Caibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn Inathnuaite

Dúnta20 Bea, 2021, 09:00 - 30 Iúil, 2021, 16:30

 PDF

 

“Lorg carbóin a laghdú le ionchuimsiú gníomhaíochta ar son na haeráide sa chóras pleanála ag tacú le targaidí náisiúnta tacú le acmhainní dúchasacha inathnuaite chun spleáchas ar bhreoslaíiontaise a laghdú agus bogadh i dtreo geilleagair íseal-charbóin”.

14.1     Réamhrá

Áirítear le gníomhaíocht ar son na haeráide dhá chur chuige riachtanach chun dul i ngleic le athrú aeráide - Maolú agus Oiriúnú. Is aidhm leis an bplean seo cosaint, maolú agus dul in oiriúint do thionchair an athraithe aeráide. Tá an Comhairle tiomanta chun dul ingleic le athrú aeráide ar bhealach cosantach trí bhreathnóireacht chúramach ar fhás agus forbairt.

Tá gníomhaíocht ar son na haeráide comhtháitei ngach caibidil agus straitéis sa phlean. Áirítear le gach caibidil fo-chuid a luann conas atá an straitéis spásúil agus aidhmeanna an pholasaithe do gach ábhar aeráid-dhíonach agus/nó ag cuidiú le maolú agus dul in oiriúint don athrú aeráide. Chun dúbailt a chosc le straitéisí eile agus cáipéisí polasaithe, lena n-áirítear Straitéis an Chomhairle um Oiriúnú don Aeráid, téann an plean i ngleic le athrú aeráide amháin chomh fada agus a bhaineann sé le pleanáil spásúil. Is téama bunúsach é agus faigheann sé tionchar ó fhoirmliú go leor straitéisí sa phlean, lena n-áiríteear lonnaíocht, gluaiseacht, forbairt eacnamaíoch, fuinneamh inathnuaite, bainistíocht ar rioscaí tuile agus bainistíocht ar limistéar an chósta.

Téann an chaibidil seo i ngleic le éifeachtaí an athraithe aeráide lena n-áirítear rioscaí ardaithe ó thuile laistigh Chontae na Gaillimhe.

Luann an Chaibidil seo freisin an tábhacht a bhaineann le tacú le forbairt acmhainní fuinnimh inathnuaite agus infreastruchtúr gaolmhar chun seachadadh ar thargaidí fuinnimh inathnuaite luaite sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2019.  Chun fás inbhuanaithe d’fhuinnimh inathnuaite a éascú, ullmhaíodh Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite (LARES) mar chuid de Phlean Forbartha an Chontae in Aguisín 1. Luann LARES acmhainneacht i gcomhair réimse acmhainní fuinnimh inathnuaite agus forbairtí agus aithníonn sé an cuidiú suntasach ar féidir leo a dhéanamh don chontae i dtéarmaí slándála fuinnimh, spleáchas laghdaithe ar bhreoslaí iontaise traidisiúnta, onnmhairiú fuinnimh a chumasú don todhchaí, cloí le targaidí náisiúnta sannta agus aistriú go dtí geilleagar íseal-charbóin.

14.2    Aidhmeanna Straitéiseacha

Oibreoidh an Comhairle leis na geallshealbhóirí agus gníomhaireachtaí cuí chun cur chuige comhtháite inbhuanaithe a bhaint amach d’fhorbairt an Chontae. Beidh sé sin i gcomhréir leis na aidhmeanna straitéiseacha a leanas:

  • Astuithe CO2 an Chontae a laghdú ag baint amach targaidí náisiúnta, réigiúnach agus áitiúla chun geilleagar íseal-charbóin a bhaint amach roimh 2050; éifeachtacht fhuinnimh a mhéadú i ngníomhaíochtaí an Údaráis Áitiúil trína fheidhmeanna bainistíochta forbartha;
  • Forbairt inbhuanaithe an Chontae a chur chun cinn, ag cinntiú go gcuirtear forbairt don todhchaí san áireamh agus bainistíocht in aghaidh riosca tuile; Feasacht a mhéadú ar na tionchair féideartha ón athrú aeráide chun gur féidir le daoine dul in oiriúint agus eachtraí aimsire a bhainistiú amhail tuile sa Chontae;
  • Spleáchas Chontae na Gaillimhe ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus foinsí fuinnimh ailtéarnacha a sholáthar, ag fáil acmhainne an Chontae i gcomhair foinsí fuinnimh inathnuaite agus an greille gréasáin tarchurtha á neartú;

14.3     Comhthéacs Straitéiseacha

Tá an chaibidil seo ullmhaithe i gcomhthéacs na bPleananna, Polasaithe agus Treoirlínte Idirnáisiúnta, Náisiúnta agus Réigiúnacha a leanas:

Comhaontú Glas don Eoraip an Choimisiúin Eorpaigh AE 2019

Creat Aeráide agus Fuinnimh AE 2030 2014

Treoir Fuinnimh Inathnuaite AE 2009/28/AE

Treochlár chun Bogadh i dtreo Geilleagair Iomaíoch Íseal-Charbóin in 2050

Dréacht ar Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (NECP) 2021 - 2030

Seasamh an Pholasaithe Náisiúnta um Athrú Aeráide agus Forbairt Íseal-Charbóin 2014

Acht Forbartha Íseal-Charbóin agus um Ghníomhú ar son na hAeráide 2015

Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2019; Dul i nGleic le Cliseadh Aeráide ag Rialtas na hÉireann

Aistriú Pháipéar Bán Fuinnimh na hÉireann go dtí Todhchaí Fuinnimh Íseal-Charbóin 2015-2030

Clár don Rialtas - Ár dTodhchaí Roinnte 2020

Tionscadal Éireann 2040 Creat Náisiúnta um Phleanáil

Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027

Infheistíocht ar an Aistriú chuig Sochaí Ísealcharbóin agus Seasmhach ó thaobh na hAeráide 2018 -2027.

Straitéis Spásúil Réigiúnach agus Eacnamaíoch Thuaiscirt agus Iarthair na hEorpa 2020-2032

Creat Náisiúnta Oiriúnaithe, ag Pleanáil na hÉireann i gcomhair Athléimneachta Aeráire, 2018

Nóta treoraíochta na Gníomhaireachta um Chosaint an Chomhshaoil 2019 ‘Fachtóirí Aeráide a Chomhtháthú isteach i Measúnú Comhshaoil Straitéisigh in Éirinn’

Straitéis Oiriúnaithe don Athrú Aeráide Chontae na Gaillimhe 2019 -2024

Treoir an AE ar Fheidhmíocht Fhuinnimh na bhFoirgneamh (2002/91/EC)

Dara Phlean Gníomhaíochta Éfeachtachta Fhuinnimh na hÉireann go dtí 2020

Straitéis Forbartha Greille- Do Ghreille, do Thodhchaí, Eirgrid, 2017

Cásanna Fuinnimh an Todhchaí 2017 - ag Pleanáil ár dTodhchaí Fuinnimh, Eirgrid

Cásanna Fuinnimh an Todhchaí Eirgrid 2019 Measúnú ar Riachtanais an Chórais

Ráiteas Polasaithe an Rialtais ar Thábhacht Straitéiseach leis an Tarchur agus Infreastruchtúr Fuinnimh Eile

Plean Gníomhaíochta d’Fhuinneamh Inathnuaite Easchósta (OREPD)

Dréacht ar Thuarascáil Bonnlíne Chreat Pleanála Muirí Náisiúnta 2018

Leas a bhaint as Ár gCuid Saibhris Aigéin - Plean Muirí Comhtháite d’Éirinn, 2012.

Treoirlínte Forbartha Feirme Gaoithe d’Údaráis Pleanála, 2006

Dréacht ar Threoirlínte Fuinnimh na Gaoithe 2019

An Córas Pleanála agus Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuilte d’Údaráis Pleanála, 2009

‘Bainistíocht ar Rioscaí Tuilte. Plean Oiriúnaithe an Earnála don Athrú Aeráide. Ullmhaithe faoi réir Chreata Oiriúnaithe Náisiúnta’, OPW Meán Fómhair 2019

Treoir Tuilte AE 2007/60/EC

14.3.1  Creat Polasaithe Náisiúnta

Leagann an Creat Polasaithe Náisiúnta (NPF) amach ról an chórais pleanála chun maolú a éascú, agus dul in oiriúint d’athrú aeráide trí Aschur Straitéiseach Náisiúnta NSO Uimh. 8 atá tiomnaithe chun aistriú a bhaint amach do shochaí íseal-charbóin agus solúbtha ó thaobh na haeráide agus NSO 9 a mholann bainistíocht inbhuanaithe ar Dhramhaíl Uisce agus Acmhainní Comhshaoil. Léireoidh an Comhairle comhréireacht le Aidhmeanna Polasaithe Náisiúnta (NPO) laistigh théama an athraithe aeráide agus conas a theastaíonn bearta oiriúnaithe agus maolaithe i réimsí amhail NPO 3(a), Fás Comhdhlúite, NPO 21 iomaíochas i gceantair tuaithe agus NPO 54 laghdú lorg charbóin.

Ó thaobh bainistíochta ar acmhainní uisce agus tuile is aidhm le NPO 57 feabhas a chur ar an gcaighdeán uisce agus acmhainní a bhainistiú.

Áirítear leis an NPF go leor NPO agus tosaíochtaí d’aidhmeanna an earnála fuinnimh agus fuinnimh inathnuaite amhail NPO 42, NPO47, NPO 45, NPO 55 agus NPO 56. Is aidhm leis an Aschur Straitéiseach Náisiúnta 8 Aistriú a dhéanamh chuig Sochaí Íseal-charbóin agus Solúbtha don Aeráid” agus leagann sé amach na riachtanais nua agus béim an pholasaithe a bhaineann lei Fuinneamh. 

