Caibidil 10 Oidhreacht Nádúrtha, Bithéagsúlacht agus Infreastruchtúr Glas/Gorm

Dúnta20 Bea, 2021, 09:00 - 30 Iúil, 2021, 16:30

 PDF

 

 "Obair a dhéanamh ar mhaithe le bithéagsúlacht agus oidhreacht nádúrtha a chosaint, a chaomhnú agus a bhainistiú, láithreáin a n-áirítear leo láithreáin ainmnithe ar leibhéal náisiúnta agus AE agus speicis agus gnáthóga cosanta taobh amuigh de láithreán ainmnithe, agus líonra infreastruchtúir ghlais/ghoirm a fhorbairt ar mhaithe le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an chontae".

10.1        Réamhrá

 Is acmhainn fhíorluachmhar é oidhreacht agus bithéagsúlacht shaibhir nádúrtha an Chontae atá tábhachtach dár ngníomhaíochtaí laethúla agus dár gcaighdeán beatha. Leis an bPlean seo iarrtar méid a dhéanamh ar mhaithe le bithéagsúlacht agus oidhreacht nádúrtha na láithreán ainmnithe agus neamhainmnithe sa Chontae a chosaint agus a fheabhsú, agus raon leathan tairbhí agus seirbhísí timpeallachta, sóisialta agus eacnamaíochta a chur ar fáil, lena n-áirítear bailte, sráidbhailte agus tuath atá mealltach a chur ar fáil ar mhaithe leis na pobail agus cuairteoirí.

Tá an bhithéagsúlacht ina bunús ag ár dtírdhreacha agus ár limistéir thaitneamhachta. Soláthraíonn sí bia agus uisce glan, deiseanna le haghaidh diúscairt dramhaíola, athchúrsáil cothaitheach, cosaint an chósta, agus stóráil agus maolú tuile. Is éard is bithéagsúlacht ann iomlán na speiceas agus na ngnáthóg ar fad agus iad ag obair le chéile chun beatha a ghiniúint agus a chothú. Tá oidhreacht agus bithéagsúlacht shaibhir nádúrtha ag an gcontae, lena n-áirítear roinnt gnáthóg éagsúil agus uathúil atá annamh in Éirinn agus sa chuid eile den domhan.

Is líonra de limistéir nádúrtha agus leathnádúrtha atá pleanáilte go straitéiseach é Infreastruchtúr Glas/Gorm, limistéir ag a bhfuil gnéithe timpeallachta eile atá deartha agus bainistithe chun raon leathan seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil, cosúil le híonú uisce, cáilíocht an aeir, spás le haghaidh fóillíochta agus maolú agus oiriúnú don athrú aeráide. D'fhéadfadh an líonra sin de spásanna glasa (talamh) agus gorma (uisce) feabhas a chur ar dhálaí timpeallachta agus, mar sin, ar shláinte agus cáilíocht beatha na saoránach. Chomh maith leis sin, tacaíonn sé le geilleagar glas, cruthaíonn sé deiseanna post agus feabhsaíonn sé bithéagsúlacht. Is é an líonra Natura 2000 cnámh droma an infreastruchtúir ghlais san AE. Uirlis a ndearnadh tástáil rathúil uirthi is eas pleanáil i leith Infreastruchtúr Glas chun tairbhí timpeallachta, eacnamaíochta agus sóisialta a chur ar fáil trí réitigh nádúrtha. I go leor cásanna, d'fhéadfadh sé spleáchas ar infreastruchtúr 'liath' a laghdú, infreastruchtúr a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh don timpeallacht agus bithéagsúlacht agus a bhíonn níos costasaí lena thógáil agus lena chothabháil.

10.2       Aidhmeanna Straitéiseacha

Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe leis na páirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí cuí chun feasacht, rannpháirtíocht, tairbhe, eolas agus tuiscint maidir lenár n-oidhreacht chomhroinnte a mhéadú d'fhonn ceannaireacht a thabhairt maidir lena chaomhnú, bainistiú agus cosaint cheart agus chun é a chosaint do na glúnta atá le teacht. Beidh sé sin ag teacht leis na haidhmeanna straitéiseacha seo a leanas:

  • Saincharachtar an Chontae, mar a shainíonn a oidhreacht nádúrtha, a bhithéagsúlacht agus a infreastruchtúr glas é, a chaomhnú, a bhainistiú, a chosaint agus a fheabhsú;
  • A chinntiú go gcloítear le riachtanais na dTreoracha Idirnáisiúnta agus Eorpacha agus na Reachtaíochta Náisiúnta maidir le hOidhreacht Náisiúnta, Bithéagsúlacht, Infreastruchtúr Glas/Gorm agus an tAthrú Aeráide;
  • A chinntiú go gcuirtear ceisteanna maidir leis an athrú aeráide san áireamh in Oidhreacht Náisiúnta, Bithéagsúlacht agus Infreastruchtúr Glas/Gorm;
  • Leanúint de ghníomhartha faoin bPlean Náisiúnta Oidhreachta, an Plean Gníomhaithe Náisiúnta um Bithéagsúlacht, agus Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2017 – 2022 a chur i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara ar fad, chomh maith le haon phlean a thiocfaidh ina dhiaidh na bpleananna sin;
  • Cruthú líonra chomhtháite chomhsheasmhaigh d'infreastruchtúr glas ar fud Chontae na Gaillimhe a chur chun cinn d'fhonn feabhas a chur ar nascacht, ionchuimsiú sóisialta, braistint láidir áite agus chun conairí fiadhúlra a chruthú.

10.3       Comhthéacs Straitéiseach

Ullmhaíodh an chaibidil seo i gcomhthéacs na bPleananna, Beartas agus Treoirlínte Eorpacha, Náisiúnta agus Réigiúnacha seo a leanas:

 

Treoir um Éin AE (2009/147/CE)

Treoir um Ghnáthóga AE (92/43/CEE)

Creat-treoir Uisce an AE (2000/60/CE)

Na hAchtanna um Fhiadhúlra 1976-2000

Creat Náisiúnta Pleanála – Éire 2040  

Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)

Plean Náisiúnta Oidhreachta (2002) agus Dréacht-Phlean Náisiúnta Oidhreachta (2019) – Oidhreacht 2030

Plean Gníomhaithe Náisiúnta um Bithéagsúlacht 2017 – Gníomhartha maidir le Bithéagsúlacht 2017-2021

Measúnacht Chuí na bPleananna agus na dTionscadal in Éirinn – Treoirlínte d'Údaráis Phleanála 2009

Treoirlínte d'Údaráis Phleanála agus An Bord Pleanála maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta a dhéanamh (RTRÁO 2013)

Infreastruchtúr Glas a Chruthú d'Éirinn – Feabhas a Chur ar Chaipiteal Nádúrtha le haghaidh Fholláine an Duine (2010)

Straitéis maidir le Glasbhealaigh Náisiúnta agus Réigiúnacha a Fhorbairt Amach Anseo,  2018

Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair 2020-2032 

An Straitéis Náisiúnta um Portaigh 2016

Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2017 – 2022

Plean Uile-Éireann um Pailneoirí 2015

Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail 2016 – 2022

10.3.1   An Creat Náisiúnta Pleanála

Iarrtar leis an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP) ár ngnáthóga tábhachtacha agus leochaileacha, tírdhreacha, oidhreacht náisiúnta agus spásanna glasa a chosaint agus meas a léiriú orthu. Aithníonn sé tábhacht na n-idirghaolmhaireachtaí idir bithéagsúlacht, oidhreacht nádúrtha, tírdhreach agus ár spásanna glasa. Luaitear sa CNP go dtabharfar pleanáil chomhtháite le haghaidh infreastruchtúr glas agus seirbhísí éiceachórais isteach i bpleananna reachtúla úsáide talún. Déanann sé tagairt freisin do thábhacht na ndúshlán bithéagsúlachta agus timpeallachta agus na reachtaíochta comhshaoil ar fad. Baineann Cuspóir Straitéiseach Náisiúnta 7 le taitneamhacht agus oidhreacht fheabhsaithe. Is é príomhaidhm an chuspóra sin a chinntiú go mbíonn ár mbailte agus sráidbhailte mealltach agus go bhféadfaidís dea-chaighdeán na beatha a chur ar fáil. Beidh gá le hinfheistíocht a dhéanamh i ríocht phoiblí atá deartha go maith, spásanna poiblí, páirceanna agus sráideanna san áireamh, chomh maith le hinfreastruchtúr fóillíochta. Áirítear leis freisin taitneamhachtaí i gceantair thuaithe, cosúil le páirceanna náisiúnta agus foraoise, turasóireacht atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí agus conairí ar nós glasbhealaí, gormbhealaí agus bealaí móna atá nasctha lenár n-oidhreacht thógtha, chultúir agus nádúrtha agus nach mór comhtháthú léi sin.

Tá sócmhainní nádúrtha an chontae luachmhar freisin ó thaobh gabháil carbóin de, rud a thacóidh le haidhmeanna maidir le maolú agus oiriúnú don athrú aeráide agus spriocanna náisiúnta maidir le bithéagsúlacht a bhaint amach. Mar sin, tá Cuspóir Straitéiseach Náisiúnta 8, Aistriú i dTreo Sochaí Ísealcharbóin atá Athléimneach i leith an Athraithe Aeráide, ach go háirithe ábhartha don chaibidil seo.

Tugtar na Cuspóirí Beartais Náisiúnta ábhartha seo a leanas faoi deara, lena n-áirítear Cuspóir Beartais Náisiúnta 59 a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chur ar stádas caomhantais na limistéar cosanta na speiceas cosanta agus feabhas a chur ar a mbainistíocht ach Treoracha AE ábhartha a chur i bhfeidhm. Leagtar síos le Cuspóir Beartais Náisiúnta 58 gur cheart pleanáil chomhtháite le haghaidh infreastruchtúr glas agus seirbhísí éiceachórais a thabhairt isteach in ullmhú na bpleananna reachtúla úsáide talún. Tá sé mar aidhm ag Cuspóir Beartais Náisiúnta 60 saintréithe saibhre oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann a chaomhnú agus a fheabhsú, agus tá sé mar aidhm ag Cuspóir Beartais Náisiúnta 61 éascaíocht a dhéanamh ar chosaint, bainistíocht agus athrú tírdhreacha. Féachtar le Cuspóir Beartais Náisiúnta 22 éascaíocht a dhéanamh ar fhorbairt turasóireachta, nascacht náisiúnta agus réigiúnach san áireamh, trí Straitéis Náisiúnta um Ghlasbhealaí, Gormbhealaí agus Bealaí Móna. Tá sé mar aidhm ag Cuspóir Beartais Náisiúnta 23 éascaíocht a dhéanamh ar fhorbairt tuaithe, spásanna glasa agus páirceanna, fad a chosnaítear an tírdhreach nádúrtha agus oidhreacht thógtha, rudaí atá an-tábhachtach do thurasóireacht faoin tuath.

10.3.2    Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta

Aithnítear sa Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE) an gá le bithéagsúlacht ár ngnáthóg agus speiceas cosanta a chaomhnú agus a fheabhsú, cosaint tírdhreacha agus oidhreachta san áireamh, d'fhonn ár n-infreastruchtúr glas a aithint, a chosaint agus a fheabhsú. Ar an mbealach sin, cinnteofar bainistíocht inbhuanaithe ár n-acmhainní nádúrtha, forbrófar athléimneacht i leith an athraithe aeráide, tacófar leis an aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin agus cosnófar timpeallacht nádúrtha shláintiúil chun uisce agus aer glan a áirithiú.

Leis na Cuspóirí Beartais Réigiúnacha seo a leanas, 5.4, 5.5, 5.7 agus 5.22, cuirtear caomhnú agus cosaint na láithreán ainmnithe agus neamhainmnithe chun cinn ar mhaith le seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais, measúnacht timpeallachta san áireamh. Le Cuspóir Beartais Réigiúnach 4.6, tacaítear le hinfheistíocht in áiseanna a spreagfaidh forbairt inbhuanaithe ár n-oidhreachta nádúrtha agus tógtha. Le Cuspóir Beartais Réigiúnach 4.12 spreagtar fóillíocht bunaithe san uisce atá íogair d'acmhainní oidhreachta nádúrtha agus cultúir. Le Cuspóir Beartais Réigiúnach 4.14, cuirtear forbairt na mbealaí comhtháite siúil, rothaíochta agus marcaíochta chun cinn ar fud an réigiúin mar ghníomhaíocht do chuairteoirí idirnáisiúnta agus do thurasóirí áitiúla. Is é is aidhm le Cuspóir Beartais Réigiúnach 4.15 ár n-oidhreacht chósta, seandálaíocht agus ár n-oidhreacht thógtha a chosaint agus a chaomhnú. Is é is aidhm le Cuspóir Beartais Réigiúnach 5.23 iniúchadh a bhunú ar phortaigh agus tailte portaigh atá ídithe sa réigiún agus láithreáin straitéiseacha agus tairiscintí a bhfuil luach réigiúnach ag baint leo a aithint, cosúil le fuinneamh inathnuaite, turasóireacht, bithéagsúlacht, maolú i leith an athraithe aeráide, oideachas, fóillíocht agus áineas.

 Tacaíonn an SRSE le Líonra Straitéiseach Glasbhealaí a sholáthar ar mhaithe le Straitéis Iompair na Gaillimhe. Mar chuid de sin, tá an Rotharbhealach Náisiúnta ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, An Glasbhealach Cósta ó Órán Mór go Bearna agus an Glasbhealach ó Ghaillimh go dtí An Clochán.

