Caibidil 6 Iompar agus Gluaiseacht

Dúntadate_range20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

 PDF

 

“Infheistíocht agus gluaiseacht a spreagadh i ngach earnáil iompair a thacóidh le fás spriocdhírithe daonra agus geilleagrach agus modhanna taistil níos inbhuanaithe lena n-áirítear siúl, rothaíocht agus iompar poiblí”.

6.1       Réamhrá 

Tuigeann Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil soláthar infreastruchtúr iompair ar bhealach inbhuanaithe ríthábhachtach i ndáil le forbairt an chontae amach anseo. Tacóidh an plean seo le hinfheistíocht in infreastruchtúr iompair nua agus feabhsaithe chun fás agus infheistíocht gheilleagrach a chinntiú, mar aon le deiseanna fostaíochta a sholáthar, amanna comaitéireachta a laghdú, pobail níos inbhuanaithe a chruthú agus caighdeán na beatha a fheabhsú trí nascacht feabhsaithe laistigh de agus idir na lonnaíochtaí. Ionas gur féidir an t-infreastruchtúr iompair chomhtháite seo a sholáthar, tá Straitéis Iompair & Pleanála Chontae na Gaillimhe (GCTPS) ullmhaithe mar chuid den phlean seo.

Tá an Chomhairle airdeallach ar an tábhacht a bhaineann le feabhsuithe a dhéanamh i ndáil le soláthar agus cothabháil cosán, rotharbhealaí, infreastruchtúr bóithre, iarnróid, eitlíochta agus muirí a thacaíonn le roghanna modhanna iompair, a chuireann le straitéis iompair atá inbhuanaithe agus comhtháite, a thacaíonn le hinfheistíocht gheilleagrach agus a sholáthraíonn ardchaighdeán beatha agus níos mó pobal inbhuanaithe le haghaidh daonra an chontae faoi láthair agus amach anseo. 

6.2       Aidhmeanna Straitéiseacha 

 Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe leis na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí stáit ábhartha lena chinntiú go bhfuil infreastruchtúr iompair á sholáthar agus tabharfar aird ar na haidhmeanna straitéiseacha seo a leanas;

  • Tacófar le Straitéis Iompair & Pleanála Chontae na Gaillimhe (GCTPS) agus le Straitéis Iompair na Gaillimhe (GTS);
  • Tacófar le modhanna iompair inbhuanaithe agus leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin;
  • Cosnófar an fheidhm iompair straitéisigh, an acmhainn iompair, lena n-áirítear pleanáil le haghaidh feabhsuithe acmhainne amach anseo ar an ngréasán bóithre náisiúnta; 
  • Tacófar le forbairt ar thalamh seirbhísithe i mbailte agus sráidbhailte, go háirithe iad siúd atá lonnaithe feadh conairí iompair phoiblí agus de réir Treoirlínte maidir le Forbairt Chónaithe Inbhuanaithe i gCeantair Uirbeacha (2009), ag féachaint do na patrúin lonnaíochta atá ann cheana féin; 
  • Tacú le huasghrádú acmhainn líne iarnróid Bhaile Átha Luain – Bhéal Átha an Rí – na Gaillimhe lena n-áirítear dé-rian agus níos mó stadanna seirbhíse idir Gaillimh agus Baile Átha Luain;
  • Tacú le leathnú an infreastruchtúir Rothaíochta ar fud na tíre agus ar fud an Chontae; 

6.3       Comhthéacs Straitéiseach 

Ullmhaíodh an chaibidil seo i gcomhthéacs na bPleananna, Beartas agus Treoirlínte Náisiúnta agus Réigiúnacha seo a leanas:  

Creat Náisiúnta Pleanála – Éire 2040  
Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027  
An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair 2020-2032  
Pleanáil Spásúil agus Bóithre Náisiúnta, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála 2012  
Lámhleabhar Dearaidh do Shráideanna agus Bóithre Uirbeacha 2013, nuashonraithe in 2019  
Plean Straitéiseach an Chláir Iompair Tuaithe Local Link 2018-2022 
Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019 
Taisteal Níos Cliste – Todhchaí Iompair Inbhuanaithe - Beartas Iompair Nua d’Éirinn 2009 - 2020 
Straitéis le haghaidh Forbairt Glasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo, 2018
Plean Náisiúnta um Maolú 2017  
Creat Beartais Náisiúnta; Infreastruchtúr Breoslaí Malartacha le haghaidh Iompair in Éirinn 2017 - 2030 Treoir Dea-chleachtais Tréscaoilteachta curtha i dtoll a chéile ag an Údarás Náisiúnta Iomp
Creat an Bheartais Náisiúnta Rothaíochta 2009-2020 
Lámhleabhar Náisiúnta Rothaíochta curtha i dtoll a chéile ag an Údarás Náisiúnta Iompair 2011
Straitéis Aoisbhá do Ghaillimh 2014-2019 
Straitéis Iompair na Gaillimhe agus Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe

6.3.1   Creat Náisiúnta Pleanála

Leagtar béim shuntasach sa Chreat Náisiúnta Pleanála (NPF) ar an tábhacht a bhaineann leis an aistriú chuig úsáid a bhaint as modhanna iompair níos inbhuanaithe agus cur chun feidhme straitéisí pleanála agus iompair. Chomh maith leis sin, leagtar béim in NPF ar an tábhacht a bhaineann le leictriú iompair phoiblí, agus úsáid a bhaint as feithiclí leictreacha. Ní mór go n-áireofaí i ndearadh pobal comhtháthú roghanna malartacha sábháilte agus áisiúla seachas an carr a úsáid amach anseo agus an t-infreastruchtúr siúil agus rothaíochta a fheabhsú.  

6.3.2    Regional Spatial and Economic Strategy (RSES) 

Tacaíonn an Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach (RSES) leis an aistriú ó charr príobháideach a úsáid agus roghanna malartacha a úsáid a thacaíonn le breis éifeachtúlachta i ndáil le húsáid na ngréasán iompair. Tacaíonn RPO 3.6.7 de RSES le soláthar Chuarbhóthar nua na Gaillimhe/ N6 (N6 GCRR) arb ionann é agus príomhthosaíocht le haghaidh mhórcheantar uirbeach na Gaillimhe. Tacaíonn RPO 6.27 le hullmhú pleananna Iompair Áitiúla le haghaidh Bhéal Átha na Sluaighe agus Tuaim, agus tacaíonn RPO 3.6.13 le soláthar Gréasán Glasbhealaí a áirítear ann Rotharbhealach Náisiúnta Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, Glasbhealach an Chósta - Órán Mór go Bearna, agus Glasbhealach Gaillimh go dtí An Clochán. Seo a leanas liosta de na príomhthosaíochtaí atá sonraithe in RSES:

  • Tacaíocht le haghaidh cothabháil acmhainne agus sábháilteacht straitéiseach ghréasán na mbóithre náisiúnta agus pleanáil le haghaidh feabhsuithe acmhainne amach anseo lena n-áirítear Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe/N6, Uasghrádú an N59, Scéim an N59/An Clochán go dtí Uachtar Ard agus Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn;
  • Tacú le pleananna Iompair Áitiúla le haghaidh Bhéal Átha na Sluaighe agus Tuaim; 
  • Tacú le soláthar Gréasán Glasbhealaí lena n-áirítear an Rotharbhealach Náisiúnta idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh, Glasbhealach an Chósta - Órán Mór go Bearna, agus Glasbhealach Gaillimh do An Clochán; 
  • Tacú le soláthar feabhsaithe agus níos nasctha seirbhís iompair phoiblí lena n-áirítear an clár iompair tuaithe; 
  • Tacú le soláthar tionscadal iarnróid lena n-áirítear líne iarnróid dé-riain idir Gaillimh agus Baile Átha Luain;
  • Tacú le hinfreastruchtúr Taisteal Níos Cliste a sholáthar;  