14.3.2  Straitéis Spásúil Réigiúnach agus Eacnamaíoch

Aithníonn an Straitéis Spásúil Réigiúnach agus Eacnamaíoch (RSES) go leor RPO príomh-Aidhmeanna Straitéiseacha bainteach le Athrú Aeráide, fuinneamh/Fuinneamh Inathnuaite/Gréasán Tarchurtha agus Tuile lena n-áirítear a leanas atá corpraithe i gcaibidlí/straitéisí sa Phlean Forbartha: Gníomhaíocht ar son na hAeráide RPO 5.1, RPO 6.51, RPO 9.4, RPO Tuile 3.10, RPO 3.11, Príomh-ghréasán Fuinnimh/Fuinnimh Inathnuaite/Tarchurtha: RPO 4.16, RPO 4.18, RPO 4.19, RPO 4.17, RPO 8.1, RPO 8.2 RPO 8.3 RPO 8.4

14.3.3 Dréacht ar Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (NECP) 2021 - 2030

Seoladh an chéad Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÉireann (NECP) 2021 - 2030 chuig an gCoimisiún Eorpach i Nollaig 2018. Glacann an chéad dréacht seo ar an NECP san áireamh polasaithe fuinnimh agus aeráide forbartha go dtí seo. Is é dréacht ar NECP é an chéad chéim sa phróiseas chun Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a chur le chéile mar aon le atriallta ar an bplean a ghlacfaidh san áireamh polasaithe agus bearta breise a bhfuiltear tiomanta dóibh faoi réir Chláir don Rialtas, Ár dTodhchaí Roinnte agus Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Uile-Rialtais 2019.

14.3.4  Plean Gníomhartha 2019 ar son na hAeráide 2019 chun Déileáil le Cliseadh Aeráide

Léiríonn Plean Gníomhaíochta 2019 ar son na hAeráide an Rialtais an tosaíocht lárnach a bheidh ag an athrú aeráide ar chórais polaitiúil agus riaracháin na hÉireann. Sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide tá 183 gníomh, in éineacht leis na céadta fo-ghníomh agus bearta a chuirfear i bhfeidhm ag 13 Ranna an Rialtais agus 40 gníomhaireacht faoi réim na Ranna sin. Aithníonn sé conas a bhainfidh Éire a targaidí 2030 amach i gcomhair astuithe carbóin, agus cuireann sé sinn ar aistear chun astuithe neodrach carbóin a bhaint amach roimh 2050. Déileáiltear le gach earnáil ábhartha: leictreachas, fiontar, tithíocht, teas, iompar, talmhaíocht, dramhaíl, an earnáil poiblí agus déanann sé cairt ar chúrsa i dtreo targaidí uaillmhianacha dícharbónaithe. Cé go bhfuil an creat aidhmeanna agus feidhmíochta seo rí-thábhachtach, beidh sé chomh tábhachtach céanna go nglacann gach comhlacht poiblí Mandáid um Ghníomhú ar son na hAeráide agus príomh-bhearta ar fud na hearnála ar fad luaite sa CAP.

Tá Plean Gníomhaíochta 2019 ar son na hAeráide an Rialtais ábhartha go díreach le Plean Forbartha an Chontae. Áirítear le gníomhaíochta a bhaineann le údaráis áitiúil clárú don Chairt Athraithe Aeráide, forbairt gréasáin luchtaithe Feithicle Leictrí (EV), ullmhaíocht straitéisí oiriúnaithe áitiúla agus ailínithe leis an PF ní mór don CDP nua fás comhdhlúite, nasctha, inbhuanaithe a sheachadadh ar chóir dó cloí lenár riachtanais cumhachta, teasa, taistil, úsáid talaimh agus acmhainní eile ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí agus inbhuanaithe.

14.3.5  Straitéis Oiriúnaithe don Athrú Aeráide Chontae na Gaillimhe 2019 - 2024

Mar chuid den Phlean Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide, rinne agus ghlac Contae na Gaillimhe a chéad Straitéis Oiriúnaithe don Aeráid i Lúnasa 2019.

Tá an straitéis forbartha timpeall 4 príomh-théama/aidhmeanna; 1. Príomh-fhoirgnimh agus Infreastruchtúr 2. Oidhreacht Nádúrtha agus Chultúrtha 3. Acmhainní Uisce agus Bainistíocht ar Rioscaí Tuilte 4. Seirbhísí Pobail, an chuid is mó dóibh ábhartha d’fheidhmeanna phleanála an Chomhairle agus ar aidhm leo solúbthacht a mhéadú don athrú aeráide le pleanáil agus ag cur bearta oiriúnaithe cuí i bhfeidhm. Tá ceithre aidhm ardleibhéil ann a bhfuil ráitis fadtéarmacha ardleibhéil leo, agus sonraíonn na Aidhmeanna straitéisí nó céimeanna chur i bhfeidhm chun na Aidhmeanna aitheanta a bhaint amach. Tá Aidhmeanna Sonracha Dírithe luaite i Straitéis Oiriúnaithe don Aeráid Chontae na Gaillimhe comónta ar feadh gach ceithre Aidhm agus leagann siad amach na céimeanna chun an Straitéis a chur i bhfeidhm. Faigheann gach ceann de na téamaí/aidhmeanna sin tacaíocht ó thacar aidhmeanna agus gníomhartha corpraithe, nuair is ábhartha sa Phlean Forbartha Contae.

Bíonn breithniúcháin oiriúnaithe don athrú aeráide príomhshrutha agus comhtháite do rathúil i ngach feidhm agus gníomhaíocht Chomhairle Contae na Gaillimhe, ag cinntiú go gcuireann prótacail, nósanna imeachta agus polasaithe freagra cuí i bhfeidhm chun déileáil le éagsúlacht a ghabhann le athrú aeráide. Tacaíonn an plean seo go gníomhach le cur i bhfeidhm na n-aidhmeanna aitheanta sin agus na gníomhartha gaolmhara aitheanta i Straitéis Oiriúnaithe don Aeráid Chontae na Gaillimhe.

14.4     Oiriúnú agus Maolú ar an Athrú Aeráide

Is tosaíocht é dul chun cinn a chur le gníomhaíocht ar son na haeráide don phlean seo agus déanfar é trí Straitéis Aeráide a chorpraíonn polasaí náisiúnta agus réigiúnach trí chur chuige ina bhfuil maolú agus oiriúnú. Tá an dá chomhpháirt den ghníomhaíocht ar son na haeráide criticiúil chun solúbthacht a thógáil agus dul in oiriúint don aeráid ag athrú ar bhealach pleanáilte struchtúrtha.

Is féidir na tionchair agus rioscaí ón athrú aeráide a laghdú agus a bhainistiú trí ghníomhartha maolaithe agus oiriúnaithe. Is aidhm leis an oiriúnaí aeráide leochaileacht ár dtimpeallachta, sochaí agus eacnamaíocht a laghdú agus solúbthacht a mhéadú.

Déanann aidhmeanna polasaithe sa phlean seo iarracht chun déine an athraithe aeráide sa todhchaí a mhaolú agus a laghdú agus chun na rioscaí agus tionchair gaolta le tionchair reatha nó measta an athraithe aeráide a bhainistiú. Thug aidhmeanna an pholasaithe aird ag an bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2019 a leagann amach cúrsa gníomhaíochta thar na blianta le teacht chun dul i ngleic le nádúr agus scála an dúshláin. Tugann an Plean seo measúnú ar na príomh-earnálacha lena n-áirítear leictreachas, iompar, timpeallacht thógtha, tionscal agus talmhaíocht de réir luaite sa CAP agus na targaidí dícharbónaithe uaillmhianacha agus bearta molta i gcúrsa Chontae na Gaillimhe chun aistriú i dtreo geilleagair íseal-charbóin, solúbtha don aeráid agus inbhuanaithe don chomhshaol roimh 2050.

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta chun an t-aistriú a dhéanamh le bheith mar Chontae íseal-charbóin agus solúbtha don aeráid, ag cur buntáistí eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil chun cinn le forbairt íseal-charbóin, le béim ar laghdú in éileamh don fhuinneamh agus astuithe gáis ceaptha teasa. Áirítear leis sin comhdhéanamh freagraí maolaithe éifeachtaigh agus oiriúnaithe don athrú aeráide mar a fheictear i dtáblaí 14.1 agus 14.2 thíos.

Ábhar

 Bearta Maolaithe Aeráide, lena n-áirítear

Foirgnimh
  • Tacú le dearadh foirgnimh éifeachtach ó thaobh fuinnimh
  • Tógáil tithe níos lú/tithe níos airde dlúis éifeachtacha ó thaobh fuinnimh a chur chun cinn do dhaonraí agus le infreastruchtúr níos fearr ar fáil
  • Fuinneamh inathnuaite agus íseal-charbóin a chur chun cinn
  • Linnte charbóin a chruthú nó a fheabhsú
Iompar
  • Tacú le tógáil bealaigh glasa/rianta rothaíochta/bealaigh do choisithe
  • Tacú le forbairtí saor ó charranna
  • Neart a chur le naisc iompair agus a n-úsáid a spreagadh
  • Tacú le logánú poist/siopaí/seirbhísí chun an gá i gcomhair patrúin taistil is comónta a íoslaghdú
  • Tacú le pointí luchtaithe feithiclí leictreacha agus leictriú fhlít an Chomhairle
Táirgeadh fuinnimh
  • Dearadh foirgnimh éifeachtach ó thaobh fuinnimh a chur chun cinn
  • Naisc a chur chun cinn idir forbairtí agus acmhainní fuinnimh inathnuaite, mar shampla ag fáil fuinnimh ar an suíomh ar bhealach inathnuaite nó ó fhoinsí breosla íseal-charbóin
Mianraí/Dramhaíl
  • Forbairtí a chur go straitéiseach (m.s. Ábhair dramhaíl) chun an gá i gcomhair taistil a íoslaghdú, faoi réir gnéithe sláinte/riachtanais gnó
Talmhaíocht, Bainistíocht Thalaimh agus Foraoiseacht
  • Coillte pobail nua a bhunú i limistéir uirbeacha/imill uirbeacha
  • Tacú le táirgeadh bithbhreoslaí inbhuanaithe (cúnamh feirme le soláthair fuinnimh logánta - bithbhreoslaí/táirgeadh fuinnimh na gaoithe)
  • Moltaí/aidhmeanna/polasaithe an phleain ardleibhéil a chur i bhfeidhm