10.4        Gníomhú ar son na hAeráide

In 2019, d'fhógair Éire éigeandáil aeráide agus bithéagsúlachta. Aithníodh go bhfuil éiceachórais agus gnáthóga sláintiúla an-tábhachtach do bhearta maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide. Mar gheall ar bhainistíocht inbhuanaithe talún, déanfar cinnte de nach mbeidh tionchar diúltach ag athruithe ar úsáid talún ar chumas na timpeallachta nádúrtha déileáil le tionchair an athraithe aeráide, bearta maolaithe i leith riosca tuilte san áireamh.  Chomh maith leis sin, feabhsóidh sé sin cáilíocht uisce, caomhnú dúlra agus bithéagsúlacht.  Tá go leor tairbhí ag baint le hInfreastruchtúr Glas/Gorm agus seirbhísí éiceachórais a chomhtháthú in ullmhúchán na bpleananna reachtúla úsáide talún, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta dóibh, aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, acmhainní uisce a chosaint, bainistíocht tuile agus cáilíocht an uisce a fheabhsú, astaíochtaí breosla iontaise a laghdú agus iompar inbhuanaithe, conairí taistil ghníomhaigh agus conairí éiceolaíochta a fhorbairt.

10.5        Oidhreacht Éireann 2030

Is é Oidhreacht Éireann 2030 an Plean Náisiúnta Oidhreachta nua ina leagfar amach na príomhphrionsabail agus beartais maidir le hoidhreacht na hÉireann a chaomhnú agus a bhainistiú sa chéad deich mbliana eile agus ina dhiaidh sin. Soláthróidh Oidhreacht Éireann 2030 tuilleadh tacaíochta, ó thaobh beartais de, do thionchair an athraithe aeráide a mhaolú agus do bhithéagsúlacht a chosaint.

Forbraíodh Plean Gníomhaithe Náisiúnta um Bithéagsúlacht 2017 – Gníomhartha maidir le Bithéagsúlacht 2017-2021 ar bhealach atá ag teacht le straitéisí agus beartais bithéagsúlacht AE agus idirnáisiúnta. Aithnítear go bhfuil gníomhú áitiúil an-tábhachtach chun seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais a chosaint agus leagtar amach ann na bearta ar cheart d'Éirinn a dhéanamh chun caomhantas a chinntiú. Aithnítear sa Phlean freisin an ról tábhachtach atá ag Infreastruchtúr Glas maidir le spriocanna bithéagsúlachta a bhaint amach agus conairí éiceolaíochta a fhorbairt a ligeann do speicis gluaiseacht ar fud a ngnáthóige nádúrtha ar fad.

Aithnítear sa Phlean Náisiúnta Oidhreachta (2002) agus sa Dréacht-Phlean Náisiúnta Oidhreachta (2019) araon gur sócmhainn chomhchoiteann a roinntear go frithpháirteach í an oidhreacht agus nach mór do gach duine í a chosaint. Luaitear sa Phlean Náisiúnta Oidhreachta (2002) agus sa Phlean Náisiúnta um Bithéagsúlacht (2011) beartas náisiúnta agus aithnítear iontu tosaíochtaí náisiúnta maidir lenár n-oidhreacht náisiúnta a chosaint agus a bhainistiú. Aithníonn na pleananna sin gur sócmhainn chomhchoiteann í an oidhreacht agus go bhfuil freagracht orainn ar fad as a cosaint, agus go dtosaíonn an fhreagracht sin ag an leibhéal áitiúil.

Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2017 – 2022

Is plean straitéiseach 6 bliana é Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2017 – 2022 ina leagtar amach roinnt gníomhartha a bhfuil sé mar aidhm acu feasacht agus tuiscint a mhéadú, fad a chaomhnaítear agus a bhainistítear oidhreacht agus bithéagsúlacht an Chontae. Is beartas na Comhairle é tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2017 – 2022 agus aon phlean ina dhiaidh sin i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus faoi réir acmhainní a bheith ar fáil.

10.6       Oidhreacht Nádúrtha agus Bithéagsúlacht

10.6.1    Comhthéacs

Is acmhainn uathúil é oidhreacht agus bithéagsúlacht nádúrtha Chontae na Gaillimhe atá scaipthe ar fud an Chontae. Mar gheall ar éagsúlacht shaibhir an tírdhreacha agus an mhuirdhreacha, chomh maith leis an suíomh agus an aeráid, tá na gnáthóga nádúrtha agus leathnádúrtha i gContae na Gaillimhe an-éagsúil. Áirítear leis sin gnáthóga ar thalamh coillte, ar thalamh féaraigh, i mbogaigh, san fharraige, ar an gcósta, ar thalamh ard, in aibhneacha agus i lochanna. Tacaíonn an tírdhreach éagsúil sin le raon bithéagsúlachta, gnáthóg agus fiadhúlra.

Tá an bhithéagsúlacht sin faoi bhrú na forbartha agus na gníomhaíochta daonna. Tá cur chuige inbhuanaithe ag teastáil chun an oidhreacht nádúrtha a chosaint agus a chaomhnú. Cé nach féidir tuilleadh athruithe ar ár dtírdhreach, mar fhreagairt do riachtanais ár sochaí, a sheachaint, tá sé riachtanach cothromaíocht a aimsiú idir an fhorbairt sin agus na tionchair dhiúltacha a bhíonn ar oidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht an Chontae.

Is éard is caipiteal nádúrtha ann stoc sócmhainní nádúrtha na cruinne, geolaíocht, ithir, aer, uisce agus gach dúil bheo san áireamh. Is as an gcaipiteal nádúrtha sin a bhaineann daoine leas as raon leathan seirbhísí ar a dtugtar seirbhísí éiceachórais go minic, seirbhísí a chumasaíonn beatha an duine. Is éard is bithéagsúlacht ann iomlán na speiceas agus na ngnáthóg ar fad agus iad ag obair le chéile chun beatha a ghiniúint agus a chothú.

Tá na gnáthóga éagsúla sa Chontae ina gcuid de "líonra éiceolaíoch" a dhéanann éascaíocht ar ghluaiseacht na speiceas idir ceantair agus a chinntíonn go bhfeidhmíonn agus go maireann an raon éagsúil gnáthóg agus speiceas sa Chontae ar bhealach éifeachtach. Cuireann líonraí éiceolaíochta cur chuige spásúil atá bunaithe ar líonra i leith bithéagsúlacht a chaomhnú ar fáil. Tá sé sin éagsúil leis an gcur chuige atá bunaithe ar shuíomh i leith sonrú comhshaoil, mar úsáidtear 'conairí' nó 'céimeanna aistir' a thacaíonn le himirce, scaipeadh agus gluaiseachtaí laethúla na speiceas idir na 'príomhcheantair' agus, dá bharr sin, cuireann siad le córas éiceolaíoch atá níos comhtháite agus níos feidhmiúla.

Faoi Alt 9 den Acht um Fhiadhúlra (Leasú), 2000, leagtar síos freagracht reachtúil chun 'caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche a chur chun cinn'. Is é an príomh-mhodh lena bhaint amach an Plean Náisiúnta um Bithéagsúlacht. Ar phríomhchoincheapa an phlean sin, roinnfeadh údaráis áitiúla (agus gníomhaireachtaí eile) an fhreagracht as bithéagsúlacht a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe.

Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, faoi choimirce na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, freagrach as Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LONanna), Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCSanna) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LfCSanna) a ainmniú. Is próiseas leanúnach é láithreáin a ainmniú de réir mar a leasaítear agus a athraítear teorainneacha agus a chuirtear láithreáin nua leis. Tabharfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe aird ar aon leasú nó athrú de réir mar a chuireann an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, in iúl di.

