4.0 Bailte Beagfháis

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

“Gach Sráidbhaile Beagfháis a chur chun cinn mar áit le cónaí agus oibriú inti agus cuairt a thabhairt uirthi, ina gcuirtear raon seirbhísí, áiseanna pobail agus baile insiúlta ar fáil atá ar aon dul le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe”. 

4.1          Réamhrá 

Sa chuid seo (Imleabhar 2) tabharfar sonraí maidir le fís agus cuspóirí beartais chriosaithe do na bailte seo a leanas: 

An Clochán; Áth Cinn; Maigh Cuilinn; Uachtar Ard agus Port Omna. 

Ullmhaíodh Pleananna Criosaithe agus Tuilte in éineacht le sainchuspóirí beartais do gach Baile Beagfháis (SGT) a liostaítear thuas. 

San imleabhar seo de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022 - 2028 tá na SGTanna ann atá ainmnithe do Chontae na Gaillimhe. Is iad seo an ceathrú sraith de lonnaíochtaí mar atá leagtha amach i gCaibidil 2 Croí-Straitéis, Ordlathas Lonnaíochta agus Straitéis Tithíochta an Phlean Forbartha Contae 2022 - 2028. Tá Pleananna Ceantair Áitiúla reatha ag ceithre cinn de na bailte seo in situ agus bhí Plean Ceantair Áitiúil ag Uachtar Ard roimhe seo (2005-2011). Leis an Acht Pleanála agus Forbartha 2020 (arna leasú) éascaítear do sholáthar sainchuspóirí beartais do bhailte níos lú nach gcomhlíonann an daonra de 5,000 atá le cur san áireamh sa Phlean Forbartha Contae. 

Déantar na SGTanna a ghrúpáil le chéile chun Imleabhar 2 den Phlean Forbartha Contae a fhoirmiú toisc go bhfuil siad cosúil ó thaobh méide de agus ó thaobh daonra de go háirithe. Sa tsraith seo de lonnaíochtaí, is ionann na daonraí de réir daonáirimh 2016 agus thart ar 900 in Áth Cinn agus 1,700 i Maigh Cuillin. 

Tá gach ceann de na SGTanna suite lasmuigh de Phlean Straitéiseach an Cheantair Uirbigh  (MASP). Is bailte beaga agus meánmhéide iad na SGTanna ina gcuirtear raon maith seirbhísí áitiúla ar fáil lena n-áirítear úsáidí cónaithe, fostaíochta, pobail agus turasóireachta. Tá bonneagar acu ar nós acmhainn uisce agus fuíolluisce agus dá bhrí sin féadaidís freastal ar fhás measartha thar shaolré an Phlean Forbartha Contae suas go dtí 2028. Tá sé riachtanach na daonraí a leithdháileadh ar gach baile chun freastal ar an bhfás leithdháilte daonra atá againn mar atá leagtha amach sa NPF agus RSES. Caithfear freastal ar an bhfás seo sa daonra i ngach SGT ar bhealach inbhuanaithe, comhréireach agus seicheamhach. 

Sa tábla 4.1 seo a leanas, léirítear an leithdháileadh daonra in aghaidh an SGT a liostaítear thuas. 

 Lonnaíocht

Daonáireamh 2016

Meastachán Daonra
2022 - 2028

Aonaid Chónaithe

Cainníocht na dTailte Cónaithe atá ag teastáil (ha)

An Clochán 

1,597

470

195

12.19

Áth Cinn 

973

290

116

7.25

Maigh Cuilinn

1,704

350

140

8.75

Uachtar Ard 

1,318

350

140

8.75

Port Omna 

1,450

300

120

7.50

Tábla 4.1:      Leithdháileadh Daonra 2022-2028 

4.2      Achoimre Straitéiseach 

Tá sé mar aidhm ag an achoimre straitéiseach do SGTanna Chontae na Gaillimhe laistigh de Phlean Forbartha nua Chontae na Gaillimhe 2022 - 2028 na sócmhainní atá ann cheana féin atá le tairiscint ag gach SGT a fhorbairt agus an úsáid is fearr a bhaint astu. Tá béim ar leith ar shócmhainní bonneagair mar chórais chóireála fuíolluisce agus cumas gach SGT freastal ar mhéid fáis inbhuanaithe incrimintigh. Déanfar forbairt na SGTanna ar bhealach pleanáilte, comhordaithe agus inbhuanaithe. 

Scrúdaíodh gach ceann de na SGTanna agus tá an rogha forbartha is fearr le haghaidh ceantar an phlean ar aon dul le mianta Thionscadal Éireann na ceantair uirbeacha tógtha atá ann cheana a chomhdhlúthú. Is príomhshócmhainní forbartha iad láithreáin athfhorbraíochta agus inlíonta laistigh de na pleananna seo. Tabharfar tosaíocht do na láithreáin seo, laistigh de lár na mbailte d’fhorbairt de réir scála iomchuí, agus aithníodh cuid acu mar Láithreáin Deise ar na léarscáileanna criosaithe a ghabhann leo. Pléitear iad seo níos mionsonraithe i ngach baile a chuirtear i láthair san Imleabhar seo. 