Tábla 14.1 Bearta Maolaithe Aeráide

 Topic

 Bearta Oiriúnaithe Aeráide, lena n-áirítear

Foirgnimh
  • Éifeachtaí dlúis foirgnimh agus forbairtí measctha a ghlacadh san áireamh ar ídiú fuinnimh le linn smaoineamh ar aighneachtaí forbartha
  • Desiúchán agus athúsáid foirgnimh reatha a chur chun cinn, go háirithe urláir uachtaracha íseal-úsáide i gceantair uirbeacha
  • Tacú le díonta glasa agus dea-aerú
  • Tacú le feabhsú ar sholúbthacht ar thuilte ag foirgnimh, m.s. Dromchlaí oibre ardaithe agus áiseanna stórála, soicéid agus infreastruchtúr leictreach ardaithe, boird tuile feabhsaithe
  • Measúnú a thabhairt ar infreastruchtúr reatha an Chomhairle le haghaidh “oiriúnacht don chuspóir” faoi na coinníollacha aeráide nua
  • Úsáid dromchlaí tréscaoilteacha a chur chun cinn, chun rátaí rite chun srutha a laghdú.
  • Tacú le scéimeanna athchúrsála uisce liath ar aidhm leo cuimsiú acmhainní uisce óil a laghdú, agus leis sin ag laghdú tréimhsí struis báistí ísil.
  • Tacú le iarrachtaí chun caomhnú uisce a uasmhéadú
  • Plandaí frithsheasmhach in aghaidh triomaigh a chur chun scáth a thabhairt agus naisc infreastruchtúir ghlais a mhéadú
Talmhaíocht, Bainistíocht Thalaimh agus Foraoiseacht
  • Tacú le éagsúlú an gheilleagair tuaithe chun roghanna inmharthanacht lomáin a chur chun cinn, srl.
  • Tacú le foraoisiú (nuair is oiriúnach don chomhshaol) chun feabhas a chur le idircheapadh agus insíothú dobharcheantair abhantraigh
  • Tacú le athshlánú ar phortaigh móna i ndiaidh don ghearradh scraithe stopadh
  • Moltaí ábhartha a ghlacadh san áireamh ón Straitéis Tailte Móna Náisiúnta le linn an Plean a chur i bhfeidhm
Bainistíocht uisce
  • Tacú le athléimneacht mhéadaithe in aghaidh tuile trí Chóras Draenála Inbhuanaithe
  • Tacú le scéimeanna athchúrsála uisce liath ar aidhm leo cuimsiú acmhainní uisce óil a laghdú, agus leis sin ag laghdú tréimhsí struis báistí ísil
  • Soláthar agus draenáil cuí a chinntiú don uisce le linn aighneachtaí a chur san áireamh i gcomhair forbartha
  • Straitéisí Chaomhnaithe Uisce a iarradh de réir ábhartha
Infreastruchtúr, lena n-áirítear cosaintí ar thuilte
  • Cinntiú go bhfuil infreastruchtúr reatha an Chomhairle (go háirithe seirbhísí éigeandála) athléimneach do na coinníollacha nua aeráide
  • Cinntiú go léiríonn aighneachtaí i gcomhair infreastruchtúir chriticiúil nua athléimneacht do na coinníollacha aeráide nua
Fiadhúlra agus bithéagsúlacht
  • Tacú le cruthaíocht/feabhsú naisc éiceolaíocha agus creasa maolánacha ó fhorbairt
  • Tacú le cruthaíocht/cosaint ar thírdhreacha athléimneach agus éagsúla chun tacú le raon leathan speicis
Geilleagar agus turasóireacht
  • Tacú le deiseanna i gcomhair turasóireachta bhreise mar thoradh le samhraidh níos teo, laistigh teorainneacha an infreastruchtúir reatha
  • Tacú le Seirbhísí Éiceachórais Bhogaigh i bhforbairtí nuair is ábhartha agus cuí
Sláinte Daonna, Riosca agus Árachas
  • Infreastruchtúr glas a sholáthar chun scáth a thabhairt i gceantair uirbeacha
  • Tacú le foráil modhanna agus ábhair tógála chun na tionchair ó strus teasa a laghdú
  • Tacú le cothabháil cuí ar infreastruchtúr draenála uisce dromchla chun riosca tuile a chosc

Tábla 14.2 Bearta Oiriúnaithe don Aeráid
 

14.5     Gníomhaíocht ar son na hAeráide a Chomhtháthú sa Phlean

Fuair aidhmeanna ginearálta straitéiseacha na físe leis an bplean forbartha contae tionchar ón athrú aeráide, beart riachtanach a fhaigheann tacaíocht ón gcreat reachtach agus polasaithe maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide luaite i gcuid 14.3 thuas.  Is aidhm leis an gcaibidil seo dul i ngleic le ceisteanna athraithe aeráide, soláthair fuinnimh, tuile agus inbhuanaitheachta ag glacadh leis agus ag cur i bhfeidhm an pholasaithe náisiúnta ag leibhéal áitiúil.

Baineann na cosáin maolaithe don athrú aeráide luaite i gCaibidil 4 an Phleain Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2019 tacar comhtháiteach bearta ar feadh cúig earnáil a chuidíonn don chuid is mó lenár n-astuithe ghás ceaptha teasa: Talmhaíocht, Iompar, Leictreachas, Timpeallacht Thógála, agus Tionscal/Fiontar. Aithníonn an chuid seo den phlean gach ceann d’aidhmeanna an pholasaithe, a chuidíonn i dtreo gach ceann de na targaidí a bhaint amach do na eanálacha ábhartha.

Tá aidhmeanna polasaithe ghníomhaíochta ar son na haeráide lena n-áirítear polasaí maolaithe agus oiriúnaithe luaite sa chaibidil seo agus curtha le gach caibidil.  Léiríonn Tábla 14.3 conas a bhí forálacha um ghníomhú ar son na haeráide corpraithe isteach i bPlean Forbartha an Chontae le Aidhmeanna Maolaithe agus Oiriúnaithe curtha le gach caibidil.

Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, 2019 - treochlár an Earnála Aidhmeanna Maolaithe/Oiriúnaithe Polasaithe - GCDP

Tá treochlár mionsonraithe an earnála leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, 2019 atá deartha chun laghdú carnach a sholáthar thar tréimhse 2021 go dtí 2030, le 58.4 MtCO2eq. Lasmuigh an ETS, 17 MtCO2eq. Laistigh an ETS, agus 26.8 MtCO2eq. Ó úsáid talaimh. Seo a leanas cuntas gairid ar phríomh-thargaidí earnála do na earnálacha ábhartha:

Leictreachas

  • Astuithe CO2 eq. A laghdú ón earnáil.
  • Spleáchas ar inathnuaite a mhéadú ó 30% go dtí 70% ag cur 12GW acmhainne fuinnimh inathnuaite ó ghaoth ar an gcladach, fuinneamh inathnuaite easchósta, fuinneamh na gréine ar scála greille (le gléasraí móna agus guaile ag dúnadh).  An córas comhthola, na socrúcháin naisc, agus na tacaíochtaí maoinithe a chuíchóiriú do na teicneolaíochtaí nua ar an gcladach agus easchósta.

Scéim tacaíochta  a chur i bhfeidhm ar son micrighiniúna le praghas chun cumhacht a dhíol don ghreille.

Deis do rannpháirtíocht an phobail i nginiúint inathnuaite agus sochair pobail

Foirgnimh

Úsáid breoslaí iontaise a laghdú, i ngeall ar thuileamaí reatha ar ghás, ola, gual agus móin san earnáil..

  • Astuithe CO2 eq. A laghdú ón earnáil.
  • Riachtanais níos déine a chur ar bun d’fhoirgnimh nua agus athchóirithe substainteacha ar thithe reatha chun uasghrádú go Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) B2.. • Aisfheistithe baile a chur le chéile le bheith maoinithe agus seachadta sa ghrúpa céanna.
  • Suiteáil caidéil teasa a chur chun cinn i bhfoirgnimh reatha agus nua.
  • Treochlár a dhéanamh chun acmhainneacht Téamhaithe an Cheantair a sheachadadh.
  • Iíon na bpobal Fuinnimh Inbhuanaithe a mhéadú.

Iompar

  • Astuithe CO2 eq. A laghdú ón earnáil.
  • Glacadh carranna agus veain EV a luasghéarú ionas gur féidir linn 100% de gach carranna agus veain nua EV a bhaint amach roimh 2030.
  • Tuilleamaí ar iompar a laghdú don fhás le pleanáil níos fearr, obair sa bhaile agus cianda agus aistriú samhlach go dtí iompar poiblí..

Talmhaíochta

  • Lacáiste ar gháis ceaptha teasa a sholáthar, ag glacadh feabhsuithe i gcleachta feirmeoireachta i gcomhréir le moltaí ó Theagasc.
  • Fairsingiú a sheachadadh ar phleanáil foraoisithe agus bainistíocht talaimh chun lacáiste a chinntiú ar charbón ó úsáid talaimh.
  • Tacú le éagsúlú laistigh Talmhaíochta agus úsáid talaimh chun slabhraí inbhuanaithe agus ciorclacha a fhorbairt d’úsáid talaimh agus samhail gnó chun feirmeoireachta déine charbóin níos ísle.

Fiontar agus Seirbhísí

  • Astuithe carbóin ETS na hÉireann a laghdú..
  • Éifeachtacht fhuinnimh, athchur breoslaí iontaise, bainistíocht chúramach ar ábhair agus dramhaíl, agus lacáiste carbóin a leabú thar gach fiontair agus comhlachtaí seirbhíse poiblí
  • Cnuasaigh a slógadh go réigiúnach agus de réir earnála chun gur féidir leo a bheith mar ionaid sármhaitheasa chun teicneolaíochtaí íseal-charbóin a ghlacadh.
  • Pleanáil chun fostaíocht cháilíochta agus fiontar a sheachadadh i réimsí nua deiseanna á n-oscailt.

 Dramhaíl agus an Geilleagar Ciorclach

  • Straitéisí laghdaithe a fhorbairt do phlaistigh, dramhaíl bia agus úsáid acmhainní.
  • Leibhéal agus cáilíocht an athchúrsála a mhéadú.
  • Plaisteach neamh-inathchúrsáilte a stopadh.
  • Spleáchas a laghdú ar líonadh talún le laghduithe diana i bplaistigh agus inmhúirínithe ó dhul go dtí líonadh talún.

Earnáil Poiblí

  • CO2 eq. A laghdú ón earnáil.
  • Feabhas a chur le éifeachtacht fhuinnimh ó fhoirgnimh an earnála poiblí..