Ar aon dul le beartas náisiúnta agus réigiúnach agus i gcomhréir le beartais a leagtar amach i rith an doiciméid seo, is téama bunaidh an Phlean Forbartha Contae é Cáilíocht na Beatha i gContae na Gaillimhe a chosaint agus a fheabhsú, ar táscaire riachtanach de sin é timpeallacht ar ardchaighdeán. Tá sé bunriachtanach bithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.

10.6.2   Oidhreacht agus Reachtaíocht Náisiúnta

Ghlac an Coimisiún Eorpach leis an Straitéis Bithéagsúlachta nua de chuid an AE go dtí 2030 agus an Plean Gníomhaithe lena mbaineann. Is plean cuimsitheach uaillmhianach fadtéarmach é chun an dúlra a chosaint agus chun díghrádú na n-éiceachóras a thiontú.

Is é is aidhm leis an Acht Oidhreachta, 1995 'suim an phobail i gcosaint na hoidhreachta náisiúnta agus eolas agus tuiscint an phobail ar an gcosaint sin a chur chun cinn'. Éilítear leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) nach mór cuspóirí éigeantacha a bheith san áireamh le gach Plean forbartha, cuspóirí a bhaineann leis an oidhreacht nádúrtha a chaomhnú agus le láithreáin Eorpacha agus aon láithreán eile a fhéadfar a fhorordú a chaomhnú.

Leis an Treoir um Éin (1979), an Treoir um Ghnáthóga (1992) agus na Rialacháin um Éin agus Gnáthóga, 2011, soláthraítear cosaint dhleathach do ghnáthóga agus speicis a bhfuil tábhacht ag baint leo ag leibhéal na hEorpa. Cosnaíonn sé gnáthóga agus speicis ar de leas an Chomhphobail iad trí líonra láithreán ar fud an AE a bhunú agus a chaomhnú. Tugtar Natura 2000, Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCSanna) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LfCSanna) ar na láithreáin sin. Leagtar amach sa Treoir um Ghnáthóga trialacha cinnteoireachta le haghaidh pleananna agus tionscadal ar dócha go mbeidh tionchair acu ar Láithreáin Eorpacha agus bunaítear an gá le Measúnacht Chuí (MC).

Is é an tAcht um Fhiadhúlra, 1976, arna leasú, an phríomhreachtaíocht náisiúnta a dhéanann foráil d'fhiadhúlra a chosaint agus do roinnt gníomhaíochtaí a rialú a d'fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar fhiadhúlra. Leagtar amach san Ordú um Flora (Cosaint), 2015, liosta reatha na speiceas planda atá faoi chosaint Alt 21 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, arna leasú. Anuas air sin, dhaingnigh Éire roinnt coinbhinsiún agus comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann lenár n-oidhreacht.

10.6.3    Láithreáin Ainmnithe

Tá éagsúlacht mhór speiceas agus gnáthóg i gContae na Gaillimhe, nach mór limistéir a ainmniú ina leith lena gcosaint agus lena gcaomhnú mar gheall ar a dtábhacht ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta. Mar cosnaíonn reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta na limistéir thábhachtacha agus luachmhara oidhreachta sa Chontae. Tá trí phríomhchineál ainmnithe ann: Limistéir Chaomhantais Speisialta (LfCS); Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LCS); agus Limistéar Oidhreachta Náisiúnta (LON)

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as láithreáin a ainmniú. Ach tá sé mar aidhm ag an gComhairle cinnte a dhéanamh de go gcosnaítear iad amach anseo. Anuas air sin, tá bearta eile ann ar féidir úsáid a bhaint astu chun láithreáin a bhfuil tábhacht ag baint leo a ainmniú, cosúil le láithreáin Ramsar faoin gCoinbhinsiún um Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo.

10.6.4    Limistéir Chaomhantais Speisialta Féideartha

Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCSanna) – roghnaítear na láithreáin sin chun speicis planda agus ainmhí (nach éin iad) agus gnáthóg atá liostaithe in Aguisín I agus Aguisín II den Treoir um Ghnáthóga (92/43/CEE) de chuid an AE, faoi seach, a chaomhnú agus a chosaint.

10.6.5    Limistéir faoi Chosaint Speisialta

Na Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LfCSanna) agus na Limistéir faoi Chosaint Speisialta fhéideartha (LCSfanna) – roghnaítear na láithreáin sin chun speicis áirithe éin agus a ngnáthóga a chaomhnú agus a chosaint, speicis agus gnáthóga a ainmnítear faoin Treoir um Éin 2009 (2009/147/CE) (a glacadh den chéad uair in 1979) de chuid an AE agus a trasuíodh i ndlí na hÉireann leis na Rialacháin um Éin Fhiáine a Chaomhnú (I.R. 291 de 1985).

10.6.6    Limistéir Oidhreachta Nádúrtha

Ainmnítear Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LONanna) agus Limistéir Oidhreachta Nádúrtha fhéideartha (LONfanna) faoin Acht um Fhiadhúlra (Leasú), 2000, agus clúdaíonn siad gnáthóga, tírghnéithe agus gnéithe geomoirfeolaíocha nádúrtha agus leathnádúrtha a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo.

10.6.7   Treoracha Eorpacha, Natura 2000 agus Measúnachtaí Timpeallachta

 Ar leibhéal na hEorpa, éilítear leis an Treoir um Ghnáthóga (92/43/CEE) agus an Treoir um Éin (2009/147/CE) go n-aithnítear agus go gcosnaítear Limistéir Chaomhantais Speisialta (LfCSanna) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LfCSanna) a chruthaíonn líonra de limistéir chosanta d'fhiadhúlra le chéile, ar a dtugtar an líonra Natura 2000, ar fud an Aontais Eorpaigh. Is cuid de raon beart a bhfuil sé mar aidhm acu gnáthóga agus speicis thábhachtach nó atá i mbaol a chaomhnú é ainmniú na láithreán sin. Tá fardal na láithreán limistéar cosanta ar Chlár na Limistéar Cosanta de chuid na Treorach Réime Uisce freisin. Áirítear leis limistéir a ainmnítear chun gnáthóga agus speicis a chosaint.

10.6.8    Tearmann Dúlra Reachtúil

Tá ocht dTearmann Nádúrtha Reachtúla i gContae na Gaillimhe. Is limistéir thábhachtacha don fhiadhúlra iad atá faoi chosaint ordú ón Aire agus tá siad faoi úinéireacht an Stáit.

10.6.9     Tearmann Éan

Is limistéir iad Tearmainn Éan nach bhfuil san áireamh san 'Ordú Séasúir Oscailte' ionas gur féidir le héanlaith ghéim a scíth a ligean agus beathú gan aon rud cur isteach orthu.Ní cheadaítear éanlaith ghéim a scaoileadh sna tearmainn sin. Tá dhá thearmann éan uisce géim sa chontae.

