Caibidil 7 Infreastruchtúr, Fóntais & Cosaint na Timpeallachta

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

 PDF

 

“Tacú le hinfheistíocht agus feabhsú an infreastruchtúir fóntas, uisce, fuíolluisce, leictreachais agus gáis agus a leithéid a spreagadh agus tacú le forbairt agus feabhsú an infreastruchtúir dhigitigh”

7.1          Réamhrá 

Tuigeann Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil soláthar infreastruchtúr agus fóntais ar bhealach inbhuanaithe ríthábhachtach i ndáil le forbairt an chontae amach anseo. Tacóidh an plean seo le hinfheistíocht in infreastruchtúr agus fóntais nua agus feabhsaithe go háirithe i ndáil le huisce agus fuíolluisce, gnéithe atá riachtanach chun fás agus infheistíocht gheilleagrach a chinntiú, deiseanna fostaíochta a chruthú, dlúthfhás ár lonnaíochtaí agus pobail níos inbhuanaithe.

Tá an Chomhairle airdeallach ar an tábhacht a bhaineann le bainistíocht dramhaíola agus beifear ag tacú le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, tús áite a thabhairt do chosc, athúsáid, athchúrsáil agus aisghabháil, agus dramhaíl iarmharach a bhainistiú go hinbhuanaithe a chabhróidh le pobail níos inbhuanaithe a chruthú i gContae na Gaillimhe anois agus amach anseo. Chomh maith leis sin, tá an Chomhairle airdeallach ar an tábhacht a bhaineann le hinfreastruchtúr digiteach feabhsaithe a sholáthar do dhaoine ina mbailte féin agus chun tacú le s geilleagrach an chontae.  

7.2          Aidhmeanna Straitéiseacha  

Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe leis na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí stáit ábhartha lena chinntiú go bhfuil infreastruchtúr agus fóntais á soláthar agus tabharfar aird ar na haidhmeanna straitéiseacha seo a leanas: 

  • Cosaint agus caomhnú acmhainní uisce an Chontae agus ceanglais Phlean Bainistíochta Abhantraí d’Éirinn 2018-2021 agus aon athbhreithnithe nó nuashonruithe a bhaineann leis an bplean seo a chomhlíonadh; 
  • Soláthar an infreastruchtúir riachtanaigh uisce agus fuíolluisce inár mbailte agus sráidbhailte ar fad a éascú ar bhealach inbhuanaithe; 
  • Tacú le soláthar Staidéar Draenála Mhórcheantar Uirbeach na Gaillimhe; 
  • Tacú le cur chun feidhme an Plean Dramhaíola le haghaidh Réigiún Chonnacht-Uladh 2015-2021; 
  • An méid dramhaíola atá á cruthú sa Chontae a íoslaghdú agus tacú leis an nós go mbeadh ábhar á athúsáid, á athchúrsáil agus á aisghabháil san ord tosaíochta sin, seachas dramhaíl a bheith á diúscairt; 
  • A chinntiú go bhfuil dramhaíl iarmharach á diúscairt ar bhealach oiriúnach atá neamhdhíobhálach don timpeallacht; 
  • Tacú le soláthar agus forbairt leanúnach infreastruchtúr leathanbhanda agus TFC laistigh den Chontae agus é a éascú chun forbairt gheilleagrach/shóisialta a fhorbairt tuilleadh, go háirithe sna ceantair níos imeallaí agus sna ceantair cois cósta den Chontae. 

7.3         Comhthéacs Straitéiseach  

Ullmhaíodh an chaibidil seo i gcomhthéacs na bPleananna, Beartas agus Treoirlínte Náisiúnta agus Réigiúnacha seo a leanas:  

Creat Náisiúnta Pleanála – Éire 2040  
Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027  
An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair 2020-2032
Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019 

Plean Náisiúnta um Maolú 2017   

WPlean Straitéiseach Seirbhísí Uisce, Plean do Thodhchaí Seirbhísí Uisce

Plean Náisiúnta Acmhainní Uisce, Uisce Éireann (le foilsiú in 2021)
Plean Infheistíochta Caipitiúil Uisce Éireann 2020-2024 (ag feitheamh ar chinneadh ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais)
Pleanáil Bainistíochta Dramhaíola Chonnacht agus Uladh 2015-2021
Sochaí Nasctha a Sholáthar – Plean Náisiúnta Leathanbhanda d’Éirinn (NBP)
Straitéis Dhigiteach Chomhairle Contae na Gaillimhe 2020-2023

7.3.1      Creat Náisiúnta Pleanála 

Tá an Creat Náisiúnta Pleanála (NPF) bunaithe ar 10 dtoradh straitéiseacha náisiúnta, a áirítear ina measc 1) dlúthfhás, 8) Aistriú chuig Sochaí Ísealcharbóin agus Sochaí atá Seasmhach ó thaobh na hAeráide de agus 9) Bainistíocht Inbhuanaithe Uisce, Dramhaíola agus Acmhainní Timpeallachta eile. Baineann ábharthacht go háirithe leis na torthaí straitéiseacha náisiúnta seo i ndáil le hInfreastruchtúr agus Fóntais. 

Leagtar béim shuntasach in NPF ar sholáthar infreastruchtúir agus seirbhísí taobh le fás mar aon le feabhsú cháilíocht an uisce agus bainistíocht inbhuanaithe na bainistíochta dramhaíola.  Beidh na cuspóirí beartais atá le fáil sa chaibidil seo ag teacht leis na torthaí straitéiseacha a bhfuil cur síos déanta orthu in NPF.

7.3.2      Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach 

Tacaíonn an Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach (RSES) le feabhsú cháilíocht an uisce, an infreastruchtúir dramhaíola, na bainistíochta dramhaíola agus Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide feabhsaithe a bhí mar bhonn le cuspóirí beartais an Phlean seo, mar shampla; 

  • Tacaítear le húdaráis áitiúla chun clár a shainaithint agus tús áite a thabhairt dó chun láithreáin seirbhísithe a sholáthar laistigh de bhaile agus de shráidbhailte níos lú 

  • Tacú le forbairt Staidéar Draenála Mhórcheantar Uirbeach na Gaillimhe;   
  • Tacú le soláthar acmhainn leathanbhanda oiriúnach; 
  • Tacú le soláthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda; 
  • Naisc feabhsaithe cumarsáid snáithíneach idirnáisiúnta a éascú.

7.4       Athrú Aeráide 

Ba cheart go gcuirfeadh infreastruchtúr ar ardchaighdeán atá á sholáthar i suíomhanna oiriúnacha cosúil le hinfreastruchtúr uisce agus fuíolluisce agus rochtain ar infreastruchtúr teileachumarsáide cosúil le leathanbhanda an clár um ghníomhú ar son na haeráide san áireamh. Seo a leanas na príomhpharaiméadair atá luaite leis na hiarrachtaí déileáil leis an athrú aeráide:  

  •  Infreastruchtúr feabhsaithe uisce agus fuíolluisce laistigh de lonnaíochtaí chun dlúthfhás pobal a chinntiú agus lena chinntiú gur féidir tairbhe a bhaint as deiseanna geilleagracha;  
  • Infreastruchtúr TFC feabhsaithe chun cianobair a éascú agus forbairt gheilleagrach níos ginearálta sa chontae ag suíomhanna oiriúnacha atá suite gar dár bpobail.

Beidh na cuspóirí beartais atá le leanúint ag teacht le Toradh Straitéiseach Náisiúnta (NSO) uimh. 8 de NPF agus tacóidh siad le haistriú an chontae chuig sochaí ísealcharbóin agus seasmhach ó thaobh na haeráide. Ina theannta sin, déileálfar i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn In-athnuaite, ar bhealach níos mionsonraithe leis an Athrú Aeráide agus leis an idirghaolmhaireacht idir cuspóirí beartais na caibidle seo agus an t-aistriú chuig sochaí sheasmhach.

7.5          Uisce agus Fuíolluisce

Braitheann fás inbhuanaithe an chontae ar infreastruchtúr uisce agus fuíolluisce a bheith á sholáthar. Tá Uisce Éireann freagrach as uisce poiblí a sholáthar, bailiú fuíolluisce agus seirbhísí cóireála. Is é ról na Comhairle soláthar seirbhísí uisce oiriúnacha a éascú, i gcomhar le Uisce Éireann, ag leibhéal áitiúil, trí Chomhaontuithe Leibhéal Seirbhíse (SLAanna) agus aon socruithe eile a bhunófar amach anseo.

Oibreoidh an Chomhairle i ndlúthpháirt le Uisce Éireann chun soláthar tráthúil infreastruchtúir a chinntiú ag suíomhanna oiriúnacha ar fud an chontae. Ní mór na forálacha infreastruchtúir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach a chosnaíonn sláinte an phobail agus atá oiriúnach ó thaobh na timpeallachta de agus éifeachtach ó thaobh an gheilleagair de.

In 2015 d’ullmhaigh Uisce Éireann Plean Straitéiseach Seirbhísí Uisce (WSSP) ina sonraítear cuspóirí straitéiseacha i ndáil le soláthar seirbhísí uisce thar thréimhse 25 bliain suas go dtí 2040 agus ina sonraítear comhthéacs le haghaidh pleananna infheistíochta agus cur chun feidhme. Sonraítear sa phlean seo na dúshláin atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo a mbeidh tionchar acu ar sholáthar seirbhísí uisce agus sainaithnítear na tosaíochtaí nach mór dul i ngleic leo sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.

I láthair na huaire, tá Plean Náisiúnta Acmhainní Uisce (NWRP) á fhorbairt ag Uisce Éireann ina bhfuil cur síos ar an aistriú i dtreo soláthar uisce óil inbhuanaithe, slán agus iontaofa thar thréimhse 25 bliain agus ar conas an timpeallacht a chosaint ag an am céanna. Déanfar cur síos in NWRP ar conas atá sé beartaithe ag Uisce Éireann cothromaíocht a chinntiú idir ár soláthar ó fhoinsí uisce ar fud na tíre agus an t-éileamh atá ar uisce óil sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Ceadóidh sé seo ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh soláthar dóthain uisce óil sábháilte, glan amach anseo chun fás sóisialta agus geilleagrach ár dtíre a éascú. Déanfar cur síos sa Phlean Náisiúnta Acmhainní Uisce ar an bplean níos fadtéarmaí atá ann le haghaidh cheantar na Gaillimhe.