Imleabhar 1: Ráiteas i Scríbhinn

Príomh-straitéis Chaibidil 2, Straitéis Lonnaíochta agus Straitéis Tithíochta

CS1-5, MM1, SS1-SS8, HS1-HS4, SH4

 

Caibidil 3 Comhfhorbairt áite, Athchóiriú agus Saol Uirbeach

PM1-6, PM7, CGR1-4, CGR6-9, CGR11, CGR12, UL1-3, UL5.

 

Caibidil 5 Saol Tuaithe agus Forbairt

RCI-3, RC5-7, RH6, RH7, RD2, RD4, AD1, AD3, H2,F2-F5

 

Caibidil 5 Forbairt Eacnamaíoch agus Forbairt Mhiondíola

ES1, EL1, EL4, SC03, SC04, SC08, RD1, CS3, CS12.

 

Caibidil 6 Iompar agus Gluaiseacht

GCTS1-4, ILUTP1, ILUTP2, WC1-5, GW1, EV1, PT1, PT2, PT5-7, NNR6, NNR8, PH3.

 

Caibidil 7 Infreastruchtúr, Fóntais agus Cosaint an Chomhshaoil

WS1-4, WS6, WS7, CWS1-3, WW5, WW7, WW8,

WM1, WM2, WM7, WM9, EG2, EG5, ICT1, ICT2, ICT9, AQ1-AQ3,

 

Caibidil 8 Turasóireacht agus Tírdhreach

VEPP1, TI3, GBW1, GBW2, HT3, LCM1.

 

Caibidil 9 Bainistíocht Mhuirí agus an Chósta

NMPF1, MCD1, MCE1, SMT1, AF1, SF2, MCT2, RE1, MCH2, MCC1-4.

 

Caibidil 10 Oidhreacht Nádúrtha, Bithéagsúlacht agus Infreastruchtúr Glas/Gorm 

NHB 1-6, WR1,WR2,WTWF1, P1-P3, P01,TWHS1-3, PG1-3, IW1,PO1-3.

 

Caibidil 11 Forbairt Pobail agus Infreastruchtúr Sóisialta

SCI1, SC1, MU1, CF1, CF3, EDU1, EDU5, EDU7, H1-H3, PA1, SPR2-4, SPR6, CWH1, PWB1-PWB3.

 

Caibidil 12 Ailtireacht, Seandálaíocht agus Oidhreacht Chultúrtha

Ah1-AH6, AH8,ARC1,CA2.

 

Caibidil 13 Gaeltacht na Gaillimhe agus na Oileáin

GA3, IS2, GIED2, GIED5, GICT4.

 

Caibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn Inathnuaite

CC1-CC10, FL1-FL15, RE1-RE7.

 

Imleabhar 2-Pean Lonnaíochta

Plean Straitéiseach an Limistéir Uirbigh (MASP)

GCMA 1 – 6, GCMA 12- 21.

Bailte Beagfháis

SGT 1-4, SGT 8, SGT 15, SGT 16-18

Sráidbhailte Beagfháis

SGV1-4, SGV 8, SGV 15-18

 

TABLA 14.3 Aidhmeanna ó Pholasaí um Ghníomhú ar son na hAeráide corpraithe i bPlean Forbartha an Chontae.

 

Aidhmeanna an Pholasaithe Athraithe Aeráide

CC 1                 Athrú Aeráide 

Tacú agus éascú le cur i bhfeidhm aidhmeanna Eorpaigh, náisiúnta agus réigiúnacha um oiriúnú don aeráid agus maolaithe ag glacadh san áireamh forálacha eile an Phleain (lena n-áirítear iad a bhaineann le pleanáil úsáide talaimh, fuinneamh, soghluaisteacht inbhuanaithe, bainistíocht ar rioscaí tuilte agus draenáil) agus aird á thabhairt ar mhaolú Aeráide agus bearta oiriúnaithe.

 

CC 2                 Aistriú do sochaí ísealcharbóin, - solúbtha ó thaobh comhshaoil

Is aidhm pholasaithe an Chomhairle tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair íseal-charbóin, solúbtha don aeráid agus inbhuanaithe sa chomhshaol roimh 2050, trí mheán gáis ceaptha teasa a laghdú, fuinneamh inathnuaite a mhéadú, agus feabhais ar éifeachtacht fhuinnimh.

 

CC 3               Straitéis Oiriúnaithe don Aeráide Chontae na Gaillimhe 2019 -2024

Straitéis Oiriúnaithe don Aeráide Chontae na Gaillimhe 2019 -2024 a chur i bhfeidhm mar is cuí

 

CC 4               Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide an Údaráis Áitiúil

Tacú le ullmhúchán Pleain um Ghníomhú ar son na hAeráide do Chontae na Gaillimhe

 

CC 5                Oiriúnú don Aeráid agus Maolú

Polasaithe um ghníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn, tacú leo agus a stiúradh ar mian leo aschuir a fheabhsú thar Chontae na Gaillimhe trí spreagadh agus comhtháthú maolaithe cuí agus breathnóireachtaí oiriúnaithe agus bearta i ngach forbairt agus próisis cinnteoireachta.

 

CC 6                Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite an Údaráis Áitiúil (LARES)

Tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise Fhuinnimh Inathnuaite in Aguisín 1 Phleain Forbartha Contae na Gaillimhe chun aistriú go dtí contae íseal-charbóin a éascú.

 

CC 7               Ciste Gníomhaíochta ar son na hAeráide

Tacú le seachadadh tionscadail forbartha inbhuanaithe faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus Ciste Gníomhaíochta ar son na hAeráide a úsáid faoi réir an Phleain Forbartha Náisiúnta chun tacú le maolú aeráide poiblí agus príobháidigh agus tionscadail oiriúnaithe i gcomhréir le critéir leagtha amach ag an gCiste ag an am sin.

 

CC 8                Gníomhaíocht ar son na hAeráide agus Suíomh na Forbartha

Polasaithe a chur i bhfeidhm, tríd an bplean agus pleananna limistéir áitiúla, a thacaíonn agus a spreagann le fás comhdhlúth inbhuanaithe agus patrúin lonnaíochta, úsáid talaimh agus iompar a chomhtháthú, agus deiseanna a uasmhéadú trí fhorbairt suímh, foirm, leagain amach agus dearaidh chun athléimneacht a dhaingniú agus astuithe dé-ocsaíde charbóin a laghdú.

 

CC 9                Príomhshrúthú Oiriúnaithe ar Athrú Aeráide

Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe oiriúnú don athrú aeráide a chorprú in bpleanáil úsáide talaimh, leagain amach tógála, fuinneamh, iompar, bainistíocht ar acmhainní nádúrtha, foraoiseacht, talmhaíocht agus uiscí muirí.

 

CC 10              Infreastruchtúr Glas

Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe chun cinn leas na spás poiblí agus cuirfidh sé i bhfeidhm comhtháthú ar infreastruchtúr/ghréasáin glasa (m.s. Gréasán idirnasctha ar spáis glasa (lena n-áirítear éiceachórais uisceacha) agus gnéithe fhisiceacha eile ar talamh) i bhforbairt nua agus tairiscintí athnuacháin chun athrú aeráide a mhaolú agus dul in oiriúint dó.

14.6     Tuile

Is feiniméan timpeallachta é tuile ar féidir leis riosca a chur roimh shláinte daonna chomh maith le éifeachtaí a chur ar an ngeilleagar agus sochaí. Meastar go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide ar riosca tuile i nGaillimh sa todhchaí ó ardú i líon na laethanta báistí sa bhliain, ag eascrú i méadú minicíochta, patrúin agus déine tuile abhann agus báistí (draenála uisce dromchla). Cuirfidh leibhéal na farraige tuile an chósta in olcas. Dá réir, tá sé níos tábhachtaí ná riamh cuntas a ghlacadh den riosca tuile i bpleanáil spáis. Leagann an chuid seo amach cur chuige an Chomhairle chun dul i ngleic le éifeachtaí an athraithe aeráide lena n-áirítear rioscaí ó thuile laistigh Chontae na Gaillimhe.

Ní féidir tuile a scriosadh go hiomlán, ach is féidir a éifeachtaí a íoslaghdú le bainistíocht onnghníomhach agus chúramach ar dhobharcheantair agus limistéir riosca tuile aitheanta, ag cinntiú nach méadaíonn an fhorbairt go haonair nó go carnach rioscaí nua tuile. Chun tionchar ón riosca tuile méadaithe sa todhchaí a íoslaghdú, tá go leor céimeanna ann ar féidir leis na Údaráis Áitiúla a ghlacadh. Áirítear leo sin oibreacha cosanta in aghaidh tuile, maolú ar uisce stoirme agus ar bhealach níos suntasaí, forbairt a sheachaint i dtuilemhánna, seachas i gcúinsí an-teoranta.

14.6.1  Clár CFRAM

Is í Oifig Oibreacha Poiblí (OPW) an príomh-eagraíocht um bhainistíocht ar rioscaí tuile in Éirinn. Tá an OPW ag cur i bhfeidhm Measúnaithe náisiúnta ar Dhobharcheantair agus Rioscaí Tuile (CFRAM) a thosaigh in 2011 agus a bheartaíonn seachadadh ar phríomheilimintí an Pholasaithe Náisiúnta ar Thuilte 2004 agus ar riachtanais na Treorach Tuile AE [2007/60/EC], i gcomhoibríocht le údaráis áitiúla agus comhlachtaí poiblí eile. Táthar ag déanamh staidéir CFRAM i gcomhair gach ceann de sé cheantar abhantraigh in Éirinn. Tá Contae na Gaillimhe lonnaithe laistigh Ceantair Idirnáisiúnta na Sionainne agus Abhantraigh an Iarthair araon. Iarrfar ar Chomhairle Contae na Gaillimhe cuntas a ghlacadh de Phleananna Bainistíochta ar Rioscaí Tuile CFRAM.

Rinne an OPW agus chuir sé ar fáil go leor léarscáilithe stairiúil agus réamhaithriseacha ar rioscaí tuile, lena n-áirítear bainteach le tuile abhann, an chósta, báistí agus uisce talaimh, don tír ar fad. Téann Measúnú ar Rioscaí Tuile Straitéiseach Chéim 2 do Chontae na Gaillimhe leis an bplean seo agus fuair sé faisnéis ón léarscáiliú seo.