10.6.10   Speicis Chosanta Plandaí agus Ainmhithe

Cosnaíonn an dlí speicis áirithe planda, ainmhí agus éin.  Áirítear leis sin speicis planda atá liostaithe san Ordú um Flora (Cosaint), 1999 (nó aon Ordú den chineál sin), agus ainmhithe agus éin atá liostaithe san Acht um Fhiadhúlra, 1976, agus in ionstraimí reachtúla ina dhiaidh sin, iad siúd atá liostaithe in Aguisín IV den Treoir um Ghnáthóga (92/43/CEE), agus iad siúd atá liostaithe in Aguisín I den Treoir um Éin.

10.6.11  Láithreáin Eorpacha agus Measúnacht Chuí

 Is é atá sna Treoirlínte Breise d'Údaráis Pleanála – Measúnacht Chuí ar Phleananna agus Tionscadail in Éirinn 2009 (a leasaíodh in 2010) treoirlínte a bhfuil sé mar aidhm acu tacaíocht agus treoir a thabhairt d'údaráis pleanála maidir le hAirteagal 6(3) agus Airteagal 6(4) den Treoir um Ghnáthóga a chur i bhfeidhm mar a bhaineann sé lena róil, feidhmeanna agus freagrachtaí as Measúnacht Chuí a dhéanamh ar phleananna agus tionscadail. Baineann sé le pleananna agus tionscadail a bhfaigheann údaráis phoiblí iarratas ar thoiliú ina leith, agus le pleananna agus tionscadail is mian leis an údarás poiblí a dhéanamh nó a ghlacadh. Leagtar amach sna Treoirlínte na céimeanna éagsúla a bhíonn ag teastáil chun cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an féidir plean nó tionscadal a chur i bhfeidhm gan tionchar diúltach a imirt ar shláine láithreáin Eorpaigh nó nach féidir.

10.6.12  Measúnacht Tionchair Timpeallachta

Is próiseas é Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT) trína ndéantar scrúdú ar na tionchair thimpeallachta a d'fhéadfadh tionscadal féideartha a bheith aige trí Thuarascáil maidir le Tionchar Timpeallachta a ullmhú. Is tuarascáil nó ráiteas é sin maidir leis na tionchair, idir thionchair thimpeallachta agus thionchair shóisialta agus chultúir, a bheadh ag an tionscadal beartaithe ar an timpeallacht ghlactha. Ullmhaíonn an forbróir é chun eolas a dhéanamh don phróiseas Measúnachta Tionchair Timpeallachta.

Liostaítear na tionscadail a bhfuil Measúnacht Tionchair Timpeallachta ag teastáil ina leith in Aguisín I agus Aguisín II den Treoir MTT arna leasú. Tá riachtanais éigeantacha MTT ag baint le tionscadail atá liostaithe in Aguisín 1 den Treoir MTT. Socraíodh tairseacha le haghaidh thionscadail Aguisín II i Reachtaíocht na hÉireann. Ach d'fhéadfadh go mbeadh MTT ar an tionscadal ag teastáil fiú mura sáraíonn an tionscadal an tairseach ábhartha, dá bhféadfadh tionchair shuntasacha a bheith aige ar an timpeallacht. Trasuíodh na tionscadail Aguisín I agus Aguisín II in Alt 5 (Cuid 1 agus Cuid 2) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú.

10.6.13  Measúnacht Tionchair Éiceolaíochta

 Is modh é an Mheasúnacht Tionchair Éiceolaíochta (MTÉ) chun gnáthóga íogaire atá taobh amuigh de láithreáin ainmnithe a chosaint. Úsáidtear é maidir le haon fhorbairt bheartaithe ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar speicis annamha nó speicis atá i mbaol, lena n-áirítear na speicis sin atá cosanta ag an dlí agus a ngnáthóga.  Tá sé tábhachtach a chinntiú go dtugtar bearta cuí seachanta agus maolaithe isteach i dtograí forbartha mar chuid d'aon mheasúnacht tionchair éiceolaíochta d'fhonn measúnú a dhéanamh ar thionchair fhéideartha ar bhithéagsúlacht

10.6.14  Bithéagsúlacht taobh amuigh de Láithreáin Chosanta/Láithreáin Neamhainmnithe

Tá sé tábhachtach a aithint nach mbaineann caomhnú an dúlra le láithreáin ainmnithe amháin agus a admháil gur gá le gnáthóga agus tírdhreacha neamhainmnithe a chosaint agus le héagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú, éagsúlacht atá le fáil i ngnáth-thírdhreacha an Chontae. Ní féidir láithreáin annamha chosanta a mhaireachtáil go neamhspleách ar a dtimpeallacht. Bíonn luach ard nádúrtha ag gnéithe dár dtírdhreach ina gceart féin agus is minic a chuireann siad naisc agus conairí ríthábhachtacha ar fáil chun cur ar chumas plandaí agus ainmhithe bogadh idir láithreáin chosanta.

Lasmuigh de theorainneacha na láithreán ainmnithe a liostaíodh roimhe laistigh den Chontae, tá limistéir eile ann a chuireann gnáthóga tábhachtacha ar fáil dár bhflóra agus fána, speicis leochaileacha san áireamh. Tá siad ina gcuid de líonra leathan de spásanna nasctha a chuireann le hOidhreacht Nádúrtha an Chontae.

10.6.15   Líonraí Éiceolaíochta

Is córais bheo iad uiscebhealaí intíre, lochanna, aibhneacha agus sruthanna san áireamh, a bhfuil luach ard bithéagsúlachta áitiúla ag baint leo mar gheall ar na gnáthóga a mbaineann leo, agus feidhmíonn siad mar chonairí éiceolaíocha a nascann gnáthóga bainteacha/láithreáin ainmnithe, agus ar an mbealach sin cuireann siad ar chumas speiceas bogadh eatarthu. Tá luach ard bithéagsúlachta áitiúla ag baint le crainn agus fálta sceach seanbhunaithe agus cuireann siad le nascacht éiceolaíoch. Ba cheart gnéithe a chuireann le líonraí éiceolaíochta a chruthú a choinneáil agus a chur san áireamh sna pleananna dearaidh le haghaidh tograí forbartha.

10.6.16  Ialtóga agus Solas

 Ní mór measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar thionchar na soilse ar ialtóga agus ar a bhfaraí agus ar an tionchar a bheadh ag oibiachtaí d'oidhreacht chultúir a shoilsiú, i dtaca le forbairtí nua agus le córais soilsithe reatha a uasghrádú.

Cuspóirí Beartais maidir le hOidhreacht Nádúrtha agus Bithéagsúlacht

ONB 1        Oidhreacht Nádúrtha agus Bithéagsúlacht na Láithreán, Gnáthóg agus Speiceas Ainmnithe 

Láithreáin oidhreachta nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú, más féidir, faoin Reachtaíocht AE agus Reachtaíocht Náisiúnta (An Treoir um Ghnáthóga, An Treoir um Éin, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011, agus na hAchtanna um Fhiadhúlra), agus aon bhreiseanna nó athruithe ar na láithreáin a fhéadfaidh tarlú le linn shaolré an phlean seo a chur san áireamh.  

