar agus a fheabhsú. 

Soláthar forbairtí nua ardchaighdeáin a éascú ag dlúis iomchuí agus a chinntiú go bhfuil an leagan amach agus an dearadh nasctha le lár an bhaile agus le saoráidí pobail. De ghnáth, ní bhíonn forbairtí cónaithe Chéim 2 infhorbartha le linn shaolré an phlean seo, faoi réir na bhforálacha arna leagan amach thíos. 

(* Forbairtí tithe aonair le haghaidh ball teaghlaigh ar thailte faoi úinéireacht teaghlaigh: 

*    Forbairtí neamhchónaithe atá oiriúnach do chomhthéacs an tsuímh, d’aon chonláiste cónaithe atá ar an bhfód cheana féin agus do phatrún reatha na forbartha sa limistéar sin;

*    I gcás gur léir nach féidir nó nach ndéanfar tailte Cónaithe (Céim 1) a fhorbairt laistigh de thréimhse an phlean, seans go dtabharfaí faoi fhorbairt chónaithe ar bhonn céimnithe ar thailte Cónaithe (Céim 2).

Forbairtí Lár an Bhaile/Cónaithe Inlíonta

Conláiste cónaithe a chosaint, a sholáthar agus a fheabhsú i príomhláithreáin  i lár an bhaile le linn shaolré an phlean seo.  Éascaíocht a dhéanamh maidir le forbairtí cónaithe ardchaighdeáin nua a sholáthar ar an dlús iomchuí laistigh de láithreáin i Lár an Bhaile. 
Meascán iomchuí a chur ar fáil ó thaobh mhéid, cineál agus tionacht na dtithe chun freastal a dhéanamh ar riachtanais teaghlaigh agus chun pobail chothromaithe a chur ar fáil. 
Lár an Bhaile/Tráchtáil Foráil a dhéanamh chun úsáidí lár an bhaile iomchuí a fhorbairt agus a fheabhsú, lena n-áirítear úsáidí miondíola, tráchtála, oifige agus sibhialta/pobail, chomh maith le foráil a dhéanamh le haghaidh cóiríochta scéime cónaithe ‘Maireachtáil os cionn an tSiopa’, nó cóiríocht choimhdeach eile. Lár an bhaile mar atá sé a fhorbairt agus a chomhdhlúthú chun feabhas a chur ar a bheogacht agus inmharthanacht, agus forbairtí iomchuí tráchtála agus cónaithe a dhlúthú, rud a chinnteoidh go mbeidh meascán ann ó thaobh úsáidí tráchtála, áineasa agus sibhialta de.
Tráchtáil/Úsáid Mheasctha Foráil a dhéanamh d’fhorbairtí tráchtála agus forbairtí úsáide measctha a dhéanamh, ar thailte oiriúnacha a thugann lárphointe chun seirbhísí a sholáthar do chomharsanachtaí/limistéir mórthimpeall agus deiseanna a chur ar fáil le haghaidh fiontraíochtaí tráchtála, forbairtí miondíola agus chun fostaíocht a chruthú, gan cur isteach ar bheogacht agus inmharthanacht an bhaile. Éascaíocht a dhéanamh maidir le limistéir fhostaíochta reatha a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh, agus deiseanna a éascú chun forbairtí ardchaighdeáin tráchtála/úsáide measctha a fhorbairt i dtimpeallacht fhisiceach ardchaighdeáin.
Tionsclaíocht Cur chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe úsáidí tionsclaíocha agus úsáidí a bhaineann leis an tionsclaíocht, lena n-áirítear déantúsaíocht, próiseáil ábhar, trádstóráil agus dáileadh ar thailte oiriúnacha, le seirbhísí agus saoráidí leordhóthanacha agus ardleibhéal rochtana ar phríomhlíonraí bóithre agus saoráidí iompar phoiblí. Éascaíocht a dhéanamh maidir le limistéir fhostaíochta reatha a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh, agus deiseanna a éascú chun forbairtí ardchaighdeáin tionsclaíocha a fhorbairt i dtimpeallacht fhisiceach ardchaighdeáin.