7.5.1      Plean Infheistíochta Uisce Éireann

Sonraítear i bPlean Infheistíochta Uisce Éireann 2020 – 2024 plean buiséid Uisce Éireann ó 2020-2024 de réir a gcuspóirí straitéiseacha mar atá sonraithe sa Phlean Straitéiseach Seirbhísí Uisce (WSSP). Tá an Dréachtphlean Infheistíochta faofa ag rialtóir Choimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) Uisce Éireann agus tá tús curtha leis an obair le Uisce Éireann chun athbhreithniú a dhéanamh ar Phlean Maoinithe Straitéisigh Uisce Éireann agus é a ailíniú lena bpleananna agus lena gcláir oibre. Coinneoidh Uisce Éireann an Chomhairle ar an eolas faoin bpróiseas. Meastar, nuair a bheidh an obair curtha i gcrích, go mbeidh roinnt tionscadal á bpleanáil agus á soláthar sa chontae a bhaineann le huisce agus le fuíolluisce. Tá liosta de thionscadail uisce agus séarachais atá curtha i gcrích go dtí seo sa chontae faoi Phlean Infheistíochta Uisce Éireann suas go dtí 2020 le fáil i dtábla 7.5 thíos.

 

Ainm na Scéime

Ainm an Chonartha

Uisce(U)/Séarachas(S)

Scéim Séarachais an Chlocháin

Ionad Cóireála Fuíolluisce Nua

Séarachas

Baile Chláir & Baile an Mhuilinn

Séarachas

Ionad Cóireála Fuíolluisce Nua

Séarachas

Scéim Séarachais Chinn Mhara

Ionad Cóireála Fuíolluisce Nua

Séarachas

Scéim Séarachais Uachtar Ard

Ionad Cóireála Fuíolluisce Nua

Séarachas

Síneadh idir Loch Measca agus Baile an Mhuilinn

Gréasán

Uisce

Scéim Séarachais Ghleann na Madadh

Ionaid Chóireála Fuíolluisce Nua

Séarachas

Scéim Séarachais Bhaile Átha an Rí

Uasghrádú Ionad Cóireála Fuíolluisce

Séarachas

Dún Mór/Gleann na Madadh

Soláthar Uisce

Uasghrádú Ionad Cóireála Uisce

Uisce

Scéim Soláthair Uisce an Ghoirt

Uasghrádú Ionad Cóireála Uisce

Uisce

Soláthar Uisce & Príomhdhraenáil Bhéal Átha na Sluaighe

Uasghrádú Ionad Cóireála Uisce

Uisce

Soláthar Uisce an Spidéil

Uasghrádú Ionad Cóireála Uisce

Uisce

Scéim Séarachais Thuama

Uasghrádú Ionad Cóireála Fuíolluisce

Séarachas

Soláthar Uisce na Ceathrún Rua

Uasghrádú Ionad Cóireála Uisce

Uisce

Soláthar Uisce an Líonáin

Uasghrádú Ionad Cóireála Uisce

Uisce

Soláthar Uisce Lár na Gaillimhe

Uasghrádú Ionad Cóireála Uisce

Uisce

Soláthar Uisce Phort Omna

Uasghrádú Ionad Cóireála Uisce

Uisce

Scéim Séarachais Bhéal Átha na Sluaighe

Uasghrádú Ionad Cóireála Fuíolluisce

Séarachas

Scéim Séarachais an Ghoirt

Uasghrádú Ionad Cóireála Fuíolluisce

Séarachas

Conradh Bhéal Átha na Sluaighe 2

Gréasán

Séarachas & Uisce

Tábla 7.5: Oibreacha Curtha i gCrích i gContae na Gaillimhe faoi Phleananna Infheistíochta Uisce Éireann suas go dtí 2020

7.5.2    Soláthar Uisce

Tá uisce óil sa Chontae ag teacht ó fhoinsí éagsúla. Tá 38 scéim soláthair uisce phoiblí ar fud an Chontae agus tá thart ar 80% den uisce cóireáilte atá á sholáthar tríd an ngréasán infreastruchtúir seo á bhaint ó fhoinsí screamhuisce. Soláthraíonn soláthairtí príobháideacha rogha eile do na ceantair sin nach bhfuil soláthar uisce phoiblí ag freastal orthu agus cuimsítear iontu go príomha toibreacha le haghaidh tithe aonair agus grúpscéimeanna áirithe príobháideacha uisce le haghaidh lonnaíochtaí tuaithe.

Cuimsítear i dTábla 7.6 liosta de scéimeanna soláthair uisce phoiblí eile atá san áireamh agus faofa i bPlean Infheistíochta Caipitiúil Beartaithe 2020 – 2024 do Chontae na Gaillimhe. Cuimsítear sna tionscadail seo oibreacha feabhais/uasghrádaithe agus samhlaítear go gcuirfear na hoibreacha seo i gcrích i rith shaolré Phlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022– 2028. I dteannta leis na tionscadail infreastruchtúir neamhspleácha liostaithe thíos, tá mionoibreacha uasghrádaithe agus feabhais á ndéanamh go leanúnach ar bhonn tosaíochta náisiúnta trí Chláir Náisiúnta Uisce Éireann e.g. obair chothabhála caipitiúil, cláir athnuachana príomhlíonraí uisce.

Síneadh RWSS ó Thuaim go Baile Locha Riach Le críoch go luath in 2021 Tá críoch á cur faoi láthair leis an obair thógála a bhaineann le Síneadh RWSS idir Thuaim agus Baile Locha Riach.  Tá thart ar 21km de phríomhlíonra uisce, 2 stáisiún caidéalaithe nua agus thart ar 1,000cum de thaiscumar críochnaithe.  Déanfar ionaid chóireála uisce atá suite ag Bóthar an Locha agus Cnoc an Ime faoi láthair a dhíchoimisiúnú.  Nuair a bheidh na hoibreacha curtha i gcrích, athrófar an fhoinse uisce do Bhaile Locha Riach, Creachmhaoil agus a bpurláin ó Loch Riach go Loch Coirib, (déanfar an chóireáil ag Luimneach).  Beidh formhór na hoibre curtha i gcrích faoi Mheitheamh, 2021.
Soláthair Uisce an Ghoirt Taiscumar nua Tús le cur leis an obair thógála go luath in 2021.  Tá sé beartaithe críoch a chur leis an obair sa bhliain chéanna.

Tábla 7.6: Tionscadail Soláthair Uisce Beartaithe atá le Críochnú i gContae na Gaillimhe faoi Plean Infheistíochta Caipitiúil 2020 – 2024, faoi réir maoinithe agus srianta timpeallachta.

7.5.3      Scéim Cosanta Cháilíocht an Uisce agus Uisce Dromchla

Sonraítear i gCreat-treoir Uisce an AE (WFD) an cur chuige atá riachtanach i ndáil le cosaint agus feabhsú acmhainní uisce na tíre. Baineann an Chreat-treoir Uisce le haibhneacha, lochanna, uisce dromchla, inbhir agus uiscí cósta agus tá sé mar aidhm leis ár gcáilíocht uisce a fheabhsú. Ceanglaíonn an Chreat-treoir Uisce ar Éire Plean Bainistíochta Abhantraí (RBMP) a fhorbairt. D’fhoilsigh an Rialtas Plean Bainistíochta Abhantraí 2018-2021 i mí Aibreáin 2021. Déantar cur síos sa phlean ar chlár gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí agus ceanglais timpeallachta na Creat-treorach Uisce a chomhlíonadh.

Tacaíonn an Chomhairle le forbairt Pleananna Sábháilteachta maidir le hUisce Óil de réir cheanglais na Creat-treorach Uisce agus timthriallta reatha agus todhchaí na bPleananna Bainistíochta Abhantraí. Tá an Chomhairle tiomanta do chosaint agus d’fheabhsú an uisce óil, an uisce dromchla agus na screamhuiscí sa chontae de réir WFD agus RBMP.

Cuspóirí Beartais le haghaidh Soláthar Uisce

WS 1         Feabhsú an Infreastruchtúir Soláthar Uisce 

Cúrsaí a phlé le Uisce Éireann, chun an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as an acmhainn atá ar fail faoi láthair agus soláthar tráthúil infreastruchtúr nua seirbhísí uisce a éascú, chun tacú le fás i láthair na huaire agus amach anseo. 


WS 2        Cosaint Soláthairtí Uisce

Comhoibriú le Uisce Éireann agus le Cónaidhm na Grúpscéime Uisce chun na hacmhainní uisce ar fad atá agus a d’fhéadfadh a bheith sa Chontae a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú chun comhlíontacht le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) maidir le hUisce Óil 2014 (arna leasú) a
chinntiú agus comhlíontacht soláthairtí uisce leis na paraiméadair atá sainaitheanta sna Rialacháin seo. 
 

WS 3        Plean Bainistíochta Abhantraí d’Éirinn 2018-2021

Tacú le cur chun feidhme na moltaí agus na mbeart ábhartha atá sonraithe i bPlean Bainistíochta Abhantraí 2018-2021, agus Cláir Beart gaolmhar, nó aon phlean dá leithéid a d’fhéadfadh teacht in ionad an phlean sin i rith shaolré an phlean seo. 

WS 4        Ceanglas dul i mbun Idirchaidrimh le Uisce Éireann – Soláthar Uisce

A chinntiú go bhfuil seirbhís oiriúnach á soláthar d’fhorbairtí nua trí sholáthar uisce óil a bhfuil an chainníocht agus an cháilíocht oiriúnach agus a cheangal go dtéann gach forbairt nua a bhfuil sé beartaithe acu nascadh le soláthar uisce phoiblí i mbun idirchaidrimh le Uisce Éireann i ndáil leis an infreastruchtúr uisce (agus fuíolluisce) atá riachtanach. 