Leanfaidh an fhís straitéiseach mar atá mínithe thuas treoir náisiúnta agus na caighdeáin agus na paraiméadair atá leagtha amach i bpríomhchaibidlí Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028. Cloífidh an fhís leis na prionsabail a leagtar amach thíos. Sainaithnítear leis na prionsabail seo bealach chun an fhís a bhaint amach. Ina measc tá: 

  • Iniúchadh ar acmhainneacht gach suímh atá aitheanta mar SGTanna i struchtúr lonnaíochta an Phlean Forbartha Contae agus an candam daonra leithdháilte a bhaint amach faoi 2028 de réir PI 2040 agus na Croí-Straitéise/HNDA.
  • I ngach plean baile cuirtear leibhéal inbhuanaithe forbartha dlúis chun cinn ag brath ar charachtar na timpeallachta glactha agus suíomh an SGT.
  • Laistigh de gach lonnaíocht, baineadh úsáid as cur chuige loighciúil agus seicheamhach maidir le talamh a chriosú. Táthar ag súil gur féidir cur chuige incriminteach i leith na forbartha a ghlacadh i ngach SGT agus níos mó áiteanna forimeallacha a chur in áirithe le haghaidh criosaithe sa todhchaí, ach amháin nuair is iomchuí agus is gá é sin a dhéanamh.
  • Riachtanais ghnóthaí agus dhaoine i ngach ceann de na SGTanna a aithint mar aon le leasanna eile d’fhonn gach ceann de na SGTanna a dhéanamh mar áit tharraingteach chun cónaí agus oibriú inti, agus chun cuairt a thabhairt uirthi.
  • De réir threoir an Rialtais, tugadh tosaíocht do láithreáin forbartha a ailíniú go dlúth le rochtain éasca ar bhonneagar fuíolluisce agus ar bhonneagar poiblí eile cosúil le hiompar poiblí.
  • Forbairt agus cothabháil áiseanna turasóireachta a chur chun cinn i ngach ceann de na lonnaíochtaí
  • Tacú le húsáid seirbhísí áitiúla ar nós áiseanna miondíola agus pobail atá ann cheana agus forbairt bhreise nó feabhsúchán a chur chun cinn trí fhoinsí maoinithe éagsúla, de réir mar atá siad ar fáil.
  • I bhforbairt nua laistigh de gach ceann de na SGTanna déanfar ceantair i gCriosanna Tuilte A agus B a sheachaint nuair is féidir. Tá gach ceann de na Criosanna Tuilte seo aitheanta sna léarscáileanna Straitéiseacha um Measúnú Riosca Tuilte do gach ceann de na SGTanna. Tá siad seo le fáil i gCuid 3 den Imleabhar seo.
  • I ngach ceann de na SGTanna tabharfar tacaíocht trína laghdaítear an spleáchas ar an gcarr príobháideach. Moladh forbairt sheicheamhach nuair is féidir freastal ar shuíomhanna le cosáin agus rotharbhealaí agus tá raon seirbhísí ann cheana ag gach SGT ar nós scoileanna, siopaí agus áiseanna pobail faoi fhad siúil de thalamh cónaithe criosaithe.
  • Cáilíocht ár sócmhainní comhshaoil ar nós aibhneacha agus lochanna a choinneáil mar aon leis na hiarsmaí stairiúla amhail Struchtúir Chosanta agus Limistéir Chaomhantais Ailtireachta laistigh de gach SGT de réir na treorach náisiúnta.

4.3  Struchtúr Doiciméid 

In Imleabhar 2 tá na SGTanna uile a sainaithníodh i gContae na Gaillimhe. Tá dhá chomhpháirt den imleabhar seo leagtha amach thíos: 

Tá na prionsabail ghinearálta agus na cuspóirí beartais a bhaineann le gach ceann de na SGTanna. 

Téacs tacaíochta agus léarscáileanna criosaithe. Dréachtaíodh léarscáileanna criosaithe saincheaptha do gach baile a bhaineann an úsáid is fearr as na sócmhainní atá i ngach SGT. Áirítear ar na SGTanna: An Clochán; Áth Cinn; Maigh Cuilinn; Uachtar Ard agus Port Omna. 

4.4  Criosanna Úsáid Talún

Criosú

Cuspóir Beartais

Cur síos

Cónaithe atá ann cheana &Cónaithe Inlíonta

Taitneamhachtaí cónaithe na gceantar cónaithe atá ann a chosaint agus a fheabhsú.

Foráil a dhéanamh maidir le hathruithe feabhsúcháin tí, síntí agus forbairt chónaithe inlíonta iomchuí de réir phrionsabail dea-dhearaidh agus cosanta na taitneamhachta cónaithe atá ann cheana.

Céim Chónaithe 1

Limistéir  taitneamhachta cónaithe a chosaint, a sholáthar agus a fheabhsú laistigh de shaolré an phlean seo.

Éascú a dhéanamh d’fhorbairtí cónaithe nua ar ardchaighdeán a sholáthar ag dlúis iomchuí agus nasc maith idir an leagan amach agus dearadh agus lár an bhaile agus áiseanna pobail. Meascán oiriúnach de mhéideanna, de chineálacha agus de thionachtaí tí a sholáthar d’fhonn freastal ar riachtanais teaghlaigh agus chun pobail chothroma a chur chun cinn.

Céim Chónaithe 2

Limistéir taitneamhachta chónaithe a chosaint, a sholáthar agus a fheabhsú.

Éascú a dhéanamh d’fhorbairtí cónaithe nua ar ardchaighdeán a sholáthar ar dhlús iomchuí agus nasc maith idir an leagan amach agus dearadh agus lár an bhaile agus áiseanna pobail. De ghnáth ní fhéadtar Céim Chónaithe 2 a fhorbairt le linn shaolré an phlean seo faoi réir na bhforálacha thíos.

(* Forbairtí Tí Aonair do bhaill teaghlaigh ar thailte ar leis an teaghlach iad:

  • Forbairtí neamhchónaithe atá oiriúnach do chomhthéacs an láithreáin, aon taitneamhacht chónaithe atá ann agus an patrún forbartha atá ann cheana sa cheantar;
  • Nuair is léir nach féidir le tailte Cónaithe -R (Céim 1) a fhorbairt nó nach bhforbrófar iad laistigh de thréimhse an phlean, féadfar forbairt chónaithe a mheas ar bhealach céimnithe ar roinnt tailte cónaithe (Céim 2).