6.3.3      Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe agus Straitéis Iompair na Gaillimhe  

Soláthraítear i Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe (GCTPS) forléargas agus scrúdú ar ghréasáin agus seirbhísí iompair reatha laistigh den Chontae agus úsáidtear an fhaisnéis seo chun príomhdheiseanna agus príomhdhúshláin a bhainfidh le soláthar iompair laistigh de thréimhse an Phlean Forbartha Contae agus ina dhiaidh sin a aithint. Tá patrúin reatha agus tuartha gluaiseachta curtha i bhfeidhm taobh le breithniú ar fhás aitheanta agus pleanáilte in úsáidí tithíochta, fostaíochta agus talún eile chun measúnú a dhéanamh ar conas a athrófar úsáid agus feidhmiú “príomhchonairí” laistigh den Chontae, rud a cheadaíonn sraith roghanna le haghaidh feabhsuithe iompair agus beart gaolmhar atá le forbairt a bhfuil an cumas acu freagairt do na patrúin seo. Anuas air sin, tá measúnú déanta ar na roghanna seo i gcomparáid le sraith cuspóirí straitéiseacha a bhfuil sé mar aidhm leo tograí a fhorbairt de réir móid agus suímh a dhéileálfaidh le saincheisteanna iompair atá ann faoi láthair, a chosnóidh sábháilteacht agus oibriú éifeachtach na ngréasán iompair laistigh den Chontae, agus a oibreoidh chun forbairt agus fás amach anseo i suíomhanna atá sainaitheanta sa phlean seo, nó ar féidir a léiriú atá comhsheasmhach le cuspóirí beartais ábhartha a threorú agus tacú leo. Lena chois sin, tá GCTPS ullmhaithe ar bhealach a chinntíonn go bhfuil sé comhoiriúnach le/ag cur le Straitéis Iompair na Gaillimhe, go háirithe i ndáil le ceantair uirbeacha (MASP) atá suite ar theorainn cheantar riaracháin Chathair na Gaillimhe.  Déantar iarracht in GCTPS tacú go gníomhach le feabhsuithe ar líonraí iompair a spreagfaidh níos mó úsáide a bheith á baint ag na pobail atá ann faoi láthair as iompar inbhuanaithe, a laghdóidh spleáchas ar charranna agus a thacóidh le forbairt nua ag suíomhanna inar féidir roghanna iompair inbhuanaithe a spreagadh agus a éascú trí infreastruchtúr atá ann agus atá uasghrádaithe agus bearta eile.

Tacaíonn Straitéis Iompair na Gaillimhe (GTS) le comhtháthú talamhúsáide agus iompair laistigh de Chathair na Gaillimhe agus bruachbhailte agus purláin Chontae na Gaillimhe.  Is straitéis chomhpháirteach é an plean seo idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe a ullmhaíodh i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair.  Tacaíonn GTS le brú tráchta laghdaithe agus spleáchas ar charranna trí acmhainn mhéadaithe d’iompar poiblí iontaofa agus inbhuanaithe agus tacú agus éascú rothaíochta agus siúil, a thacaíonn le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa (GHG) a laghdú. Cuimsítear sa straitéis seo bainistíocht tráchta, tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí siúil, rothaíochta agus bus, modhnuithe ar an ngréasán tráchta, bainistíocht gníomhaíochtaí páirceála agus feithiclí earraí troma, feabhsuithe ar an ríocht phoiblí agus úsáid a bhaint as ‘soghluaisteacht níos cliste’.

Cuspóirí Beartais le haghaidh Straitéis Iompair & Pleanála Chontae na Gaillimhe agus Straitéis Iompair na Gaillimhe

GCTPS 1              Straitéis Iompair & Pleanála Chontae na Gaillimhe agus Straitéis Iompair na Gaillimhe

Cuspóir beartais de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe é tacú le cur chun feidhme Straitéis Iompair & Pleanála Chontae na Gaillimhe agus Straitéis Iompair na Gaillimhe i ndáil le gach modh iompair a éascú.

GCTPS 2               Cur chuige comhtháite i ndáil le talamhúsáid agus iompar

Bainfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe tairbhe as cur chuige comhtháite i ndáil le talamhúsáid agus iompar, agus tacófar ar bhonn gníomhach le bearta a éascaíonn agus a mheallann forbairtí chuig suíomhanna ag a bhfuil ardleibhéil de sholáthar iompar inbhuanaithe (nó ar féidir leo a leithéid sin de sholáthar a chinntiú mar thoradh ar an bhforbairt i gceist).

GCTPS 3               Iompar Inbhuanaithe

Déanfaidh an Contae iarracht tacú le bearta éagsúla a laghdóidh spleáchas cónaitheoirí ar charranna, agus a dhéanfaidh iarracht go sonrach rochtain ar roghanna iompair inbhuanaithe a fheabhsú (lena n-áirítear modhanna freagrúla agus “solúbtha”) le haghaidh na gcónaitheoirí sin atá ina gcónaí i gceantair thuaithe an Chontae.

GCTPS 4               Siúl agus Rothaíocht      

Tacú le agus feabhsú gréasán siúil agus rothaíochta nua mar an “céad rogha” le haghaidh aistir áitiúla níos giorra agus chun lonnaíochtaí laistigh de Chontae agus de Chathair na Gaillimhe a nascadh.

GCTPS 5               Uasghrádú chuig Líonraí Iompair Phoiblí

Tacú le haon uasghráduithe móra atá beartaithe ar líonraí iompair phoiblí, lena n-áirítear Conair Iarnróid an Iarthair agus dé-rian idir Cathair na Gaillimhe agus Baile Átha Luain.

GCTPS 6               Iompar Poiblí Bóthair

Déanfaidh an Contae iarracht an t-infreastruchtúr le haghaidh iompar poiblí bóthair a chothabháil agus a fheabhsú, agus rochtain ar sheirbhísí atá ar fáil cheana féin a mhéadú (trí stadanna nua a sholáthar agus rochtain feabhsaithe trí ghréasáin coisithe agus rothar).

GCTPS 7               Feabhsúcháin ar an nGréasán Bóithre

Bainisteoidh agus cothóidh an Contae feidhmiú éifeachtach agus sábháilte an ghréasáin bóithre atá á rialú aige, agus oibreoidh sé le TII agus NTA chun suíomhanna a aithint ar an ngréasán náisiúnta ina bhféadfadh gá a bheith le feabhsúcháin spriocdhírithe chun déileáil le saincheisteanna ar leith.

GCTPS 8               Feabhsú Gréasán Náisiúnta

Comhoibreoidh an Contae le TII agus NTA i ndáil le cothabháil agus feabhsú gréasán náisiúnta le haghaidh taisteal agus gluaiseacht achar níos faide agus traschontae tréthráchta lastas san áireamh.  