WS 5        Soláthar Uisce Príobháideach
Tacú le soláthar uisce príobháideach sa chás nach bhfuil soláthróir uisce phoiblí ann nó sa chás nach bhfuil dóthain acmhainne ag an soláthar atá ann faoi láthair freastal ar an bhforbairt atá beartaithe. 
 
Ní bhreithneofar é seo ach amháin sa chás gur féidir a léiriú go gcomhlíonann an soláthar uisce beartaithe na caighdeáin atá sonraithe i reachtaíocht agus treoir AE agus náisiúnta lena n-áirítear cloí le hAirteagal 6 de Threoir maidir le Gnáthóga an AE, agus nach mbeadh sé dochrach do shláinte an phobail agus nach mbeadh tionchar diúltach aige ar fhoinse nó ar thoradh soláthar reatha. 
 
WS 6        An Chreat-treoir Uisce

Tacú le hullmhú Pleananna Sábháilteachta maidir le hUisce Óil agus Pleananna Cosanta Foinse chun foinsí soláthar uisce phoiblí a chosaint, de réir cheanglais na Creat-treorach Uisce. 
 

WS 7        Cáilíocht an Uisce
A cheangal gur cheart do thograí forbartha nua a chinntiú nach mbeadh tionchar doghlactha ar cháilíocht agus ar chainníocht uisce lena n-áirítear uisce dromchla, screamhuisce, limistéir chosanta foinse ainmnithe, conairí abhann agus bogaigh ghaolmhara. 
 

WS 8        Iomadú Dabhcha Séarachais
Comhchruinniú/ionadú iomarcach dabhcha séarachais agus ionad cóireála aonair a dhíspreagadh chun an riosca a bhaineann le truailliú screamhuisce a íoslaghdú. 
 

7.5.4      Caomhnú an tSoláthair Uisce

Tá Straitéis Bainistíochta Uisce Chomhairle Contae na Gaillimhe dírithe ar chaomhnú uisce fiú amháin sa chás gur ann do sholáthairtí leordhóthanacha, chun úsáid bharrmhaith an tráchtearra luachmhar seo a chinntiú. Áirítear i measc na mbeart caomhnaithe ní hamháin monatóireacht a dhéanamh ar úsáid uisce agus luathbhrath sceite ach chomh maith leis sin clár feasachta do thomhaltóirí. Tá forbairt déanta ar oibreacha faoi Chlár Caomhnaithe Uisce an Chontae agus táthar ag leanúint leis na hoibreacha faoi thrí chéim mar atá sonraithe i dTábla 7.6.

Céim 1

Suiteáladh córais bainistíochta uisce in 38 scéim soláthar uisce phoiblí sa Chontae. Tá na scéimeanna soláthar uisce phoiblí seo foroinnte in 190 méadarcheantar ar leith.

Céim 2

Sainaithníodh agus deisíodh lochtanna, sceitheadh agus oibreacha cumasúcháin sa phríomhlíonra uisce. Bhí bainistíocht brú mar bhonn le sceitheadh a laghdú agus airgead a choigilt.

Céim 3

Táthar ag leanúint le hoibreacha a bhaineann le hathshlánú príomhlíonra uisce ar fud an Chontae. Go dtí seo, tá 42km d’oibreacha athshlánúcháin curtha i gcrích.

Tábla 7.7: Sonraí a bhaineann le Clár Caomhnaithe Uisce Chomhairle Contae na Gaillimhe

Cuspóirí Beartais le haghaidh Chaomhnú an tSoláthair Uisce

CWS 1        Caomhnú Uisce san áireamh i ngach Forbairt

A chinntiú go gcuimsítear bearta caomhnaithe uisce i ngach forbairt cosúil le bailiú báistí chun diomailt an tsoláthair uisce a íoslaghdú. 


CWS 2        Athshlánú Príomhlíonra Uisce

Cabhrú le Uisce Éireann lena thiomantas maidir le hiarrachtaí caomhnaithe uisce agus tacú le hiarrachtaí déileáil le ligean uisce trí aimsiú agus deisiú (rialú gníomhach ligin) agus athshlánú príomhlíonra uisce. 


CWS 3        Caomhnú Uisce a Chur Chun Cinn

Tacú le Uisce Éireann aird an phobail a tharraingt ar bhearta caomhnaithe uisce i measc teaghlach, gnó agus tionscal, agus an pobal a spreagadh chun ról a bheith acu iontu.

 

7.5.5      Fuíolluisce

Tá Uisce Éireann freagrach as cóireáil agus diúscairt fuíolluisce i mbailte agus i sráidbhailte ina bhfuil saoráidí cóireála fuíolluisce phoiblí. Cuspóir beartais de chuid na Comhairle é oibriú i gcomhar le Uisce Éireann chun an infreastruchtúr fuíolluisce atá ann faoi láthair a chosaint, an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as an acmhainn atá ann faoi láthair agus soláthar tráthúil infreastruchtúr nua seirbhísí fuíolluisce a éascú chun tacú le fás amach anseo. Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an comhlacht reachtúil atá freagrach as a chinntiú go bhfuil caighdeáin chuí i bhfeidhm chun infreastruchtúr fuíolluisce a sholáthar.

Maidir le forbairtí tithe aonair, tá na ceanglais chuí sonraithe in Cód Cleachtais EPA maidir le Córais Chóireála Fuíolluisce agus Córais Diúscartha atá ag Freastal ar Thithe Aonair (2009). Sa chás gur forbairtí níos mó atá i gceist, is é an doiciméad nach mór d’fhorbairtí an méid atá sonraithe ann a chomhlíonadh Lámhleabhar Cóireála Fuíolluisce EPA – Córais Chóireála do Phobail, Gnóthaí, Ionaid Fóillíochta agus Óstáin Bheaga (1999).

Sa chás gur forbairtí beaga braisle atá i gceist (<5 theach) laistigh de lonnaíochtaí nach bhfuil infreastruchtúr séarachais phoiblí Uisce Éireann ag freastal orthu, éascóidh an Chomhairle tograí ar féidir leo córais chóireála fuíolluisce aonair a sholáthar chun freastal ar gach teach ina aonar.

 Ní mór go mbeadh na ceanglais atá sonraithe in Cód Cleachtais EPA maidir le Córais Chóireála Fuíolluisce agus Córais Diúscartha atá ag Freastal ar Thithe Aonair (2009) á gcomhlíonadh ag tograí den chineál seo. I gcásanna den sórt seo, ní mór d’fhorbróirí a bheith airdeallach ar Chuspóir Beartais WS 8 – ‘Comhchruinniú/ionadú iomarcach dabhcha séarachais agus ionad cóireála aonair a dhíspreagadh chun an riosca a bhaineann le truailliú screamhuisce a íoslaghdú’.

 

Scéim Séarachais an Spidéil

 

WWTP nua

Ag tosú i Ráithe 3, 2021

Scéim Séarachais Áth Eascrach

 

WWTP nua

Ag tosú i Ráithe 3, 2021

An Cheathrú Rua

 

WWTP nua

Ag tosú i Ráithe 2, 2023

Ag céim an dearaidh mhionsonraithe

Scéim Séarachais Chloch na Rón

 

WWTP nua

Ag tosú i Ráithe 2, 2023

Ag céim an dearaidh mhionsonraithe

Scéim Séarachais Bhaile Átha an Rí

 

Gréasán

Tús le cur leis an obair thógála ag deireadh2022/ag tús 2023

Gréasán fuíolluisce Cheirtleán Chathair na Gaillimhe

 

Plean Ceantar Draenála agus uasghráduithe Gréasáin ina dhiaidh sin

An gréasán ag síneadh chomh fada le DAP Órán Mór agus DAP Bhearna Céim 3 le críochnú i Ráithe 3, 2022

Straitéis Draenála Mórcheantar Uirbeach na Gaillimhe

 

WWTP agus Gréasán

Cuirfear tús leis an straitéis in 2021 agus scrúdófar roghanna chun freastal ar fhás spriocdhírithe mhórcheantar uirbeach na Gaillimhe sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

 

Tábla 7.8: Tionscadail Fuíolluisce i gContae na Gaillimhe faoi Phlean Infheistíochta Caipitiúil Beartaithe Uisce Éireann 2020-2024, faoi réir srianta maoinithe agus timpeallachta

I dteannta leis na tionscadail infreastruchtúir neamhspleácha liostaithe thíos, tá mionoibreacha uasghrádaithe agus feabhais á ndéanamh go leanúnach ar bhonn tosaíochta náisiúnta trí Chláir Náisiúnta Uisce Éireann e.g. cothabháil chaipitiúil, oibreacha ionraoin, cláir athnuachana séarachais

7.5.6     Cineálacha Córas Fuíolluisce i gContae na Gaillimhe

I gContae na Gaillimhe, tá roinnt cineálacha difriúla córas fuíolluisce, idir scéimeanna poiblí, dabhcha séarachais aonair agus córais chóireála dílsithe aonair (ní dabhcha séarachais). Bhí 62,729 cineál córas séarachais sa chontae de réir Dhaonáireamh 2016 CSO. Tá mionsonraí maidir leis na cineálacha saoráidí cóireála fuíolluisce iarbhíre le fáil i bhFigiúr 7.6.