Thug treoirlínte náisiúnta ‘Córas Pleanála agus Bainistíochta ar Rioscaí Tuile - Treoirlínte d’Údaráis Pleanála’ (2009) meicníochtaí um chorprú aitheantais rioscaí tuilte, measúnú agus bainistíocht sa phróiseas pleanála. Iarrtar ar na Údaráis Pleanála aird a thabhairt ar na treoirlínte le linn dóibh a gcuid feidhmeanna a dhéanamh faoi réir na nAchtanna Pleanála.

Is iad príomh-aidhmeanna na dTreoirlínte Bhainistíochta ar Rioscaí Tuilte ná:

  • Forbairt mhíchuí a sheachaint i limistéir atá faoi riosca tuile;
  • Forbairtí nua a sheachaint nuair a mhéadaíonn siad tuile áiteanna eile, lena n-áirítear an ceann is féidir leis a eascrú ó rith chun srutha uisce dromchla;;
  • Bainistíocht éifeachtach a chinntiú ar riosca iarmhartach i gcomhair forbartha ceadaithe i dtuilemhánna;
  • Srianta neamhriachtanacha a sheachaint ar fhás eacnamaíoch nó sóisialta náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;
  • Feabhas a chur ar an tuiscint as riosca tuilte i measc geallshealbhóirí ábhartha; agus
  • Comhréireacht a chinntiú le riachtanais an AE agus dlí náisiúnta maidir le timpeallacht nádúrtha agus caomhnú an nádúir ag gach staid den bhainistíocht ar rioscaí tuilte.. Tá prionsabail tábhachtacha leagtha amach sna dTreoirlínte Bhainistíochta ar Rioscaí Tuilte:
  • Riosca tuilte a chosc nuair is féidir;
  • Úsáidí nach bhfuil chomh leochaileach céanna a athchur nuair nach féidir iad a chosc;
  • An riosca a mhaolú agus a bhainistiú nuair nach féidir a sheachaint agus a athchur.

Leanann na treoirlínte an prionsabal nár chóir forbairt a cheadú i gceantair faoi riosca tuilte, go háirithe tuilemhánna, seachas nuair nach bhfuil aon ailtéarnach agus suíomhanna oiriúnacha i limistéir riosca níos ísle atá i gcomhréir le aidhmeanna pleanála cuí agus forbartha inbhuanaithe.

14.6.2  Breathnóireachtaí Phleain Forbartha an Chontae agus Riosca Tuilte

Ní mór do Phlean Forbartha an Chontae dul trí leibhéal cuí Measúnaithe ar Riosca Tuilte Straitéisigh (SFRA) agus maidir leis sin táthar ag déanamh Measúnaithe ar Riosca Tuilte Straitéisigh Chéim 2 mar chuid de phróiseas ullmhúcháin an phleain. Tá torthaí an mheasúnaithe seo ar fáil mar cháipéis thacaíochta don phlean. Tá an próiseas SFRA comhtháite freisin sa phróiseas Measúnaithe Comhshaoil Straitéisigh, á dhéanamh freisin i dteannta le ullmhúchán Phleain Forbartha an Chontae. Beidh pleananna ar chéimeanna níos ísle, amhail Pleananna an Limistéir Áitiúil, faoi réir a riachtanais SFRA féin.

Rinneadh agus ullmhaíodh SFRA i gcomhréir leis an gCóras Pleanála agus Bainistíochta ar Rioscaí Tuilte - Treoirlínte d’Údaráis Pleanála (2009). Is cuspóir leis an SFRA ceisteanna tuilte nó bainistíochta ar uisce dromchla a aithint ar féidir a thuilleadh imscrúdaithe a bheith ag teastáil uathu ag an leibhéal phleain cuí, nó ag leibhéal na feidhme pleanála, agus bearta a mholadh freisin le bheith comhtháite isteach i bPlean Forbartha an Chontae a chuideoidh i dtreo bainistíochta ar rioscaí tuilte sa Chontae agus comhréireacht freisin leis na Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuilte.

Tá ceantair Chontae na Gaillimhe leochaileach ar thuile agus is féidir leis an leochaileacht seo a bheith méadaithe ag athruithe bainteach le téamh domhanda amhail tarluithe méadaithe eachtraí báistí diana, méadú ar leibhéal na farraige, minicíocht stoirme mhéadaithe agus tuile gaolta leis. Méadaíonn coinníollacha áitiúla amhail talaimh ísil agus draenáil uisce dromchla mall an riosca do thuilte. Is féidir leis an riosca sin dul i méid freisin le gníomhartha daonna lena n-áirítear fásra nádúrtha a ghlanadh amach le haghaidh talmhaíochta, draenáil/athshlánú móna agus bogaigh agus forbairt lonnaíochtaí i dtuilemhánna aibhneacha agus línte cósta íseal nó faoi chreimeadh chomh maith le patrúin aimsire athraitheacha. Is féidir le forbairt infreastruchtúir, oibriúcháin foraoiseachta agus forbairt uirbeach míchuí sa tuilemhá, mar shampla, guaisí tuile a spreagadh freisin, mar aon le creimeadh/tuile an chósta agus caillteanas gnáthóga.

Tugann SRFA Chontae na Gaillimhe, laistigh cáipéisí tacaíochta an Phleain Forbartha seo, faisnéis maidir leis an riosca tuile sa Chontae.

14.6.3  Limistéir Tuile agus an Cur Chuige Seichimh

Ordaíonn Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuilte an Chórais Pleanála (2009) úsáid chur chuige seichimh le cinntiú go bhfuil an fhorbairt dhírithe i dtreo talaimh atá faoi riosca íseal tuile. Baineann an cur chuige seichimh úsáid as measúnú riosca agus réamh-aitheantas ar limistéir tuile i gcomhair tuile abhann agus an chósta. Is riachtanach gur chóir an riosca ar féidir leis eascrú ó fhoinsí tuile eile (m.s. Screamhuisce agus báistí) a ghlacadh san áireamh freisin i ngach réimse agus staid an phróisis pleanála.

Tá trí chineál leibhéil limistéir tuile sonraithe chun cuspóirí Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuilte an Chórais Pleanála:

1. Limistéar Tuile A – áiteanna ina bhfuil an féidearthacht is airde i gcomhair tuile ó aibhneacha agus ón fharraige (níos airde ná 1% nó 1 i ngach 100 i gcomhair tuile abhann nó 0.5% nó 1 i ngach 200 do thuile an chósta);

2. Limistéar Tuile B – áiteanna ina bhfuil an féidearthacht is airde i gcomhair tuile ó aibhneacha agus ón fharraige (idir 0.1% nó 1 i ngach 100 i gcomhair tuile abhann agus idir 0.5% nó 1 i ngach 200 do thuile an chósta); agus

3. Limistéar Tuile C – áiteanna ina bhfuil an féidearthacht is ísle i gcomhair tuile ó aibhneacha agus ón fharraige (níos ísle ná 0.1% nó 1 i ngach 1000 i gcomhair tuile abhann agus an chósta araon). Clúdaíonn Limistéar Tuile C gach áiteanna nach bhfuil i limistéir A nó B.

Léiríonn tábla 14.4 na cineálacha úsáide talaimh atá oiriúnach i ngach ceann de na Limistéir Tuile aitheanta sa Chontae, i gcomhréir leis an gCóras Pleanála agus Treoirlínte Bainistíochta ar Riosca Tuile (2009). Áit ina moltar forbairtí/úsáidí talaimh atá oiriúnach don Limistéar Tuile, ansin beidh Tástáil Fírinnithe Bhainistíochta Forbartha agus Measúnú ar Riosca Tuile Sonrach don Suíomh ag teastáil i gcomhréir leis an gCóras Pleanála agus Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuilte (2009).

Úsáidí Talaimh Limistéar Tuile A Limistéar Tuile B Limistéar Tuile C
HVD - Forbairt An-leochaileach

Míchuí

(Má mholtar, beidh Tástáil Fírinnithe agus FRA mionsonraithe ag teastáil)

Míchuí

(Má mholtar, beidh Tástáil Fírinnithe agus FRA mionsonraithe ag teastáil)

Oiriúnach

(Scáileán don riosca tuile)

LVD - Forbairt is Lú Leochaileachta

Míchuí

(Má mholtar, beidh Tástáil Fírinnithe agus FRA mionsonraithe ag teastáil)

Míchuí i ngeall ar athrú aeráide

(Má mholtar, beidh Tástáil Fírinnithe agus FRA mionsonraithe ag teastáil)

Oiriúnach

(Scáileán don riosca tuile)

Forbairt Oiriúnach don Uisce WCD Oiriúnach
(d’fhéadfadh FRA mionsonraithe a bheith ag teastáil)
Oiriúnach
(d’fhéadfadh FRA mionsonraithe a bheith ag teastáil)

Oiriúnach

(Scáileán don riosca tuile)

Tábla 14.4: Limistéir Tuile agus Úsáidí Talaimh Oiriúnacha

Nóta: Féach na Treoirlínte Bainistíocht ar Rioscaí Tuilte i gcomhair a thuilleadh sonraí

1. HVD – Tithe, scoileanna, ospidéil, institiúidí cónaitheacha, seirbhísí éigeandála, infreastruchtúr riachtanach, srl.

2. LVD – Úsáidí eacnamaíocha (miondíol, sos, ollstóráil, tráchtáil, tionscail, institiúidí neamh-chónaitheacha, srl.), talaimh agus foirgnimh in úsáid i gcomhair talmhaíochta nó foraoiseachta, infreastruchtúr iompair áitiúil, srl.

3. WCD – Dugaí, muiríní, céanna, sos agus turasóireacht bunaithe ar uisce (seachas lóistín codlata), spás oscailte conláiste, spóirt agus sos, infreastruchtúr smachta ar thuile, srl.

Go ginearálta, ba chóir forbairt leochaileach do thuile i dtuilemhánna a theorannú. Ba chóir don fhorbairt a bheith teoranta freisin ar thalaimh aitheanta mar “thalaimh leasmhara” toisc gur fhéadfadh ceisteanna riosca tuile leagáide a bheith sna limistéir sin.

Nóta Comhairleach:

Is tacar sonraí éiritheach faisnéise í an ghuais tuile agus faisnéis riosca tuile. D’fhéadfadh na léarscáileanna tuile úsáidte ag an gComhairle a bheith athraithe i bhfianaise sonraí sa todhchaí agus anailís, go háirithe CFRAMS. Dá bhrí sin, moltar do gach úinéirí talaimh agus forbróirí nach nglacann Comhairle Chontae na Gaillimhe aon fhreagracht as caillteanais nó damáistí a eascraíonn i ngeall ar mheasúnuithe leochaileachta ar thuile talaimh, úsáidí agus forbairtí. Moltar d’úinéirí, úsáideoirí agus forbróirí gach bearta réasúnta a ghlacadh chun leochaileacht ar thuile a mheasúnú i limistéar ar leith, roimh aighneacht pleanála a sheoladh.