Lár an Bhaile/Tráchtáil

Foráil a dhéanamh d’fhorbairt agus d’fheabhsú úsáidí oiriúnacha de lár an bhaile lena n-áirítear úsáidí miondíola, tráchtála, oifige agus cathartha/pobail agus chun foráil a dhéanamh do chóiríocht chónaithe den scéim “um Chónaí os cionn an tSiopa” , nó do chóiríocht chónaithe eile.

Lár an bhaile atá ann a fhorbairt agus a chomhdhlúthú chun a bheocht agus a fhuinneamh a fheabhsú le forbairtí tráchtála agus cónaithe iomchuí a dhlúthú, rud a chinnteoidh meascán d’úsáidí tráchtála, áineasa agus cathartha.

Úsáid Tráchtála/Mheasctha

Foráil a dhéanamh d’fhorbairtí measctha tráchtála agus comhlántacha a fhorbairt, ar thailte oiriúnacha ar féidir leo pointí fócasacha a sholáthar chun seirbhísí a sholáthar do chomharsanachtaí / ceantair máguaird chomh maith le deiseanna d’fhiontair tráchtála, d’fhorbairtí miondíola agus do chruthú fostaíochta nach mbainfeadh an bonn de bheocht agus d’inmharthanacht lár an bhaile.

Forbairt bhreise agus feabhsúchán na limistéar fostaíochta atá ann a éascú chomh maith le deiseanna a éascú d’fhorbairtí nua tráchtála/ úsáide measctha ar ardchaighdeán i dtimpeallacht                                      fhisiciúil ar ardchaighdeán.

Tionsclaíocht

Forbairt inbhuanaithe d’úsáidí tionsclaíocha agus d’úsáidí a bhaineann leis an tionscal a chur chun cinn, lena n-áirítear déantúsaíocht, próiseáil ábhar, trádstóráil agus dáileadh ar thailte oiriúnacha, le seirbhísí agus saoráidí leordhóthanacha agus ardleibhéal rochtana ar na mórghréasáin bóithre agus ar na háiseanna iompair phoiblí.

Forbairt bhreise agus feabhsúchán ar na limistéir fostaíochta atá ann cheana a éascú chomh maith le deiseanna a éascú d’fhorbairtí nua ardthionsclaíocha i dtimpeallacht fhisiciúil ar ardchaighdeán.

Talmhaíocht

Forbairt d’úsáidí talmhaíochta agus d’úsáidí a bhaineann le talmhaíocht a chur chun cinn de réir na pleanála cirte agus na forbartha inbhuanaithe.

Forbairt bhreise na talmhaíochta a éascú agus deiseanna le haghaidh éagsúlú feirme le húsáidí a bhaineann le talmhaíocht a éascú.

Gnó agus Fiontar

Foráil a dhéanamh d’fhorbairt ghnó agus fhiontar.

Forbairt bhreise agus feabhsúchán ar na limistéir fostaíochta atá ann cheana a éascú chomh maith le deiseanna a éascú d’fhorbairtí nua ardthionsclaíocha i dtimpeallacht fhisiciúil ar ardchaighdeán.

Áiseanna Pobail

Foráil a dhéanamh d’áiseanna cathartha, pobail agus oideachais.

Forbairt do bhonneagar pobail, sláinte, oideachais reiligiúnach, sóisialta agus sibhialta a éascú.

Spás Oscailte / Áineas agus Taitneamhacht

An spás oscailte atá ann cheana a chosaint agus a fheabhsú agus spás áineasa agus conláiste a sholáthar.

Forbairt agus feabhsúchán breise a éascú maidir leis na spásanna oscailte gníomhacha atá ann cheana, limistéir aclaíochta fhoirmiúla, fearainn spóirt, páirceanna imeartha.

Turasóireacht

Acmhainneacht chultúrtha, stairiúil agus turasóireachta a chur chun cinn agus a spreagadh do gach ceann de na SGTanna.

Forbairt agus feabhsú na saoráidí turasóireachta atá i gcuid de na SGTanna cheana a éascú. Forbairt agus infheistíocht nua turasóireachta a spreagadh i gcás inarb iomchuí.

Fóntas Poiblí

Tailte ar a sholáthraítear bonneagar seirbhíse a chothabháil.

Ligean do thailte a bheith ainmnithe le haghaidh fóntais phoiblí ar nós gléasraí cóireála fuíolluisce.

Bonneagar Iompair

Soláthar agus cothabháil bonneagair iompair riachtanaigh a éascú.

Ligean do thailte a bheith curtha in áirithe chun bóithre poiblí, cosáin, cuanta, canálacha, rotharbhealaí, stadanna bus agus tírdhreachtú a éascú mar aon le haon oibreacha gaolmhara riachtanacha, i gcás inarb iomchuí.

4.5          Maitrís Chriosaithe Úsáid Talún do Bhaile Beagfháis 

Úsáidí Tráchtála agus Tionsclaíocha 

C1

C2

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A

Siamsaíocht 

O

N

N

NO

N

O

N

N

N

N

N

ATM

P

O

O

O

O

O

O

N

N

N

N

Banc / Cumann Foirgníochta 

P

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Beár / Bialann 

P

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

B&B (Leaba is Bricfeasta)1

O

O

O1

N

N

P

N

N

N

N

O1

Oifig Gheallghlacadóra 

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Conchró coinneála 

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

O

Caifé2

P

P

O

 O2

O2

P

O2

N

N

N

N

Páirc carbhán - Saoire 

N

N

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Íoc is Iompair 

O

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Corrthrádáil 

O

O

N

N

N

O

O

N

N

N

N

Pictiúrlann 

P

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Ionad Comhdhála 

P

P

N

N

P

O

N

N

N

N

N

Ionaid Sonraí / Ionaid Óstáil Gréasáin 

P

P

N

O

P

N

N

N

N

N

N

Bialann Tiomáin Tríd 

O

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Ionad Fiontair 

O

O

N

O

P

N

N

N

N

N

N

Tionscal Eastóscach 

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

O

Ionad Garraíodóireachta 

O

P

N

N

O

N

N

O*

N

N

N

Dochtúirí Teaghlaigh & Seirbhísí Leighis 

P

P

O

N

O

N

O

N

N

N

N

Lóistín1

P

O

O1

N

N

P

O

N

N

N

O1

Salón Gruagaireachta/Pearsanta/Grúmaeireachta 

P

O

O

N

N

N

N

N

N

N

N

Gníomhaíocht Eacnamaíoch ó Bhaile1

O

O

O1

N

N

N

N

N

N

N

O1

Brú

P

O

O

N

N

P

N

N

N

N

N

Óstán

P

O

O

N

N

P

N

N

N

N

N

Iosta Breosla Teaghlaigh 

N

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Tionsclaíoch 

N

N

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Aonaid Lóistíochta, Stórála & Dáileacháin 