Figiúr 7.6: Cineálacha Córas Fuíolluisce i gContae na Gaillimhe (Foinse: CSO 2016)

7.5.7      Scéimeanna Fuíolluisce Phoiblí i gContae na Gaillimhe

Soláthraíonn Uisce Éireann scéimeanna fuíolluisce phoiblí trí shaoráidí bailithe, cóireála agus diúscartha in go leor lonnaíochtaí ar fud an Chontae. Tá infreastruchtúr den chineál seo ag feidhmiú ag acmhainn éagsúil i mbailte agus i sráidbhailte an Chontae faoi láthair mar atá sonraithe i dTábla 7.9:

 

Tuaim

Port Omna

An Fhairche

Béal Átha Mó

Béal Átha na Sluaighe

Dún Mór

An Creagán

Baile Liam

Baile Locha Riach

Áth Cinn

Maigh Locha

An Ghráig

Cathair na Gaillimhe (Órán Mór & Bearna)

An Líonán

Gleann na Madadh

Baile Átha an Rí

An Clochán

Béal Átha Ghártha

Dún an Uchta

An Gort

Cill Íomair

Cill Choirín

Áth Eascrach

Maigh Cuilinn

Leitir Fraic

Uachtar Ard

An Droichead Nua

An Spidéal

An Cheathrú Rua

Cinn Mhara

Cloch na Rón

Baile Chláir

Baile an Mhuilinn

 

 

 

Tábla 7.9: Scéimeanna Fuíolluisce i gContae na Gaillimhe

7.5.8      Staidéar Draenála Mhórcheantar Uirbeach na Gaillimhe

Tá mionsonraí le fáil sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach (RSES) le haghaidh Chomhthionól Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair a thugann le fios go bhfuil soláthar Phríomhscéim Draenála Oirthear na Gaillimhe riachtanach chun tacú leis an tsamhail fáis atá sonraithe in RSES. Tá forbairt á déanamh ag Uisce Éireann ar Phríomhscéim Draenála Oirthear na Gaillimhe mar chuid de Staidéar Draenála Mhórcheantar Uirbeach na Gaillimhe. Is tionscadal infreastruchtúir lena mbaineann tábhacht straitéiseach é an tionscadal seo. D’fhéadfadh soláthar an infreastruchtúir seo dlús a chur le tuilleadh forbartha agus leathnaithe sna lonnaíochtaí (MASP) i bpurláin ag oirthear chathair na Gaillimhe.

7.5.9     Córais Draenála Uisce Dromhcla agus Stoirme/Inbhuanaithe

Ceanglófar ar gach forbairt nua ar fud an Chontae doirteadh screamhuisce a íoslaghdú trí Chórais Draenála Inbhuanaithe (SuDs). Ceanglas a bheidh ann go gceanglófar ar gach togra le haghaidh forbairt (lena n-áirítear síntí ar fhorbairtí reatha) a léiriú go bhfuil sásraí SuDs in úsáid. Áireofar anseo freisin teorainn a chur leis an méid dromchlaí agus pábháil cruastad nach dteastaíonn. Beidh measúnú cuimsitheach SuDs i dteannta le tograí chun léargas a thabhairt ar an méid rith chun srutha, cáilíocht agus measúnú ar na tionchair phoitéinsiúla ar ghnáthóga agus ar cháilíocht an uisce.

7.5.10    Bainistiú Sloda

Tá Uisce Éireann freagrach as cóireáil agus diúscairt sloda a chruthaítear ina ionaid chóireála uisce agus fuíolluisce. Tá Plean Bainistíochta Sloda Fuíolluisce (NWSMP) ullmhaithe ag Uisce Éireann ina sonraítear straitéis Uisce Éireann chun cur chuige caighdeánaithe náisiúnta a chinntiú chun sloda fuíolluisce a bhainistiú thar thréimhse 25 bliain. Tá sé beartaithe go ndéanfar athbhreithnithe leanúnacha cúig bliana ar NWSMP. Clúdaítear an tréimhse 2016-2021 sa phlean reatha agus déanfar é a athbhreithniú agus a nuashonrú in 2021 don tréimhse 2022-2027. Ullmhófar plean ar leith i ndáil leis an sloda atá á tháirgeadh in ionaid uisce óil. Tá sé beartaithe ag NWSMP Ionad Mol Sloda agus gréasán Láithreán Dí-uiscithe Satailíte a fhorbairt do chóireáil sloda fuíolluisce, a bheidh á bharrfheabhsú ar bhonn réigiúnach seachas contae.              

Cuspóirí Beartais Fuíolluisce

WW 1         Feabhsú an Infreastruchtúir Soláthar Fuíolluisce

Oibriú i gcomhar le Uisce Éireann chun an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as an acmhainn atá ar fáil faoi láthair agus soláthar tráthúil infreastruchtúr nua seirbhísí fuíolluisce a éascú, chun fás a chinntiú sa chontae amach anseo. 


WW 2        Feabhsú an Infreastruchtúir Fuíolluisce

Idirchaidreamh agus comhoibriú le Uisce Éireann i ndáil le cur chun feidhme agus soláthar an Phlean Straitéisigh Seirbhísí Uisce (2015) agus Plean Infheistíochta Uisce Éireann 2020-2024 agus cláir ábhartha oibreacha infheistíochta eile de chuid Uisce Éireann i ndáil le hinfreastruchtúr a sholáthar laistigh den chontae. 
 
WW 3    Staidéar Draenála Mhórcheantar na Gaillimhe

Iarracht a dhéanamh dlús a chur le agus tacú le soláthar Staidéar Draenála Mhórcheantar na Gaillimhe agus na réitigh ghaolmhara atá sainaitheanta in RSES mar cheanglas riachtanach infreastruchtúir i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Uisce Éireann agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe. 
 
WW 4        Ceanglas dul i mbun Idirchaidrimh le Uisce Éireann – Fuíolluisce

A chinntiú nach gceadófar ach forbairtí nua atá á seirbhísiú go cuí le dóthain acmhainne le haghaidh bailiú, cóireáil agus diúscairt chuí (An Chreat-treoir Uisce agus an Plean Bainistíochta Abhantraí á gcomhlíonadh) chuig an séarach poiblí mura bhforáiltear dá leithéid ar shlí eile sa phlean. 
Rachaidh forbróirí i mbun idirchaidrimh le Uisce Éireann i ndáil leis an infreastruchtúr fuíolluisce (agus uisce) lena chinntiú go bhfuil dóthain acmhainne ar fáil sula ndéantar iarratas pleanála. 
 
 
WW 5        Láithreáin Seirbhísithe

Tacú le seirbhísiú bailte beaga agus sráidbhailte lena n-áirítear tionscnaimh chun rogha eile seachas tithíocht aonuaire a sholáthar faoin tuath, de réir an Chreata Náisiúnta Pleanála. 


WW 6      Ionaid Chóireála Fuíolluisce Príobháideacha

A chinntiú go bhfuil ionaid chóireála fuíolluisce príobháideacha, áit a gceadaítear a leithéid, á bhfeidhmiú ar bhealach a chinntíonn go bhfuil Cód Cleachtais maidir le Cóireáil Fuíolluisce agus Córais Diúscartha atá ag Freastal ar Thithe Aonair EPA (PE. ≤10) (EPA 2009), á chomhlíonadh, agus
faoi réir leasaithe. 
 

WW 7        Córais Draenála Inbhuanaithe

A cheangal go n-úsáidfí Córais Draenála Inbhuanaithe chun an méid cruadhromchlaithe agus pábhála atá in úsáid a íoslaghdú agus a theorannú agus a cheangal go n-úsáidfí bearta SuDS atá le cuimsiú i ngach forbairt nua (lena n-áirítear síntí ar fhorbairtí reatha). 
 
Ní mór go mbeadh measúnú cuimsitheach SuDs i dteannta le gach togra forbartha chun léargas athabhairt ar an méid rith chun srutha, cáilíocht agus measúnú ar na tionchair phoitéinsiúla ar ghnáthóga agus ar cháilíocht an uisce. 
 

WW 8        Infreastruchtúr Uisce Stoirme

Tacú le feabhsú an infreastruchtúir uisce stoirme agus an úsáid atá á baint as draenáil inbhuanaithe a mhéadú agus an riosca a bhaineann le tuilte i dtimpeallachtaí uirbeacha a laghdú.

WW9 Ionaid Cóireála Fuíolluisce Uirbigh sa Cheathrú Rua

Beidh slánachar íosta 100m ann i gcás gach ionaid chóireála fuíolluisce nua sa Cheathrú Rua.
 

Croístraitéis Lonnaíocht

Fuíolluisce Acmhainn

Acmhainn Uisce

Clár Infheistíochta Caipitil Seirbhíse Uisce 2020-2024

Ceantar Uirbeach

 

 

 

Baile Chláir

Acmhainn Leordhóthanach

Acmhainn Leordhóthanach

 

 

Bearna

Acmhainn Theoranta

 

Acmhainn Theoranta

 

 

Sainaithneofar saincheisteanna agus riachtanais ghréasáin sa Phlean Ceantar Draenála. Déanfar foráil le haghaidh fás meántéarmach agus fadtéarmach a bhreithniú mar chuid de Straitéis Draenála Mhórcheantar na Gaillimhe.

Déanfar roghanna maidir le soláthar uisce a mheas sa Phlean Náisiúnta Acmhainní Uisce.

Cnoc Mhaoil Drise

Acmhainn Theoranta

 

Acmhainn Leordhóthanach

 

 

Órán Mór/ An Garrán

 

Acmhainn Theoranta

 

Acmhainn Leordhóthanach

 

Beidh tionscadal treisithe gréasáin áitiúil i gcathair na Gaillimhe mar bhonn le bacainní acmhainne reatha i bpríomhstáisiún caidéalúcháin Órán Mór a fheabhsú. Sainaithneofar saincheisteanna agus riachtanais ghréasáin sa Phlean Ceantar Draenála. Déanfar foráil le haghaidh fás meántéarmach agus fadtéarmach a bhreithniú mar chuid de Straitéis Draenála Mhórcheantar na Gaillimhe.

Príomhbhailte

 

 

 

Béal Átha na Sluaighe

Acmhainn Leordhóthanach

 

Acmhainn Theoranta

 

Déanfar roghanna maidir le soláthar uisce a mheas sa Phlean Náisiúnta Acmhainní Uisce.

Tuaim

Acmhainn Leordhóthanach

Acmhainn Leordhóthanach

 

Poitéinseal Straitéiseach

 

 

 

Baile Átha an Rí

Acmhainn Theoranta

Acmhainn Leordhóthanach

 

Tá na hoibreacha Uasghrádaithe san Ionad Cóireála Fuíolluisce críochnaithe.  Tá sé beartaithe tús a chur leis an obair thógála a bhaineann leis an gconradh gréasáin in 2022.

Bailte Féinchothaithe

 

 

 

An Gort

Acmhainn Leordhóthanach

Acmhainn Theoranta

 

Obair chun spás stórála a sholáthar ar siúl.