Gnó agus Teicneolaíocht

 

 

Foráil a dhéanamh chun gnó agus teicneolaíocht a fhorbairt. Éascaíocht a dhéanamh maidir le limistéir fhostaíochta reatha a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh-, agus deiseanna a éascú chun forbairtí ardchaighdeáin gnó agus teicneolaíochta a fhorbairt i dtimpeallacht fhisiceach ardchaighdeáin.
Gnó agus Fiontraíocht Foráil a dhéanamh chun gnó agus fiontraíocht a fhorbairt. Éascaíocht a dhéanamh maidir le limistéir fhostaíochta reatha a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh-, agus deiseanna a éascú chun forbairtí ardchaighdeáin gnó agus fiontraíochta a fhorbairt i dtimpeallacht fhisiceach ardchaighdeáin.
Saoráidí Pobail Foráil a dhéanamh do shaoráidí sibhialta, pobail agus oideachais. Éascaíocht a dhéanamh maidir le bonneagar riachtanach pobail, sláinte, creidimh, oideachais, sóisialta agus sibhialta.
Imeall an Chósta Imeall an chósta a chosaint agus a fheabhsú. Cosaint agus feabhsú imeall an chósta a cheadú, de réir mar is cuí mar acmhainn straitéiseach ardchonláiste, agus deiseanna siamsaíochta, caomhnaithe agus conláiste áitiúil a chur ar fáil.
Spáis Oscailte/ Áineas agus Conláiste Spás oscailte reatha a chosaint agus a fheabhsú agus foráil a dhéanamh do spás siamsaíochta agus conláiste. Éascaíocht a dhéanamh maidir le tuilleadh spásanna oscailte gníomhacha reatha, limistéir aclaíochta foirmiúla, tailte spóirt agus páirceanna spóirt a fhorbairt agus a fheabhsú.

Turasóireacht

 

Acmhainn chultúir, stairiúil agus turasóireachta a chur chun cinn agus a spreagadh i gcás gach ceann de na SGTanna. Éascaíocht a dhéanamh maidir le saoráidí turasóireachta atá ar an bhfód cheana i gcuid de na SGTanna a fhorbairt agus a fheabhsú. Forbairt agus infheistíochta turasóireachta nua a spreagadh de réir mar is cuí.
Fóntas Poiblí Cothabháil a dhéanamh ar thailte a sholáthraíonn bonneagar seirbhíse. A chur san áireamh go gcaithfear tailte a ainmniú le haghaidh fóntas poiblí amhail córais cóireála fuíolluisce.
Bonneagar Iompair Éascaíocht a dhéanamh maidir le bonneagar riachtanach iompair a sholáthar agus a chothabháil. A chur san áireamh go gcaithfear tailte a fhorchoimeád chun bóithre poiblí, cosáin, calafoirt, canálacha, rotharbhealaí, stadanna an bhus agus tírdhreachú a éascú, mar aon le haon oibreacha coimhdeacha, de réir mar is cuí.