N

O

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Taifeadadh Meán & Úsáidí Ginearálta Meáin 

O

O

O

O

P

N

N

N

N

N

N

Seomra Taispeántais Díolachán Mótair 

O

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Club oíche 

O

N

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Oifig (<100m 2 ) 

P

O

O

N

N

N

O

N

N

N

O

Oifig (100m2 go 1000m2 ) 

O

P

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Páirc Oifige (<1000m 2 ) 

N

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Stáisiún Peitril 

O

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Seirbhísí Gairmiúla / Eile 

P

P

O

N

N

N

N

N

N

N

N

Bialann 

P

O

N

N

N

P

N

N

N

N

N

Gnó Eolaíocht-Bhunaithe & Teicneolaíocht-Bhunaithe 

O

O

N

P

P

N

N

N

N

N

N

Clós Conamair 

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

N

Garáiste Seirbhíse 

N

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Siopa - Ar bhonn Comparáide 

P

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Siopa - Áise 

P

P

O

N

N

O

N

N

N

N

N

Siopaí - Ionad Áise / Comparáide ar Scála Mór 

P

N

N

N

N

  N

N

N

N

N

N

 

 C1

 C2

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A

Déantúsaíocht ar Scála Beag 

N

N

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Iosta Stórála 

N

N

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Beir-Leat 

O

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Iosta Iompair 

N

N

N

O

O

N

N

N

O

N

N

Clinic Tréidliachta 

O

O

O

O

O

N

N

N

N

N

O

Trádstóráil (lena n-áirítear Mórdhíol) 

N

N

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Trádstóráil (Miondíol/Neamhbhia <700m 2 )

O

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Trádstóráil (Earraí Miondíola / Neamhbhia / Tí Toirtiúla 700m 2 - 5,000m2 )

N

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

Úsáidí Cónaithe 

 C1

C2

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A

Árasáin 1 

P

O

O1

N

N

N

N

N

N

N

N

Láithreáin Stad 

N

N

O

N

N

N

O

N

N

N

O

Cónaithe (Gan Árasáin a áireamh)

O

O

P1

N

N

N

N

N

N

N

O1

Cóiríocht saoire ghearrthéarmach 

O

O

N

N

N

P

N

N

N

N

N

Áras Seanóirí 

O

O

P

N

N

N

O

N

N

N

N

Úsáidí Poiblí, Pobail agus Institiúideach 

C1

C2

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A

Foirgnimh ar mhaithe le Sláinte, Sábháilteacht & Leas an Phobail 

P

P

O

N

O

O

P

O*

O

N

N

Reilig 

N

N

O

N

N

N

P

O*

N

N

P

Áiseanna Cúraim Leanaí (Crèche / Naíolann) 

P

P

O

O

O

N

P

N

N

N

N

Teach Club & Áiseanna Gaolmhara 

O

N

O

N

N

O

P

O*

N

N

O

Áis Phobail 

P

O

O

N

O

O

P

O*

N

N

O

Créamatóiriam 

N

N

O

O

O

N

O

N

N

N

O

Foirgneamh Cultúrtha / Áineasa 

P

O

O

N

O

P

P

O*

N

N

N

Oideachas - Bunscoil/Meánscoil 

O

O

O

O

N

N

P

O*

N

N

O

Oideachas - Oideachas / Oiliúint Eile 

P

O

O

O

O

N

P

N

N

N

O

Teach Tórraimh 

P

P

O

O

O

N

O

N

N

N

N

Fóillíocht 

P

O

O

N

O

O

P

O*

N

N

O

Leabharlann 

P

P

O

N

N

O

P

N

N

N

N

Áit Adhartha Phoiblí 

O

O

O

N

O

N

O

N

N

N

N

Spás Oscailte, Úsáidí Áineasa agus Conláiste 

C1

C2

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A

Cúrsa Gailf 

N

N

N

N

N

P

N

O*

N

N

O

Gníomhaíochtaí Áineasa / Cultúrtha 

O

O

O

O

O

P

P

O*

N

N

O

Úsáidí Talmhaíochta 

C1

C2

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A

Seamlas 

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

O

Foirgneamh Talmhaíochta 

O

N

O

O

O

N

O

O*

N

N

P

Marglann / Comharchumann 

O

N

N

P

N

N

N

N

N

N

P

Úsáidí Ginearálta / Seirbhísí agus Bonneagair 

C1

C2

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A

Fógraí - Neamhspleách 

O

O

N

O

O

N

O

N

O

O

N

Carrchlós 

P

N

O

P

O

O

O

N

N

O

N

Áiseanna Athchúrsála / Ionaid Fág anseo 

N

O

N

O

O

N

O

N

O

N

O

Líonadh Talún Dhramhaíl Tí 

N

N

N

N

N

N

N

N

N

N

O

Bonneagar Fóntas & Suiteálacha Seirbhíse Poiblí 

O

O

O

O

O

O

O

O*

P

O

O

Fuinneamh gaoithe / in-athnuaite baile ar scála beag 

O

O

O

O

O

O

O

O*

O

N

O

Nótaí Ginearálta ar an Maitrís Chriosaithe Úsáid Talún: 

