2.6 Bearna

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

2.6 Lonnaíocht Cheannchathartha Bhearna

2.7    Comhthéacs an Bhaile

Is sráidbhaile cois cósta í Bearna ar imeall thiar Chathair na Gaillimhe, thart ar 6.5km siar ó lár na Cathrach (an Fhaiche Mhór) agus 11km soir ón Spidéal. Tá sé lonnaithe laistigh de Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe. Tá an baile lonnaithe ar thairseach Ghaeltacht na Gaillimhe, an Ghaeltacht is mó sa tír. Tá saintréith uathúil ag baint le sráidbhaile Bhearna mar gheall ar a hoidhreacht iascaireachta agus Ghaeltachta agus is suíomh tarraingteach cois cósta í atá gar do Chathair na Gaillimhe. Le blianta beaga anuas, tháinig méadú suntasach ar Bhearna sa sráidbhaile agus sa cheantar máguaird mar gheall ar chomh gar is atá sí do Chathair na Gaillimhe.

2.8    Pobail Inbhuanaithe

2.8.1 Tithíocht

Tháinig borradh mór ar an lonnaíocht Bearna le 20 bliain anuas agus tá an-tóir ar Bhearna i gcónaí mar áit chun forbairtí cónaitheacha a lonnú, go mór mór ós rud é go bhfuil sé cois cósta agus cóngarach do Chathair na Gaillimhe. I measc na gcineálacha tithe, tá tithe sraithe, tithe leathscoite agus tithe scoite, a bhformhór díobh idir bhungalónna agus thithe dhá stór taobh leis an R336 agus in eastáit tithíochta anseo is ansiúd ar fud an bhaile. Tá roinnt forbairtí árasán i lár an bhaile freisin.

Ba cheart go gcuireann scéimeanna nua iltithíochta laistigh de limistéar an phlean rogha iomchuí d’aonaid tithíochta éagsúla ar fáil a dhéanann freastal ar éilimh reatha an tsráidbhaile agus ar éilimh an tsráidbhaile amach anseo, agus a bhíonn freagrach ar an gcomhthéacs áitiúil, ó thaobh dearaidh, leagain amach agus dlúis de. Caithfidh forbairtí cónaithe laistigh de Bhearna cloí leis an gcuspóir beartais maidir le haonaid tithíochta a dháileadh ar theaghlaigh le Gaeilge.

2.8.2 Lár Baile/ Miondíol

Bíonn lár baile Bhearna sách gnóthach. Áirítear criosú Lár Baile sa phlean do na sé bliana amach romhainn agus sainaithnítear ann tailte taobh ó thuaidh agus taobh ó dheas den tSráid Mhór (R336) a théann tríd an sráidbhaile. Trí lár sráidbhaile Bhearna a chomhdhlúthú d’fhonn freastal ar fhás amach anseo, cabhrófar chun sraoilleáil uirbeach a chosc trí fhorbairt uirbeach níos dlúithe a sholáthar, chomh maith le bonn le haghaidh pobail uirbigh níos inbhuanaithe. Ba cheart forbairt nua, tithíocht go mór mór, a sholáthar ar shuíomhanna tearcúsáidte, suíomhanna inlíonta agus/nó suíomhanna athfhorbraíochta, lena n-áirítear suíomhanna agus foirgnimh atá ar an bhfód cheana a athfhorbairt, chun imchlúdach forbartha reatha an limistéir uirbigh a chomhthógáil agus chun a chinntiú go ndíreofar go príomha ar thailte seirbhísithe gar do lár an bhaile agus do roghanna iompair phoiblí sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Tacaíonn na cuspóirí beartais sa phlean seo le comhdhlúthú lár an tSráidbhaile agus tá tailte criosaithe Lár an Bhaile/Inlíonta sainaitheanta chun freastal ar fhorbairt chónaitheach mar a leagtar amach í sa CNP agus sa SRSE.

