Caibidil 1: Réamhrá

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

 PDF

 

“Contae a chruthú a chur chun cinn atá mealltach le cónaí agus le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt air agus a chur ar chumas gnólachtaí bheith faoi rath i dtimpeallacht a chuireann réimse roghanna tithíochta, réimse daingean agus éagsúil deiseanna fostaíochta, teacht ar bhonneagar ardchaighdeáin agus ar shaoráidí pobail ar fáil i dtimpeallacht inbhuanaithe ardchaighdeáin do chách”.

1.1          Réamhrá

Leagtar amach i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 réimse cuspóirí beartais a bheartaítear chomh maith leis an insint don fhorbairt a thacaíonn leo a fhad le 2028. I gcomhréir le beartas náisiúnta, lorgaíonn an plean forbairt a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe agus atá íogair ó thaobh comhshaoil de. Cuireann sé an clár athraithe aeráide chun cinn agus leagtar amach ann na tosaíochtaí tithíochta agus geilleagracha don tréimhse ábhartha.

Chuir an Phríomh-Oifig Straidrimh (an POS) daonra nach mór 180,000 duine i gcuntas i gContae na Gaillimhe in 2016. Ó thaobh tíreolaíochta de, is í Gaillimh an dara contae is mó in Éirinn. Déanann an contae teorainn le Maigh Eo ó thuaidh, leis an gClár ó dheas agus le Ros Comáin agus le hUíbh Fhailí in oirthear an chontae agus le Tiobraid Árann in oirdheisceart an chontae. I measc na dteorainneacha nádúrtha eile, tá Cuan na Gaillimhe san iarthar, anuas ar an tSionainn agus Loch Deirgeirt san oirthear agus san oirdheisceart, faoi seach. Tírdhreach éagsúil agus nádúrtha is mó atá i gceist le tírdhreach an chontae ina bhfuil gnéithe cosúil le réigiún sléibhtiúil Chonamara laistiar d’Abhainn na Gaillimhe, tailte torthúla talmhaíochta in oirthear an chontae agus limistéar aolchloiche níos ilchineálaí i ndeisceart an chontae. Nuair a chuirtear na tréithe topagrafacha seo san áireamh, cruthaíonn siad an suíomh ar leith agus fíor-ilchineálach tírdhreacha ina bhfuil Gaillimh suite.

Tá gréasán suntasach lonnaíochtaí ar scálaí éagsúla sa chontae agus is ann atá an daonra Gaeltachta is mó in Éirinn, arb ionann é agus thart ar 49.7% de dhaonra na Gaeltachta go náisiúnta, faoi mar a chuir an POS i dtaifead in 2016.

Tá an contae mar chuid den Réigiún Thiar Thuaidh anois i dteannta seacht gcontae eile: Maigh Eo, Ros Comáin, Liatroim, Sligeach, Dún na nGall, Muineachán, an Cabhán agus Cathair na Gaillimhe. Sainaithnítear sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (an SRSE) limistéar nua uirbeach ina bhfuil Cathair iomlán na Gaillimhe agus lonnaíochtaí Bhaile Chláir, Bhearna agus Órán Mór. Ainmnítear Béal Átha na Sluaighe agus Tuaim mar Phríomhbhailte agus sainaithnítear Baile Átha an Rí mar limistéar ag a bhfuil Acmhainn Straitéiseach.

Freastalaíonn gréasán mótarbhealaí ar Ghaillimh anois in oirthear an chontae (an M6 agus an M17/M18) agus cuireann seirbhís iarnróid ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath/Luimneach bealach inbhuanaithe taistil ar fáil.

Léirítear i bhFíor 1 lastall príomhshonraí déimeagrafacha a bhaineann le Daonáireamh 2016. Déantar tagairt sna sonraí don daonra foriomlán, an áit a gcónaíonn agus a n-oibríonn daoine agus don áit a bhfuil teaghlaigh ag cur fúthu.

Galway Infographic

Fíor 1: Léargas Ginearálta ar Chontae na Gaillimhe

1.2          Comhthéacs Reachtaíochta 

Ullmhaíodh Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 i gcomhréir le forálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Is iomaí athrú a bhaineann le pleanáil a tháinig in Éirinn ó glacadh le Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015-2021 reatha. Glacadh le beartas nua Náisiúnta agus Réigiúnach ó 2018 ina leagtar amach clár soiléir borrtha i gcomhréir le forbairt inbhuanaithe sna blianta amach romhainn. Is é an creat náisiúnta uileghabhálach atá i bhfeidhm anois an Creat Náisiúnta Pleanála agus déanann trí Straitéis Spásúlachta agus Gheilleagracha Réigiúnacha (SSGR) soláthar don Chreat Náisiúnta Pleanála (an CNP) a chur i bhfeidhm agus a sholáthar. Tá an contae anois mar chuid den Réigiún Thiar Thuaidh agus tá Plean Straitéiseach Cheantar Uirbeach na Gaillimhe san áireamh anois san SRSE anois. Rinneadh breithniú sa Dréachtphlean seo ar an gcreat beartais seo agus leagadh é seo amach i gcomhréir leis.