1. ( 1 ) Measfar na húsáidí seo ar thailte Cónaithe faoi réir Chuspóir Beartais SGT 2, nó de réir mar is iomchuí. 
2.    Caifé ( 2 ) - Breithneofar an úsáid seo i gcás go bhfuil sí coimhdeach le forbairt chomhoiriúnach fhoriomlán chun freastal ar riachtanais an cheantair thar timpeall. 
3.    Trádstóráil ( 3 ) - De ghnáth ní cheadófar forbairt nó foroinnt siopaí i níos lú ná 700m2 in áiteanna atá ar imeall an láir agus lasmuigh den lár, de réir Threoirlínte Pleanála Miondíola 2012 (nó aon doiciméad nuashonraithe/a ghabhann ina n-ionad). 
4.    Ionad Sonraí - Féadfar é a shainiú mar shaoráid, ina bhfuil trealamh teicneolaíochta faisnéise suiteáilte agus á fheidhmiú, agus ina bhfuil sonraí leictreonacha á stóráil agus á dáileadh chomh maith. 
5.    Crios R: Cónaithe - Tá Céim 1 céimnithe d’fhorbairt chónaithe laistigh de shaolré an Phlean seo; - De ghnáth níl Céim 2 infhorbartha i rith shaolré an Phlean seo, faoi réir na bhforálacha agus na n-eisceachtaí atá leagtha amach faoi Chuspóir Beartais SGT 1. 
6.    * OS - Féach freisin Léarscáil 2 - Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte, Cuspóir Beartais SGT 17 agus Caighdeán DM 71. D'ainneoin an chriosaithe Spáis Oscailte / Áineasa agus Taitneamhachta, ní mór d’úsáidí beartaithe sa chrios seo  a thaispeáint go gcomhlíontar an Córas Pleanála & Treoirlínte um Riosca Tuilte (2009) (nó arna nuashonrú). D’fhéadfadh go mbeadh gá le Tástáil Fírinnithe mar atá leagtha amach sna treoirlínte sin. 

7.    Ní thugtar aon úsáidí talún ar leith don chrios Úsáid Talún Teoranta toisc go léirítear leis an gcrios seo an fhorbairt atá suite cheana féin laistigh de Chrios Tuilte A/B. Le haghaidh treorach ar úsáidí / forbairt atá oiriúnach sa chrios seo, féach le do thoil ar Chuspóir Beartais SGT 16 agus DM Caighdeán 69 den phlean seo , léarscáileanna tuile gaolmhara agus an Córas Pleanála & Treoirlínte um Riosca Tuilte lena n-áirítear Ciorclán Roinne PL2 / 2014.

Nótaí ar Aicmí Úsáid Talún i Maitrís Chriosaithe Úsáid Talún: 

Sainmhínítear mar seo a leanas dá dtagraítear sa mhaitrís chriosaithe úsáid talún:         

  1. Ceadaithe i bPrionsabal (P) - Úsáid a aicmítear mar Cheadaithe i bPrionsabal is ea úsáid a nglacann an tÚdarás Áitiúil leis go teoiriciúil sa chrios ábhartha, faoi réir chomhlíonadh na gcuspóirí, na gcaighdeán agus na gceanglas beartais ábhartha atá leagtha amach sa phlean seo agus faoi réir na bprionsabal um pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe. 
  2. Oscailte le Breithniú (O) -  Úsáid a aicmítear mar Oscailte le Breithniú is ea úsáid a fhéadfaidh an tÚdarás Áitiúil a cheadú i gcás go bhfuil sé sásta go mbeidh an fhoirm forbartha a mholtar comhoiriúnach leis na cuspóirí beartais don chrios, agus nach mbeidh sí ag teacht salach ar úsáidí a cheadaítear agus go gcomhlíontar pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, lena n-áirítear na cuspóirí beartais atá leagtha amach sa phlean seo. 
  3. Ní Cheadaítear de Ghnáth (N) - Úsáid nach ndéantar a aicmiú mar Ní Cheadaítear de Ghnáth is úsáid í nach gceadóidh an tÚdarás Áitiúil í ach amháin in imthosca eisceachtúla. D’fhéadfadh sé seo a bheith mar gheall ar an éifeacht a fheictear dó ar úsáidí atá ann cheana agus atá ceadaithe, a neamh-chomhoiriúnacht leis na cuspóirí beartais, na caighdeáin agus na ceanglais atá sa phlean seo nó toisc go bhféadfadh sé a bheith ar neamhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair. 

1.    Crios C1  Lár an Bhaile/Tráchtála 
2.    Crios C2  Úsáid Tráchtála/Mheasctha
3.    Crios R  Cónaithe 
4.    Crios I  Tionscalaíoch 
5.    Crios BE  Gnó & Fiontar 
6.    Crios T  Turasóireacht 
7.    Crios CF  Áiseanna Pobail 
8.    Crios OS Spás Oscailte/Áineas & Conláiste
9.    Crios PU  Fóntais Phoiblí 
10.    Crios TI  Bonneagar Iompair 
11.    Crios A  Talmhaíocht 

4.6 Cuspóirí an Bheartais Chriosaithe um Úsáid Talún

Cuspóirí Criosaithe um Úsáid Talún do Bhaile Beagfháis 

SGT 1 Céimniú Forbartha Cónaithe  

Tacú le forbairt tailte atá ainmnithe mar Chónaithe (Céim 1) laistigh de shaolré an Phlean, faoi réir gnáthriachtanas pleanála, rochtana agus seirbhísithe, agus na tailte atá ainmnithe mar Chónaithe (Céim 2) a chur in áirithe do riachtanais fháis níos fadtéarmaí de gach SGT. De ghnáth ní féidir tailte cónaithe (Céim 2) a fhorbairt le haghaidh tithíochta laistigh de shaolré an Phlean seo, cé is moite de na forbairtí seo a leanas, a fhéadfaidh an tÚdarás Pleanála a mheas, faoi réir cáis oiriúnaigh fianaisebhunaithe a bheith déanta don togra: 

a)    Forbairtí tí aonair do bhaill teaghlaigh áitiúla ar thalamh ar leis an teaghlach í, faoi réir clásal áitíochta 7 mbliana.