Aidhmeanna an Pholasaithe Bainistíocht ar Rioscaí Tuilte


FL 1                       Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuilte

Is aidhm le polasaí Chomhairle Contae na Gaillimhe tacú, i gcomhoibríocht leis an OPW, le cur i bhfeidhm na Treorach Riosca Tuile AE (2007/60/EC), Rialacháin Riosca Tuile (SI Uimh. 122 ó 2010) agus foilseachán DEHLG/OPW foilseachán an Córas Pleanála agus Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuile (2009) (agus aon reachtaíocht nuashonraithe/dímholta nó treoraíocht an pholasaithe) agus Ciorclán na Roinne PL2/2014 nó aon leagan nuashonraithe / dímholta.

 

FL 2                       Bainistíochta agus Measúnú ar Rioscaí Tuilte

Cloí le riachtanais DoEHLG/OPW an Córas Pleanála agus Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuile d’Údaráis Pleanála agus a gCáipéis Aguisíní Teicniúla 2009 a théann leis (lena n-áirítear aon cháipéisí nuashonraithe/dímholta).

Áireofar leis sin a leanas:

(a) Seachaint, laghdú agus/nó maolú, mar is cuí i gcomhréir leis na Treoirlínte;

(b) Beidh ar thairiscintí forbartha i limistéir ina bhfuil riosca féideartha nó aitheanta tuile nó ar féidir leis riosca tuile a spreagadh áit eile a mbeidh Measúnú ar Rioscaí Tuile Sonrach don Suíomh a dhéanamh, agus tástáil fírinnithe nuair is cuí, i gcomhréir le forálacha an Chórais Pleanála agus Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuile 2009 (nó aon cháipéis dhímholta); Ba chóir d’aon mheasúnú ar rioscaí tuile measúnú a chur leis ar acmhainneacht na dtionchar athraithe aeráide, amhail méadú i bhfairsinge féidearthachta tuile, agus aon bhearta gaolmhara a theastaíonn chun dul i ngleic leis na tionchair sin;

(c) Ní cheadófar de ghnáth forbairt a bheadh faoi réir riosca tuile míchuí a spreagfadh nó a chuirfeadh in olcas riosca dá leithéid ag áiteanna eile;

(d) Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le comhlachtaí agus eagraíochtaí eile, mar is cuí, chun cuidiú le infreastruchtúr chriticiúil a chosaint, lena n-áirítear uisce agus fuíolluisce, laistigh an Chontae, ó riosca tuile.

 

FL 3                       Prionsabail Threoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuilte

Cuirfidh an Comhairle prionsabail tábhachtacha bainistíochta ar rioscaí tuile leagtha amach sna Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuile mar a leanas:

(a) Forbairt a sheachaint a bheadh faoi riosca tuile nó a mhéadóidh riosca tuile áit eile, nuair is féidir;

(b) Úsáidí nach bhfuil chomh leochaileach céanna a athchur nuair nach féidir iad a chosc; agus

(c) An riosca a mhaolú agus a bhainistiú , nuair nach féidir a sheachaint agus a athchur.

Ní cheadófar ach forbairt i limistéir atá faoi riosca tuile nuair nach bhfuil ailtéarnach, suíomhanna réasúnta ar fáil i limistéir faoi riosca níos ísle a chloíonn freisin le aidhmeanna na pleanála cuí agus forbartha inbhuanaithe. Ba chóir forbairt leochaileach a sheachaint i limistéir a bhfuil an riosca tuile is airde agus/nó gan iad a chur san áireamh ach i gcúinsí an-eisceachtúla (trí Thástáil Fírinnithe ordaithe) mura bhfuil talamh nó suíomhanna cuí ar fáil in áiteanna a bhfuil riosca tuile níos ísle acu.

 

FL 4                       Scéimeanna Maolaithe Tuilte

Tacóidh an Comhairle agus beidh sé ag comhoibriú le Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) i seachadadh Scéimeanna Maolaithe Tuilte.

 

FL 5                       Pleanáil Dobharcheantair

Tacóidh an Chomhairle le Clár BMRCTD agus Grúpaí Pleanála Tuilte dobharcheantar-bunaithe OOP, go háirithe nuair a shíneann dobharcheantair thar theorainn riaracháin na Comhairle, nuair a bhíonn straitéisí dobharcheantar-bhunaithe á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm chun riosca i gcás tuilte a bhainistiú - iad siúd san áireamh a bhaineann le stóráil agus iompar.

 

FL 6                       Draenáil Uisce Dromchla agus Córais Draenála Inbhuanaithe (SuDs)

Córas draenála uisce dromchla reatha a choinneáil agus a fheabhsú, de réir mar is cuí, sa Chontae. Cinntiú go bhfuil forbairtí nua seirbhísithe mar is cuí le infreastruchtúr draenála d’uisce dromchla agus úsáid Córais Draenála Inbhuanaithe a chur chun cinn i ngach forbairtí nua. Beidh rith chun srutha uisce ó shuíomhanna forbartha teoranta do leibhéil réamh-fhorbartha agus iarrfar ar aighneachtaí pleanála d’fhorbairtí nua mionsonraí a sholáthar maidir le draenáil uisce agus tairiscintí chóras draenála inbhuanaithe.

 

FL 7                       Cosaint do Choirp Uisce agus Cúrsaí Uisce

Coirp uisce agus cúrsaí uisce a chosaint sa Chontae ó fhorbairt mhíchuí lena n-áirítear aibhneacha, sruthanna, stráicí bruachánacha gan fhorbairt, bogaigh agus tuilemhánna nádúrtha. Áireofar leis sin maolánaigh cosanta i limistéir abhann, bogaigh agus limistéir an chósta mar is cuí.

 

FL 8                       Measúnú ar Riosca Tuile d’Aighneachtaí Pleanála agus CFRAMS

Limistéar Tuile A agus Limistéar Tuile B a chosaint ó fhorbairt mhíchuí agus forbairtí díreacha/úsáidí talaimh sa Limistéar Tuile cuí i gcomhréir leis an gCóras Pleanála agus Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí d’Údaráis Pleanála 2009 (nó aon cháipéis dhímholta) agus an treoraíocht i gCaighdeán Bainistíochta Forbartha 69.

Teastaíonn Measúnú ar Rioscaí Tuile sonrach don Suíomh (FRA) do gach aighneachtaí pleanála i limistéir ag riosca méadaithe tuile, fiú d’fhorbairtí oiriúnacha don limistéar tuile áirithe. Braithfidh mionsonraí na FRA sonrach don suíomh sin ar an leibhéal riosca agus scála na forbartha. Déanfadh FRA mionsonraithe sonrach don suíomh rioscaí, éifeachtaí an mhaolaithe roghnaithe agus bainistíocht ar aon rioscaí iarmhartacha. Tabharfaidh an Comhairle aird ar thorthaí aon Staidéir CFRAM i measúnú na n-aighneachtaí pleanála.

Nuair a mholtar forbairt/úsáid talaimh nach bhfuil oiriúnach laistigh an Limistéir Tuile, ansin beidh ar an tairiscint forbartha teacht le Tástáil Fírinnithe Bhainistíocht Forbartha chomh maith le Measúnú ar Riosca Tuile sonrach don suíomh.

I Limistéar Tuile C, ina bhfuil dóchúlacht thuile íseal (níos lú ná 0.1%, Limistéar Tuile C), beidh Measúnú ar Riosca Tuile sonrach don suíomh ag teastáil agus ba chóir don fhorbróir a bheith sásta go bhfuil an féidearthacht thuile oiriúnach don fhorbairt á moladh.

 

FL 9                       SFRA na bPleananna Sraithe is Ísle

Déanfaidh pleananna sraithe is ísle SFRA (Measúnú ar Riosca Tuile Straitéiseach) i gcomhréir leis na Treoirlínte Bainistíochta ar Rioscaí Tuile.

 

FL 10                     SFRA/FRA agus Athrú Aeráide

Tabharfaidh SFRA agus FRA sonracha don suíomh faisnéis maidir le impleachtaí an athraithe aeráide ó thaobh riosca tuile i suíomhanna ábhartha. Breathnófar ar Dhréacht ar Threoraíocht OPW 2009 ar Mheasúnú do Chásanna Féideartha don Todhchaí um Bhainistíocht ar Rioscaí Tuile (nó aon cháipéis dhímholta) chuige sin.

 

FL 11                     FRA agus Measúnú ar Thionchar Comhshaoil (EIA)

D’fhéadfadh riosca tuile éifeacht chomhshaoil suntasach a chomhdhéanamh ar thairiscint forbartha i gcúinsí áirithe a d’fhéadfadh siad EIA fo-thairsí a spreagadh. Dá bhrí sin, bheadh FRA mar chuid cinnte d’aon EIA déanta do thionscadail sa Chontae.

 

FL 12                     Iascaigh Intíre

Is aidhm polasaithe an Chomhairle comhairle a fháil, nuair is riachtanach, le Iascaigh Intíre na hÉireann, Páirceanna Náisiúnta agus Seirbhís Fhiadhúlra agus gníomhaireachtaí ábhartha eile i dtógáil bearta maolaithe i gContae na Gaillimhe.

 

FL 13                     CFRAM

Is cuspóir polasaí an Chomhairle cuntas a ghlacadh den pholasaí pleanála áitiúil agus é a chorprú i gcinnteoireacht, lena n-áirítear athruithe féideartha sa todhchaí don phlean seo, bearta CFRAM a d’fheadfadh a bheith foilsithe sa todhchaí, lena n-áirítear bearta infheistíochta pleanáilte chun riosca tuile a bhainistiú agus a laghdú.

 

FL 14                     Limistéir Leochaileacha ar Thuilte

Is aidhm pholasaithe an Chomhairle a chinntiú go dtabharfaidh aighneachtaí a bhaineann le forbairtí reatha i limistéir leochaileacha ar thuile mionsonraithe ar bhearta bainistíochta do rioscaí struchtúrtha agus neamh-struchtúrtha le cuimsiú, ach gan a bheith teoranta do shonraíochtaí na leibhéil urláir a leanas, leagan amach inmheánach, tógáil athléimneach do thuilte, pleanáil freagartha éigeandála, rochtain agus imeacht le linn eachtraí tuile.