1.2.1      Cuspóirí Éigeantacha

Liostaítear in Alt 10(2) den Acht na cuspóirí éigeantacha a rinneadh a chorprú isteach sa Phlean, sa chás gurb iomchuí. Áirítear leo seo:

  • Talamh a chriosú do chuspóirí ar leith;
  • Bonneagar a sholáthar, nó soláthar bonneagair a éascú, iompar; saoráidí fuinnimh agus cumarsáide, soláthairtí uisce, seirbhísí fuíolluisce, saoráidí aisghabhála agus diúscartha dramhaíola agus aon saoráidí nó seirbhísí coimhdeacha san áireamh;
  • Caomhnú agus cosaint an chomhshaoil, go háirithe oidhreacht seandálaíochta agus nádúrtha agus caomhnú agus cosaint láithreán Eorpach; Bainistíocht a dhéanamh ar ghnéithe den tírdhreach cosúil le teorainneacha páirce traidisiúnta, atá tábhachtach ar mhaithe le comhtháthú éiceolaíochta ghréasán Natura 2000;
  • Comhlíonadh caighdeáin agus cuspóirí comhshaoil a chur chun cinn a bunaíodh do dhobharlaigh uiscí dromchla agus screamhuisce;
  • Pleanáil agus forbairt inbhuanaithe an cheantair a chomhtháthú le riachtanais shóisialta, phobail agus chultúrtha an cheantair agus a dhaonra;
  • Nádúr an tírdhreacha a chaomhnú, radhairc agus conláistí áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó is díol spéise a chaomhnú san áireamh;
  • Struchtúir, nó codanna de struchtúir a chosaint, a meastar atá ina ndíol spéise ar leith ailtireachta, stairiúil, seandálaíochta, ealaíonta, cultúrtha, eolaíochta, sóisialta nó teicniúil;
  • Nádúr limistéir chaomhantais ailtireachta a chaomhnú;
  • Limistéir a fhorbairt agus a athnuachan, a sainaithníodh agus aird ar an gcroístraitéis, a dteastaíonn athghiniúint uathu chun cosc a chur ar éifeachtaí díobhálacha ar chonláistí reatha sna limistéir siúd, ach go háirithe mar thoradh ar an mbail dhíobhálach nó an drochbhail atá ar aon talamh, meath nó meathlú uirbeach, iompar frithshóisialta nó ganntanas tithe ináitrithe nó talún atá oiriúnach d’úsáid nó do mheascán d’úsáid cónaithe nó d’úsáidí eile;
  • Cóiríocht a sholáthar do thaistealaithe agus limistéir ar leith a úsáid don chuspóir sin;
  • Conláistí agus conláistí áineasa a chaomhnú, a fheabhsú agus cur leo;
  • Bunaíochtaí a rialú faoi fhorálacha na Treorach maidir le Timpistí Móra;
  • Seirbhísí a sholáthar, nó soláthar seirbhísí a éascú, don phobal, ach go háirithe, scoileanna, naíolanna agus saoráidí oideachais agus cúraim leanaí eile san áireamh;
  • Oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint nuair atá Gaeltacht i limistéar an Phlean.
  • Straitéisí lonnaíochta agus iompair inbhuanaithe a chur chun cinn i gceantair uirbeacha agus thuaithe, bearta a chur chun cinn san áireamh chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú, astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha a laghdú agus dul i ngleic leis an ngá atá le hoiriúnú d’athrú aeráide, agus aird ar leith ar láthair, leagan amach agus  dearadh forbartha nua;
  • Cearta slí poiblí a chaomhnú a thugann bealach go dtí trá mhara, sliabh, bruach locha nó bruach abhann, nó go dtí áit eile a ngabhann áilleacht nádúrtha léi nó a úsáidtear le haghaidh áineasa; agus
  • Creat a sholáthar chun tírdhreacha a shainaithint, a mheasúnú, a chosaint, a bhainistiú agus a phleanáil.

1.2.2      An Creat Náisiúnta Pleanála

Tagann an Creat Náisiúnta Pleanála (an CNP) in ionad na Straitéise Spáis Náisiúnta (an SSN). Tugtar cuntas san CNP ar an straitéis borrtha náisiúnta d’Éirinn a fhad le 2040, tráth a cheaptar go mbeidh daonra breise 1 milliún duine in Éirinn. Tá ceanglais reachtúla sa Chreat anois agus forbraíodh é timpeall ar dheich dToradh Straitéiseacha Náisiúnta (TSNanna) anuas ar théacs tacaíochta agus sraith Cuspóirí Beartais Náisiúnta (CBNanna). Tá ar an dréachtphlean na TSNanna agus na CBNanna a chomhlíonadh. Spreagann an CNP borradh dlúth teacht ar bhailte agus ar shráidbhailte, nascacht mhaith agus geilleagar láidir agus tá na freagrachtaí maidir le hathrú aeráide ina cheartlár.  Glacann an CNP le príomhról chun athrú aeráide a mhaolú de réir a chéile trí chleachtais mhaithe phleanála spásúlachta agus tríd an aistriú chuig sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide.