GCTPS 9               Comhoibriú le Cathair na Gaillimhe

Comhoibreoidh an Chomhairle le Comhairle Chontae na Gaillimhe de réir mar is cuí chun forbairt a dhéanamh ar thograí agus ar bhearta a fheabhsóidh taisteal chuig agus ó Chathair na Gaillimhe ar bhealach atá comhoiriúnach le GTS agus GCTPS, a bhaineann an méid tairbhe agus is féidir, áit ar féidir, as na buntáistí a chruthaíonn an cur chuige seo don dá cheantar.

6.4       Athrú Aeráide  

Ní mór soláthar infreastruchtúir cosúil le hiompar poiblí agus infreastruchtúr bóithre ar ardchaighdeán a sholáthar ag cur an méid atá sonraithe sa chlár oibre um ghníomhú ar son na haeráide san áireamh. Seo a leanas na príomh pharaiméadair atá luaite leis na hiarrachtaí déileáil leis an athrú aeráide:  

  • Modhanna iompair inbhuanaithe;
  • Iompar poiblí feabhsaithe;
  • Astaíochtaí laghdaithe;
  • Pleanáil spásúil a chomhtháthú le pleanáil iompair;
  • Beart chun tacú le feithiclí leictreacha;  
  • Straitéisí lonnaíochta agus iompair inbhuanaithe a chur chun cinn i gceantair uirbeacha agus thuaithe. 

Beidh na cuspóirí beartais atá le leanúint ag teacht le Toradh Straitéiseach Náisiúnta (NSO) uimh. 8 de NPF agus tacóidh siad le haistriú an chontae chuig sochaí ísealcharbóin agus seasmhach ó thaobh na haeráide. Ina theannta sin, déileálfar i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn In-athnuaite, ar bhealach níos mionsonraithe leis an Athrú Aeráide agus leis an idirghaolmhaireacht idir cuspóirí beartais na caibidle seo agus an t-aistriú chuig sochaí sheasmhach.  

6.5       Iompar

6.5.1   Pleanáil Chomhtháite Talamhúsáide agus Iompair

Nuair a bheidh an patrún forbartha á mhúnlú agus tionchar á imirt ar shuíomh, scála, dlús, dearadh agus meascán talamhúsáidí, d’fhéadfadh comhtháthú talamhúsáide agus iompair cabhrú leis an ngá atá le taisteal a laghdú agus forbairt uirbeach inbhuanaithe a éascú. É sin ráite, bíonn amanna méadaithe comaitéireachta, breis spleáchais ar iompar a mbíonn astaíochtaí gáis cheaptha teasa méadaithe dá thoradh agus caighdeán saoil laghdaithe dár bpobail mar thoradh ar scaipeadh talamhúsáidí, rud nach bhfuil inbhuanaithe.

Dá réir sin, tacaítear sa phlean seo le cur chuige comhtháite i ndáil le talamhúsáid agus iompar agus tacaítear le forbairt i mbailte, lonnaíochtaí agus sráidbhailte atá sa chontae cheana féin de réir na Croístraitéise, mar atá sonraithe i gCaibidil 2 “Croístraitéis, Straitéis Lonnaíochta & Straitéis Tithíochta” chun an spleáchas ar charranna a laghdú. Tacaítear go láidir sa Phlean le dlúthfhás uirbeach a chruthú, lonnaíochtaí atá ann a chomhdhlúthú agus tailte athfhorbraíochta a fhorbairt ar fud an ordlathais lonnaíochta agus tá breis eolais le fáil i gCaibidil 3 Comhfhorbairt, Athghiniúint agus Maireachtáil Uirbeach. Tacaíonn cur chun cinn forbairt láithreán athfhorbraíochta agus comhdhlúthú lonnaíochtaí atá ann cheana féin le modhanna iompair níos inbhuanaithe, eadhon siúl, rothaíocht agus iompar poiblí, mar roghanna malartacha inmharthana seachas an carr príobháideach.

Tacaíonn an plean le cruthú mol iompair agus infreastruchtúr iompair phoiblí feabhsaithe chun breis acmhainne agus seirbhís bhreise a éascú. Ag suíomhanna straitéiseacha feadh na gconairí iompair phoiblí seo tacaíonn an plean le forbairt ard-dlúis a chuirfidh leis an líon daoine a bheidh laistigh de dhobharcheantar siúil na seirbhíse iompair phoiblí, a mhéadóidh líon na bpaisinéirí a bheidh ag úsáid na seirbhíse, agus a bheidh mar bhonn le hinmharthanacht gheilleagrach na seirbhíse trí chéile a mhéadú agus, dá réir sin, astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú de bhrí go mbeidh líon níos lú daoine spleách ar charranna.

Tá fianaise ar an straitéis seo le fáil sa phlean i bhfoirm ullmhú Chreatphlean an Gharráin inar sainaithníodh tailte atá le forbairt mórthimpeall ar an stáisiún traenach atá le fáil in Órán Mór faoi láthair. Tá gá le roinnt oibreacha infreastruchtúir ar an líne traenach atá ann a bheidh mar bhonn le minicíocht agus acmhainn mhéadaithe na seirbhíse traenach. Chomh maith leis sin, sonraítear in GCTPS an aidhm atá ann scrúdú a dhéanamh ar sholáthar saoráidí nua agus feabhsaithe “moil” i bPríomhbhailte Bhéal Átha na Sluaighe agus Thuama, agus na saoráidí atá ag freastal ar an stáisiún traenach i mBaile Átha an Rí a fheabhsú.

Chomh maith leis in, tá ról lárnach ag Straitéisí Talamhúsáide agus Iompair i dtacú le comhordú agus comhtháthú níos fearr na pleanála forbartha. Tá Straitéis Iompair & Phleanála Chontae na Gaillimhe ag tacú leis an bplean seo agus mar bhonn leis. Áirítear sa chaibidil seo freisin cuspóirí beartais le haghaidh Pleananna Iompair Áitiúla a ullmhú do Phríomhbhailte Thuama agus Bhéal Átha na Sluaighe mar chuid den athbhreithniú ar na Pleananna Ceantair Áitiúla le haghaidh na lonnaíochtaí seo.

Cuspóirí Beartais le haghaidh Pleanáil Chomhtháite Talamhúsáide agus Iompair

ILUTP 1    Iompar Inbhuanaithe 
An t-aistriú i dtreo úsáid a bhaint as modhanna iompair inbhuanaithe agus ísealcharbóin a spreagadh, trí thacú le modhanna malartacha iompair, agus ‘pobail insiúlta’ agus tacú le dlúthfhoirmeacha uirbeacha gar do chonairí iompair phoiblí chun patrúin ghluaiseachta níos inbhuanaithe a spreagadh.
 

ILUTP 2        Pleananna Iompair Áitiúla    
Pleananna Iompair Áitiúla a ullmhú de réir Threoirlínte Measúnaithe Iompair Cheantarbhunaithe (TII, 2018) agus i gcomhairle le gníomhaireachtaí náisiúnta iompair agus páirtithe leasmhara ábhartha eile le haghaidh Príomhbhailte Thuama agus Bhéal Átha na Sluaighe mar chuid d’ullmhú na bPleananna Ceantair Áitiúla le haghaidh na lonnaíochtaí seo. 