2.8.3 Fostaíocht agus Forbairt Gheilleagrach

Tá seirbhísí miondíola ar cheann de na príomhfhoinsí fostaíochta i mBearna agus is ríthábhachtach an bonn fostaíochta seo a choinneáil agus a neartú. Déanfaidh soláthar miondíola comhlánach ar an scála iomchuí atá lonnaithe san áit cheart, lena n-áirítear suíomhanna athfhorbraíochta agus suíomhanna tearcúsáidte a athfhorbairt, i lár an bhaile beogacht agus inmharthanacht lár na lonnaíochta a chosaint agus a fheabhsú, agus cabhróidh sé le leibhéal na siopaí/aonad gan áitiú a laghdú. 

Is teoranta an bonn gnó agus fiontraíochta atá i mBearna toisc go bhfuil sé chomh cóngarach sin do chathair na Gaillimhe agus d’ionaid arna bhfeidhmiú agus arna dtacú ag Údarás na Gaeltachta sna Forbacha. 

Chomh maith leis sin, is beag forbairt atá déanta ar acmhainn turasóireachta na lonnaíochta, a mbaineann deis shuntasach léi bonn turasóireachta an limistéir a leathnú agus a chur chun cinn, go mór mór toisc go bhfuil Bearna lonnaithe cois cósta ar thairseach Ghaeltacht na Gaillimhe, Chathair na Gaillimhe agus Chonamara Theas, agus ar fud Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tacaíonn an plean le forbairt a bhaineann le turasóireacht a lonnú laistigh de lár an tsráidbhaile, lena n-áirítear an turasóireacht uiscebhunaithe. Ba mhór an tsócmhainn áineasa agus turasóireachta é páirc chonláiste cois cósta a bhaint amach i mBearna, lena húsáid ag áitritheoirí, ag an bpobal áitiúil agus ag cuairteoirí chun na háite. 

2.8.4 Saoráidí Pobail 

Tá saoráidí pobail riachtanach le haghaidh folláine agus feidhmiú pobal inbhuanaithe, agus cuireann siad le caighdeán saoil níos fearr ar an iomlán. Áirítear leo saoráidí oideachais, cúram leanaí, spóirt agus áineasa, ealaíon agus cultúir, saoráidí d’fheidhmeanna sláinte agus sóisialta, tailte adhlactha, ionaid adhartha, etc. I mBearna, cé go raibh fás suntasach ar fhorbairt agus ar dhaonra le fiche bliain anuas, níor soláthraíodh bonneagar tacaíochta pobail le dul leis an bhfás sin, agus dá bhrí sin tá brú breise ar na saoráidí agus seirbhísí pobail atá ann cheana féin. Ina theannta sin, mar gheall ar an gceantar mór scaipthe ar a bhfreastalaíonn cuid de na saoráidí sin sa cheantar, club GAA Bhearna mar shampla, bítear ag brath go mór ar charranna príobháideacha, chun tairbhe a bhaint as na saoráidí sin. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go bhfreastalaíonn soláthar saoráidí nua pobail i bPlean Bhearna ar  riachtanais an phobail áitiúil faoi láthair agus amach anseo i rith thréimhse an phlean, agus go gcuirtear ar fáil iad in áiteanna a bhfuil sé éasca dul chucu de shiúl na gcos, ar rothar nó ar iompar poiblí. 

Tacaíonn an Plean freisin le soláthar fadtéarmach páirc chonláiste cois cósta amach anseo i lár an tsráidbhaile, ó Bhóithrín Mhags go Bóithrín na Leice Léithe, chun freastal ar riachtanais áineasa agus conláiste phobal Bhearna agus cuairteoirí ar Bhearna. 

2.8.5 Oideachas 

Tá an bhunscoil Scoil Shéamais Naofa lonnaithe taobh ó thuaidh den R336 ar an mbealach isteach sa bhaile mór ón taobh soir. Is scoil chomhoideachais í seo agus leis an mborradh sa cheantar, tá an scoil lán gan mórán spáis ann chun síneadh a chur léi ná saoráidí spraoi allamuigh a chur ar fáil. Tá tailte sainaitheanta le haghaidh Saoráidí Pobail laistigh de Limistéar Ceannchathartha Bhearna a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh saoráidí oideachais. 