Tá ceangal idir an Plean Forbartha Náisiúnta (an PFN) agus an CNP. Cruthaíonn an dá phlean Tionscadal Éireann 2040 i dteannta a chéile. Cuireann an PFN leis an CNP, ina bhfuil díriú níos mó ar infheistíocht i mbonneagar agus ar sholáthar seirbhíse ar fud na hÉireann. Tá plean infheistíochta i mbonneagar agus i seirbhísí ann a bhaineann le tionscadail an phlean a sholáthar.

Fíor 2:  Torthaí Straitéiseacha Náisiúnta

1.2.3     An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (an SRSE)

Is é príomhchuspóir na Straitéise Réigiúnaí Spásúla agus Eacnamaíochta (an SRSE) tacú leis an CNP agus leis na huaillmhianta níos fairsinge atá i dTionscadal Éireann 2040 a chur i bhfeidhm. Tacaíonn an SRSE freisin le beartais agus cuspóirí geilleagracha an Rialtais trí chreat mionsonraithe pleanála straitéisí agus geilleagrach a sholáthar ar mhaithe leis an Réigiún Thiar Thuaidh a fhorbairt. Mar gheall gur cuid den Réigiún Thiar Thuaidh í Gaillimh, caithfidh an plean forálacha an SRSE a shásamh. Cuirtear creat ar fáil san SRSE chun an réigiún a fhorbairt a fhad le 2032. Díríonn sé ar thithíocht, cruthú post, bonneagar agus saoráidí pobail a sholáthar agus a chinntiú go bhfuil an réigiún mealltach i gcónaí d’infheistíocht.

Tá an Plean Straitéiseach Ceantair Uirbigh (an PSCU) cuimsithe san SRSE. Aithnítear go dtiocfaidh borradh suntasach ar cheantar an PSCU laistigh de thréimhse an phlean. Caithfidh an borradh seo teacht air ar bhealach pleanáilte agus comhordaithe ina ndéantar dóthain bonneagair agus seirbhísí a sholáthar do limistéir chónaithe agus fostaíochta, cosúil le teacht ar iompar poiblí agus ar réimse maith saoráidí pobail.

1.2.4      Treoirlínte ón Aire

Ullmhaíodh an Dréachtphlean i ndiaidh breithniú iomlán a dhéanamh ar agus i gcomhréir iomlán le hAlt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Tugadh faoi Ráiteas Comhlíontachta freisin ina leith seo. Anuas air sin, tugadh faoi shraith measúnuithe comhshaoil agus déantar tagairt thíos dóibh.

1.2.5     Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)

Cinntíonn an MST a sholáthar go ndéantar meastóireacht chórasach ar na tionchair fhéideartha comhshaoil a imreoidh plean nó clár a chur i bhfeidhm, sula nglactar leis an gcinneadh atá á dhéanamh. Tá gá leis an gcéim seo faoin Treoir maidir le MST ón AE a dhaingnigh Éire faoi na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta), 2004 (I.R. Uimh. 436 de 2004), arna leasú.

Bhí baint lárnach ag próiseas an MST leis an Dréachtphlean Forbartha Contae seo a ullmhú agus tá Tuarascáil Chomhshaoil ghaolmhar an MST iarcheangailte leis sin.

1.2.6      Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí (SMC)

Déanann SMC a sholáthar soláthar do ghnáthóga agus speicis lena mbaineann tábhacht Eorpach a chosaint. Baineadh seo amach trí líonra láithreán an AE a bhunú ar a dtugtar láithreáin Eorpacha Líonra Natura 2000. Dírítear sa mheasúnú SMC ar impleachtaí plean nó tionscadail ar láithreáin Eorpacha. Leagtar amach torthaí an SMC laistigh den Tuarascáil Tionchair Natura SMC atá iarcheangailte leis an dréachtphlean seo. Leagtar amach ann iarmhairtí dóchúla an dréachtphlean ar iomláine na Láithreán Eorpach.

Cuimsíodh gach ceann de mholtaí an SMC isteach sa dréachtphlean agus tugann an chonclúid atá ag teacht chun cinn le fios nach ndéanfaidh an plean difear d’iomláine na láithreán Eorpach, leo féin nó i gcomhar le pleananna nó tionscadail eile.

1.2.7      Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte (MSRT)

Is éard a bhaineann le Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte measúnú a dhéanamh ar riosca i gcás tuilte agus áirítear leis réimse léarscáileanna ar a thaispeántar teorainneacha le haghaidh criosanna táscacha riosca i gcás tuilte. Déantar breithniú sa phróiseas ar réimse tosca a bhaineann leis an gcleachtadh seo a dhéanamh, lena n-áirítear eolas áitiúil, láithreáin a shiúl agus táscairí i leith riosca i gcás tuilte. Teastaíonn MSRT faoi ‘An Córas Pleanála agus Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte: Treoirlínte d'Údaráis Phleanála’ (an Roinn Comhshaoil agus Oifig na nOibreacha Poiblí, 2009) agus i gCiorclán PL2/2014 gaolmhar na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Rinneadh moltaí an MSRT atá iarcheangailte leis seo a chuimsiú isteach sa phlean.