 

FL 15                     Bainistíochta ar Rioscaí Tuilte

Cinntiú go ndéantar measúnú ar gach aon ghníomhaíocht bhainistíochta ar rioscaí tuile chun gníomhartha a shannadh chun leabú agus soláthar i gcomhair oiriúnaithe d’athruithe de réir leagtha amach i bPlean Oiriúnaithe Earnála d’Athrú Aeráide do Bhainistíocht ar Rioscaí Tuile ag an am.

 

FL 16                     Talamh Leasmhar

D’fhéadfadh aighneachtaí forbartha ar talamh aitheanta mar thalamh leasmhar a bheith íogair ar thuile, agus mar sin d’fhéadfadh rioscaí tuile sonrach do shuíomh a bheith ag teastáil sna suíomhanna sin.

14.7     Fuinneamh agus Acmhainn Inathnuaite

14.7.1  Forléargas ar Chúrsaí Fuinnimh na hÉireann

Braitheann Éire go mór fós ar bhreoslaí iontaise agus tá gá ann faoi láthair chun dhá thriain de riachtanais fuinnimh na tíre a allmhairiú ar chostas airgeadais suntasach do gheilleagar agus don chomhshaol. Bhí príomh-threochtaí i sciar breosla fuinnimh náisiúnta in 2019 achoimrithe ag SEAI mar a leanas:

  • Chomhdhéan breoslaí iontaise (87%) an phríomh-fhuinnimh in úsáid in 2019 lena n-áirítear Ola a chomhdhéanann 49% den riachtanas príomh-fhuinnimh iomlán, Gás Nádúrtha 31%, Gual 2.6% Móin 4.3%. 
  • Chomhdhéan inathnuaití dí-chomhbhailithe isteach sa ghaoth, hidrea, bithmhais agus inathnuaite eile ar iomlán 11% príomh-fhuinnimh. 
  • Chomhdhéan dramhaíl neamh-inathnuaite agus onnmhairithe leictreachais don fhuinneamh fhágtha in 2019. Bhí Éire ina hallmhaireoir leictreachais i 2019 don chéad uair ó 2015. Comhdhéanann allmhairithe glan fuinnimh 2.1% den fhuinneamh ginte ag 0.4% amháin den phríomh-fhuinneamh iomlán.
  • Leanann iompar mar an earnáil úsáide deiridh is mó. Chomhdhéan sé 42% d’ídiú iomlán fuinnimh.
  • Ídiú fuinnimh in Éirinn (timpeall 33.5% a theastaigh don téamhú, 35.4% iompair agus 31.2% leictreachais (Foinse: SEAI - Fuinneamh in Éirinn, 2020)

Léaráid 1 Sruthanna Fuinnimh in Éirinn 2018. Foinse: SEAI (Slándáil Fuinnimh in Éirinn, Tuarascáil 2020)

Taispeánann Léaráid 1 an deighilt idir fhuinneamh dúchasadh agus allmhairithe na hÉireann mar léaráid srutha le forléargas ar slándáil fuinnimh a thaispeánann gach cineál breosla agus imroinn úsáide deiridh. Léiríonn sé sin go raibh 67% d’fhuinneamh na hÉireann allmhairithe in 2018, ola don chuid is mó, a úsáidtear go háirithe i gcomhair iompair.  Gné thábhachtach eile le tabhairt faoi deara ná go bhfuil an chuid is mó leictreachais ginte faoi láthair ag gás nádúrtha.

14.7.2  Straitéis Fuinnimh

Is riachtanach soláthair fuinnimh slán le haghaidh fáis don todhchaí agus forbartha inbhuanaithe Chontae na Gaillimhe. Is riachtanach fuinneamh inbhraite agus ar chostas íseal i gcomhair ardchaighdeáin saoil do chónaitheoirí Chontae na Gaillimhe agus freisin le cinntiú gur áit tharraingteach é an Contae chun gnó a dhéanamh ann. D’ainneoin sin, is riachtanach a chinntiú go gcloítear le éilimh fuinnimh gan dochar don cháilíocht chomhshaoil. Éifeachtacht fhuinnimh, forbairt fhuinnimh inathnuaite agus dul ar aghaidh i dtreo geilleagair íseal-charbóin iad téamaí lárnacha an Phleain seo.

Tá ionchas Fuinnimh do Ghaillimh go dtí 2028 mar a leanas:

  • Laghdú in éileamh d’fhoinsí bhreosla neamh-inathnuaite, amhail gual agus ola, chomh maith le éileamh ardaithe do leictreachas ó gach earnáil, ag eascrú in úsáid fhuinnimh níos inbhuanaithe timpeall an chontae.
  • Meastar méadú suntasach in éileamh do leictreachas ag eascrú i laghdú in úsáid bhreoslaí iontaise. Fachtóir níos mó ann sin ná an earnáil Iompair, agus feithiclí leictreacha á bhforbairt agus de réir is a éiríonn siad níos forleathan, beidh laghdú ar úsáid ola ag an earnáil measta.
  • Meastar laghdú suntasach in úsáid guaile agus móna i gcomhair téamhaithe an tí i ngeall ar dhul chun cinn i dteicneolaíocht théamhaithe tí, feabhsuithe in insliú tí agus dlíthe nua a chuireann teorainn ar dhó breoslaí iontaise le haghaidh téamhaithe tí i ngeall ar oibleagáidí athraithe aeráide agus comhshaoil.
  • Leanfaidh gás nádúrtha ag imirt róil in aistriú go dtí geilleagar íseal-charbóin.
  • Sa téarma níos faide, beidh breoslaí iontaise athchurtha le foinsí fuinnimh inathnuaite i gContae na Gaillimhe i gcomhréir leis an Straitéis d’Fhuinneamh Inathnuaite 2012 - 2020 atá dírithe ar fhuinneamh a dhíchúpláil ó spleáchas ar bhreoslaí iontaise.
  • Is féidir teacht ar chur i bhfeidhm na dtargaidí agus cuspóirí polasaithe luaite sa Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite ullmhaithe do Chontae na Gaillimhe mar chuid de Phlean Forbartha an Chontae laistigh Aguisín 1.

14.7.3  Gréasán Leictreachais agus Gáis

Chun an geilleagar a dhí-charbónú, beidh méadú suntasach ag teastáil i bhforáil infreastruchtúir leictreachais oiriúnaigh chun cloí leis an bhfás in éileamh agus le cinntiú go bhfuil soláthair leictreachais éifeachtach inbhraite ar fáil do thithe, gnónna, agus don tionscal. Is riachtanach greille tarchurtha láidir chun infheistíocht thionclaíoch a mhealladh agus a choinneáil, chun soláthair fuinnimh iomaíocha a chinntiú, chun forbairt chothromaithe a bhaint amach, chun spleáchas a laghdú ar bhreoslaí iontaise, agus chun targaidí athraithe aeráide a bhaint amach.

D’fhoilsigh Eirgrid Plean Forbartha Tarchurtha (TDP) 2018-2027 d’fhorbairt ghréasáin tarchurtha na hÉireann agus idirnascadh thar tréimhse deich mbliana agus áirítear leis tionscadail a theastaíonn chun oibriúcháin an ghréasáin tarchurtha agus tionscadail féideartha an todhchaí ar féidir leo cuidiú chun riachtanais don todhchaí a thiomáint agus an Greille Náisiúnta a neartú. Sa TDP, tá Contae na Gaillimhe i Limistéar Pleanála an Iarthair agus aithníonn TDP go leor tionscadail nua mar riachtanach i nGaillimh idir 2020 agus 2032.

Cuireann an Comhairle fáilte agus tacaíocht roimh ionchuimsiú an Tionscadail Freagra Réigiúnaigh a bhaineann le infreastruchtúr ghreille tarchurtha 400kV sa RSES, i bhfianaise an easpa infreastruchtúir ardacmhainne tarchurtha a theastaíonn chun leas a bhaint as an acmhainn fuinnimh inathnuaite ard sa réigiún.

Imríonn an gréasán Gáis ról tábhachtach mar chuid den infreastruchtúr tacaíochta d’fhorbairtí fuinnimh inathnuaite. Imreoidh gás páirt thábhachtach i ngeilleagar fuinnimh na hÉireann don todhchaí.

Fiú le gluaiseacht shoiléir i dtreo fuinnimh inathnuaite san earnáil leictreachais ag fás, is dócha go mbraithfidh Éire ar ghás nádúrtha i gcomhair triain den ghiniúint leictreachais in 2030 chun tacú leis an aistriú go dtí geilleagair íseal-charbóin. Faoin ndáta sin, beidh Éire ag brath ar ghás allmhairithe ginte ó nuálaíochtaí i ndéantúsaíocht ghás dúchasaí.

Oibríonn Líonraí Gáis Éireann an Gréasán Tarchurtha Gáis in Éirinn agus léiríonn a Phlean Forbartha Gréasáin (NDP) 2018-2027 conas a dhéanfar an gréasán a sheachadadh thar tréimhse deich mbliana agus tugann sé measúnú freisin ar an éileamh sa todhchaí agus staid soláthair an ghréasáin. Aithníonn an NDP naisc phíblíne gháis reatha a fhreastalaíonn ar Chathair na Gaillimhe, Creachmhaoil, Tuam, Gort, Tíne, Baile Locha Riach, Béal Átha na Sluaighe agus Lios na gCeann. Léiríonn sé sin go bhfuil gréasán tarchurtha gáis bunaithe i gContae na Gaillimhe ar féidir leis tacú le forbairt fhuinnimh inathnuaite thar go leor codanna den Chontae. Tá úinéireacht ag Éire ar phíblíne tarchurtha gáis a ritheann ó thuaisceart go deisceart Chontae na Gaillimhe agus ceada slí cóngaracha.

Aidhmeanna an Pholasaithe Ghréasán Leictreachais agus Gáis

EG 1       Gréasán Gáis agus Acmhainn Ghiniúna

Tacú le forbairt an ghréasáin gáis agus acmhainn ghiniúna gaolmhar chun tacú agus méadú ar bhealach inbhuanaithe le fuinneamh leictreach inathnuaite ginte i gContae na Gaillimhe.
 