1.10.2     Maitrís um Chriosú Úsáide Talún do Limistéar Ceannchathartha Chontae na Gaillimhe

Úsáidí Talún

TC

R

CF

OS

T

I

BE

BT

CE

PU

TI

ÚTT

TC

R

CF

OS

T

I

BE

BT

CE

PU

TI

Siamsaíocht

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

ATM

P

O

O

N

O

O

O

O

N

N

N

Banc/Cumann Foirgníochta

P

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Beár/Bialann

P

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

B&B (Leaba is Bricfeasta)1

O

O1

N

N

O

N

N

N

N

N

N

Oifig Gheallghlacadóra

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Conchró Coinneála

N

N

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Caifé2

P

O

O2

N

P

O2

O2

N

N

N

N

Páirc Charbhán – Saoire

N

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

Íoc is Iompair

N

N

N

N

N

O

O

N

N

N

N

Trádáil Ócáideach

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

Pictiúrlann

P

N

O

N

O

N

N

N

N

N

N

Ionad Comhdhála

P

N

O

N

O

N

P

O

N

N

N

Ionaid Sonraí/Ionaid Óstála Gréasáin

P

N

N

N

N

O

P

P

N

N

N

Bialann Charrsheirbhíse

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Ionad Fiontraíochta

O

N

N

N

N

O

P

O

N

N

N

Tionscal Eastóscach

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Ionad Garraíodóireachta

O

N

N

O*

N

N

O

N

N

N

N

Dochtúir Teaghlaigh & Seirbhísí Leighis Gaolmhara

P

O

O

N

N

N

O

N

N

N

N

Lóistín1

P

O1

N

N

P

N

N

N

N

N

N

Gruagaire/Pearsanta/Grúmaeireacht

P

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Gníomhaíocht Gheilleagrach bunaithe sa Bhaile1

O

O1

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Brú Óige

P

O

O

N

P

N

N

N

N

N

N

Óstán

P

O

N

N

P

N

N

N

N

N

N

Iosta Breosla Baile

N

N

N

N

N

O

O

N

N

N

N

Tionsclaíocht

N

N

N

N

N

P

O

N

N

N

N

Aonaid Lóistíochta, Stórála agus Dáilte

N

N

N

N

N

P

O

O

N

N

N

Taifeadadh Meán agus Úsáidí Meán Ginearálta lena mbaineann

O

O

N

N

N

O

P

O

N

N

N

Seomra Taispeántais Díolacháin Mótar

O

N

N

N

N

O

O

N

N

N

N

Club Oíche

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

Oifig (<100m2)

P

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Ofig (100m2 go 1000m2)

O

N

N

N

N

O

O

N

N

N

N

Páirc Oifigí (> 1000m2)

N

N

N

N

N

O

O

P

N

N

N

Stáisiún Peitril

O

N

N

N

N

O

O

N

N

N

N

Seirbhísí Gairmiúla/Eile

P

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Bialann

P

N

N

N

P

N

N

N

N

N

N

Gnó Eolaíocht agus Teicneolaíocht-bhunaithe

O

N

N

N

N

P

P

P

N

N

N

Clós Conamair

N

N

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Garáiste Seirbhísí

O

N

N

N

N

O

O

N

N

N

N

Siopa - Ar bhonn Comparáide

P

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Siopa - Áise

P

O

N

N

O

N

N

N

N

N

N

Siopaí – Ionad Mór Áise/Comparáide

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Déantúsaíocht Bheag

N

N

N

N

N

P

O

N

N

N

N

Iosta Stórála

N

N

N

N

N

P

O

O

N

N

N

Bialann Beir Leat

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

Iosta Iompair

N

N

N

N

N

O

O

N

N

O

N

Ionad Cúraim Tréidlia

O

O

N

N

N

O

O

N

N

N

N

Trádstóráil (Mórdhíol san áireamh)

N

N

N

N

N

P

O

N

N

N

N

Trádstóráil (Miondíol/Neamhbhia<700m2)3

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Trádstóráil (Miondíol/Neamhbhia/Earraí Tí Toirtiúla 700m2 – 5,000m2)3

N

N

N

N

N

N

O

N

N

N

N

Úsáidí Cónaithe

TC

R

CF

OS

T

I

BE

BT

CE

PU

TI

Árasáin1

P

O1

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Laithreán Stad

N

O

O

N

N

N

N

N

N

N

N

Cónaitheach (gan Árasáin a áireamh)1

O

P1

N

N

N

N

N

N

N*

N

N

Teach Scoir

O

P

O

N

N

N

N

N

N

N

N

Lóistín Saoire Gearrthéarmach

O

N

N

N

p

N

N

N

N

N

N

Úsáidí Poiblí, Pobail agus Institiúide

TC

R

CF

OS

T

I

BE

BT

CE

PU

TI

Foirgnimh le haghaidh Shláinte, Shábháilteacht agus Leas an Phobail

P

O

O*

N

O

N

O

O

N

N

N

Reilig

N

O

P

O*

N

N

N

N

N

N

N

Saoráidí Cúraim Leanaí (Naíolann)