1.2.8      Oifig an Rialálaí Pleanála (ORP)

Is é ról Oifig an Rialálaí Pleanála (ORP) maoirseacht a dhéanamh ar agus feabhas a chur ar an gcóras pleanála in Éirinn. Cinntíonn sé go gcuirtear beartas náisiúnta, réigiúnach agus pleanála áitiúla i bhfeidhm. Déanann sé monatóireacht ar fheidhmíocht an Údaráis Phleanála agus an Bhoird Phleanála. Déanann ORR meastóireacht agus measúnú neamhspleách freisin ar phleananna forbartha, straitéisí réigiúnacha agus éagsúlú dá réir. Cinntíonn seo go ndéantar soláthar sa phlean nó sa straitéis do phleanáil agus forbairt inbhuanaithe cheart. Tá cumhachtaí ag ORR Fógra a thabhairt don Aire ina moltar Treoir ón Aire a eisiúint. Is é ról an Aire go fóill, áfach, Treoir a eisiúint lena cheangal ar an Údarás Pleanála dul i ngleic le haon saincheist.

1.3          Struchtúr an Phlean

Tá dhá Imleabhar ann den Phlean Forbartha Contae, agus tá roinnt cáipéisí a dhéantar a iarcheangal leis an Dréachtphlean, an méid seo a leanas san áireamh:

 

  • Imleabhar 1 Ráiteas Scríofa
  • Imleabhar 2 Straitéis Lonnaíochta
  • Aguisín 1 Straitéis Fuinnimh Inbhuanaithe Údaráis Áitiúil
  • Aguisín 2 Straitéis Tithíochta agus Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta
  • Aguisín 3 Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe
  • Aguisín 4 Measúnacht ar Nádúr an Tírdhreacha
  • Aguisín 5 Treoirlínte maidir le Dearadh Tithíochta Tuaithe
  • Aguisín 6 An Taifead ar Dhéanmhais Chosanta
  • Aguisín 7 Limistéir Chaomhantais Ailtireachta
  • Aguisín 8 Oidhreacht Gheolaíochta na hÉireann
  • Aguisín 9 Tuarascálacha Comhshaoil

Tá 15 chaibidil a liostaítear thíos sa Ráiteas Scríofa. Tá fís, aidhmeanna straitéiseacha agus cuspóirí beartais i gCaibidlí 1-14. Leagtar amach na Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha i gCaibidil 15.

Teideal na Caibidle

Achoimre ar an gCaibidil

Réamhrá

Tugtar léargas ginearálta sa chaibidil seo ar an gcontae agus ar an bpróiseas reachtúil a bhaineann leis an bplean forbartha a dhéanamh. Pléadh freisin na príomhcheanglais reachtaíochta agus treorach ar gá don phlean cloí leo.

An Chroístraitéis, Straitéis Lonnaíochta agus Straitéis Tithíochta

Leagtar amach sa Chroístraitéis an clár borrtha sa chontae i rith thréimhse an phlean. Cuireann an leibhéal tuartha borrtha a leagtar amach sa CNP agus san SRSE eolas ar fáil dó seo. Tugtar cuntas san Ordlathas Lonnaíochta ar ról agus ar fheidhm na lonnaíochtaí a sainaithníodh i gcomhréir agus ar aon dul leis an SRSE. Cuireann an próiseas seo eolas ar fáil don Straitéis Tithíochta agus dírítear ar thithíocht a sholáthar, líon teaghlaigh agus ar shaghsanna tithíochta a dtiocfaidh an borradh a thuartar orthu.

Comhfhorbairt Áite, Athghiniúint agus Maireachtáil Uirbeach

Tugtar cuntas sa chaibidil seo ar an bpróiseas comhfhorbartha áite agus conas is féidir leis na bailte agus na sráidbhailte é seo a bhaint amach agus áiteanna a sholáthar a mheallann daoine cónaí iontu. Díríonn athghiniúint ar na ceanglais éagsúla reachtaíochta ar gá tabhairt fúthu agus tacaíonn maireachtáil uirbeach le pobail inbhuanaithe a fhorbairt a éascaíonn na cúinsí athraitheacha faoina maireann daoine.

Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe

Leagtar amach sa chaibidil seo na tosaíochtaí forbartha don cheantar tuaithe, sráidbhailte agus an tuath fhairsing san áireamh. Dírítear ann freisin ar fhorbairt tuaithe, lena n-áirítear talmhaíocht, forbairt talmhaíochta agus éagsúlú feirme.

An Geilleagar, Fiontraíocht agus Miondíol

Dírítear sa chaibidil seo ar phoist a chruthú ar fud an chontae. Tugtar sonraí ann faoi phróifíl phost an chontae agus leagtar amach ann conas is féidir leis an bplean tacú le rath a bheith ar phoist i gcónaí agus le forbairt leanúnach fiontraíochta. Leagtar amach i mír mhiondíola na caibidle tosaíochtaí forbartha do na príomhshráideanna siopadóireachta sna bailte agus na sráidbhailte. Pléitear sa chaibidil freisin nósanna athraitheacha oibre agus riachtanais athraitheacha an daonra i dtaobh iad a chomhcheangal le bailte agus sráidbhailte.