b)    Forbairtí neamhchónaithe atá oiriúnach do chomhthéacs an láithreáin, conláistí cónaithe, an patrún forbartha atá ann cheana sa cheantar agus na cuspóirí beartais sa Phlean.

c)    Nuair is léir nach bhféadtar nó nach bhforbrófar tailte Cónaithe (Céim 1) chun críocha cónaithe laistigh de thréimhse an phlean, féadfar forbairt chónaithe a mheas i gcásanna teoranta ar bhealach céimnithe ar thailte oiriúnacha Cónaithe (Céim 2), in imthosca eisceachtúla:

  • De ghnáth ní bhreithneofar forbairt ar thailte Cónaithe (Céim 2) ach sa chás go bhfuil 50% de na tailte Cónaithe (Céim 1) tiomanta d’fhorbairt.
  • Beidh forbairtí cónaithe ar thailte Cónaithe (Céim 2) faoi réir chomhlíonadh na Croí-Straitéise, na bprionsabal um pleanáil cheart agus na forbartha inbhuanaithe, nascachta, lena n-áirítear bonneagar agus cosán poiblí agus soilsiú go lár an bhaile, an cur chuige seicheamhach, forbairtí cliobógacha a sheachaint, agus faoi réir gnáthriachtanas pleanála, comhshaoil, rochtana agus seirbhísithe a chomhlíonadh. Ní cheadófar forbairtí ach amháin má tá cás fianaisebhunaithe dearbhaithe chuig sásamh an Údaráis Phleanála agus ní dhéanfaidh an fhorbairt dochar d’úsáid na dtailte sa todhchaí do riachtanais fháis níos fadtéarmaí gach lonnaíochta.

SGT 2 Forbairt Inlíonta Chónaithe 

I sráidbhailte atá ann cheana déanfar forbairt tithíochta inlíonta teoranta ar scála beag ar láithreáin iomchuí a mheas. Tabharfaidh na láithreáin inlíonta seo aird ar charachtar na sráide atá ann cheana maidir leis an líne thógála atá ann cheana, scála, comhréireanna, leagan amach, airde agus ábhair na bhforbairtí máguaird. Ní mór do bhealach sábháilte rochtana agus amach a bheith ag an láithreán agus caighdeáin bhainistíochta forbartha le haghaidh áitribh nua a chomhlíonadh. 

SGT 3 Lár an Bhaile 

1.    Beidh Láir na mBailte (TC) fós mar phríomhfhócas d’fhorbairt nua miondíola agus tráchtála. Cinnteoidh an tÚdarás Pleanála go mbeidh suíomh na forbartha miondíola sa todhchaí comhsheasmhach leis na príomhphrionsabail bheartais agus ord tosaíochta, mar atá leagtha amach faoi Alt 4.4 go 4.6 de na Treoirlínte d’Údaráis Phleanála um Pleanáil Miondíola 2012 (agus aon doiciméad nuashonraithe / a ghabhann ina n-ionad) agus beidh gá le Measúnuithe Tionchair Miondíola, lena n-áirítear sonraí faoin gcur chuige seicheamhach agus Ráitis Dearaidh d’fhorbairtí miondíola de réir na dTreoirlínte Pleanála Miondíola.

2.    Foráil a dhéanamh d’fhorbairtí measctha tráchtála agus comhlántacha a fhorbairt, ar thailte oiriúnacha ar féidir leo pointí fócasacha a sholáthar chun seirbhísí a sholáthar do chomharsanachtaí/ ceantair máguaird chomh maith le deiseanna d’fhiontair thráchtála, d’fhorbairtí miondíola agus do chruthú fostaíochta.

3.    Beocht agus inmharthanacht lár na mbailte a chosaint agus a fheabhsú trína chinntiú go bhfanfaidh siad mar an príomhionad miondíola, tráchtála agus úsáide measctha agus cosc a chur ar iomadú d’aon úsáid aonair nó d’úsáidí eile, dar leis an Údarás Pleanála, nach gcuireann le beogacht agus inmharthanacht lár na mbailte. 

SGT  4    SGT 4 Bainistíocht Lár an Bhaile 

Faoi réir acmhainní iomchuí, ullmhóidh an Chomhairle, i gcomhar le páirtithe leasmhara áitiúla, pleananna bainistíochta lár an bhaile do na Bailte Beagfháis éagsúla de réir mar is cuí. 

Sna Pleananna Bainistíochta breithneoidh cuid nó gach ceann díobh seo a leanas 

(a)    Oibreacha Feabhsúcháin ar an Ríocht Phoiblí;
(b)    Uasghrádú ar shoilsiú poiblí;
(c)    Nascacht idir lár an bhaile agus imeall níos leithne na mbailte;
(d)    Dearadh / feabhsúcháin ar aghaidheanna siopaí ar na príomhshráideanna;
(e)    Uasghrádú agus feabhsú ar throscán sráide;
(f)    Tírdhreachtú bog agus plandáil bhog ar ardchaighdeán a sholáthar chomh maith le spásanna poiblí feidhmiúla;
(g)    Bainistíocht pháirceála;
(h)    Breithniú ar athúsáid cúlchríocha laistigh de láir na sráidbhailte le haghaidh spáis chathartha /úsáidí eile;

SGT 5 Áiseanna Pobail 

Forbairt áiseanna pobail a chur chun cinn ar thailte oiriúnacha, le hardleibhéal rochtana ar an bpobal áitiúil, lena n-áirítear úsáidí oideachais, pobail, cathartha, poiblí, institiúideacha, áineasa, cultúrtha agus comhlántacha eile, de réir mar is cuí. 