2.8.6 Comhshaol agus Oidhreacht 

Tá roinnt déanmhas cosanta laistigh de phlean limistéir Bhearna agus tá teacht orthu sa Taifead ar Dhéanmhais Chosanta in Aguisín 6 den phlean. Áirítear leo sin Céibh Bhearna atá lonnaithe laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta. Cuimsítear i Limistéar Caomhantais Ailtireachta Bhóthar na Céibhe formhór na bhfoirgneamh, talún  agus struchtúr ina aice le Bóthar na Céibhe, an reilig agus Céibh Bhearna san áireamh, a fhéachann le hoidhreacht thógtha agus saintréithe na sráid-dreacha seo agus a nasc seanbhunaithe leis an gcéibh agus an cladach. Tá roinnt Séadchomhathaí Taifeadta seandálaíochta laistigh de limistéar an phlean. 

Níl aon suíomhanna éiceolaíochta ainmnithe a mbaineann tábhacht náisiúnta nó Eorpach leo laistigh de limistéar an phlean. Tá roinnt suíomhanna éiceolaíochta den sórt sin, áfach, in aice le limistéar an phlean ar an taobh soir ó Choillte Bhearna go Trá na gCeann, lena n-áirítear na Suíomhanna Eorpacha Cuan na Gaillimhe - Limistéar Caomhantais Speisialta (000268) agus Cuan na Gaillimhe Laistigh - Limistéar faoi Chosaint Speisialta (004031). 

Tá forbairt déanta ag oidhreacht chultúir Bhearna óna bhunús stairiúil mar shráidbhaile beag iascaireachta chuig a stádas sa lá atá inniu ann mar lonnaíocht uirbeach nua-aimseartha. Cé go ndearnadh forbairt shuntasach i lár an tsráidbhaile le blianta beaga anuas, tá sé thar a bheith tábhachtach nach n-imreoidh forbairt amach anseo tionchar diúltach ar Limistéar Caomhantais Ailtireachta Bhóthar na Céibhe agus a croí stairiúil a chreimeadh tuilleadh lena linn. Tacaíonn cuspóirí an phlean seo, chomh maith leis na beartais agus cuspóirí reatha arna leagan amach i gCaibidil 12 Ailtireacht, Seandálaíocht agus Oidhreacht Chultúir,  le caomhnú agus forbairt íogair an Limistéir Caomhantais Ailtireachta. Gné thábhachtach eile d’oidhreacht chultúir Bhearna ná a stádas Gaeltachta laistigh de Ghaeltacht Chonamara. Mar sin, tá sé tábhachtach a chinntiú go léireoidh forbairt nua meas ar oidhreacht stairiúil agus chultúir Bhearna, agus go ndéanann sí a stádas Gaeltachta agus a oidhreacht theangeolaíoch a chosaint agus a fheabhsú, i gcomhréir le forálacha an phlean. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an Ghaeilge i mBearna a chosaint agus a chur chun cinn sa lonnaíocht trí choinníollacha pleanála iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear eastáit a ainmniú, comharthaíocht, agus céatadán de na haonaid tithíochta sna forbairtí tithíochta nua a shannadh do Ghaeilgeoirí. 

2.9    Seirbhísí agus Bonneagar 

2.9.1 Diúscairt Fuíolluisce 

Déanann ionad cóireála fuíolluisce poiblí lonnaithe ar Inis Caorach Bearna a sheirbhísiú. Tacaíonn an plean le hionad cóireála fuíolluisce treasach nua a sholáthar chun freastal ar fhorbairtí reatha agus amach anseo i mBearna. Tacóidh an plean le cothabháil agus feabhsúcháin a dhéanamh ar an mbonneagar atá ann cheana chun forbairt todhchaí an tsráidbhaile a chosaint. 