EG 2       Gréasáin Tarchurtha Leictreachais

(a) Tacú le forbairt ar ghréasán ghreille tarchurtha chun freastal go inbhuanaithe ar shruthanna athraitheacha fuinnimh inathnuaite ginte i gContae na Gaillimhe.

(b) Ní mór do thionscadail molta um ghiniúint fhuinnimh inathnuaite acmhainn an ghréasáin greille tarchurtha reatha a chur san áireamh chun an nasc greille tarchurtha optamach a shonrú don tionscadal, i gcomhréir le pleanáil agus forbairt inbhuanaithe cuí an limistéir.

(c) Maidir le forbairtí fuinnimh inathnuaite molta, ba chóir acmhainn ghreille tarchurtha a chur san áireamh mar sheasmhach nuair nach n-aithníonn an Plean Forbartha Tarchurtha, nó aon phlean coibhéiseach an TSO, bearta atreisithe infreastruchtúir mura féidir acmhainn an ghreille tarchurtha a chruthú.

(d) In ainneoin breithniúcháin comhshaoil agus éiceolaíocha, ba chóir don ródú naisc ghreille do thairiscintí forbartha gach bealach ailtéarnach a chur san áireamh a bhí faoi bhreathnóireacht, agus tionchar ábhartha a sheachaint ar an ngréasán bóthair, nuair is féidir. Ba chóir smaoineamh ar dhul faoin talamh nuair a shéanann sé aon tionchair aitheanta.

(e) Is tábhachtach go ndéantar an infreastruchtúr tarchurtha agus dáileacháin a éascú agus a chur ar fáil chun acmhainn fuinnimh inathnuaite a uasmhéadú do Chontae na Gaillimhe. Beidh idirbheartaíocht le Eirgrid, mar TSO, agus ailíniú lena phleananna agus straitéisí tarchurtha an-tábhachtach maidir leis sin.

 

EG3        Gréasáin Gáis Nádúrtha agus Sintéisigh

Seachadadh agus fairsingiú a éascú ar an infreastruchtúr Gáis Nádúrtha agus Sintéisigh i gcomhair stórais, tarchurtha agus giniúna fuinnimh ar fud an Chontae i gcomhair úsáide gnó/tionscail araon agus aird a thabhairt ar shuíomh na píblíne infreastruchtúir gáis reatha sin i measúnú ar na aighneachtaí pleanála.

14.8       Giniúint Fhuinnimh Inathnuaite

Le méaduithe measta sa daonra agus fás eacnamaíoch, táthar ag súil le fás in éileamh ar fhuinneamh sna blianta le teacht.  Is criticiúil soláthair slán athléimneach fuinnimh i gcomhair geilleagair feidhmeach, chun gur féidir brath air don téamhú, fuarú, agus breosla d’iompar, tionscal cumhchta, agus giniúint leictreachais.

Tagann fuinneamh inathnuaite ó fhoinsí nádúrtha atá athlíonta go leanúnach ag an nádúr agus dá bhrí sin, is ailtéarnach níos inbhuanaithe é sin dár gcuid spleáchais ar bhreoslaí iontaise. Príomh-fhoinsí ná fuinneamh na gaoithe, fuinneamh na gréine, fuinneamh uisce (hidrea, tonn agus taoide), fuinneamh geoiteirmeach (ó theas faoi dhromchla an domhain) agus bithmhaise (adhmad, dramhaíl in-bhithmhillte agus lomáin fuinnimh).

14.8.1    Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite an Údaráis Áitiúil

Fás inbhuanaithe d’fhuinnimh inathnuaite a éascú, ullmhaíodh Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite (LARES) don chontae mar chuid de phlean agus tá sé ar fáil in Aguisín 1. Luann an LARES acmhainneacht d’acmhainn fuinnimh inathnuaite agus is aidhm straitéiseach é le cinntiú go bhfuil na forbairtí sin lonnaithe mar is cuí, go heacnamaíoch agus inbhuanaithe sa fadtéarma. Ullmhaíodh an Straitéis ag glacadh san áireamh creata ábhartha Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus pleanála áitiúla agus treoirlínte.

Athchuireann LARES an Straitéis Fuinnimh Gaoithe le Plean Forbartha Contaena Gaillimhe 2015 (de réir athraithe).

Luann LARES an acmhainneact i gcomhair réimse acmhainní inathnuaite, lena n-áirítear bithfhuinneamh, micrea-inathnuaite, gaoithe, gréine, geoiteirmeach, hidrea, stóráil fuinnimh agus inathnuaite muirí (easchósta, tonnta agus fuinneamh na taoide). Aithníonn sé an cúnamh suntasach ar féidir leo a sheachadadh chun go mbeidh ár gcontae níos slán ó thaobh fuinnimh, gan bhrath chomh mór ar bhreoslaí iontaise traidisiúnta, ag bunú onnmhairíochta fuinnimh don todhchaí agus ag cloí le targaidí athraithe aeráide sannta. Aithníonn LARES an tábhacht a ghabhann le infreastruchtúr laistigh an chontae lena n-áirítear bóthair, leictreachais, gréasáin gáis agus iarnróid, agus cuanta. Leagann an Straitéis amach freisin targaidí acmhainne fuinnimh don chontae a chuideoidh le targaidí fuinnimh inathnuaite náisiúnta agus leis an aistriú go dtí geilleagar íseal-charbóin.

Aidhmeanna an Pholasaithe Fuinneamh Inathnuaite

RE 1                      Giniúint Fhuinnimh Inathnuaite agus áiseanna chúnta

Éascú agus tacú le leibhéil chuí giniúna fuinnimh inathnuaite agus áiseanna chúnta sa chontae chun cloí le targaidí fuinnimh inathnuaite náisiúnta, réigiúnacha agus an chontae, chun éascú le laghdú in astuithe CO2 agus cur chun cinn geilleagair íseal-charbóin;

 

Re 2                      Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite an Údaráis Áitiúil

Glacfar le aidhmeanna an pholasaithe agus Caighdeáin Bainistíochta Forbartha leagtha amach i Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite an Údaráis Áitiúil do Chontae na Gaillimhe mar aidhmeanna an pholasaithe agus caighdeáin bainistíochta forbartha chun cuspóra Phleain Forbartha Contae na Gaillimhe 2022-2028.

 

RE 3                      Forbairtí Fhuinnimh na Gaoithe

Cur chun cinn agus éascú le forbairtí ar fheirmeacha gaoithe in áiteanna oiriúnacha, ag tabhairt airde ar áiteanna an Chontae ainmnithe chun an chuspóra sin i Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite an Údaráis Áitiúil. Tabharfaidh an tÚdarás Pleanála measúnú ar aon tairiscintí d’aighneachtaí pleanála i gcomhair táirgthe fuinnimh na gaoithe i gcomhréir le Straitéis an Údaráis Áitiúil um Fhuinneamh Inathnuaite, DoEHLG Treoirlnte dÚdaráis Pleanála ar Fhorbairt Fhuinnimh na Gaoithe, 2006 (nó aon cháipéisí nuashonraithe/glactha in ionad sin), ag tabhairt aird mar is cuí ar an Treoir Gnáthóga agus ar aidhmeanna mionsonraithe an pholasaithe agus na Caighdeáin Forbartha leagtha amach i Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite an Údaráis Áitiúil.

 

RE 4                      Forbairtí Fhuinnimh na Gréine

Cur chun cinn agus éascú le forbairtí ar fheirmeacha gréine in áiteanna oiriúnacha, ag tabhairt airde ar áiteanna an Chontae ainmnithe chun an chuspóra sin i Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite an Údaráis Áitiúil. Tabharfaidh an tÚdarás Pleanála measúnú ar aon tairiscintí d’aighneachtaí pleanála i gcomhair táirgthe fuinnimh na gréine ag tabhairt aird mar is cuí ar an Treoir Gnáthóga agus ar aidhmeanna mionsonraithe an pholasaithe agus Caighdeáin Forbartha leagtha amach i Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite an Údaráis Áitiúil.

 

Re 5                      Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite

Tacú agus éascú le forbairt inbhuanaithe agus úsáid chuí as acmhainní fuinnimh inathnuaite agus infreastruchtúr gaolmhar sa Chontae, ag tabhairt airde mar is cuí ar an Treoir Gnáthóga agus ar aidhmeanna mionsonraithe an pholasaithe agus na Caighdeáin Forbartha leagtha amach ag Straitéis Fhuinnimh Inathnuaite an Údaráis Áitiúil mar a leanas:

  • Tarchur Fuinnimh Inathnuaite
  • Giniúint Fhuinnimh Inathnuaite
  • ‘Réimsí Straitéiseacha’ um fhorbairt fhuinnimh inathnuaite
  • Fuinneamh Gaoithe ar an gCladach 
  • Fuinneamh na Gréine
  • Bithfhuinneamh /Díleá Anaeróbach
  • Micrea-inathnuaití
  • Inathnuaití Muirí
  • Hidreafhuinneamh
  • Fuinneamh Geoiteirmeach
  • Teicneolaíochtaí Ailtéarnacha
  • Éifeachtacht agus Caomhnú Fuinnimh
  • Iompar Inbhuanaithe
  • Uath-tháirgeadh
  • Stóráil Cadhnra
  • Forbairtí Fhuinnimh na Gaoithe a Athchumhachtú agus a Athnuachan
  • Úinéireacht an Phobail

 

RE 6                      Pobal Tarchurtha Fuinnimh Oileáin Árann

Leanfaidh an Comhairle ag tacú le Comharchumann Fuinnimh Oileáin Árann, SEAI agus Údarás na Gaeltachta ina n-aidhm chun na Oileáin a fhorbairt mar neamhspleách fuinnimh agus an chéad phobal aistrithe fuinnimh in Éirinn.

 

RE 7                      Giniúint Fhuinnimh Inathnuaite -Aistriú chuig Geilleagar Íseal Charbóin

Leibhéil cuí giniúna fuinnimh inathnuaite a éascú agus tacú leo i gContae na Gaillimhe, ag smaoineamh ar an ngá chun aistriú i dtreo geilleagair íseal-charbóin agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. 

RE 7                       Renewable Energy Generation -Transition to a Low Carbon Economy

To facilitate and support appropriate levels of renewable energy generation in County Galway, considering the need to transition to a low carbon economy and to reduce dependency on fossil fuels. 

Clár ábhair

Baile