Baile Locha Riach

Acmhainn Theoranta

Acmhainn Theoranta

Síneadh RWSS idir Thuaim agus Baile Locha Riach le críochnú ag tús 2021.

Staidéar ar an ngréasán hiodrálach fuíolluisce le cur i gcrích.

Bailte Beagfháis

 

 

 

An Clochán

Acmhainn Leordhóthanach

 

Acmhainn Theoranta

Déanfar roghanna maidir le soláthar uisce a mheas sa Phlean Náisiúnta Acmhainní Uisce.

Maigh Cuilinn

Acmhainn Leordhóthanach

Acmhainn Theoranta

 

 

Uachtar Ard

Acmhainn Leordhóthanach

Acmhainn Leordhóthanach

 

Gearrthéarmach

Déanfar roghanna maidir le soláthar uisce a mheas sa Phlean Náisiúnta Acmhainní Uisce.

Port Omna

Acmhainn Theoranta

Acmhainn Theoranta

 

Déanfar roghanna maidir le soláthar uisce a mheas sa Phlean Náisiúnta Acmhainní Uisce.

Áth Cinn

Acmhainn Leordhóthanach

Acmhainn Leordhóthanach

 

Sráidbhailte Beagfháis

 

 

 

An Cheathrú Rua

Sruth Éalaithe Farraige-

Gan Chóireáil

Acmhainn Leordhóthanach

 

Gearrthéarmach

Tionscadal chun WWTP a sholáthar ag céim an dearaidh mhionsonraithe.

Déanfar roghanna maidir le soláthar uisce a mheas sa Phlean Náisiúnta Acmhainní Uisce.

An Spidéal

Sruth Éalaithe Farraige-

Gan Chóireáil

Acmhainn Leordhóthanach

WWTP nua sceidealaithe chun tús a chur le hobair thógála in 2021.

Béal Átha Ghártha

Acmhainn Theoranta

 

Acmhainn Leordhóthanach

 

Ag súil le Feabhsuithe ar an Infreastruchtúr Fuíolluisce.

Dún Mór

Acmhainn Leordhóthanach

 

Acmhainn Leordhóthanach

 

 

Gleann na Madadh

Acmhainn Leordhóthanach

 

Acmhainn Leordhóthanach

 

 

Cinn Mhara

Acmhainn Leordhóthanach

 

Acmhainn Leordhóthanach

 

 

Maigh Locha

Acmhainn Leordhóthanach

 

Acmhainn Leordhóthanach

 

 

 Tábla 7.10: Acmhainn Tháscach Infreastruchtúir le haghaidh Lonnaíochtaí Croístraitéise

7.6          Bainistíocht Dramhaíola

Tá bainistíocht dramhaíola in Éirinn sonraithe ar bhonn reachtúil san Acht um Bainistiú Dramhaíola agus ionstraim reachtúil shonrach eadhon Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pleanáil) 1997 (arna leasú). Tá an tír roinnte i dtrí réigiún sna hionstraimí reachtúla seo - Réigiún Chonnacht-Uladh, Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre agus Réigiún an Deiscirt. Tá contae na Gaillimhe suite laistigh de réigiún Chonnacht-Uladh ina gcuimsítear Contae na Gaillimhe, Cathair na Gaillimhe, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach, Ros Comáin, an Cabhán, Dún na nGall agus Muineachán.

Soláthraítear creat i bPlean Bainistíochta Dramhaíola Chonnacht-Uladh 2015-2021 (CUWMP) chun dramhaíl a chosc agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe i nGaillimh agus sna ceantair údarás áitiúil eile. Glacadh le Plean Bainistíochta Dramhaíola Chonnacht-Uladh i mí mBealtaine 2015. Áirítear sa phlean liosta cuimsitheach beartas a bhfuil sé mar aidhm leo straitéis agus spriocanna uileghabhálacha an phlean a chomhlíonadh. Is féidir achoimre a dhéanamh de roinnt de na príomhbhearta atá sonraithe i ndáil le húdaráis áitiúla agus leis an tionscal mar seo a leanas:

  • Níos mó gníomhaíochtaí athúsáide agus deisiúcháin a spreagadh sa réigiún go háirithe ag saoráidí conláiste cathartha;
  • Cumarsáid agus feasacht maidir le gníomhaíochtaí ar an talamh a mbíonn athrú buan ar iompraíochtaí saoránach agus gnóthaí i ndáil le dramhaíl dá mbarr;
  • Cur leis an leibhéal bailiúchán cois bóthair scagtha ag an bhfoinse sa réigiún agus béim shuntasach a leagan ar a chinntiú go mbíonn úsáid fhorleathan á baint as an gcóras trí bhosca bruscair ag leibhéal teaghlaigh agus tráchtála;
  • Córas nua náisiúnta muirearaithe íoc de réir meáchain a chur i bhfeidhm agus a rialú;
  • Rialacháin a bhaineann le dramhaíl teaghlaigh agus tráchtála a fhorfheidhmiú chun déileáil leis an bhfadhb a bhaineann le dramhaíl neamhbhainistithe agus ceisteanna eile;
  • Infreastruchtúr cóireála dramhaíola ar chaighdeán níos airde a phleanáil agus a fhorbairt lena n-áirítear saoráidí nua athphróiseála, cóireála bitheolaíche,  aisghabhála teirmí agus réamhchóireála;
  • Dlús a chur faoi fhorbairt na hearnála cóireála bitheolaíche, go háirithe múiríniú agus díleá anaeróbach, trí thacú le forbairt saoráidí nua;
  • Tacú le forbairt na haisghabhála teirmí sa réigiún a chomhlíonann riachtanais an réigiúin agus an Stáit i ndáil le heaspórtáil dramhaíl iarmharach lena cóireáil thar lear;
  • A chinntiú nach bhfuil aon tionchar ag saoráidí dramhaíola atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ar láithreáin atá íogair ó thaobh na timpeallachta de trí mheasúnuithe agus láithreánú cuí.

Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair taobh le Réigiún Dramhaíola Chonnacht-Uladh agus leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun a freagrachtaí agus dualgais bainistíochta dramhaíola a chur chun feidhme agus a fheidhmiú thar shaolré an phlean seo.

Cuspóirí Beartais Bainistíochta Dramhaíola

WM 1    Plean Bainistíochta Dramhaíola Chonnacht agus Uladh 2015-2021
Tacú le cur chun feidhme Phlean Bainistíochta Dramhaíola Chonnacht-Uladh 2015-2021 nó aon leagan nuashonraithe den doiciméad seo laistigh de shaolré an phlean. 


WM 2         Ceanglais Bainistíochta Dramhaíola
Tacú le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus iad a chur chun cinn, tús áite a thabhairt do chosc, athúsáid, athchúrsáil agus aisghabháil, agus dramhaíl iarmharach a bhainistiú go hinbhuanaithe.  Beifear ag súil go gcuimseofar i bhforbairtí nua forálacha an Phlean Bainistíochta Dramhaíola don Réigiún agus go ndéanfar breathnóireacht ar na gnéithe sin de a bhaineann le cosc agus íoslaghdú dramhaíola, saoráidí athchúrsála dramhaíola, agus an acmhainn do scagadh ag an bhfoinse. 


WM 3 Saoráidí Aisghabhála agus Diúscartha Dramhaíola
Tacú le soláthar saoráidí leordhóthanacha aisghabhála agus diúscartha dramhaíola don Chontae agus iad a éascú.
 

WM 4        Dlisteanú Dramhaíola 
A cheangal go ndéanfaí gach diúscairt dramhaíola ar bhealach a chinntíonn go bhfuil ceanglais na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus na Reachtaíochta ábhartha um Bainistíocht Dramhaíola á gcomhlíonadh. 


WM 5         Pleananna Bainistíochta Tógála agus Timpeallachta

Ullmhófar Pleananna Bainistíochta Tógála agus Timpeallachta sula gcuirtear tús le tógáil tionscadal ábhartha agus cuirfear chun feidhme iad i rith na hoibre ar fad. Cuimseofar i bpleananna den sórt seo bearta maolaithe ábhartha atá comhtháthaithe sa Phlean agus aon Ráiteas Tionchair Timpeallachta nó Measúnacht Oiriúnach ag leibhéal níos íochtaraí. De ghnáth, soláthraítear in CEMPanna sonraí maidir le cleachtas tógála beartaithe don fhorbairt atá beartaithe, lena n-áirítear:

(a) suíomh na láithreán agus an chumaisc/na gcumasc ábhar, lena n-áirítear limistéar/limistéir atá sainaitheanta chun bruscar tógála a stóráil;

(b) suíomh limistéar le haghaidh oifigí láithreán tógála agus áiseanna foirne;

(c) sonraí maidir le haon fálú agus clárlach slándála láithreáin;

(d) sonraí maidir le háiseanna páirceála ar an láithreán d’oibrithe  láithreáin i rith na hoibre tógála;

(e) sonraí maidir le huainiú agus ródú trácht tógála chuig agus ón láithreán tógála agus treochomharthaíocht ghaolmhar;

(f) bearta chun scuaineáil trácht tógála ar an ngréasán bóithre in aice láimhe a chosc;

(g) beartas chun doirteadh nó sil-leagan cré, spallaí nó smionagair eile a chosc;

(h) socruithe malartacha le bunú le haghaidh coisithe agus feithiclí sa chás gur gá aon cheart slí poiblí a dhúnadh i rith na n-oibreacha forbartha láithreáin;

(i) mionsonraí maidir le bearta maolaithe oiriúnacha i ndáil le torann, deannach agus tonnchrith, agus monatóireacht a dhéanamh ar a leithéid sin de leibhéil;

(j) coimeád an bhreosla agus ola ar fad a bhaineann leis an obair thógála i mbundaí atá tógtha go speisialta lena chinntiú go bhfuil doirteadh breosla á choimeád (beidh díon ar a leithéid sin de bhundaí chun uisce na báistí a choimeád amach);

(k) diúscairt dramhaíl tógála/scartála agus sonraí maidir le conas atá sé beartaithe ithir thochailte a bhainistiú, lena n-áirítear comhlíontacht le Treoirlínte Dea-chleachtais maidir le hUllmhú Pleananna Bainistíochta Dramhaíola do Thionscadail Tógála agus Scartála 2006, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

(l) plean bainistíochta uisce agus dríodar, ina soláthraítear eolas maidir le modhanna lena chinntiú go bhfuil rith chun srutha screamhuisce á rialú ionas nach mbeidh aon siolta nó truailleáin eile ag dul isteach i gcúrsaí uisce nó draenacha áitiúla;


WM 6        Bainistíocht Dramhaíola

Leanúint le dualgais a chomhlíonadh faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (deimhniú gníomhaíocht diúscartha agus aisghabhála dramhaíola neamhcheadúnaithe stairiúil) 2008, lena n áirítear iad siúd a bhaineann le sainaithint agus le clárú líonta talún dúnta. 