Iompar agus Gluaiseacht

I gcomhréir leis an gclár náisiúnta, leagtar béim ar leith sa chaibidil seo ar mhodhanna iompair inbhuanaithe, sa chás gur féidir, agus aithnítear i gcomhthráth go leanfar le tús áite a thabhairt d’iompar príobháideach sna háiteanna níos iargúlta den chontae. Tá Staidéar Pleanála Iompair Chontae na Gaillimhe iarcheangailte leis an bplean agus leagtar amach ann na tosaíochtaí iompair agus gluaiseachta don chontae i rith thréimhse an phlean.

Bonneagar, Fóntais agus Cosaint an Chomhshaoil

Aithnítear sa chaibidil an tábhacht a bhaineann le borradh inbhuanaithe a bhaint amach. Aithnítear an ról atá ag príomhbhonneagar chun an borradh seo a sholáthar. Cuimsítear ann soláthar uisce agus cóireáil fuíolluisce a sholáthar chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le bonneagar leathanbhanda chun cabhrú le maireachtáil na linne seo. Aithnítear freisin an tábhacht a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus gur gá do phleanáil a chinntiú go leantar le hardchaighdeán de cháilíocht agus d’áineas comhshaoil a bhaint amach.

Turasóireacht agus an Tírdhreach

Sainaithnítear sa chaibidil seo na príomhnithe turasóireachta a dtugtar tús áite dóibh a bhaineann leis an gcontae. Tugadh cuntas in aidhmeanna agus in ábhar tacaíochta na caibidle ar fhorbairt leanúnach an tionscail turasóireachta agus cuireann na cuspóirí beartais a thacaíonn leo ar chumas iarratasóirí ionchasacha cur le huaillmhianta an tionscail turasóireachta. Aithnítear tábhacht an tírdhreacha agus a nádúr athraitheach sa chaibidil seo. Aithnítear freisin gur gné bheo agus athraitheach é an tírdhreach sa chontae, áit nach mór cothromaíocht a bhaint amach idir athrú agus caomhnú.

Bainistíocht Mhuirí agus Cósta

Cuirtear treoir ar fáil sa chaibidil seo maidir leis an réimse deiseanna éagsúla atá ar fáil san earnáil mhuirí, cosúil le táirgeadh bia agus fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint amach ón gcladach. Luadh freisin an tionchar a imríonn tuile cósta agus creimeadh cósta.

Oidhreacht Nádúrtha, Bithéagsúlacht agus Bonneagar Glas

Aithnítear an tábhacht a bhaineann le hoidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht sa chontae agus cuireadh réimse cuspóirí cuí beartais le chéile lena chinntiú go leanann an contae a bheith faoi rath agus go n-aithnítear tábhacht na sócmhainní seo i gcomhthráth. Aithnítear líonraí bonneagair ghlais (BG) a sholáthar ar fud an chontae agus na mbealaí BG níos fairsinge réigiúnacha agus náisiúnta atá taobh leo mar phríomhchonláiste inbhuanaithe ar féidir le cónaitheoirí agus cuairteoirí sa chontae araon úsáid a bhaint astu.

Forbairt Pobail agus Bonneagar Sóisialta

Leagtar amach sa chaibidil seo na tosaíochtaí forbartha i dtaobh pobail inbhuanaithe ionchuimsitheacha a sholáthar ina bhfuil réimse fairsing saoráidí pobail agus bonneagar sóisialta, cosúil le teacht ar chonláistí sóisialta, oideachais agus eile a fhreastalaíonn ar réimse úsáideoirí.
Ailtireacht, Seandálaíocht agus Cultúr

Déantar caomhnú oidhreacht ailtireachta, seandálaíochta agus chultúrtha na príomhshócmhainne a chur chun cinn sa chaibidil seo ar mhaithe leis an gcontae agus éascaítear ann freisin forbairt inbhuanaithe ag láithreacha oiriúnacha ar fud an chontae.

An Ghaeltacht agus na hOileáin

Aithnítear sa chaibidil seo go dtugtar tús áite sa phlean do thábhacht agus caomhnú na Gaeltachta, na Gaeilge, traidisiún agus nósanna na Gaeltachta agus na bpobal oileáin. Leagtar cur chuige amach sa chaibidil i leith forbairt agus tacaíocht leanúnach a sholáthar do na pobail Ghaeltachta agus Oileáin i rith thréimhse an phlean.

Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainní In-Athnuaite

Léirítear sa chaibidil seo na torthaí a leagtar amach i Straitéis Fuinnimh Inbhuanaithe an Údaráis Áitiúil atá iarcheangailte leis an bplean seo. Luaitear agus tacaítear leis, faoi mar is gá, na foinsí éagsúla fuinnimh agus an bonneagar agus na coinníollacha a thacaíonn leis a theastaíonn chun a soláthar a bhaint amach. Cloítear sa chaibidil seo leis na freagrachtaí náisiúnta as athrú aeráide, de réir an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha

Cuirtear treoir mhionsonraithe ar fáil sa chaibidil seo a chabhraíonn le huaillmhianta riachtanais na gcuspóirí beartais a bhaint amach a chuimsítear laistigh den plean. Leagtar amach ann na paraiméadair forbartha a bhfuil breithniú le déanamh ag iarratasóirí ionchasacha orthu, nach mór cloí leo i rith thréimhse an phlean.

