3.2 An Garrán

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

 íoslódáil PDF

 

Tá an Garrán lonnaithe laistigh de Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe, 8km soir ón gcathair, ina aice le baile Órán Mór agus tá radharc ón gceantar ar Chuan Órán Mór. Soláthróidh na tailte ag an nGarrán, mar aon leis na hArdáin agus Cnoc Mhaoil Drise go díreach siar ó thuaidh, acmhainn mhór don fhás pleantreoraithe laistigh de Limistéar Ceannchathartha Thoir na Gaillimhe. 
Go huathúil, tá stáisiún traenach bunaithe, Stáisiún Órán Mór, mar aon le dromchla carrchlós, lonnaithe i lár na dtailte. Tá seirbhísí traenacha le fáil siar go Cathair na Gaillimhe, agus soir go Baile Átha na Rí, agus ar aghaidh go Baile Átha Cliath agus Luimneach. Is é Stáisiún Órán Mór an chéad stáisiún lasmuigh de Chathair na Gaillimhe ar an líne Gaillimh-Baile Átha Cliath / Luimneach, ar imeall thoir na cathrach. Tá an dara stáisiún, Baile Átha an Rí, 15km níos faide soir. 

Baineann an Garrán taitneamh as rochtain dhíreach ar líonraí iarnróid agus líonraí bóthair, rud a sholáthraíonn nascacht ar chinn scríbe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Níl lár Chathair na Gaillimhe ach 10 nóiméad ar an traein agus beidh an fhorbairt bheartaithe ag na hArdáin beagán de bhreis ar 1km siar ó thuaidh ón stáisiún traenach. 

Níl na mórlimistéir fostaíochta - an Pháirc Mhór, Baile an Bhriotaigh agus Mervue - ach idir 3km agus 6km uaidh ar an mbóthar. 
Tá lár Órán Mór laistigh de 1.5km ón nGarrán via Bóthar an Chósta, agus tá úsáidí lár an bhaile, úsáidí pobail agus úsáidí conláiste mórthimpeall ar lár bunaidh an tsráidbhaile, chomh maith le húsáidí suntasacha fostaíochta taobh ó thuaidh den bhaile i bPáirc Ghnó Órán Mór agus Páirc Ghnó Pháirc an Fhia.

Tá an Garrán lonnaithe go straitéiseach chun a bheith ina mhol iompair a fhreastalaíonn ar dhaonra thodhchaí Limistéar Ceannchathartha thoir na Gaillimhe. Bunaíonn an doiciméad seo Creatphlean maidir le soláthar fadtéarmach lonnaíochta nua ag an nGarrán, agus mar spreagadh le haghaidh tuilleadh fáis inbhuanaithe ar fud imeall thoir Chathair na Gaillimhe. 
Leagtar amach sa Chreatphlean seo an fhís, na prionsabail agus an creat a bheidh mar threoir maidir le lonnaíocht atá dírithe ar iompar poiblí dlúth comhaimseartha ardchaighdeáin nua a fhorbairt ag an nGarrán ar bhealach ordúil inbhuanaithe. 

Leanúint ar aghaidh ag léamh: íoslódáil PDF

 

Garraun Land Use Zoning Map
Garraun Flood Risk Management Map

Clár ábhair

Baile