WM7        Infreastruchtúr Athchúrsála

Foráil a dhéanamh le haghaidh infreastruchtúr athchúrsála ar fud an chontae áit a mheastar gá a bheith leis agus tacú le soláthar infreastruchtúr athchúrsála breise ar fud an chontae. 
 
WM 8        Cleachtais Inbhuanaithe Bainistíochta Dramhaíola

Tacú le agus cabhrú le pobail páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí feasachta timpeallachta agus tionscnaimh athchúrsála pobalbhunaithe nó tionscnaimh bainistíochta timpeallachta a mbeidh cleachtais inbhuanaithe bainistíochta dramhaíola dá mbarr. 

WM 9        Bailiú Dramhaíola ar Leith

Bailiú dramhaíola ar leith a spreagadh agus tacú leis de réir cheanglais na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Dramhbhia) 2009, Rialacháin na Creat-treorach Dramhaíola, 2011 agus reachtaíocht ábhartha eile. 
 
 

7.7          Leictreachas

Tá infreastruchtúr leictreachais agus greille tarchurtha láidir riachtanach don chontae chun infheistíocht thionsclaíoch ardteicneolaíochta a mhealladh agus a choimeád, chun soláthairtí fuinnimh iomaíocha a chinntiú, chun forbairt chothromaithe a dhéanamh, agus chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, agus chun spriocanna athraithe aeráide a chomhlíonadh. Os a choinne sin, chun forbairt fuinnimh inbhuanaithe a mhealladh, tá sé tábhachtach, le haghaidh Chontae na Gaillimhe, go ndéantar an t-infreastruchtúr greille reatha a threisiú más gá agus a leathnú chuige limistéir nach bhfuil an tseirbhís atá ar fáil iontu oiriúnach. Tá ról lárnach ag an gcóras tarchurtha laistigh den tír sa soláthar leictreachais, agus soláthraíonn sé an modh chun cumhacht a iompar ó ghineadóirí chuig ionaid éilimh trí chóras a úsáid ina gcuimsítear gréasáin 400 kV, 220 kV agus 110 kV (agus trí ghréasáin BSL meánvoltais agus ísealvoltais 38kV chuig custaiméirí). Go ginearálta, cuimsítear sa chóras tarchurtha línte lastuas, seachas in imthosca teoranta, i lár na cathrach, mar shampla, áit a bhfuil roinnt cáblaí teoranta faoi thalamh in úsáid.

Is é Eirgrid atá freagrach as tarchur sábháilte, sláinte agus iontaofa fuinnimh. Is cuspóir beartais de chuid na Comhairle é oibriú i gcomhar le Eirgrid chun an infreastruchtúr leictreachais atá ann faoi láthair a chosaint, agus soláthar tráthúil an infreastruchtúir leictreachais nua a éascú. D’fhoilsigh Eirgrid Straitéis Forbartha Greille na hÉireann - Do Ghreille, Do Thodhchaí, arb ionann é agus an dara hathbhreithniú a rinneadh ar Ghreille 25. Aithnítear sa Straitéis seo go mbaineann fíorthábhacht le forbairt na greille tarchurtha chun tacú leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí, agus aistriú chóras fuinnimh na hÉireann a réadú chun oibleagáidí athraithe aeráide agus fuinnimh a chomhlíonadh.

Is forléargas straitéiseach praiticiúil é Plean Forfheidhmiúcháin 2017-2022 Eirgrid ar conas atá sé beartaithe céimeanna Straitéis Forbartha Greille na hÉireann a chur i bhfeidhm agus aithnítear ann na codanna den chóras tarchurtha ar dócha a bheidh le forbairt thar thréimhse cúig bliana (2017-2022) agus an phleanáil agus an fhorbairt a dhéanfar ar an ngreille nuair a bheidh an Straitéis á cur chun feidhme. Chomh maith leis sin, tugtar aird sa Phlean ar Plean Forbartha Tarchurtha 2016, arb ionann é agus an plean atá curtha i dtoll a chéile le haghaidh forbairt ghréasán agus idirnasc tarchurtha na hÉireann thar thréimhse 10 mbliana.

Sa chás go sainaithnítear conairí bealaigh straitéiseacha, cosnóidh an Chomhairle a leithéid sin de chonairí ó chúngach a bhaineann le forbairt mhíchuí agus cinnteofar go mbeidh a scóip forbartha á cothabháil.

Cuspóirí Beartais Leictreachais agus Gáis

EG 1         Feabhsú an Infreastruchtúir Leictreachais

Tacú le feabhas agus leathnú inbhuanaithe an ghréasáin tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a sholáthraíonn an Contae agus é a éascú, agus breithniú a dhéanamh ar an tírdhreach, agus breithniúcháin tírdhreacha, chónaithe, áineasa agus timpeallachta a chur san áireamh. 

EG 2         Soláthar an Infreastruchtúir Leictreachais agus Gáis 

Tacú le soláthar agus síneadh na ngréasán tarchurtha leictreachais agus gáis laistigh den Chontae tá ríthábhachtach i ndáil le forbairt gheilleagrach an Chontae faoi réir cháilíocht na timpeallachta, tírdhreach, fiadhúlra, gnáthóga nó taitneamhacht chónaithe. 
 
EG 3        Acmhainn Cumhachta

Tacú le agus dul i mbun idirchaidrimh le soláthraithe fuinnimh reachtúla agus eile i ndáil le giniúint cumhachta, chun acmhainn leordhóthanach fuinnimh a chinntiú do riachtanais an Chontae amach anseo. 

EG 4        Clár Infheistíochta Ghreille 25 EirGrid

Tacú le cur chun feidhme Chlár Infheistíochta Ghreille 25 EirGrid, agus breithniúcháin tírdhreacha, chónaithe, taitneamhachta agus timpeallachta a chur san áireamh.  


EG 5        Plean Gníomhaíochta na nGreillí Cliste agus na gCathracha Cliste

Tacú le rolladh amach Phlean Gníomhaíochta na nGreillí Cliste agus na gCathracha Cliste chun naisc nua a chumasú, an ghreille a chothromú, fuinneamh a bhainistiú agus micrighreillí a fhorbairt. 
 

7.8         Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide

Tá an Chomhairle ag tacú ar bhonn gníomhach le Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) a sholáthar laistigh den chontae agus glacann an Chomhairle leis go bhfuil forbairt agus feabhsuithe sa réimse seo ríthábhachtach i gcomhthéacs fhorbairt gheilleagrach agus shóisialta an Chontae. Chomh maith leis sin, tuigeann an Chomhairle go bhféadfadh soláthar TFC cabhrú le haistriú na gcontaetha ó chontaetha ísealcharbóin tríd an ngá atá le taisteal a laghdú trí bheith ag obair ón mbaile, rud a mbíonn caighdeán saoil níos airde dá thoradh mar aon le laghdú ar am comaitéireachta agus, laghdú ar gháis cheaptha teasa. Tacaíonn an plean seo leis na forálacha atá le fáil i Straitéis Dhigiteach Chontae na Gaillimhe 2020 – 2023 ina soláthraítear straitéis níos ginearálta maidir le forbairt teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide sa chontae.

Dá réir sin, tacóidh an Chomhairle le soláthar infreastruchtúr TFC cosúil le leathanbhanda, infreastruchtúr teileachumarsáide, cumhdach fóin phóca agus teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chabhróidh le forbairt gheilleagrach an chontae agus le coinníollacha oibre níos cliste agus é mar aidhm aistriú na gcontaetha chuig contae ísealcharbóin a éascú.

7.8.1      Leathanbhanda

Tá an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha freagrach as leathanbhanda ardluais a sholáthar agus in 2012 d’fhoilsigh an Roinn ‘Plean Náisiúnta Leathanbhanda d’Éirinn - Sochaí Nasctha a Sholáthar’. Is beartas de chuid an Rialtais é an Plean (NBP) a bhfuil sé mar aidhm leis a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach teach, scoil agus gnó in Éirinn – beag beann ar cé chomh iargúlta nó tuaithe atá siad – ar leathanbhanda ardluais.  Tá sé seo á chomhlíonadh trí mheascán d’infheistíocht tráchtála ar fud na tíre agus idirghabháil stáit. Beidh idirghabháil stáit mar bhonn le seirbhís a chur ar fáil i limistéir ar dócha nach mbeidh fonn ar oibritheoirí tráchtála aonair infheistiú iontu, ceantair thuaithe den chuid is mó. I mí na Samhna 2019, bronnadh an Conradh NBP ar NBI (National Broadband Ireland) agus táthar ag súil go mbeidh an conradh seo mar bhonn le leathanbhanda Ardluais a chur ar fáil i mbreis is 38,000 áitreabh i gcontae na Gaillimhe as seo go ceann seacht mbliana. Is é an ról atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe sa phlean seo feidhmiú mar éascaitheoir rolladh amach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus oibreoidh an Chomhairle le NBI & le cuideachtaí tráchtála chun rolladh amach leathanbhanda i gContae na Gaillimhe a éascú.