 

6.5.2    Iompar Inbhuanaithe

Bunaithe ar an anailís a rinneadh ar dhaonáireamh 2016, tá leibhéal suntasach spleáchais laistigh den chontae ar an gcarr príobháideach arb ionann é agus an príomh-mhodh iompair. Tá an chaibidil seo ag feidhmiú i gcomhar le Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe (GCTPS) agus Straitéis Iompair na Gaillimhe agus is é an aidhm atá ann athrú ón gcarr príobháideach a úsáid go dtí roghanna iompair níos inbhuanaithe a úsáid. Tá eolas le fáil thíos i dTábla 6.2 atá bunaithe ar Dhaonáireamh 2016 maidir le cion córa iompair lena n-áirítear Cathair na Gaillimhe. Glactar leis go bhfuil an t-aistriú chuig iompar níos inbhuanaithe laistigh den chontae riachtanach chun ceanglais a chomhlíonadh faoi alt 10(2)(n) den Acht (Aeráid). Sonraítear sna rannóga seo a leanas na modhanna iompair éagsúla atá in úsáid laistigh den chontae, lena n-áirítear siúl, rothaíocht agus iompar poiblí.

6.5.2.1 Siúl agus Rothaíocht

Baineann roinnt buntáistí le tacú le siúl agus rothaíocht lena n-áirítear laghdú ar bhrú tráchta i gceantair uirbeacha, astaíochtaí gáis cheaptha teasa laghdaithe, daonra níos sláintiúla, caighdeán feabhsaithe saoil agus pobail níos inbhuanaithe. Dá mhéad daoine is féidir a spreagadh go gníomhach chun a bheith ag siúl agus ag rothaíocht is ea is fearr a éireoidh leis na hiarrachtaí líon na gcarranna príobháideacha atá in úsáid laistigh dár gceantair uirbeacha a laghdú, rud a bheidh mar bhonn le héileamh laghdaithe ar spásanna páirceála agus ar spás sráide a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le feabhsuithe sa ríocht phoiblí inár gceantair uirbeacha.

Tacaítear sa phlean seo leis na caighdeáin dearaidh atá le fáil sa Lámhleabhar Náisiúnta Rothaíochta agus sa Lámhleabhar Dearaidh le haghaidh Bóithre agus Sráideanna Uirbeacha i ndáil le dearadh infreastruchtúir do choisithe agus do rothaithe agus ceanglaítear ar gach forbairt nua léargas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil a gcuid tograí de réir na ndoiciméad seo. Spreagfaidh cur chun feidhme prionsabal dea-dhearaidh uirbigh trí eagrú talamhúsáidí agus cruthú sráideanna agus comharsanachtaí dea-nasctha idir ceantair chónaithe, ionaid chomharsanachta, scoileanna, agus ionaid oibre, daoine chun a bheith ag siúl agus ag rothaíocht níos minice.

Cuspóirí Beartais le haghaidh Siúl agus Rothaíocht

WC 1        Infreastruchtúr do Choisithe agus do Rothaithe 

A cheangal go mbeidh dearadh an infreastruchtúir do choisithe agus do rothaithe de réir na bprionsabal, cur chuige agus caighdeán atá sonraithe sa Lámhleabhar Náisiúnta Rothaíochta agus sa Lámhleabhar Dearaidh le haghaidh Bóithre agus Sráideanna Uirbeacha. 
 

WC 2        Páirceáil Rothar

A spreagadh áiseanna slána páirceála rothar agus áiseanna gaolmhara a sholáthar laistigh de ríocht phoiblí bhailte agus sráidbhailte ar fud an Chontae.

WC 3        Gluaiseacht Inbhuanaithe Iompair

A cheangal go dtabharfaí tús áite do ghluaiseacht inbhuanaithe iompair ag an gcéim dearaidh is túisce de thograí forbartha.  


WC 4        Gréasán Nua-aimseartha d’Infreastruchtúr Siúil agus Rothaíochta

Leanúint leis an obair agus leis an bplé leis an Údarás Náisiúnta Iompair, an Roinn Iompair agus gníomhaireachtaí eile chun gréasán nua-aimseartha d’infreastruchtúr siúil agus rothaíochta a fhorbairt sa Chontae. 
 

WC 5        Rotharbhealaí Saor ó Thrácht

Bealaí saor ó thrácht a sholáthar, más féidir, do choisithe agus do rothaithe, go háirithe sa chás go mbeadh bealaí den chineál sin mar bhonn le rogha níos dírí, níos sábháilte agus níos mealltaí seachas an carr a sholáthar. 
 

6.5.2.2 Glasbhealaí agus Gormbhealaí

Tá an Chomhairle ag tacú go gníomhach le soláthar infreastruchtúr glasbhealaí laistigh den chontae agus glacann an Chomhairle leis go bhfuil buntáistí ag baint le háis caitheamh aimsire a sholáthar a spreagann stíl mhaireachtála gníomhach agus sláintiúil i measc ár bpobal. Chomh maith leis sin, tá an Chomhairle airdeallach ar na buntáistí geilleagracha a bhaineann le glasbhealaí ó thaobh na turasóireachta de go háirithe. Leanfaidh an Chomhairle ag tacú agus ag éascú soláthar glasbhealaí áit ar cuí laistigh den chontae. Tá tuilleadh scrúdaithe agus mionsonraí maidir le glasbhealaí le fáil i gCaibidil 9 Bithéagsúlacht, Infreastruchtúr Glas agus Oidhreacht Nádúrtha.

Cuspóirí Beartais le haghaidh Glasbhealaí agus Gormbhealaí

GBW 1        Glasbhealaí

Tacú le forbairt Gréasán Glasbhealaí Straitéiseach comhtháite de bhealaí náisiúnta agus réigiúnacha agus nascacht le glasbhealaí reatha a uasmhéadú trí naisc le hinfreastruchtúr siúil agus rothaíochta ar bhealach atá comhoiriúnach le beartais chaomhnaithe dúlra agus beartais timpeallachta eile. Áireofar anseo ach níl sé teoranta do na nithe seo a leanas lena mbaineann tábhacht Náisiúnta agus Réigiúnach;

  • Glasbhealach Náisiúnta - Baile Átha Cliath go Gaillimh  
  • Glasbhealach Chonamara i.e. (An Clochán - Uachtar Ard, Gaillimh - Uachtar Ard)  

GBW 2        Forbairt Gréasán Glasbhealaí Amach Anseo

Tacú le soláthar tionscadal glasbhealaí/gormbhealaí straitéiseacha inbhuanaithe sa chontae de réir na Straitéise le haghaidh Forbairt Glasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo.
 

6.5.2.3 Feithiclí Leictreacha

Tacaíonn an Chomhairle le soláthar feithiclí leictreacha lena n-áirítear Feithiclí Leictreacha Cadhnra (BEV) agus Feithiclí Leictreacha Hibrideacha Inluchtaithe (PHEV) lena n-áirítear carranna, rothair agus scútair leictreacha mar rogha ísealcharbóin níos inbhuanaithe i gcomparáid leis an ngnáth-mhótarfheithicil phríobháideach. Tá na feithiclí seo glan agus tíosach ar fhuinneamh agus cabhraíonn siad le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa agus truailliú ó thorann a laghdú inár gceantair uirbeacha go háirithe. Níl ach líon teoranta pointí luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha sa chontae i láthair na huaire. Dá réir sin, tacóidh an plean le suiteáil pointí luchtaithe ag suíomhanna oiriúnacha ar fud an chontae ionas go mbeidh an t-aistriú chuig feithiclí leictreacha níos inrochtana.

Cuspóirí Beartais le haghaidh Feithiclí Leictreacha

EV 1     Infreastruchtúr Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha 

Tacú leis an aistriú chuig Feithiclí Leictreacha agus é a éascú trí thacú le rolladh amach pointí luchtaithe Leictreacha breise ag suíomhanna oiriúnacha laistigh den Chontae i gcomhar leis na gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara ábhartha.