P

O

P

N

N

O

O

O

N

N

N

Clubtheach agus Saoráidí Gaolmhara

O

O

P

O*

O

N

N

N

N

N

N

Saoráid Pobail

P

O

P

O*

O

N

O

N

N

N

N

Créamatóiriam

N

O

O

O

N

O

O

N

N

N

N

Foirgneamh Cultúrtha/Áineasa

P

O

P

O*

P

N

O

N

N

N

N

Oideachas – Bunoideachas/Meánoideachas

O

O

P

O*

N

O

O

N

N

N

N

Oideachas – Oideachas/Oiliúint Eile

P

O

P

O

N

O

O

O

N

N

N

Teach Tórraimh

P

O

O

N

N

O

O

N

N

N

N

Fóillíocht

P

O

P

O*

O

N

O

N

N

N

N

Leabharlann

P

O

P

N

O

N

N

N

N

N

N

Ionad Adhartha Phoiblí

O

O

O

N

N

N

O

N

N

N

N

Úsáidí Spáis Oscailte, Áineasa agus Conláiste

TC

R

CF

OS

T

I

BE

BT

CE

PU

TI

Galfchúrsa

N

N

N

O*

P

N

N

N

N

N

N

Gníomhaíochtaí Áineasa/Cultúrtha

O

O

P

O*

P

O

O

N

O*

N

N

Úsáidí Talmhaíochta

TC

R

CF

OS

T

I

BE

BT

CE

PU

TI

Seamlas

N

N

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Foirgneamh Talmhaíochta

N

O

N

O*

N

O

O

N

N

N

N

Marglann/Comharchumann

O

N

N

N

N

P

N

N

N

N

N

Úsáidí Ginearálta/Seirbhísí agus Bonneagair

TC

R

CF

OS

T

I

BE

BT

CE

PU

TI

Fógraí – Saorsheasaimh

O

N

O

N

N

O

O

O

N

O

O

Carrchlós

P

O

O

N

O

P

O

O

N

N

O

Saoráidí Athchúrsála/Ionad fág anseo

O

O

O

N

N

O

O

O

N

O

N

Lárionad Dramhaíola

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Bonneagar Fóntais agus Suiteálacha Seirbhísí Poiblí Suiteálacha

O

O

O

O*

O

O

O

O

N

P

O

Fuinneamh Gaoithe/In-athnuaite mionscála tí

O

O

O

O*

O

O

O

O

N

O

N

Nótaí Ginearálta faoin Maitrís um Chriosú Úsáide Talún:

  1. (1) Measfar go bhfuil na húsáidí seo ar thailte Cónaitheacha faoi réir Chuspóir GCMA 1, de réir mar is cuí.
  2. Caifé (2) – Measfar an úsáid seo nuair atá sé ina chuid d’fhorbairt chomhoiriúnach fhoriomlán chun freastal ar riachtanais an cheantair máguaird.
  3. Trádstóráil (3) – Ní cheadófar forbairt ná foroinnt stóras ina n-aonaid níos lú ná 700m2 go hiondúil i suíomhanna atá ar imeall an láir agus amuigh ón lár, de réir Threoirlínte Pleanála Miondíola 2012 (nó aon cháipéis nuashonraithe/a thagann ina n-áit).
  4. Ionad Sonraí – Is féidir é a shainiú mar shaoráid, ina bhfuil trealamh teicneolaíocht faisnéise suiteáilte agus ag feidhmiú, chomh maith le sonraí leictreonacha a stóráil agus a dháileadh.
  5. Crios R: Cónaitheach – Tá Céim 1 le forbairt mar fhorbairt chónaithe i rith shaolré an Phlean seo;
    – Níl Céim 2 infhorbartha go ginearálta i rith shaolré an Phlean seo, faoi réir na bhforálacha agus na n-eisceachtaí a leagtar amach faoi Chuspóir GCMA 1.
  6. *OS – Feic freisin Léarscáil – Bainistíocht Riosca Tuilte, Cuspóir GCMA 19 agus GCMA 21 agus Caibidil 15, Caighdeán DM 69
    D’ainneoin an chriosaithe Spás Oscailte/Áineasa agus Conláiste, caithfidh úsáidí beartaithe sa chrios seo a thaispeáint go gcloíonn siad leis an gCóras Pleanála & Treoirlínte um Riosca Tuilte (2009) (nó mar a nuashonraítear é). Féadfaidh Tástáil Fírinnithe a bheith ag teastáil mar a lua sna treoirlínte thuasluaite.
  7. Ní ainmnítear aon úsáidí sonracha talún don chrios úsáide talún srianta toisc go léiríonn an crios sin forbairtí reatha i gCrios Tuilte A/B. Tá treoir faoi na húsáidí/an fhorbairt atá oiriúnach sa chrios seo le fáil ach féachaint ar Chuspóirí Beartais GCMA 20 agus Caighdeán GCMA 71 den phlean seo, léarscáileanna gaolmhara maidir le tuilte agus an Córas Pleanála & Treoirlínte um Riosca Tuilte lena n-áirítear Ciorclán PL2/2014 ón Roinn.

Nótaí ar Aicmí Úsáide Talún na Maitríse um Chriosú Úsáide Talún:

Sainíodh na haicmí úsáide talún a dtagraítear dóibh i maitrís an chriosaithe úsáide talún mar seo a leanas:

  1. Ceadaithe i bPrionsabal (P) – Is ionann úsáid a ainmnítear mar Ceadaithe i bPrionsabal agus úsáid a nglacann an tÚdarás Áitiúil léi go teoiriciúil sa chrios ábhartha, faoi réir chomhlíonadh na mbeartas, cuspóirí, caighdeán agus ceanglas ábhartha a leagtar amach sa phlean seo agus phrionsabail pleanála cirte agus forbartha inbhuanaithe.
  2. Oscailte do Mhachnamh (O) – Is ionann úsáid a ainmnítear mar Oscailte do Mhachnamh agus úsáid a d’fhéadfadh an tÚdarás Áitiúil a cheadú má tá sé sásta go mbeidh an cineál forbartha a bheartaítear comhoiriúnach do na beartais agus cuspóirí don chrios, nach dtiocfaidh sé salach ar úsáidí ceadaithe agus go gcloíonn sé le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, lena n-áirítear na beartais agus cuspóirí a leagtar amach sa phlean seo.
  3. Ní Cheadaítear de ghnáth (N) – Is ionann úsáid a ainmnítear mar Ní Cheadaítear de ghnáth agus úsáid nach gceadóidh an tÚdarás Áitiúil, seachas i gcás eisceachtúil. D’fhéadfaí sin a dhéanamh mar gheall ar an éifeacht a mheastar a d’fhéadfadh a bheith aici ar úsáidí reatha agus ceadaithe, a neamh-chomhoiriúnacht leis na beartais, cuspóirí, caighdeáin agus ceanglais atá sa phlean seo nó toisc nach bhfuil sé ag teacht le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair.

Cuimsítear an méid seo a leanas sna criosanna úsáide talún a dtagraítear dóibh i maitrís an chriosaithe úsáide talún:

1. Crios TC – Lár Baile/Sráidbhaile

2. Crios R – Cónaitheach

3. Crios CF – Saoráidí Pobail

4. Crios OS – Spás Oscailte/Áineas agus Conláiste

5. Crios T - Turasóireacht

6 Crios I - Tionsclaíoch

8. Crios BE – Gnó agus Fiontraíocht

9. Crios BT – Gnó agus Teicneolaíocht

10. Crios CE - Imeall Cósta

11. Crios PU – Fóntais Phoiblí

12. Crios TI – Bonneagar Iompair

 

Clár ábhair

Baile