2.9.2  Seirbhísí Uisce 

Freastalaíonn an príomhlíonra uisce poiblí ar Bhearna. Tacóidh an plean le cothabháil agus feabhsúcháin a dhéanamh ar an soláthar seo chun forbairt todhchaí an tsráidbhaile a chosaint. 

2.9.3 Iompraíocht agus Gluaiseacht 

Cuireann an Plean éifeachtúlacht  chun cinn maidir le cúrsaíocht agus bainistíocht tráchta ar fud an tsráidbhaile, agus éascaíonn sé le páirceáil iomchuí a chur ar fáil, gar do lár an tsráidbhaile. Bheadh sé tairbheach plean bainistíochta tráchta a ullmhú do Bhearna chun feabhas a chur ar bhrú tráchta, chun an luas a fheictear ann faoi láthair a laghdú , go mór mór sa cheantar cóngarach don bhunscoil agus ar Bhóthar na Céibhe, agus chun feabhas a chur ar bhainistíocht na páirceála sa sráidbhaile. 

Tacaíonn an Plean le cur i gcríoch an Bhóthair Faoisimh Laistigh chun sráid nua a chruthú sa sráidbhaile ar a ndéanfar forbairt ardchaighdeáin úsáide measctha, rud a d’fheabhsódh tuilleadh bheogacht agus rath shráidbhaile Bhearna. Chuirfeadh an tsráid nua tuilleadh feabhais ar cháilíocht na timpeallachta i lár an tsráidbhaile chomh maith le feabhas a chur ar shábháilteacht, cúrsaíocht agus bainistiú tráchta i mBearna. 

Aithnítear sa phlean freisin agus tugtar tacaíocht ann do thábhacht an iompair inbhuanaithe, lena n-áirítear úsáid talún agus iompar a chomhtháthú, rud a spreagfaidh aistriú córa iompair ó iompar príobháideach chuig siúlóid, rothaíocht, agus iompar poiblí. D’fhonn aistriú córa iompair mar sin a spreagadh, ní mór feabhsúcháin a dhéanamh ar líonra na gcosán poiblí atá sa sráidbhaile cheana thar thréimhse an phlean chun gluaiseachtaí sábháilte coisithe a chinntiú. Ina theannta sin, is riachtanach go ndíreoidh forbairtí nua uile ar nascacht agus go nascann siad leis an líonra cosán atá ann cheana ionas go mbainfear nascacht amach agus go mbainfear leas aisti sa sráidbhaile, agus nach gceadófar an cineál forbartha ar a dtugtar ‘cliobógacht’. 

2.10  Athrú Aeráide agus Tuile 

Mar a leagtar amach i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn In-Athnuaite, imríonn an t-athrú aeráide tionchar díreach i gcónaí ar shaol daoine, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Féachann an plean le pobail dea-phleanáilte a chruthú ina laghdófar na hachair taistil ar an oideachas, ar an obair agus ar sheirbhísí, ina gcuirfear feabhas ar shaoráidí siúil agus rothaíochta agus ina ndéanfar foinsí áitiúla fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhtháthú. Rinneadh Measúnú Baol Tuile céim 2 ar phlean lonnaíochta Bhearna agus sainaithnítear ceantair a mbaineann baol tuile leo, dobharthuile, tuile cois cósta, tuile bháistiúil agus tuile screamhuisce san áireamh. Tá léarscáil baol tuile le fáil i gCuid 4 den phlean ceannchathartha seo.

Cuspóirí Beartais Bhearna (Plean Lonnaíochta Ceannchathartha Bhearna - PLCB) 

PLCB1     Pobail Chónaithe Inbhuanaithe 

Forbairt tailte oiriúnacha agus seirbhísithe a chur chun cinn chun pobail chónaitheacha inbhuanaithe d’ardchaighdeán atá leagtha amach go maith agus a bhfuil tírdhreachtú maith iontu a sholáthar, le meascán oiriúnach cineálacha agus dlús tithíochta, chomh maith le húsáidí tailte comhlántacha ar nós saoráidí pobail, seirbhísí áitiúla agus saoráidí iompair phoiblí, chun freastal ar an daonra cónaitheach phlean lonnaíochtaí Ceannchathartha Bhearna. 