1.4       Gníomhú ar son na hAeráide

Ar ámharaí an tsaoil, oireann an ghaoth a shéideann sa chontae d’fhuinneamh in-athnuaite a ghiniúint agus cuireann seo lenár spriocanna laghdaithe carbóin a bhaint amach. I gcomhréir leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, ghlac an Chomhairle le Straitéis Oiriúnaithe d’Athrú Aeráide ina léirítear an tiomantas arís eile don chlár um ghníomhú ar son na haeráide. Tugadh cuntas ar fhreagrachtaí as gníomhú ar son na haeráide do gach uile chaibidil sa phlean. Ar an ábhar sin, caithfidh gach earnáil cloí leis na freagrachtaí a bhaineann le hathrú aeráide ar bhealach ilghnéitheach agus rinneadh cuspóirí beartais an phlean forbartha a dhéanamh aeráid-díonach lena chinntiú go gcuirtear go dóthanach leis an gclár um ghníomhú ar son na haeráide

1.5          Spriocanna Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe

Rinne Comhthionól Ginearálta na NA 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a chur le chéile agus a leagan amach in 2015. Leagann iad seo an bonn faoi threochlár a bhfuil de chuspóir aige forbairt níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách. Déanfaidh an Plean Forbartha Contae dícheall rannchuidiú, a mhéid agus is indéanta, i dtreo 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe[1] Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, a tháinig i bhfeidhm in 2016 a bhaint amach. Ullmhaíodh agus glacadh leis an CNP agus an SRSE ina dhiaidh sin ar aon dul leis na SFIanna, ina ndéantar inbhuanaitheacht a shuíomh i gceartlár na pleanála fadtéarmaí sa CNP agus ina lorgaítear sa CNP a chinntiú go bhfreastalaíonn na cinntí a dhéanaimid inniu ar ár riachtanais féin gan baint de chumas na glúine amach anseo freastal ar a riachtanais, mar shampla. Cuireadh na cuspóirí beartais a chuimsítear laistigh den phlean le chéile go dtagann siad le soláthar na SFIanna.

Fíor 3: Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

1.6         Ráiteas ón Aire

Soláthraítear an ráiteas seo i gcomhréir le forálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) leis an méid seo a leanas a dheimhniú:

  • Conas a chuir an t-údarás pleanála beartais agus cuspóirí an Aire i bhfeidhm faoi mar a leagtar amach iad sna treoirlínte nuair a breithniú á dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm ar an limistéar nó ar an gcuid den limistéar den Phlean Forbartha, nó
  • Más infheidhme, go raibh an t-údarás pleanála faoin tuairim, nach féidir, mar gheall ar chineál agus saintréithe an limistéir nó ar chuid den limistéar den phlean forbartha, beartais agus cuspóirí áirithe an Aire a chur i bhfeidhm a chuimsítear sna treoirlínte nuair a dhéantar breithniú ar chur i bhfeidhm na mbeartas siúd sa limistéar nó sa chuid den phlean forbartha agus cuirfidh an t-údarás pleanála cúiseanna ar fáil a bhí leis an tuairim sin a bheith aige/aici agus leis an bhfáth nár cuireadh beartais agus cuspóirí an Aire i bhfeidhm ar an mbealach sin.

Léirítear sa tábla seo a leanas conas a chuirtear Treoirlínte Pleanála infheidhme ón Aire, a eisíodh faoi Alt 28 den Acht, i bhfeidhm i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028.

Treoirlínte Alt 28

Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028

Appropriate Assessment of Plans and Projects in Ireland – Guidance for Planning Authorities (2009)

Tugadh aird nuair a bhí an Plean á ullmhú ar an gcáipéis treorach seo.

Ullmhaíodh Tuarascáil Tionchair Natura agus gabhann seo leis an bPlean.

Strategic Environmental Assessment (SEA) Guidelines (2004)

Tugadh aird nuair a bhí an Plean á ullmhú ar na Treoirlínte seo.

Cuireadh tús le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta nuair a bhí Tuarascáil Chomhshaoil an MST a ghabhann leis an bplean seo á hullmhú.

Oidhreacht Ailtireachta – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2004), arna nuashonrú (2011) Ullmhaíodh Caibidil 12, Ailtireacht, Seandálaíocht agus Cultúr, i gcomhréir leis na Treoirlínte.
Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí a Chur i bhFeidhm – Treoirlínte maidir le Dea-Chleachtas (2010) Leagtar amach i gCaibidil 2, An Chroístraitéis, an Straitéis Lonnaíochta, agus an Straitéis Tithíochta, na cuspóirí beartais lena chinntiú go bhfuil riachtanais Chroístraitéis an Phlean comhsheasmhach le beartas náisiúnta agus réigiúnach (an Creat Náisiúnta Pleanála 2018, Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta don Réigiún Thiar Thuaidh) faoi mar a theastaíonn i gcáipéis treorach 2010 (a thagraíonn don iarstraitéis náisiúnta agus réigiúnach).
Saoráidí Cúraim Leanaí:  Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2001), arna nuashonrú ag Litir Chiorcláin PL3/2016 (2016) Pléitear i gCaibidil 11, Forbairt Pobail agus Bonneagar Sóisialta, le saoráidí pobail a sholáthar ar fud an chontae i gcomhréir leis na Treoirlínte agus Ciorclán PL3/2016.
Treoirlínte Bainistíochta Forbartha (2007) Ullmhaíodh Caibidil 15, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha, agus aird ar na Treoirlínte maidir le Bainistíocht Forbartha.
Plean Forbartha – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2007)