6.5.2.4 Iompar Poiblí

Tá roinnt modhanna iompair phoiblí laistigh den chontae lena n-áirítear bus, iarnród, seirbhísí iompair tuaithe, aeriompar, bád agus seirbhísí tacsaí. Soláthraíonn na seirbhísí seo roinnt nasc idir lonnaíochtaí sa chontae, an mhórthír agus ár n-oileáin, an réigiún trí chéile agus suíomhanna éagsúla ar fud na tíre.

Seirbhísí Bus

Tá gréasán mór seirbhísí bus ag freastal ar an gContae faoi láthair, oibritheoirí poiblí agus príobháideacha, atá ag nascadh ceantair thuaithe, lonnaíochtaí laistigh den chontae agus Cathair na Gaillimhe le haerfoirt réigiúnacha in aice láimhe agus ionaid mhóra náisiúnta eile. Tá an plean, chomh fada is a bhaineann le seirbhísí bus, de réir GCTPS agus GTS agus tacaíonn sé le comhdhlúthú fáis amach anseo, agus ba cheart go dtreiseodh sé sin agus go gcruthódh sé margaí níos mó le haghaidh seirbhísí bus san fhadtéarma.

Iompar Poiblí i gCeantair Thuaithe

Tá soláthar iompair phoiblí tuaithe riachtanach lena chinntiú go bhfuil aonrú tuaithe á íoslaghdú.  Sa chontae, soláthraíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair seirbhísí iompair tuaithe tríd an gClár Iompair Tuaithe Local Link agus tá breis is 80 seirbhís á soláthar gach seachtain lena n-áirítear seirbhís atá ag freagairt d’éileamh agus seirbhís ó dhoras go doras. Is modh tábhachtach é an tseirbhís seo chun déileáil le heisiamh sóisialta tuaithe agus cabhrú le seirbhísí iompair tuaithe a chomhtháthú le seirbhísí iompair phoiblí eile.

Saoráidí Páirceála agus Taistil

Déanfaidh an Chomhairle scrúdú ar shaoráidí páirceála agus taistil a sholáthar ag suíomhanna oiriúnacha agus leagfar an phríomhbhéim ar chomaitéirí a spreagadh chun iompar poiblí a úsáid, brú tráchta a laghdú agus cabhrú leis an aistriú chuig contae ísealcharbóin.

Seirbhísí Iarnróid

Tá línte iarnróid Bhéal Átha an Rí/Luimnigh (Conair Iarnróid an Iarthair) agus Gaillimh/Bhaile Átha Cliath, ag freastal ar an gcontae ón deisceart agus ón oirthear faoi seach. Tá líne na Gaillimhe/Bhaile Átha Cliath á trasnú ag líne na Gaillimhe/Luimnigh i mBéal Átha an Rí. Baineann poitéinseal leis an líne iarnróid neamhúsáidte idir Béal Átha an Rí agus Clár Chlainne Mhuiris trí Thuaim chun seirbhísí iarnróid bhreise a sholáthar chuig tuaisceart an chontae agus síneadh le Conair Iarnróid an Iarthair chun rochtain ar iarthuaisceart na tíre a sholáthar.  Tacaíonn an chomhairle le hoscailt bhealach Chonair Iarnróid an Iarthair idir Béal Átha an Rí agus Tuaim, Clár Chlainne Mhuiris agus Cúil Mhuine mar rogha le haghaidh iompar paisinéirí agus lastais. Sa chomhthéacs seo, cuirtear san áireamh go bhfuil Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Éireann fógartha ag an Rialtas.

I láthair na huaire, tá an líne iarnróid idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath teoranta i dtéarmaí acmhainne mar gheall ar shrianta infreastruchtúir.  Tacaíonn an plean seo le huasghrádú na líne seo lena n-áirítear dé-líne a sholáthar idir Gaillimh agus Baile Átha Luain a chuirfeadh ar bhealach suntasach le luas agus minicíocht na seirbhíse ar an líne seo. Glacann an Chomhairle leis go bhfuil forbairt infreastruchtúr iarnróid feabhsaithe riachtanach i ndáil le fás réigiúnach cothromaithe a éascú agus forbairt Phlean Straitéiseach Mhórcheantar Uirbeach na Gaillimhe (MASP). Leanfaidh an Chomhairle le cúrsaí a phlé le Iarnród Éireann agus iarracht a dhéanamh seirbhísí agus infreastruchtúr iarnróid ag suíomhanna oiriúnacha sa Chontae a fheabhsú.

Cuspóirí Beartais le haghaidh Iompar Poiblí

PT 1        Modhanna Iompair Inbhuanaithe 

Aistriú córa iompair ó úsáid a bheith á baint as an gcarr príobháideach go dtí modhanna iompair níos inbhuanaithe a spreagadh. 
  

PT 2        Infreastruchtúr Iompair Phoiblí a Fhorbairt

Idirchaidreamh agus obair dhlúth a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus le húdaráis  ábhartha iompair eile agus le hoibreoirí poiblí agus príobháideacha, le feabhsúcháin agus fairsingiú ar bhonneagar iompair phoiblí a éascú agus a fheabhsú i limistéir cosúil le spásanna chun busanna naisc áitiúil a pháirceáil iontu agus seirbhísí sa Chontae.
  
PT 3        Seirbhísí Bus Contae

Tacú leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus le páirtithe leasmhara eile agus grúpaí pobail chun infreastruchtúr na seirbhísí bus a fheabhsú. 
 

PT 4        Iompar Tuaithe

Leanúint ar aghaidh ag tacú leis an tseirbhís iompair tuaithe ‘Local Link’ agus oibritheoirí a spreagadh chun an tseirbhís a fheabhsú chun freastal ar riachtanais shóisialta agus gheilleagracha na bpobal tuaithe sa Chontae. 

PT 5         Páirceáil agus Taisteal

Oibriú leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA), Iarnród Éireann, Bonneagar Iompair Éireann (TII), Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus aon pháirtithe leasmhara eile chun suíomhanna oiriúnacha a shainaithint le haghaidh agus chun áiseanna Páirceála agus Taistil a fhorbairt sa Chontae. 

PT 6        An Líne Iarnróid idir Gaillimh agus Baile Átha Luain

Comhoibriú le Iarnród Éireann a chinntiú chun infreastruchtúr agus seirbhísí iarnróid feabhsaithe a sholáthar idir Gaillimh agus Baile Átha Luain a áirítear ina measc iarnród dé-riain agus oibreacha feabhais bhreise lena n-áirítear ardán agus lúb thrasnaithe bhreise ag An Garrán, Órán Mór chun acmhainn agus minicíocht seirbhíse feabhsaithe a chinntiú. 
 
PT 7        Conair Iarnróid an Iarthair

Tacú le hoscailt bhealach Chonair Iarnróid an Iarthair idir Béal Átha an Rí, Tuaim, Clár Chlainne Mhuiris agus Cúil Mhuine mar rogha le haghaidh iompar paisinéirí agus lastais. 

PT 8    Bonneagar Iarnróid Bhaile Locha Riach

Tacú le Baile Locha Riach a chuimsiú i gConair Iarnróid an Iarthair agus pleanáil a dhéanamh chun bealach comaitéireachta a chur ar fáil ó Bhaile Locha Riach go Gaillimh trí Bhaile Locha Riach a nascadh le stáisiún traenach Áth Tíomáin nó Bhaile Átha an Rí chun craobh-bhealach go Gaillimh a chruthú.