PLCB 1   Lár Baile Inbhuanaithe 

Forbairt Bhearna a chur chun cinn mar thimpeallacht dhlúth, ardchaighdeáin, dhea-thírdhreachaithe agus inrochtana ina bhfuil meascán iomchuí d’úsáidí, lena n-áirítear úsáidí cónaitheacha, tráchtála, seirbhísí, turasóireachta, fiontraíochta, poiblí agus pobail, de réir mar is cuí, a sholáthraíonn réimse seirbhísí, áiseanna agus saoráidí miondíola, don phobal áitiúil agus cuairteoirí. Díreofar den chuid is mó ar lár an bhaile agus ar an bpríomhshráid ghaolmhar maidir le gníomhaíocht mhiondíola agus seirbhíse laistigh de na pleananna seo. 

PLCB 3 Saoráidí agus Seirbhísí Pobail 

Leathnú agus forbairt saoráidí agus seirbhísí atá ar an bhfód cheana féin a spreagadh agus a thacú chun freastal ar riachtanais an phobail áitiúil. 
 

PLCB  4 Gnó agus Fiontraíocht 

(a)    Éascaíocht a dhéanamh maidir le húsáidí gnó agus fiontraíochta i mBearna a leathnú nuair is iomchuí agus i gcomhréir le pleanáil agus forbairt cheart an limistéir.

(b)    Beogacht agus inmharthanacht lár an bhaile a chosaint agus a fheabhsú trína chinntiú go bhfanann sé ina phríomháit mhiondíola, tráchtála agus úsáide measctha i mBearna, agus cosc a chur ar leathadh úsáide nó úsáidí eile nach gcuireann le beogacht agus inmharthanacht lár an bhaile sráidbhaile  i dtuairim an Údaráis Áitiúil.

PLCB 5 Imeall an Chósta (CE) 

a). Caomhnófar agus feabhsófar Imeall an Chósta, de réir mar is cuí, mar acmhainn straitéiseach ardchonláiste, agus deiseanna siamsiaíochta, caomhnaithe agus conláiste áitiúil a chur ar fáil, agus forbairt a mbeadh drochthionchar aici ar an limistéar seo á seachaint ag an am céanna. 

b). Déanfar breithniú ar fhíor-riachtanas tithíochta tuaithe laistigh de Chrios Imeall an Chósta, i gcomhréir leis na forálacha arna leagan amach faoi chuspóirí na mbeartas i gCaibidil 4 Saol na Tuaithe agus Forbairt

PLCB 6                Scoil Náisiúnta 

Tacaíocht a thabhairt chun Scoil Shéamus Naofa a uasghrádú nó a athlonnú go suíomh níos oiriúnaí laistigh de theorainn an phlean chun acmhainn daltaí na scoile a mhéadú, chun saoráidí áineasa na scoile a mhéadú, agus chun rochtain níos fearr agus níos sábháilte a sholáthar.

PLCB 7 Páirc Chonláiste Cois Cósta 

Tacaíocht a thabhairt chun Páirc Chonláiste Cois Cósta a chruthú feadh Bhóithrín Mhags go Bóithrín na Leice Léithe chun freastal ar riachtanais áineasa agus conláiste phobal Bhearna, chun comhéadan poiblí iomchuí a sholáthar idir an sráidbhaile agus an imeallbhord, agus chun pointe fócais agus suíomh álainn a chruthú le haghaidh turasóireachta ardchaighdeáin agus lena húsáid ag an bhforbairt úsáide measctha ar na tailte díreach in aice léi. Ón tús ar fad, cuirfidh cúinsí éiceolaíochta bonn eolais faoi dhearadh aon oibreacha a dhéanfar chun an cuspóir seo a bhaint amach. 