Chuir Plean Forbartha – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála eolas ar fáil d’ullmhú an Phlean Forbartha seo.

Nóta Treorach maidir le Croístraitéisí (2010)

Tugadh faoi Chaibidil 2, An Chroístraitéis, an Straitéis Lonnaíochta agus an Straitéis Tithíochta, i gcomhréir leis na treoirlínte seo.

Cairéil agus Gníomhaíochtaí Coimhdeacha (2004)

Rinneadh ról agus tionchar cairéal a bhreithniú agus a chuimsiú isteach sa phlean forbartha i gcomhréir leis na Treoirlínte.

Scoileanna agus an Córas Pleanála a Sholáthar (2008) Caibidil 11 Forbairt Pobail agus Bonneagar Sóisialta
Na Treoirlínte Pleanála Miondíola (2012) Tagraítear i gCaibidil 5, An Geilleagar, Fiontraíocht agus Miondíol do na Treoirlínte agus tá na cuspóirí beartais ann a bhaineann le miondíol.
Na Treoirlínte maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe (2005)

Leagtar amach i gCaibidil 4, Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe, na cuspóirí beartais tithíochta tuaithe don chontae. Cuimsítear sna cuspóirí beartais seo moltaí na dTreoirlínte.

Forbairt Cónaithe Inbhuanaithe i gCeantair Uirbeacha (2009) Rinneadh breithniú ar na Treoirlínte seo i gcomhthéacs Chaibidil 15, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha agus i gCaibidil 3, Comhfhorbairt Áite, Athghiniúint agus Maireachtáil Uirbeach, agus i gCaibidil 4, Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe, lena spreagadh dearadh agus dlús ardchaighdeáin a sholáthar i limistéir lonnaíochta an chontae i gcomhréir leis na Treoirlínte.
An Córas Pleanála agus Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2009)

Tugadh faoi MSRT don chontae agus aird ar na Treoirlínte. Gabhann cáipéis an MSRT leis an bplean agus sainaithnítear ann na limistéir atá i mbaol tuile. Cuireadh cuspóirí beartais maidir le riosca i gcás tuilte san áireamh sa phlean freisin.

Treoirlínte maidir le Pleanáil Spásúlachta agus Bóithre Náisiúnta (2012)

Cuimsítear i gCaibidil 6, Iompar agus Gluaiseacht, cuspóir beartais ar leith a dhéanann príomhbhóithre agus bóithre den dara grád náisiúnta a fhuascailt, lasmuigh de luasteorainneacha uirbeacha i gcomhréir leis na Treoirlínte seo.

Lámhleabhar Dearaidh do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha (2013), arna nuashonrú in 2019

Pléitear i gCaibidil 6, Iompar agus Gluaiseacht, agus i gCaibidil 15, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha, na Treoirlínte seo ina leagtar amach bearta dearaidh phraiticiúil a sholáthar le patrúin taistil níos inbhuanaithe a spreagadh i gceantair uirbeacha agus le dea-chleachtas a spreagadh nuair a bhíonn líonraí sráide agus sráideanna aonair á ndearadh.

Forbairt Uirbeach agus Airde Foirgneamh – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2018)

Pléitear i gCaibidil 3, Comhfhorbairt Áite, Athghiniúint agus Maireachtáil Uirbeach, an t-earra seo i gcomhréir leis na treoirlínte.

Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006 agus dréacht-treoirlínte in 2019)

Cuireadh Caibidil 14, Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainní In-Athnuaite agus Straitéis Fuinnimh Inbhuanaithe an Údaráis Áitiúil le chéile agus aird ar na Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe.

Scéimeanna Rannchuidithe Forbartha – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2013)

Rinneadh breithniú ar na treoirlínte nuair a bhí an plean á dhéanamh. Aithnítear go gcabhraíonn na treoirlínte le húdaráis phleanála cothromaíocht a bhaint amach idir costas na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus an gá atá le tacú le gníomhaíocht agus athnuachan gheilleagrach tríd an scéim rannchuidithe forbartha.

 

Straitéis Tírdhreacha Náisiúnta d’Éirinn 2015-2025 Tugtar aird i gCaibidil 8, Turasóireacht agus Tírdhreach agus sa Mheasúnacht ar Nádúr an Tírdhreacha ar an Straitéis Tírdhreacha Náisiúnta d’Éirinn 2015-2025, ina n-aithnítear an tábhacht a bhaineann leis an tírdhreach a chosaint agus lena idirnascacht le bithéagsúlacht agus athrú aeráide.
Caighdeáin Dearaidh Tithíochta Uirbí Inbhuanaithe d’Árasáin Nua (2015, arna nuashonrú in 2018)

Rinneadh breithniú ar na treoirlínte seo agus cloíodh leo.