Na speicis planda agus ainmhíocha agus a ngnáthóga a aithníodh faoin reachtaíocht Eorpach (an Treoir um Ghnáthóga agus An Treoir um Éin) agus atá cosanta faoi Reachtaíocht náisiúnta (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011, (I.R. 477 de 2011), na hAchtanna um Fhiadhúlra 1976-2010 agus an tOrdú um Flora (Cosaint) (I.R. 94 de 1999) a chosaint agus, más féidir, a fheabhsú.  

Tacú le hoidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, lena n-áirítear sláine na láithreán Eorpach a chosaint, atá ina gcuid den líonra Natura 2000; tacú le Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, Limistéir Oidhreachta Nádúrtha fhéideartha, Láithreáin Ramsar, Tearmainn Nádúrtha, Tearmainn Éan Fiáine a chosaint (chomh maith le haon láithreáin ainmnithe eile, aon ainmniú amach anseo san áireamh); agus forbairt an líonra ghlais/éiceolaíoch a chur chun cinn.
 

ONB 2        Láithreáin Eorpacha agus Measúnacht Chuí 

Airteagal 6 den Treoir um Ghnáthóga a chur i bhfeidhm agus cinnte a dhéanamh de go ndéantar Measúnacht Chuí i dtaca le hoibreacha, pleananna agus tionscadail ar dócha go mbeidh tionchar acu ar láithreáin Eorpacha (LCSanna agus LfCSanna), cibé acu go díreach nó go hindíreach nó i gcomhar le haon phlean(anna) nó tionscada(i)l eile. Ní mór gach measúnacht a dhéanamh i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011.  Beidh ar gach tionscadal agus plean den chineál sin cloí le riachtanais reachtúla maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta, más cuí.

 

ONB 3        Láithreáin Eorpacha a Chosaint

Bunaithe ar an bplean seo (as féin nó i gcomhar le pleananna, cláir nó tionscadail eile etc.), ní cheadófar aon phlean, clár nó tionscadal etc. a dtagann tionchair shuntasacha charnacha, dhíreacha, indíreacha nó thánaisteacha astu ar láithreáin Eorpacha mar gheall ar a méid nó scála, tógáil talún, cóngaracht, riachtanais acmhainní, astaíochtaí (go talamh, uisce nó aer), riachtanais iompair, achar na tógála, oibriú, díchoimisiúnú nó mar gheall ar aon éifeacht eile.*

 

ONB 4        Measúnú Éiceolaíoch ar Bhithéagsúlacht 

Cinnte a dhéanamh de, más cuí, go gcosnaítear agus go gcaomhnaítear limistéir, láithreáin, speicis agus líonra éiceolaíochta a bhfuil luach bithéagsúlachta ag baint leo taobh amuigh de láithreáin ainmnithe. Más cuí, éileamh a dhéanamh go ndéantar measúnú éiceolaíoch ar fhorbairt nach bhfuil ceangailte go díreach le bainistiú na Láithreán Eorpach nó nach bhfuil riachtanach lena mbainistiú, nó ar Láithreán Eorpach molta agus ar dócha go mbeidh tionchair shuntasacha aige ar an láithreán sin, cibé acu go hindíreach nó go carnach. 

 

ONB 5        Nascacht agus Conairí Éiceolaíocha

Tacú le cosaint agus feabhas na nascachta bithéagsúlachta agus éiceolaíochta i láithreáin neamhainmnithe, lena n-áirítear talamh coillte, crainn, fálta sceach, tailte féaraigh leathnádúrtha, aibhneacha, sruthanna, foinsí nádúrtha uisce, bogaigh, claíocha cloiche, córais gheolaíocha agus gheomoirfeolaíocha, gnéithe tírdhreacha eile agus limistéir fiadhúlra lena mbaineann má tá siad ina gcuid den líonra éiceolaíochta agus/nó dá bhféadfaí breathnú orthu mar chonairí éiceolaíochta i gcomhthéacs Airteagal 10 den Treoir um Ghnáthóga.

 

ONB 6        Pleananna agus Straitéisí a Chur i bhFeidhm

Tacú le haon mholtaí ábhartha atá i bPlean Náisiúnta Oidhreachta 2030, an Plean Náisiúnta um Bithéagsúlacht, Plean Uile-Éireann um Pailneoirí agus an Straitéis Náisiúnta um Portaigh, agus aon phlean nó straitéis den chineál sin le linn shaolré an phlean sin, a chur i bhfeidhm. 

 

ONB 7        Bearta Maolaithe 

Bearta maolaithe a éileamh i gcásanna áirithe más léir gur dócha go mbeidh tionchar ar bhithéagsúlacht. Féadfar go n-áireofar leis na bearta sin, in éineacht le haon riachtanais shonraithe eile, limistéir fiadhúlra/conairí/páirceanna, fálta sceach, plandú crann, móinéir/riasca bláthanna fiáine agus limistéir eile a bhunú. Maidir le forbairt áiteanna cónaithe, i gcásanna áirithe, féadfar na bearta sin a dhéanamh in éineacht le spás oscailt agus/nó limistéir shúgartha a sheachadadh. 

 

ONB 8        Feasacht Mhéadaithe ar Bhithéagsúlacht agus Oidhreacht Nádúrtha an Chontae

Éascaíocht a dhéanamh ar fheasacht mhéadaithe ar bhithéagsúlacht agus oidhreacht nádúrtha an Chontae ach eolas a chur ar fáil d'úinéirí talún agus don phobal, i gcomhar le comhpháirtithe reachtúla agus eile. 

 

ONB 9        Ialtóga agus Gnáthóga Ialtóg a Chosaint 

Iarracht a dhéanamh ialtóga agus a bhfaraí, a limistéir bheathaithe, a gconairí eitilte agus a mbealaí timaistrithe a chosaint. Cinnte a dhéanamh de go mbeidh tograí forbartha i limistéir a d'fhéadfadh a bheith tábhachtach d'ialtóga, lena n-áirítear limistéir thalún coillte, gnéithe líneacha cosúil le fálta sceach, claíocha cloiche, uiscebhealaí agus fásra bruachánach lena mbaineann a fhéadfaidh úsáidí imirce/foráiste a chur ar fáil, faoi réir measúnacht chuí maidir leis na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ar ialtóga. Áireofar leis sin measúnú ar chaillteanas carnach na gnáthóige nó ar an tionchar ar dhaonraí agus gníomhaíocht ialtóg sa limistéar agus féadfar go n-áireofar leis sin suirbhé sonrach ar ialtóga. Tabharfaidh gairmí a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige/aici faoi mheasúnuithe agus, más dócha go mbeidh tionchair shuntasacha dhiúltacha ag forbairt ar dhaonraí agus gníomhaíocht ialtóg sa limistéar, féadfar cosc a chur le forbairt nó go n-éileofar bearta maolaithe agus/nó cúitimh, mar is cuí. Ní mór measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar thionchar na soilse ar ialtóga agus ar a bhfaraí agus ar an tionchar a bheadh ag oibiachtaí d'oidhreacht chultúir a shoilsiú, i dtaca le forbairtí nua agus le córais soilsithe reatha a uasghrádú. 