6.5.3    Bóithre

Tá an Chomhairle airdeallach ar an tábhacht a bhaineann leis an ngréasán bóithre poiblí sa chontae agus ar an tábhacht a bhaineann le cosaint agus le forbairt leanúnach an infreastruchtúir seo chun sábháilteacht úsáideoirí bóithre a chinntiú, mar aon le hiompar earraí agus seirbhísí agus nascacht idir na lonnaíochtaí agus an réigiún ina iomláine. Tá roinnt mótarbhealaí (M6/M17/M18) agus bealaí náisiúnta a sholáthraíonn bealaí rochtana iontacha isteach agus amach as an gcontae atá fíorthábhachtach i ndáil le forbairt gheilleagrach agus shóisialta. Ag leibhéal níos áitiúla, tá roinnt bóithre réigiúnacha agus áitiúla ann a sholáthraíonn nascacht idir bailte agus sráidbhailte agus a gcúlchríocha tuaithe níos leithne.

Ainneoin go dtacaítear sa phlean le hiompar inbhuanaithe agus le contae ísealcharbóin, tuigeann an Chomhairle, mar gheall ar an líon suntasach pobal tuaithe atá sa chontae agus ar an tábhacht a bhaineann le gluaiseacht earraí a chinntiú go mbeidh ról lárnach ag an infreastruchtúr bóithre i ngréasán iompair an chontae trí chéile.

Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tacú le síntí agus le feabhsuithe ar an infreastruchtúr bóithre atá sa Chontae trí na tionscadail tosaíochta atá liostaithe i dTáblaí 6.1 agus 6.2 mar seo a leanas:

Bóithre Náisiúnta

  • N6/Cuarbhóthar na Gaillimhe(N6GCRR)
  • N59/An Clochán - Uachtar Ard (N59/An Clochán - An Teach Dóite agus N59/Uachtar Ard - An Teach Dóite)
  • N59/An Clochán - An Líonán (Teorainn Chontae Mhaigh Eo)
  • N59/Gaillimh - Uachtar Ard
  • N84/Gaillimh - Teorainn an Chontae
  • N67/Cill Cholgáin - Teorainn an Chontae,
  • N17/Tuaim - Teorainn an Chontae,
  • N63/Crois an Eanaigh - Béal Átha Ghártha
  • N83/Tuaim - Dún Mór agus go dtí Teorainn an Chontae
  • N65/Cill Mhian - Port Omna
  • N18 ag Ceathrú na Manaoise ó thuaidh i dtreo an acomhail le M6;

Seachbhóithre Criticiúla Baile

  • N59/Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn;
  • N17/Seachbhóthar Bhaile Chláir;

Bóithre Eile

  • R336/Bearna-Scríb trí Ros an Mhíl;
  • Bóthar Faoisimh Bhaile Átha an Rí;
  • Bóthar Faoisimh Laistigh Thuama;
  • Bóthar Faoisimh Laistigh Chinn Mhara;
  • Nasc ó Eastát Tionscail na Páirce Móire chuig R339;
Carrchlóis Phoiblí
  • Carrchlós an Ghoirt;
  • Carrchlós Áth Cinn;
  • Carrchlós Chinn Mhara;
  • Carrchlós Órán Mór;
  • Páirceáil Busanna Uachtar Ard;

Gréasáin Náisiúnta agus Áitiúla Rothar

  • Baile Átha Cliath - Gaillimh
  • Gaillimh - An Clochán

Tábla 6.1 Tionscadail Tosaíochta Iompair Phoiblí do Chontae na Gaillimhe 2022-2028

Bealaí

Obair le Déanamh

R336, R446, R332, R360, R328, R365

Oibreacha feabhais gréasáin, forleagan a neartú agus feabhsuithe a dhéanamh..

Bóithre Ceangail Chnoc Óráin. Bóithre ceangail a chur i gcrích.

N6 ag Ceathrú na Manaoise chun Ceantar Tionsclaíoch Órán Mór a nascadh ar an N18.

Scrúdú agus soláthar trasrian coisithe.

Mórlána Bus Bhóthar Thuama Breithniú a dhéanamh ar lánaí breise a chruthú nó lánaí atá ann a athrú ar mhaithe le Mórlánaí Bus a fhorbairt ar R446, N83, N59, N84.

I gcomhpháirt le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, críoch a chur le dearadh mhórlána bus Bhóthar Thuama agus tailte a choimeád de réir mar is cuí.

Críoch a chur le dearadh Mórlánaí Bus agus tailte a choimeád de réir mar is cuí.

Gréasáin bóithre áitiúla agus réigiúnacha laistigh den Chontae.

Leanúint leis an obair treisithe, feabhsúcháin agus athailínithe más gá, ar na gréasáin seo.

Tábla 6.2: Tionscadail Réigiúnacha/Áitiúla atá Beartaithe le haghaidh 2022-2028

Cuspóir Beartais do Thionscadail Tosaíochta Bóithre

PRP 1        Tionscadail Bóithre Beartaithe

Éascóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe forbairt na bhfeabhsuithe riachtanacha infreastruchtúir lena n-áirítear bóithre/tionscadail nua atá liostaithe i dTábla 6.1:
Tionscadail Tosaíochta Infreastruchtúr Iompair do Chontae na Gaillimhe 2022-2028 agus iad siúd atá liostaithe i dTábla 6.2: Tionscadail Réigiúnacha/Áitiúla atá Beartaithe le haghaidh 2022-2028 atá faoi réir reachtaíocht phleanála na hÉireann agus reachtaíocht timpeallachta na hEorpa lena n-áirítear Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga agus/nó measúnú timpeallachta eile, más cuí.

PRP  2        Próiseas Roghnaithe Conairí agus Bealaí

Tá cuspóirí beartais a bhaineann le bóithre nua agus tionscadail infreastruchtúr iompair eile nach bhfuil foráil déanta lena n-aghaidh cheana féin i bpleananna/cláir nó nach bhfuil ceadaithe cheana féin, faoi réir measúnú féidearthachta, agus riachtanas pleanála, íogaireachtaí timpeallachta a chur san áireamh de réir mar atá sainaitheanta i dTuarascáil Timpeallachta SEAI agus chuspóirí beartais an Phlean a bhaineann le soghluaisteacht inbhuanaithe. Sa chás go gcinntear go mbaineann féidearthacht le forbairt, tabharfar faoi Phróiseas Roghnaithe Conairí agus Bealaí más cuí, le haghaidh infreastruchtúr bóithre nua in dhá chéim: Céim 1 – Sainaithint, Meastóireacht agus Roghnú Conair Bealaí; agus Céim 2 – Sainaithint, Meastóireacht agus Roghnú Bealaí.
 

6.5.3.1   Bóithre Náisiúnta

Tá forbairt/dul chun cinn á ndéanamh ar na scéimeanna bóithre náisiúnta seo a leanas faoi láthair de réir an Phlean Forbartha Náisiúnta:

  • N6/Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe(N6GCRR);
  • N59/Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn;
  • N59/Uachtar Ard - An Teach Dóite.