Tithíocht Ardchaighdeáin do Phobail Inbhuanaithe – Treoirlínte maidir le Dearadh (2007) Rinneadh breithniú ar na treoirlínte seo agus cloíodh leo i rith phróiseas déanta an phlean.
Caomhnú Crann – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála Rinneadh breithniú ar na treoirlínte seo agus cloíodh leo i rith phróiseas déanta an phlean.

Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Thacaíochta – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála

Aithnítear i gCaibidil 7, Bonneagar, Fóntais agus Cosaint an Chomhshaoil, an tábhacht a bhaineann le príomhbhonneagar cumarsáide i gcomhréir leis na Treoirlínte seo.

Treoirlínte Eatramhacha d’Údaráis Phleanála maidir le Pleananna Reachtúla, Fuinneamh In-Athnuaite agus Athrú Aeráide (2017)

Ullmhaíodh an plean i gcomhréir leis na Treoirlínte seo.

1.7    Cur i bhFeidhm agus Monatóireacht

Déanfar monatóireacht ar an bPlean lena chinntiú go bhfuil na cuspóirí beartais atá i bhfeidhm éifeachtach agus daingean. Caithfear iad a athrú nó a leasú más dealraitheach níos déanaí go bhfuil athrú tagtha ar chúinsí. Ba cheart go leanfadh an próiseas monatóireachta le monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcuspóirí beartais agus aon saincheisteanna a shainaithint nuair a bhíonn amhlaidh á dhéanamh, agus dul i mbun gnímh, faoi mar is gá. Déanfaidh cuid den chleachtadh monatóireachta measúnú ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an plean comhlíontach agus comhsheasmhach go fóill i dtaobh beartas náisiúnta agus réigiúnach. Nuair a thagann athrú ar na cuspóirí beartais náisiúnta agus réigiúnacha seo, deimhneoidh monatóireacht cibé acu ar cheart nó ná cheart an plean a éagsúlú chun comhsheasmhacht a choimeád.

Leagtar an fhoráil a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar an bplean laistigh d’Alt 15 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Ceanglaítear gur gá don Phríomhfheidhmeannach tuarascáil a ullmhú do na baill Thofa laistigh de dhá bhliain i ndiaidh go ndearnadh an plean ina sonraítear an dul chun cinn a baineadh amach nuair a bhíonn na cuspóirí beartais sa phlean á soláthar. Is féidir leis an Údarás Pleanála dul i mbun na mbeart riachtanach chun cuspóirí beartais an phlean a bhaint amach.

Moltar sna Treoirlínte maidir le Plean Forbartha d’Údaráis Phleanála (an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, 2007) go n-ullmhaítear tuarascáil bhliantúil mhonatóireachta agus mheastóireachta. Cabhróidh an tuarascáil seo le haon saincheisteanna a thabhairt chun solais a bhaineann leis an bplean a chur i bhfeidhm agus cuirfidh sé eolas ar fáil don athbhreithniú 2 bhliain a cheanglaítear faoi Alt 15. Cuirtear eolas ar fáil sa Tuarascáil Bhliantúil Mhonatóireachta agus Mheastóireachta don athbhreithniú éigeantach freisin ar an bplean reatha agus ar cheann nua a ullmhú, faoi mar a cheanglaítear in Alt 11 den Acht.

  • 1An méid seo a leanas ina measc:
    • Sprioc 3: Saol sláintiúil a chinntiú agus folláine a chur chun cinn do chách ar gach aois
    • Sprioc 6: A chinntiú go mbíonn uisce agus sláintíocht ar fáil agus go ndéantar bainistíocht inbhuanaithe orthu do chách
    • Sprioc 7: Teacht a chinntiú ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha do chách
    • Sprioc 8: Borradh geilleagrach marthanach, ionchuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht iomlán agus tháirgiúil agus obair fhónta do chách a chur chun cinn
    • Sprioc 9: Bonneagar athléimneach a thógáil, tionsclaíocht ionchuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, agus nuálaíocht a chothú
    • Sprioc 11: Cathracha agus lonnaíochtaí daonna a dhéanamh ionchuimsitheach, sábháilte, athléimneach agus inbhuanaithe
    • Sprioc 12: Patrúin inbhuanaithe ídithe agus táirgthe a chinntiú
    • Sprioc 13: Dul i mbun gníomh práinneach chun athrú aeráide agus a thionchair a chomhrac
    • Sprioc 14: Na haigéin, farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe le haghaidh forbairt inbhuanaithe
    • Sprioc 15: Úsáid inbhuanaithe a bhaint as éiceachórais talún a chosaint, a athneartú agus a chur chun cinn, bainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar fhoraois, fairsingiú fásaigh a chomhrac, agus stop a chur le díghrádú talún agus é a aisiompú agus stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta

Clár ábhair

Baile