PLCB 8 Forbairt Lamairne/Muiríne 

Tacaíocht a thabhairt chun staidéar féidearthachta a ullmhú maidir le lamairne/muiríne a fhorbairt cóngarach do Chéibh Bhearna agus d’aon oibreacha riachtanacha muiríne/urthrá  chun úsáid agus rochtain phoiblí ar an gceantar mórthimpeall ar an gcéibh a éascú, m.sh.. muirmhúrtha. Áireofar sa staidéar féidearthachta seo na ceanglais cloí le Treoir na gComhphobal Eorpach maidir le Gnáthóga. 

PLCB 9 Slánachar Cósta 

A chinntiú go bhfuil slánachar tógála ginearálta 30m ann ó líne theorann gharraí an chladaigh chun forbairt páirc chonláiste cois cósta a thapú chomh maith le promanáid cois farraige, bealach rothaíochta, cló(i)s súgartha do pháistí, spás conláiste tírdhreachtaithe agus bealaí rochtana feabhsaithe chuig na tránna áitiúla, Céibh Bhearna agus gníomhaíochtaí bunaithe ar chúrsaí uisce. 

PLCB 10 Plean Breithmheasa agus Bainistíochta ACA 

Plean Bainistíochta agus Breithmheasa le haghaidh Limistéar Caomhantais Ailtireachta a ullmhú agus a fhoilsiú le haghaidh an ACA atá ar Bhóthar na Céibhe cheana féin, lena n-áirítear Bóthar na Céibhe, na tailte agus struchtúr sainaitheanta in aice leis agus Céibh Bhearna, faoi réir acmhainní a bheith ar fáil. 

PLCB 11   Bainistíocht Lár an Bhaile 

Faoi réir acmhainní iomchuí, ullmhóidh an Chomhairle plean bainistíochta lár an bhaile do Bhearna, i gcomhar le páirtithe leasmhara áitiúla. Déanfar breithniú sa Phlean Bainistíochta ar chuid de na rudaí seo a leanas, nó orthu go léir más féidir: 

(a)    Soilsiú poiblí a uasghrádú;
(b)    Nascacht lár an Bhaile, lena n-áirítear an phábháil a uasghrádú;
(c)    Lár an Bhaile a uasghrádú/athdhearadh;
(d)    Scéim chun aghaidh sráid-dhreacha tosaíochta sainaitheanta a fheabhsú; a
(e)    Troscán sráide a uasghrádú agus a fheabhsú;
(f)     Scéim chun dearadh comharthaíochta leanúnach comhréireach a chinntiú i lár an bhaile;
(g)    Tírdhreachú bog agus plandáil den chaighdeán iomchuí a sholáthar, chomh maith le spásanna poiblí feidhmiúla;
(h)    Bainistiú páirceála;
(i)     Breithniú a dhéanamh ar thalamh cúil laistigh de lár an bhaile a athúsáid le haghaidh spáis shibhialta/úsáidí eile;
(j)     Éascaíocht a dhéanamh maidir le hoibreacha feabhsúcháin sráid-dhreacha a dhéanamh, faoi réir acmhainní a bheith ar fáil.

LCCG 12    Forbairt Turasóireachta 

(a) Cur chun cinn agus éascaíocht a dhéanamh maidir le Bearna a fhorbairt tuilleadh mar phríomhcheann scríbe turasóireachta chun tairbhe an bhaile agus an cheantair máguaird.

(b)    Tacaíocht a thabhairt agus éascaíocht a dhéanamh i gcomhar le comhlachtaí agus úinéirí talún iomchuí maidir le bealaí conláiste turasóireachta ar fud an bhaile a chur ar fáil.

(c)    Forbairt acmhainn turasóireachta inbhuanaithe Bhearna a spreagadh agus a chabhrú ar bhealach a léireoidh meas ar thábhacht cultúir, teangeolaíoch, tógtha, ailtireachta, seandálaíochta agus oidhreachta an bhaile, lena n-áirítear oidhreacht agus bithéagsúlacht nádúrtha agus saoráidí áitiúla an bhaile, agus a dhéanfaidh an tábhacht sin a mhéadú, a chosaint agus a fheabhsú freisin.