Baineann tábhacht mhór le soláthar an N6/Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe (N6 GCRR) chun rath MASP na Gaillimhe agus an réigiúin trí chéile a chinntiú. Leanfaidh an chathair agus a purláin ag fás agus gan idirghabháil beidh tionchar ag an mbrú tráchta atá ar na bealaí isteach chuig an gcathair ón gcontae ar fheidhm agus ar rath iomlán mhórcheantar uirbeach agus contae Chathair na Gaillimhe. Tá cur síos déanta in GCTPS agus GTS ar na bearta a theastaíonn chun déileáil leis an bhfadhb seo lena n-áirítear cuarbhealach nua a sholáthar (i.e. N6 GCRR). 

Feidhmeoidh forbairt bheartaithe bhóthar an N6 GCRR, mar chuid de ghréasán TEN-T a áirítear ann na príomhbhealaí iompair i ngach Ballstát AE le haghaidh modhanna iompair. Is cuid de ghréasán cuimsitheach TEN-T in Éirinn é an N6 GCRR mórthimpeall na Gaillimhe agus tá sé á rialú ag rialacháin AE a bhaineann lena leithéid d’ainmniúchán. Is bóthar ar ardchaighdeán a mbeidh rochtain theoranta luaite leis ainmniúchán an N6 GCRR. Cinnteoidh sé seo go bhfeidhmeoidh an bóthar mar a bhí beartaithe agus go bhfeabhsóidh sé infreastruchtúr iompair na Gaillimhe trí rialú ceart rochtana trí acomhail a chinnteoidh sruth tráchta gan bhacainn feadh an bhealaigh beartaithe.

Tá N6 GCRR comhsheasmhach leis na tosaíochtaí atá sonraithe i roinnt doiciméad beartais náisiúnta an Rialtais lena n-áirítear Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, RSES agus NPF a áirítear iontu cuspóirí beartais straitéiseacha chun dul i ngleic le heasnaimh san infreastruchtúr iompair. 

Tá sé beartaithe tús a chur le forbairt an N59/Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn in 2021 a sholáthróidh nascacht feabhsaithe le réigiún Chonamara.  Tá an N59/Uachtar Ard - An Teach Dóite á thógáil i láthair na huaire.  

Déanfaidh na cuspóirí beartais sa phlean seo iarracht a chinntiú go mbeidh sábháilteacht, acmhainn iompair agus éifeachtúlacht an ghréasáin bóithre náisiúnta atá ann agus a bheidh ann amach anseo á gcosaint. Lena chois sin, tá scéimeanna a bheidh á bhforbairt amach anseo á gcosaint agus san am céanna tá foráil á déanamh chun dlúthfhoirmeacha inbhuanaithe forbartha a spreagadh nach mbeidh ach tionchar beag acu ar acmhainn iompair, éifeachtúlacht agus sábháilteacht an ghréasáin bóithre náisiúnta.

Cuspóirí Beartais le haghaidh Bóithre Náisiúnta

NR 1        Cosaint Bóithre Straitéiseacha

Feidhm straitéiseach iompair bóithre náisiúnta a chosaint, lena n-áirítear mótarbhealaí trí chur chun feidhme ‘Treoirlínte Pleanála Spásúla agus Bóithre Náisiúnta d’Údaráis Phleanála’  DECLG, (2012) agus Rialacháin na nGréasán tras-Eorpach (TEN-T).

NR 2         Príomhfhorbairtí Infreastruchtúr Bóithre 

Tacú le soláthar Chuarbhóthar na Gaillimhe (N6GCRR), N59/Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn agus Scéimeanna na Gaillimhe – an Chlocháin (N59). 

NR 3        Measúnú Tráchta agus Iompair (TTA) agus Iniúchadh ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA)

A cheangal go mbeadh Measúnú Tráchta agus Iompair (TTA) agus Iniúchadh ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), atá déanta ag daoine inniúla, de réir Threoirlínte Measúnaithe Tráchta agus Iompair TII, á dhéanamh i ndáil le gach iarratas ar mhórthograí forbartha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta. 
 

6.5.3.2   Bóithre Neamhnáisiúnta

Chun éifeachtúlacht agus feidhmiúlacht an ghréasáin bóithre réigiúnach a chothabháil tá sé tábhachtach go mbeadh srian á chur le líon na mbealaí rochtana nua agus le húsáid níos déine na mbealaí rochtana atá ann cheana féin. Íoslaghdaíonn na srianta seo rioscaí i ndáil le sábháilteacht ar bhóithre de bhrí go bhféadfadh bealaí isteach nua a bheith mar bhonn le breis gluaiseachtaí stad agus casta, a chruthaíonn an poitéinseal go dtarlóidh breis timpistí tráchta. Sa chás go ndéantar Bóthar Náisiúnta a dírangú chuig stádas Bóthar Réigiúnach i rith shaolré an phlean glacfar leis mar Bhóthar Réigiúnach Teoranta.

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

11

12

Béal Átha na Sluaighe - Teorainn na Cathrach ó Thuaidh d’Órán Mór

Tuaim – Bearna Dhearg – Baile Átha an Urchair

Gaillimh – An Spidéal – Crosbhóthar Bhaile na hAbhann

Gaillimh – An Carn Mór – Muine Mheá

Doire Uí Dhónaill – Baile Átha an Rí

Áth Cinn – Tuaim

Béal Átha na Sluaighe – Port Omna

Béal Átha na Sluaighe – An Creagán

An Gort – Baile Locha Riach

Loch Sheoirse – Cnoc an Eanaigh 

Cill Cholgáin – Gaillimh / Teorainn Chontae an Chláir

Baile Chláir – M6 (Acomhal 19) – Órán Mór

R446

R332

R336

R339

R348

R333

R355

R358

R380

R354

R458

R381

Tábla 6.3 Bóithre Réigiúnacha Teoranta

Cuspóirí Beartais le haghaidh Bóithre Neamhnáisiúnta

NNR 1        Bóithre Réigiúnacha Teoranta

Acmhainn agus sábháilteacht Bóithre Réigiúnacha Teoranta atá liostaithe i dTábla 6.3 a chosaint, i gcoinne forbartha in áiteanna ina bhfuil luasteorainn uasta i bhfeidhm chun acmhainn iompair agus sábháilteacht a leithéid sin de bhóithre a chosaint. 

NNR 2        Bóithre Réigiúnacha agus Áitiúla a Chosaint

Acmhainn iompair agus sábháilteacht gréasán bóithre réigiúnacha agus áitiúla an Chontae a chosaint.

NNR 3        Lámhleabhar Dearaidh le haghaidh Bóithre agus Sráideanna Uirbeacha

Na moltaí atá sonraithe sa Lámhleabhar Dearaidh le haghaidh Bóithre agus Sráideanna Uirbeacha (DMURS 2019) i ndáil le sráideanna agus bóithre uirbeacha laistigh den chrios 50/60 kph a chur chun feidhme. 

NNR 4         Bainistíocht Tráchta i Lár Baile

Iarracht a dhéanamh más féidir tréthrácht atá ag dul trí lár baile a laghdú agus gluaiseacht tréthráchta trí lár baile a bhainistiú agus tús áite a thabhairt do choisithe, rothaithe agus feithiclí iompair phoiblí. 

NNR 5        Pleananna Taistil Scoile

Cur le sábháilteacht leanaí ag scoileanna trí mheasúnú a dhéanamh ar bhealaí sábháilte do leanaí scoile chuig scoileanna agus bearta bainistíochta tráchta a shuiteáil.  A cheangal go mbeidh Pleananna Taistil Scoile á gcur ar fáil le hiarratais atá á ndéanamh ag
scoileanna nó coláistí de réir gníomhartha atá sonraithe in Taisteal Níos Cliste, Todhchaí Iompair Inbhuanaithe 2009 – 2020.