Aithnítear sa phlean seo gur féidir le hinfheistíocht ghinearálta i seirbhísí digiteacha agus idirlín ardluais a bheith mar bhonn le buntáistí i ndáil le hinfheistíocht dhíreach eachtrach trí chur le mealltacht na suíomhanna réigiúnacha lasmuigh de na hionaid uirbeacha. Dá réir sin, mar chuid den Phlean Leathanbhanda straitéiseach seo, tá gealltanas tugtha dlús a chur le luas na forbartha i dtéarmaí nasc ar ardchaighdeán, iontaofa agus tapa leathanbhanda a rolladh amach ar fud na tíre. Is beartas Rialtais é freisin go mbainfidh eintiteas stáit tairbhe as gach deis is féidir chun imlonnú infreastruchtúir chuig an margadh teileachumarsáide a éascú.

7.8.2      Teileachumarsáid

Glactar leis go mbaineann tábhacht le faisnéis teileachumarsáide a sholáthar i ndáil le forbairt gheilleagrach an Chontae. D’fhonn a chinntiú go bhfuil infreastruchtúr teileachumarsáide oiriúnach á sholáthar laistigh den chontae, tabharfaidh an chomhairle aird ar na treoirlínte atá eisithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, ‘Treoirlínte Pleanála le haghaidh Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Thacaíochta’ (1996) agus Litir Chiorcláin PL 07/12. Beidh measúnú tograí aonair á rialú ag na treoirlínte agus ag na rialuithe atá sceidealta i  gcaibidil na gCaighdeán Bainistíochta Caighdeán sa phlean seo

Cuspóirí Beartais na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide

ICT 1        Infreastruchtúr TFC

Tacú le soláthar Infreastruchtúr Teicneolaíocht Faisnéise & Cumarsáide ardacmhainne, nascacht leathanbhanda agus craoladh digiteach, laistigh den Chontae de réir Straitéis Dhigiteach Chontae na Gaillimhe 2020 - 2023, chun iomaíochas geilleagrach a chinntiú le haghaidh na n-earnálacha
fiontar agus tráchtála agus cleachtais oibre níos solúbtha a chumasú i.e. cianobair, moil chliste etc. 
 
ICT 2    An Plean Náisiúnta Leathanbhanda

Tacú le soláthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

ICT 3        Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Thacaíochta

Forbairt ordúil teileachumarsáide a chinntiú ar fud an Chontae de réir cheanglais Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Thacaíochta, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála, DECLG, 1996, seachas sa chás go bhfuil siad i gcoinbhleacht le Litir Chiorcláin Pl07/12, a dtabharfar tosaíocht di,
agus aon athbhreithnithe ina dhiaidh seo nó treoirlínte leathnaithe sa réimse seo. 

ICT 4        Comhshuíomh aeróg

Comhshuíomh struchtúr agus láithreán tacaíocht aeróga a cheangal más féidir. Ceanglófar ar oibreoirí fianaise dhoiciméadach a sholáthar mura féidir tairbhe a bhaint as an rogha seo i dtograí le haghaidh struchtúr nua. 
 

ICT 5        Láithreánú agus Dearadh Infreastruchtúr Teileachumarsáide

Dea-chleachtas a cheangal i ndáil le láithreánú agus dearadh chomh fada is a bhaineann le crochadh aeróg teileachumarsáide agus infreastruchtúr tacaíochta, ar mhaithe le taitneamhacht amhairc agus tírdhreacha íogaire a chosaint. 
 

ICT 6        Tionchar Amhairc Struchtúr Tacaíochta Aeróg

Glacadh leis go mbeifear ag cur i gcoinne suíomh struchtúr tacaíochta aeróg sa chás go mbeadh tionchar diúltach tromchúiseach acu ar thaitneamhacht amhairc láithreán agus suíomhanna íogaire. 

ICT 7        Duchtáil Rochtain Oscailte

A cheangal go mbeadh duchtáil rochtain oscailte le haghaidh forbairtí nua á cur ar fáil do gach soláthraí seirbhíse ar bhonn léas neamheisiach ag costas barainneach. 


ICT 8        Cáblú Faoi Thalamh

Comhoibriú le gníomhaireachtaí ábhartha chun cáblú faoi thalamh a éascú le haghaidh gach cábla leictreachais, teileafóin agus teilifíse i gceantair uirbeacha más féidir, ar mhaithe leis an taitneamhacht amhairc. 

Sa chás go bhfuil cáblaí faoi thalamh in úsáid, ba cheart a léiriú i dtograí go bhfuil tionchair thimpeallachta, lena n-áirítear iad seo a leanas, á n-íoslaghdú:

  • Caillteanas gnáthóg mar thoradh ar bhaint teorainneacha páirceanna agus fálta sceach (ceart slí a ullmhú) agus baint barrithreach (lena chinntiú nach scriosann innealra struchtúr na hithreach agus airíonna draenála); 
  • Tionchair ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha ar an tírdhreach, sa chás, mar shampla, go mbíonn fálta sceach sa cheantar;
  • Tionchair ar an tseandálaíocht faoi thalamh;
  • Tionchair ar struchtúr na hithreach agus ar dhraenáil; agus
  • Tionchair ar screamhuiscí mar thoradh ar dhríodrú.

ICT 9        Moil Dhigiteacha 

Tacú le feabhsú agus le soláthar mol digiteach agus spásanna cianoibre.
 

7.9          Cosaint na Timpeallachta

7.9.1      Cáilíocht an Aeir

Tá cáilíocht an aeir fíorthábhachtach i ndáil sláinte an daonra i gcoitinne a chinntiú. D’fhéadfadh go mbeadh cáilíocht aeir atá ar chaighdeán íseal mar bhonn le fadhbanna suntasacha timpeallachta. Is iad na ceantair is íogaire chomh fada is a bhaineann le cáilíocht an aeir limistéir faoi fhoirgnimh agus mórfhorbairt iompair. Is é an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an comhlacht reachtúil atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht aeir in Éirinn. Admhaíonn an Chomhairle an gá atá leis na caighdeáin is airde de cháilíocht an aeir a chinntiú laistigh den Chontae agus comhoibreoidh an Chomhairle leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil de réir mar is cuí lena chinntiú go bhfuil cáilíocht an aeir ar ardchaighdeán agus go ndéileáiltear le caighdeáin ísle de réir mar is cuí. Éileoidh an Chomhairle go n-áireofar i dtograí le haghaidh tithe nua bearta coisc radóin de réir na Rialachán Tógála (lena n-áirítear aon rialacháin nuashonraithe/ionaid a d’fhéadfaí a fhoilsiú laistigh de shaolré an Phlean Forbartha seo).

Cuspóirí Beartais Cháilíocht an Aeir

AQ 1        Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh

Tacú le caomhnú na cáilíochta aeir chomhthimpeallaigh is fearr atá comhoiriúnach le forbairt inbhuanaithe de réir Threoir an AE maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus Aer Níos Glaine don Eoraip (CAFÉ) (2008/50/CE) agus a chinntiú go bhfuil gach astaíocht aeir a bhaineann le forbairtí nua ag teacht leis na Caighdeáin Cháilíochta Comhshaoil mar atá leagtha amach i Rialacháin um Chaighdeáin Aercháilíochta 2011 (IR Uimh. 180 de 2011) (nó aon doiciméid nuashonraithe/ionaid). 

AQ 2        Measúnú ar Aercháilíocht

A cheangal go ndéanfadh forbairtí ag a bhfuil an poitéinseal tionchair dhíobhálacha a bheith acu ar aercháilíocht measúnuithe ar thionchar na forbartha ar aercháilíocht. 


AQ 3        Bearta Maolaithe Aercháilíochta

A cheangal go n-úsáidfí bearta maolaithe cuí cosúil le maolaitheoirí deannaigh chun tionchair phoitéinsiúla forbairtí ar aercháilíocht a íoslaghdú. 


AQ 4         Íonú an Aeir 

Spreagfaidh an Chomhairle tírdhreachú agus cur crann duillsilteach ar bhealach atá íogair ó thaobh na timpeallachta de laistigh de bhailte agus de shráidbhailte mar bhealach chun aer a íonú, cáithníní ar fuaidreamh a scagadh agus a micrea-aeráid a fheabhsú.

AQ 5        Radón 

Beidh aird ag an gComhairle ar an treoir shonrach a bhaineann le bearta coisc radóin le haghaidh tithe nua atá le fáil i Rialacháin Tógála reatha (lena n-áirítear aon Rialacháin nuashonraithe/ionaid a d’fhéadfaí a fhoilsiú laistigh de shaolré an Phlean Forbartha seo). 
 

7.9.2    Truailliú ó Thorann

D’fhéadfadh go mbeadh tionchar suntasach ag torann ar chaighdeán saoil daoine aonair, nó pobal, nó fiadhúlra nó an timpeallacht trí chéile.  Tá rialú torainn á rialú ag Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992 agus Rialacháin an Achta fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Torann) 1994. Sainaithnítear in Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992, torann mar fhoirm de thruailliú timpeallachta agus cuimsítear ann forálacha chun déileáil le torann “ar núise é, a chuirfeadh sláinte an duine i mbaol nó a dhéanfadh damáiste do mhaoin dochar don timpeallacht.”

Tá Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn 2019-2023 curtha i dtoll a chéile ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, an tÚdarás Pleanála Gníomhaíochta ainmnithe faoi Airteagal 7 de na Rialacháin maidir le Torann Timpeallachta. Baineann an plean seo le torann timpeallachta ó mhórbhóithre ar a bhfuil líon feithiclí níos mó ná 3 mhilliún aistear feithicil sa bhliain. Cumhdaítear sa cheantar pleanála gníomhaíochta Mótarbhealaí an M6, M17 agus M18 agus Príomhbhóithre Náisiúnta N 18, N59, N65, N67, N83, N84, Bóithre Náisiúnta den Dara Grád R336, R339, R354 R381, R446, R458 agus Bóithre Réigiúnacha R939 agus talamh in aice láimhe. Ní chumhdaítear sa phlean torann ó ghníomhaíochtaí baile, torann a chruthaíonn comharsana agus torann in ionaid oibre.