SGT 6 Gnó agus Fiontar 

Forbairt úsáidí gnó agus fiontar, tionscal éadrom / trádstóráil agus éascú úsáidí cineál páirce fiontar / oifige chun aonaid nua-thionscanta/gorlainne agus fiontair bheaga mheánmhéide a áireamh, ar thailte oiriúnacha le seirbhísí agus saoráidí leordhóthanacha agus le hardleibhéal rochtana ar na mórghréasáin bhóithre agus ar shaoráidí iompair phoiblí. 

SGT 7 Tionsclaíoch 

Forbairt inbhuanaithe d’úsáidí tionsclaíocha agus d’úsáidí a bhaineann leis an tionscal a chur chun cinn, lena n-áirítear déantúsaíocht, próiseáil ábhar, trádstóráil agus dáileadh ar thailte oiriúnacha, le seirbhísí agus saoráidí leordhóthanacha agus le hardleibhéal rochtana ar na mórghréasáin bóithre agus ar na háiseanna iompair phoiblí. 

Beidh gá le cóireáil imlíne leordhóthanach agus/nó sciathadh chun comhéadain ardchaighdeáin a chinntiú le spásanna poiblí agus le haon áiteanna cónaithe tadhlacha nó úsáidí íogaire talún eile de réir mar is cuí. 

SGT 8 Spás Oscailte, Áineas agus Conláiste 

Bainistíocht, úsáid agus/nó forbairt inbhuanaithe de na tailte OS a chur chun cinn, de réir mar is cuí. Áireofar leis seo: 

a). Spásanna oscailte agus gníomhaíochtaí áineasa a fhorbairt, de réir dea-chleachtais agus ar thailte oiriúnacha a bhfuil rochtain leordhóthanach ar an bpobal áitiúil acu agus spás oscailte agus saoráidí áineasa atá cheana ann a choinneáil, mura féidir a thaispeáint go soiléir chun sástacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach bhfuil na húsáidí ag teastáil ón bpobal a thuilleadh; 

b). Bainistíocht agus úsáid chuí ar aon limistéir riosca tuile laistigh de chrios an OS chun riosca agus tionchar féideartha tuilte a sheachaint, a laghdú agus/nó a mhaolú; 

c). Bainistíocht agus úsáid chuí d'aon limistéar a bhfuil luach ard bithéagsúlachta aige. 

SGT 9 Turasóireacht 

a) Is cuspóir beartais de chuid na Comhairle é forbairt acmhainneacht turasóireachta na mbailte a spreagadh agus a éascú ar bhealach a urramaíonn, a thógann, a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn oidhreacht chultúrtha, thógtha agus nádúrtha agus taitneamhachtaí áitiúla gach limistéar lonnaíochta; 

b) Soláthar a dhéanamh nuair is indéanta agus tacú le bonneagar agus seirbhísí turasóireachta a sholáthar lena n-áirítear, bonneagar siúlóide, rothaíochta agus uiscebhunaithe agus saoráidí gearrthéarmacha cóiríochta d’aíonna i ngach baile in áiteanna iomchuí.

SGT 10 Talmhaíocht 

Beidh toimhde ghinearálta ann i gcoinne forbartha cónaithe ar thailte criosaithe Talmhaíochta (A), atá suite laistigh de theorainn an phlean cé is moite d’fhorbairtí tí aonair do bhaill teaghlaigh ar thailte faoi úinéireacht teaghlaigh, a d’fhéadfaí a mheas faoi réir chomhlíonadh na gcuspóirí beartais atá i gCaibidil 4 Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe, mar is cuí, le gnáthriachtanais phleanála, rochtana agus seirbhísithe agus prionsabail na pleanála cirte agus na forbartha inbhuanaithe. Ní cheadófar forbairtí ach amháin má tá cás fianaisebhunaithe curtha faoi bhráid chuig shásamh an Údaráis Phleanála agus nach ndéanfaidh an fhorbairt dochar d’úsáid na dtailte sa todhchaí do riachtanais fáis níos fadtéarmaí gach lonnaíochta. Beidh feidhm ag coinníoll soláthair ar feadh tréimhse 7 mbliana, tar éis an dáta a ndéantar an duine nó na daoine lena mbaineann an clásal feidhme is infheidhme ina leith an teach a áitiú den chéad uair. 

SGT 11 Fóntais Phoiblí 

a)    Soláthar agus cothabháil bonneagair fóntais phoiblí riachtanach a éascú, mar aon leis na saoráidí agus na húsáidí coimhdeacha riachtanacha, de réir mar is cuí.

b)    Déanfar tograí forbartha i gcomharsanacht an bhonneagair fóntais phoiblí a mheas ar bhonn cás ar chás de réir na pleanála cirte agus na forbartha inbhuanaithe.

SGT 12 Dearadh Ardchaighdeáin, atá Íogair ó thaobh Comhthéacs de 

A chinntiú go bhfreagraíonn forbairtí nua do chomhthéacs an láithreáin agus go bhfuil siad ag teacht le carachtar, taitneamhacht, oidhreacht, timpeallacht agus tírdhreach an cheantair. Ceanglófar ar thograí d’fhorbairtí nua carachtar reatha an cheantair a chomhlánú i dtéarmaí scála, airde, mais, líne tógála, gráin uirbigh agus sainmhínithe agus trí mholtaí dearaidh ardchaighdeáin d’fhoirgnimh/struchtúir/aghaidheanna siopaí, úsáid ardchaighdeáin, ábhair iomchuí agus comharthaíocht, soilsiú, tograí tírdhreachtaithe agus sonraí eile den sórt sin a sholáthar. 