NNR 6        Measúnuithe Iompair agus Tráchta agus Iniúchtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre    

A cheangal go mbeadh ullmhú Measúnuithe Tráchta agus Iompair agus Iniúchtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre le haghaidh forbairtí nua de réir na gceanglas atá sonraithe i dTreoirlínte Measúnaithe Tráchta agus Iompair TII. 
 

NNR 7        Pleananna Bainistíochta Soghluaisteachta

A cheangal go mbeadh pleananna bainistíochta soghluaisteachta á soláthar i dteannta le hiarratais ar fhorbairtí a mbeidh go leor turas á ndéanamh dá mbarr. 

NNR 8         Áiteanna Páirceála do Charranna 

Áiseanna páirceála i mbailte agus i sráidbhailte a sholáthar/a fheabhsú ar bhealach a thacaíonn le beartais a bhaineann le cur chun cinn roghanna iompair inbhuanaithe agus aistriú córa iompair.  Beidh na ceanglais a bhaineann le háiteanna páirceála do charranna de réir na gcaighdeán atá sonraithe i gCaibidil 15 Caighdeáin Bainistíochta Forbartha den phlean seo faoi Threoirlínte le haghaidh Iompar, Bóithre, Páirceáil, Lódáil agus Stóráil. 
 

6.5.4    Aeriompar

Tacaíonn an Chomhairle le hoibriú agus le fás leanúnach Aerfort Chnoc Mhuire ó thuaidh agus Aerfort na Sionainne ó dheas den chontae mar ghné thábhachtach den infreastruchtúr iompair agus cumarsáide. Glacann an Chomhairle leis go mbaineann tábhacht ar leith le feabhsú nasc go háirithe naisc iompair phoiblí ón gcontae chuig aerfoirt in aice láimhe ar mhaithe le nascacht le margaí idirnáisiúnta a chinntiú a rachaidh chun tairbhe an gheilleagair áitiúil. Chomh maith leis sin, tá an Chomhairle airdeallach ar ról Aerfort Chonamara atá suite in Indreabhán, a sholáthraíonn nasc tábhachtach idir an mhórthír agus Oileáin Árann. Soláthraíonn an t-aerfort seo nasc ríthábhachtach idir na hoileáin seo agus an mhórthír a chruthaíonn buntáiste suntasach geilleagrach do na hoileáin go háirithe trí rochtain ar an margadh turasóireachta. Tá tuilleadh plé ar an gceist seo déanta i gCaibidil 12 Gaeltacht na Gaillimhe agus na hOileáin

Cuspóirí Beartais le haghaidh Aeriompair

AT 1         Aerfoirt Réigiúnacha

Tacú le hoibriú agus fás leanúnach ár n-aerfort réigiúnach, de réir RSES agus beart chun naisc a fheabhsú, go háirithe trí iompar poiblí, ón gcontae go dtí na haerfoirt seo agus aerfoirt eile sa tír.

AT 2        Aerstráicí Áitiúla

Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann i ndáil leis na héifeachtaí a bheidh ag aon tograí forbartha gar d’aerstráicí áitiúla a phlé. 

AT 3        Áiseanna Héileapad

Éascóidh an Chomhairle soláthar áiseanna héileapad i gceantair thionsclaíocha/tráchtála, suíomhanna forbartha straitéiseacha nó ceantair atá gar d’ospidéil, saoráidí seirbhísí leighis nó saoráidí éigeandála más féidir agus más cuí. 
 

6.5.5    Cuanta, Calafoirt, Céanna agus Fánáin

Tá an Chomhairle airdeallach ar an tábhacht a bhaineann lenár n-infreastruchtúr muirí lena n-áirítear Cuanta, Calafoirt, Céanna agus Fánáin i ndáil le fostaíocht, forbairt gheilleagrach, turasóireacht agus saol sóisialta ár bpobal cois cósta. Tacóidh an Chomhairle le forbairt leanúnach cuanta agus oibritheoirí farantóireachta a sholáthraíonn nasc fíorthábhachtach idir an mhórthír agus na hoileáin. Is é an píosa infreastruchtúir is tábhachtaí an cuan ag Ros an Mhíl atá ainmnithe mar cheann de shé Phríomhchalafort Iascaigh na tíre. Chomh maith leis sin, soláthraíonn Cuan Ros an Mhíl nascacht fhíorthábhachtach le haghaidh paisinéirí agus earraí idir an mhórthír agus Oileáin Árann. Ina theannta sin, tacóidh an Chomhairle le forbairt an chuain lena n-áirítear an gréasán bóithre atá ag freastal ar an gcuan chun freastal ar an trácht breise a bheith á chruthú de réir mar a leanfar le forbairt an chuain.

Leanfaidh an Chomhairle ag tacú le, ag feabhsú agus ag cumasú infheistíocht i bhforbairt an infreastruchtúir mhuirí de réir mar is cuí agus faoi réir na mbreithniúchán timpeallachta agus de réir mar is féidir bunaithe ar na hacmhainní atá ar fáil.

Cuspóirí Beartais le haghaidh Cuanta, Calafoirt, Céanna agus Fánáin

PH 1        Forbairt Inbhuanaithe Chuan Farraige Ros an Mhíl agus Chalafort na Gaillimhe

Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le haitheantas a thabhairt do thábhacht straitéiseach Ros an Mhíl agus Chalafort na Gaillimhe agus tacófar agus éascófar a bhforbairt inbhuanaithe.


PH 2        Forbairt Inbhuanaithe Cuanta, Calafort, Céanna agus Fánán

a) Tacú le forbairt Chalafort Ros an Mhíl mar chalafort domhain agus tacú le feabhsuithe agus obair chothabhála ar chalafoirt eile agus a leithéid a éascú agus breithniúchán a dhéanamh ar aon infreastruchtúr muirí nua más cuí;

b) Rochtain shábháilte agus áisiúil ar an uisce a éascú le haghaidh - iompar poiblí, tionscal, tráchtáil, tarrtháil farraige, turasóireacht, dobharshaothrú agus caitheamh aimsire más cuí agus ag brath ar na hacmhainní a bheith ar fáil.

PH 3        Cuanta Cliste

Tacú le forbairt na teicneolaíochta inár gcuanta mara/calafoirt i rith na tréimhse aistrithe go dtí Cuanta Cliste. 


PH 4        Iompar Uisce-Iompartha

Tacú le feidhmiú seirbhísí farantóireachta/lastais idir an mhórthír agus na hoileáin amach ón gcósta laistigh den chontae agus na seirbhísí atá ag freastal ar chontaetha taobh leo. De ghnáth, ní cheadófar tograí talamhúsáide a dhéanfadh dochar d’fheidhmiú inbhuanaithe na seirbhísí sin. 


PH 5        Infreastruchtúr Cé ar na hOileáin

Tacú le feabhsú agus forbairt infreastruchtúr cé nua chuig na hoileáin a sholáthróidh rochtain shábháilte ar muir agus a áireoidh ach nach mbeidh teoranta d’infreastruchtúr cé feabhsaithe ar Inis Oírr agus Inis Meáin ar Oileáin Árann. 
 
 

 

Map 6.1: Transport Network

Map of Transport Network

Clár ábhair

Baile