 

ONB 10        An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Pleananna Comhtháite Bainistíochta

Éilítear le hAirteagal 6(1) den Treoir um Ghnáthóga go mbunóidh Ballstáit na bearta riachtanacha caomhantais le haghaidh láithreáin Eorpacha agus, más gá, go mbeidh pleananna cuí bainistíochta atá deartha go sonrach do na láithreáin mar chuid de sin nó go gcomhtháthófar iad i bpleananna forbartha eile. Is tosaíocht reatha na Seirbhíse é cuspóirí caomhantais a bhaineann go sonrach le láithreáin a aithint. Féadfar pleananna bainistíochta a phlé ina dhiaidh sin. Má tá Pleananna Comhtháite Bainistíochta á n-ullmhú ag an tSeirbhís le haghaidh láithreáin Eorpacha (nó codanna díobh), rachfar i dteagmháil leis an tSeirbhís d'fhonn a chinntiú go gcomhtháthófar pleananna go hiomlán sa Phlean agus i bpleananna agus cláir eile, agus é mar rún aige sin go mbíonn pleananna den chineál sin praiticiúil, indéanta agus inmharthana agus go dtugann siad aird ar gach ceist éiceolaíoch, cultúir, sóisialta agus eacnamaíochta, iad a bhaineann le pobail áitiúla san áireamh.

 

ONB 11        Méadú ar Líon na gCuairteoirí ar Limistéir Leathnádúrtha, Bainistíocht Cuairteoirí agus Gnáthóg

Iarracht a dhéanamh aon mhéadú ar líon na gcuairteoirí a bhainistiú d'fhonn tionchair shuntasacha a sheachaint, caillteanas gnáthóige agus díshocrú san áireamh, agus mar chuid de sin cinnte a dhéanamh de go mbíonn aon tionscadal nua, cosúil le glasbhealaí, lonnaithe achar oiriúnach ó áiteanna atá íogair ó thaobh éiceolaíochta de, cosúil le criosanna bruachánacha.

Más cuí, déanfaidh an Chomhairle agus iad a fhaigheann cead forbartha faoin bPlean iarracht aon mhéadú ar líon na gcuairteoirí agus/nó aon athrú ar iompar cuairteoirí a bhainistiú d'fhonn tionchair shuntasacha a sheachaint, caillteanas gnáthóige agus díshocrú san áireamh. Féadfar a áireamh ar bhearta bainistíochta cinnte a dhéanamh de go mbíonn tionscadail agus gníomhaíochtaí nua achar oiriúnach ar shiúl ó áiteanna atá íogair ó thaobh éiceolaíochta de. Beidh Pleananna Bainistíochta Cuairteoirí/Gnáthóg ag teastáil i leith tionscadail mholta, de réir mar is ábhartha agus is cuí.
 

*Seachas mar a bhforáiltear dó in Airteagal 6(4) den Treoir um Ghnáthóga, is é sin caithfear: (a) nach bhfuil réiteach ar bith eile ar fáil; (b) go bhfuil cúiseanna dianriachtanacha leasa phoiblí sháraithigh ann le go rachaidh an plean ar aghaidh; agus (c) go bhfuil bearta cúitimh leordhóthanacha ar bun.

10.7        Acmhainní Uisce 

Beidh impleachtaí ag treoracha Eorpacha cosúil leis an gCreat-Treoir Uisce (CTU) agus an Treoir um Níotráití do Chontae na Gaillimhe agus do chaomhnú cháilíocht an uisce. Pléann an CTU le cáilíocht an uisce maidir le réimsí uisce, aibhneacha, lochanna, screamhuiscí, uiscí cósta, uiscí inbhir agus bogaigh san áireamh.

Leagtar amach sa Phlean Bainistithe Abhantrach d'Éirinn 2018-2021 na gníomhartha nach mór d'Éirinn a dhéanamh chun feabhas a chur ar cháilíocht an uisce agus 'dea-stádas' éiceolaíoch a bhaint amach i réimsí uisce (aibhneacha, lochanna, inbhir agus uiscí cósta) faoi 2027. Éilítear ar Éirinn freisin plean bainistíochta abhantrach a chur le chéile faoin CTU. Chuaigh cáilíocht an uisce in olcas le scór bliain anuas. Aithnítear sa Phlean na foinsí féideartha truaillithe agus sna bearta éigeantacha den CTU na gníomhartha atá riachtanach d'fhonn feabhas a chur ar cháilíocht an uisce sa réigiún. Soláthraítear leis an bPlean creatlach níos comhordaithe le haghaidh cáilíocht an uisce a fheabhsú – chun sláinte phoiblí, an comhshaol agus saoráidí uisce a chosaint agus tionscail atá dian ó thaobh uisce de a chothú, gnó agraibhia agus turasóireacht san áireamh, go háirithe faoin tuath in Éirinn.

Cuspóir Beartais maidir le hAcmhainní Uisce

AU 1        Acmhainní Uisce  

Acmhainní uisce i limistéar an phlean a chosaint, lena n-áirítear aibhneacha, sruthanna, lochanna, bogaigh, foinsí uisce, turlaigh, cáilíocht uisce dromchla agus screamhuisce, chomh maith le huiscí dromchla, gnáthóga uisceacha agus bogaigh agus speicis fionnuisce agus speicis a bhraitheann ar uisce, i gcomhréir le riachtanais agus treoirlínte Chreat-treoir Uisce an AE 2000 (2000/60/CE), Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Beartas Uisce), 2003, (arna leasú), Plean Bainistíochta Ceantair Abhantraí 2018 - 2021 agus Treoracha AE eile, lena n-áirítear aon reachtaíocht náisiúnta agus treoirlínte beartais (aon leaganacha a théann ina ionaid san áireamh); agus aird a thabhairt do Phleananna Bainistíochta Fo-Abhantrach um Dhiúilicíní Péarla Fionnuisce freisin. 
 

AU 2        Pleananna Bainistíochta Abhantrach 

Is cuspóir beartais na Comhairle é an clár beart a forbraíodh ag Tionscadail Ceantair Abhantraí faoin gCreat-Treoir Uisce a chur i bhfeidhm, bearta a bhaineann le: idirghníomhaíocht idir uisce dromchla agus screamhuisce, substaintí dainséaracha, hidrea-mhoirfeolaíocht, foraoiseacht, córais cóireála fuíolluisce ar an láthair, sceitheadh bardasach agus tionsclaíoch, brúnna uirbeacha, asbhaintí. 

 

10.8       Bogaigh, Turlaigh, Uiscebhealaí

Is ceantar talún é bogach atá sáithithe le huisce go buan nó go séasúrach, agus áit a bhfuil an t-uiscechlár gar don dromchla nó ar an dromchla.  Sa Choinbhinsiún um Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo 1971, sainítear bogach mar: "limistéir réisc, eanaigh, talún portaigh nó uisce, idir nádúrtha agus shaorga, agus bhuan nó shealadach, ar a bhfuil uisce marbh nó uisce atá ag rith, fionnuisce, uisce goirt nó sáile, lena n-áirítear limistéir uisce mhuirí nach mbíonn níos doimhne ná sé mhéadar le lag trá". Cé go bhfuil bogaigh san áireamh le go leor limistéir chosanta, den chuid is mó bíonn bogaigh taobh amuigh de láithreáin chosanta. 