SGT 13 Tithíocht Shóisialta agus Speisialtóra 

A éileamh go gcuirfear 10% ar a laghad de na láithreáin chónaithe incháilithe nua ar leataobh chun aonaid tithíochta sóisialta agus speisialaithe nua a fhorbairt, mura dtugtar aghaidh orthu trí shocruithe malartacha oiriúnacha trí chomhaontú leis an Údarás Pleanála, de réir Straitéis Tithíochta Chontae na Gaillimhe agus Cuid V den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar fhoráil Chuid V chun beartas an Rialtais a léiriú. 

SGT 14 Forbairt Chónaithe Eile 

Beidh toimhde ghinearálta i bhfabhar tithe altranais / cúraim agus cóiríocht / áiseanna scoir agus ionaid chúraim phobail / lae a fhorbairt ar thailte criosaithe cónaithe, tailte criosaithe saoráide pobail nó in aice le lár an tsráidbhaile seanbhunaithe nó mar athúsáid oiriúnach le haghaidh déanmhas cosanta nó foirgneamh eile (m.sh. foirgnimh institiúideacha nó oideachais) a mbeadh acmhainneacht athfhorbartha teoranta acu i bhfianaise a méid agus a gcarachtar ailtireachta, faoi réir gnáthriachtanas pleanála, comhshaoil, rochtana agus seirbhísithe. 

SGT 15 Bonneagar Iompair 

Soláthar agus cothabháil bonneagair iompair riachtanaigh a éascú. Áireofar leis seo tailte a chur in áirithe chun bóithre poiblí, cosáin, bealaí rothaíochta, stadanna bus agus tírdhreachtú a éascú mar aon le haon oibreacha gaolmhara riachtanacha, de réir mar is cuí. 

SGT 16  Úsáid Talún Shrianta 

Bainistíocht chuí agus úsáid inbhuanaithe maidir le riosca tuile a éascú laistigh de limistéir phlean criosaithe. Leis an gcriosú seo cuirtear teorainn ar fhorbairt nua, agus aithnítear go bhféadfadh forbairt ar scála beag a bheith ag teastáil ó na húsáidí forbartha atá ann cheana laistigh de na criosanna seo, mar a leagtar amach thíos, thar shaolré an Phlean Forbartha Contae, a chuirfeadh le forbairt uirbeach dhlúth agus inbhuanaithe an bhaile. 

Meastar go bhfuil an criosú bunúsach nó na húsáidí ceadaithe atá ann cheana inghlactha i bprionsabal le haghaidh mionfhorbairtí ar fhoirgnimh atá ann cheana (mar shampla síntí beaga ar thithe, athruithe ar úsáid foirgneamh atá ann cheana), nach dócha go n-ardóidh siad saincheisteanna suntasacha tuile, ar an gcoinníoll nach gcuireann siad bac ar chosáin sreafa tábhachtacha, ná líon suntasach breise daoine a thabhairt isteach i limistéir riosca tuile ná stóráil substaintí guaiseacha a bheith i gceist leo. 

Ó tharla go mbaineann iarratais den sórt sin le foirgnimh atá ann cheana nó le ceantair fhorbartha, ní fhéadtar an cur chuige seicheamhach a úsáid chun iad a lonnú i gceantair ina bhfuil riosca níos ísle i gceist leo agus ní bheidh feidhm ag an Tástáil Fírinnithe. 

Beidh Measúnú Riosca Tuilte mionsonraithe ag gabháil le tograí forbartha laistigh den chrios seo, a dhéanfar de réir an Chórais Phleanála agus na dTreoirlínte um Measúnú Riosca Tuilte agus Ciorclán PL 2/2014 (nó arna nuashonrú), lena ndéanfar measúnú ar na rioscaí tuile a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe. 

Ní bhreithneofar tograí ach amháin nuair a léirítear chun sástacht an Údaráis Phleanála nach mbeadh drochthionchar acu ná nach gcuirfidís bac ar rochtain ar chúrsa uisce, tuilemhá nó saoráidí cosanta agus bainistíochta tuile, nó nach méadóidís an baol tuilte in áiteanna eile. Ceanglófar freisin nádúr agus dearadh na mbeart bainistíochta riosca tuile struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha atá riachtanach le haghaidh forbartha i gceantair den sórt sin a thaispeáint, chun a chinntiú nach méadófar guais agus riosca tuile. Leanfaidh na bearta atá beartaithe dea-chleachtas i mbainistiú sláinte agus sábháilteachta d’úsáideoirí agus do chónaitheoirí na forbartha. 

Comhlíonfar sonraíochtaí le haghaidh forbairtí i gceantair atá i mbaol tuile atá leagtha amach sa phlean seo de réir mar is cuí. (Féach freisin ar Chuspóir Beartais SGT 17). 

SGT 17 Limistéir Riosca Tuilte agus Criosanna Úsáid Talún 

A chinntiú go ndéantar aon fhorbairt bheartaithe a d’fhéadfadh a bheith comhoiriúnach le cuspóirí/maitrís an bheartais criosaithe úsáide talún ach ina gcuimsítear úsáid nach bhfuil oiriúnach don Chrios Tuilte (mar a léirítear ar Léarscáileanna Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte) agus/nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol tuile faoi réir measúnaithe riosca tuile, de réir an Chórais Phleanála agus na dTreoirlínte um Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte d’Údaráis Phleanála 2009 agus Imlitir na Roinne Pl 2/2014 (nó arna nuashonrú laistigh de shaolré an phlean seo) agus cuspóirí beartais an phlean seo. 

SGT 18 Láithreán Deise 

An fhorbairt nó an athfhorbairt iomchuí agus inbhuanaithe a spreagadh agus tacú léi nuair is iomchuí tailte a shainaithnítear mar láithreáin deise forbartha laistigh de na léarscáileanna criosaithe úsáide talún do gach ceann de na SGTanna. 

Clár ábhair

Baile