LCCG 13   Bonneagar Poiblí 

Tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’fhorbairt bonneagair agus oibreacha feabhsúcháin a rachaidh chun sochair Bearna agus an réigiún i gcoitinne.

BMSP 14   Sráid Nua Sráidbhaile 

Tacú leis an tSráid nua Sráidbhaile a bheartaítear a chríochnú (an Bóthar Faoisimh Istigh) ó thuaidh den R336 atá ann cheana féin agus cosc a chur ar aon fhorbairt a rachadh i bhfeidhm ar thógáil an bhealaigh cheadaithe amach anseo. 

PLCB 15    Líonra Coisithe agus Rothaíochta 

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt chun sraith de bhealaí coisithe agus rothaíochta a fhorbairt,  a nascfaidh limistéir chónaithe le lár an bhaile agus seirbhísí pobail áitiúla, nuair is féidir. 

PLCB 16  An Ghaeilge 

An Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn mar chéad teanga pobail limistéar Bhearna, lena n-áirítear:

  • A chinntiú go dtugtar ainmneacha Gaeilge ar fhorbairtí agus go ndéanann na hainmneacha sin léiriú ar charachtar an limistéir.
  • Forbairt saoráidí oideachais, áineasa, turasóireachta agus gnó a fheidhmíonn trí Ghaeilge a spreagadh.
  • Úsáidfear comharthaíocht Ghaeilge den chuid is mó agus siombailí a aithnítear go hidirnáisiúnta le feiceáil uirthi.

PLCB 17    Clásal Feidhme Teanga 

Cuirfear Clásal Feidhme Teanga i bhfeidhm ar chéatadán de na haonaid chónaithe nuair a dhéanfar forbairtí ina bhfuil níos mó ná aonad nó dhó i gceist a fhorbairt i mBearna. Cuirfear an clásal feidhme teanga i bhfeidhm ar 20% de na tithe ar a laghad nó ar chóimhéid le céatadán na ndaoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil, i gcomhréir leis an Daonáireamh is deireanaí a foilsíodh, pé ceann acu is mó. 

PLCB 18    Seirbhísí, Stadanna agus Scáthláin Bus 

Seirbhís bhus fheabhsaithe a chur chun cinn i mBearna agus fiosrú a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfaí breis stadanna agus scáthlán bus a chur ar an R336 agus ar an  tSráid Sráidbhaile nua. 

PLCB 19    Líonra Cosán & Soilsithe Phoiblí 

a)    Tacú le feabhsúcháin ar an líonra cosán poiblí atá ann cheana féin laistigh de limistéar an phlean.

b)    Éileofar ar fhorbairt nua nascadh leis an líonra cosán agus soilsithe phoiblí a fhreastalaíonn ar lár an tsráidbhaile faoi láthair.

c)    Tacú chun cosáin agus soilsiú poiblí a sholáthar ón bhforbairt chónaithe reatha chomh fada le lár an tsráidbhaile. Chun speicis a gcuireann solas isteach orthu (m.sh. sciatháin leathair) a chosaint, níor cheart go soláthródh feistis solais ach an méid solais atá riachtanach do shábháilteacht phearsanta, agus ba cheart iad a dhearadh chun dallrú a sheachaint gan solas a chur amach os cionn plána chothrománaigh.

(d) Éascaíocht a dhéanamh maidir le trasrianta coisithe a chur ar fáil gar don scoil náisiúnta, ceantair chónaithe agus ag suíomhanna cuí eile i limistéar an phlean, de réir mar is gá.

PLCB 20    Úsáidí

I gcás nach bhfuil úsáidí reatha i gcomhréir leis na cuspóirí úsáide talún nó le maitrís an phlean, éascóidh/tacóidh an tÚdarás chun na húsáidí sin a athlonnú chuig tailte níos inbhuanaithe a mbaineann an criosú iomchuí leo Éascóidh/tacóidh an tÚdarás Áitiúil athlonnú chuig tailte níos inbhuanaithe a mbaineann an criosú iomchuí leo. 


Bearna Land Use Zoning Map
 
Bearna Flood Risk Management Map

Clár ábhair

Baile