Cuspóirí Beartais Truailliú ó Thorann

NP 1        Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn Chomhairle Contae na Gaillimhe 2019-2023
Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn Chomhairle Contae na Gaillimhe 2019-2023 (agus aon Phlean ina dhiaidh sin) a chur chun feidhme chun éifeachtaí dochracha, lena n-áirítear crá croí mar gheall ar nochtadh do thorann timpeallachta a sheachaint, a chosc agus a laghdú. 
 

NP 2        Forbairtí laistigh de Léarscáileanna Torainn (Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn 2019-2023)
A cheangal go bhfuil bearta maolaithe cuí á gcur i bhfeidhm i bhforbairtí nua atá beartaithe laistigh de theorainneacha torainn na léarscáileanna torainn le haghaidh stráicí ainmnithe de bhóithre sa Chontae ionas go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ó thorann timpeallachta á gcosc. 
 

NP3        Measúnuithe Tionchair Torainn
A cheangal go ndéanfaí measúnú ar thionchar na forbartha ar leibhéil torainn, ag féachaint d’fhorálacha Achtanna fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992 agus 2003 agus Rialacháin maidir le Torann EPA 1994 nuair a bhíonn iarratas pleanála á mheas. 
 

NP 4        Truailliú ó Thorann agus Rialachán
Srian a chur le tograí forbartha is cúis le truailliú ó thorann sa bhreis ar na caighdeáin dea chleachtais agus gníomhaíochtaí ar dócha a bheidh mar bhonn le torann iomarcach a Rialáil agus a rialú, seachas na gníomhaíochtaí sin atá á rialú ag EPA 
 
NP 5        Bearta Maolaithe Torainn
A cheangal go suiteálann gníomhaíochtaí ar dócha a bheidh mar bhonn le torann iomarcach bearta agus monatóirí maolaithe torainn. D’fhéadfadh go mbeadh gá le hiniúchadh torainn más cuí
 

7.9.3     Truailliú ó Sholas

Baineann an-tábhacht le truailliú ó sholas a rialú i ndáil le roinnt peirspictíochtaí éagsúla lena n-áirítear taitneamhacht chónaithe, caomhnú an dúlra, sábháilteacht tráchta, taitneamhacht amhairc lena n-áirítear spéartha dorcha agus déileáil le hathrú aeráide i bhfoirm na héifeachtúlachta fuinnimh. Glactar leis go bhfuil gá le soilsiú saorga ar mhaithe le sábháilteacht agus slándáil.

Cuspóirí Beartais an Truaillithe ó Sholas

LP 1        Scéimeanna Soilsithe

A cheangal go gcinnteoidh gach forbairt go bhfuil scéimeanna soilsithe deartha ionas go mbeidh doirteadh iomarcach soilsithe á íoslaghdú lena chinntiú go bhfuil truailliú ó sholas sa timpeallacht mhórthimpeall lena n-áirítear taitneamhacht chónaithe, fiadhúlra agus in aice le bóithre poiblí
srianta.
 
Cuirfear a leithéid sin de scéimeanna soilsithe faoi bhráid na Údaráis Phleanála agus déanfar iad a chomhaontú leis an Údarás Pleanála. 
 
LP 2        Soilsiú agus Gníomhú ar son na hAeráide

A cheangal go mbeadh soilsiú ísealfhuinnimh LED (nó a chomhionann) in úsáid chun tacú le Gníomhú ar son na hAeráide. 

LP 3        Spéartha Dorcha     

Cothabháil spéartha dorcha a spreagadh i gceantair thuaithe agus srian a chur le truailliú ó sholas i gceantair uirbeacha agus thuaithe. 
 

7.9.4     Cáilíocht na hIthreach

Tá difríochtaí suntasacha sna cineálacha ithreach atá le fáil ag suíomhanna éagsúla ar fud na tíre idir tailte portaigh agus tailte féaraigh. Tá an Chomhairle airdeallach ar an bpríomhról atá ag ithreacha ina lán bealaí lena n-áirítear táirgeadh bia, screamhuisce, bainistíocht tuilte mar aon le tacú le raon gnáthóg éiceachórais agus le bithéagsúlacht. Tá an Chomhairle airdeallach ar na bagairtí a chruthaíonn talamhúsáidí difriúla, úsáid níos déine talmhaíochta, creimeadh agus ró-innilt, foraoisiú, tionsclaíocht agus uirbiú do cháilíocht na hithreach. Is den tábhacht é go gcinntíonn tograí forbartha go bhfuil na tionchair ar cháilíocht na hithreach agus ar an timpeallacht trí chéile chomh híseal agus is féidir.

Cuspóirí Beartais Cháilíocht na hIthreach

SQ 1        Measúnuithe Tionchair Ithreach

Ardchaighdeán ithreach a chinntiú ar fud an chontae trína cheangal go ndéanfaidh forbairtí áirithe (mar atá sonraithe sa reachtaíocht timpeallachta ábhartha) measúnuithe ar an tionchar ar fhorbairt cháilíocht na hithreach. 

SQ 2        Measúnuithe Tionchair Ithreach

A chinntiú go gcuirtear bearta oiriúnacha cosanta ithreach i gcrích más gá.

SQ 3        Cosaint, Éilliú agus Feabhsúchán Ithreach

Cuirfear imscrúduithe oiriúnacha agus cuí i gcrích i ndáil le nádúr agus méid aon éilliú ithreach agus screamhuisce agus na rioscaí a bhaineann leis an obair forbartha láithreáin ghaolmhar, sa chás go bhfuil sé beartaithe láithreáin athfhorbraíochta a fhorbairt.

Déanfar gach láithreán neamhfhorbartha, éillithe a fheabhsú ag caighdeáin a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta sula ndéantar aon athfhorbairt. Beidh tuarascáil ó shainchomhairleoir cáilithe i dteannta le gach iarratas ina gcuimseofar dea-chleachtas agus saineolas idirnáisiúnta maidir le teicnící athchóirithe éiceolaíocha nuálacha lena n-áirítear tionscnaimh speisialta plandaithe agus glasa a chruthaíonn láithreáin ar a bhfuil cuma aeistéitiúil níos fearr, timpeallachtaí sláintiúla agus a chabhraíonn le soláthar spásanna oscailte glasa nua mar dhlúthchodanna de limistéir nuachruthaithe. 
 
Beidh Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 (ceadúnas dramhaíola, cead saoráidí dramhaíola), arna leasú, agus Acht EPA 1992 (ceadúnú Astaíochtaí Tionsclaíocha, go háirithe an Chéad Sceideal, Aicme 11 Dramhaíl), arna leasú, á gcomhlíonadh ag cóireáil/bainistiú aon ábhar éillithe.  Cinnteoidh na bearta seo go mbeidh ábhar éillithe á bhainistiú ar bhealach a chuireann deireadh le haon riosca do shláinte an duine agus a chinntíonn go mbeidh an úsáid deiridh comhoiriúnach le haon riosca.

 

7.9.5      Mórthionóiscí agus Láithreáin Seveso

Trasuíonn Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rialú Guaiseacha Mórthionóiscí ina bhFuil Substaintí Contúirteacha i gCeist) 2006 Treoir SEVESCO II 96/82/CE (a bhaineann le cosc mórthionóiscí ina bhfuil substaintí contúirteacha i gceist) go Dlí na hÉireann.

 

 Tá sé mar aidhm leis an Treoir seo guaiseacha tionóisce mar thoradh ar shubstaintí contúirteacha a chosc agus srian a chur le hiarmhairt a leithéid sin de thionóiscí trí na bearta seo a leanas:

  • Láithreánú bunaíochtaí nua;
  • Modhnú bunaíochtaí atá ann cheana féin;
  • Forbairt mórthimpeall ar bhunaíocht ar dócha, de bhua a chineáil nó a láithreánaithe, go gcuirfidh sé leis an riosca nó an iarmhairt a bhainfidh le mórthionóisc;
  • Pleanáil láithreánsonrach á déanamh ag gach údarás áitiúil agus oibreoir láithreáin.

Soláthraíonn an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) comhairle d’Údaráis Phleanála, más cuí, i ndáil le hiarratais phleanála d’fhorbairt laistigh d’achar áirithe ó theorainn na láithreán seo.

 Tá dhá láithreán SEVESO i gContae na Gaillimhe a áirítear iontu saoráid Chemoran in Eastát Tionsclaíochta Pháirc na bhFianna in Órán Mór agus Tynagh Energy Ltd. Atreorófar gach togra forbartha lena n-áirítear saoráidí reatha nó beartaithe atá rangaithe faoi Threoir Seveso II chuig an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus cuirfear comhairle theicniúil an Údaráis san áireamh i dteannta le haon ghnáthbhreithniúcháin phleanála.

Seveso Leibhéal Uachtair Chemoran: Déantús agus Stóras Ceimiceán
Seveso Leibhéal Íochtair Tynagh Energy Ltd.

Tábla 7.11: Liosta de Láithreáin Seveso i gContae na Gaillimhe

Cuspóirí Beartais Mhórthionóiscí agus Láithreáin Seveso

MAS 1        Fad Deighilte ó Láithreáin SEVESO

Cinntigh go bhfuil fad oiriúnach idir aon fhorbairt bheartaithe agus aon bhunaíocht Seveso II atá ann faoi láthair, ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht áititheoirí na forbartha beartaithe.

MAS 2        Measúnuithe Cosanta Ithreach

A cheangal go gcuirfear san áireamh, i láithreánú bunaíochtaí nua, nó modhnú bunaíochtaí atá ann cheana féin atá rangaithe faoi Threoir Seveso II, agus forbairt nua mórthimpeall ar bhunaíochtaí atá ann cheana féin, an gá atá le mórthionóiscí a chosc a bhfuil substaintí guaiseacha i gceist iontu agus an pobal agus an timpeallacht a chosaint.

MAS 3        Láithreáin SEVESO III

Forálacha Threoir na Mórthionóiscí a chur san áireamh, a bhaineann le rialú guaiseacha mórthionóisce a bhfuil substaintí contúirteacha i gceist leo, agus moltaí an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta sa mheasúnú ar gach iarratas pleanála atá suite laistigh d’fhad comhairliúcháin a leithéid sin de láithreáin.
 

7.1 Map of Utilities Infrastructure

Utilities Infrastructure map

Clár ábhair

Baile