Féadfaidh "bogaigh" a bheith an-éagsúil ó thaobh an cuma atá orthu de, go páirteach mar gheall ar an áit a bhfuil siad agus ar an gcineál/na cineálacha fásra atá ann. Tá sraitheanna speisialta plandaí ann a oireann d'aimsir fhliuch agus, ós rud é go mbíonn dálaí éagsúla in áiteanna éagsúla, d'fhéadfadh meascán de ghnáthóga ina bhfuil pobail plandaí éagsúla a bheith i mbogach amháin.

Áirítear le bogaigh ár n-uiscebhealaí agus ár réimsí uisce, chomh maith le gnáthóga eile, riasca, seascainn, giolcarnaigh, portaigh agus tailte boga coillte san áireamh. Bíonn luach bithéagsúlachta an-ard ag baint leis na gnáthóga sin. Chomh maith leis sin, bíonn feidhmeanna eile acu a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus le cosaint ar thuile a chur ar fáil. Cé go bhfuil bogaigh san áireamh le go leor limistéir chosanta, tá formhór na mbogach taobh amuigh de láithreáin chosanta. Tá 5 mhórchineál bogaigh ann, mar seo a leanas:

  • muirí (bogaigh cósta, murlaigh cósta, cladaí carraigeacha agus sceireacha coiréil san áireamh);
  • inbhearach (deilteanna, riasca taoide, agus seascainn mangróibh san áireamh);
  • lochach (bogaigh a bhaineann le lochanna);
  • abhann (bogaigh in aice le haibhneacha agus sruthanna); agus
  • riascach (talamh féaraigh fhliuch, riasca, seascainn agus portaigh san áireamh).

Anuas ar bhogaigh a tharlaíonn go nádúrtha, tá bogaigh shaorga ann cosúil le linnte iasc, linnte feirme, talamh uiscithe talmhaíochta, taiscumar, poill gairbhéal, saoráidí cóireála séarachais, agus díoga draenála.

San áireamh leis na bogaigh i nGaillimh tá raon gnáthóg fiadhúlra ann, cosúil le portaigh ardaithe agus portaigh a bhfuil a mbarr bainte, riasca, seascainn, turlaigh, tailte boga coillte, lochanna agus linnte. Anuas air sin, soláthraíonn bogaigh seirbhísí tábhachtacha éiceachórais cosúil le cosaint ar thuilte, soláthar uisce ghlain agus stóráil carbóin. Cé go dtuigtear tábhacht na mbogach, tá siad fós i mbaol agus tá damáistiú fós á dhéanamh ag gníomhaíochtaí cosúil le draenáil agus inlíonadh.

Tá sé tábhachtach turlaigh a bhfuil tábhacht caomhantais áitiúil ag baint leo a aithint agus tuiscint a fháil ar na tionchair hidreolaíocha ar fhorbairt na dturlach. Tá roinnt turlach lonnaithe taobh istigh de ghnáthóga tosaíochta agus, dá réir sin, tá siad liostaithe in Aguisín I den Treoir um Ghnáthóga de chuid an AE.

Cuspóir Beartais maidir le Bogaigh, Turlaigh, Uiscebhealaí agus Seascainn

BTUS 1        Láithreáin Bogaigh

Oidhreacht éiceolaíochta agus bithéagsúlachta na láithreán bogaigh sa Chontae a chosaint agus a chaomhnú. Cinnte a dhéanamh de go dtugtar faoin leibhéal cuí measúnaithe maidir le gnáthóga bogaigh a mbaineann tograí leo a mbeadh draenáil nó míntíriú mar chuid díobh a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh d'aon bhogach sa chontae, nó a d'fhéadfadh aon bhogach a scoilteadh nó a dhíghrádú. San áireamh leis sin tá lochanna agus locháin, turlaigh, uiscebhealaí, foinsí uisce agus seascainn, riasca, eanaigh, tailte portaigh, roinnt coillte chomh maith le gnáthóga cósta agus muirí. Láithreáin Ramsar a chosaint faoin gCoinbhinsiún um Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo (go háirithe mar Ghnáthóg Éan Uisce). 

10.9        Tailte Portaigh

 Is bogaigh iad portaigh a bhfuil móin sa substráit acu den chuid is mó, portaigh a fhaigheann beathú ó bháisteach agus seascainn a fhaigheann beathú ó uisce dromchla agus screamhuisce san áireamh. Is gnáthóg an-annamh é portach ardaithe atá slán agus atá ag fás go gníomhach. Tá tábhacht idirnáisiúnta ag baint le portaigh ardaithe na hÉireann, arb ionann iad agus 50% de na portaigh ardaithe ar fiú a chaomhnú atá fágtha san Eoraip. I gContae na Gaillimhe, bíonn bratphortach ardtalún le fáil i réigiúin shléibhtiúla agus bratphortach ísealchríche/Atlantach le fáil ar thalamh íseal Chonamara agus i gceantair cois cósta. Tá portaigh ardaithe le fáil ar an talamh íseal i dtuaisceart agus in oirthear Chontae na Gaillimhe.

Is gnáthóg bhogaigh ar leith iad portaigh. Tá siad saibhir ó thaobh fiadhúlra de mar bíonn meascán de phlandaí agus ainmhithe iontu a d'fhorbair go sonrach lena bhfás i bportach. Is cartlann bheo iad portaigh mar bíonn iarsmaí plandaí agus déantán leathiontaisithe iontu. D'aimsigh seandálaithe go leor struchtúir iontacha sa mhóin agus faoina bun. Is tábhachtach an méid a dhéanann tailte portaigh nó portaigh chun leibhéil an uisce in abhantracha a rialú. Cuireann siad foinse uisce ar fáil nuair atá an aimsir tirim agus súnn siad barrachas uisce nuair atá an aimsir níos fliche. Gabhann agus coimeádann siad carbón agus is acmhainn nádúrtha thábhachtach iad ó thaobh dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Meastar gur gnáthóga tosaíochta iad bratphortaigh ghníomhacha agus portaigh ardaithe gníomhacha, atá liostaithe in Aguisín I den Treoir um Ghnáthóga de chuid an AE. Ach nuair a dhraenáiltear agus a bhaintear portaigh, ní féidir leo na feidhmeanna sin a dhéanamh go héifeachtach. Ina dhiaidh sin athraíonn portaigh draenáilte agus díghrádaithe ó shlogaidí carbóin go dtí foinsí an-mhóra carbóin. Beidh tairbhí ag baint le hathchóiriú na bportach go dtí a stádas nádúrtha ó thaobh chaomhnú an dúlra, an athraithe aeráide agus chosaint agus maolaithe tuile de.

Aithnítear le Beartas Náisiúnta agus Réigiúnach tábhacht agus luach straitéiseach na bPortach agus áirítear leis prionsabail threoracha shonracha lena gcur san áireamh maidir le forbairt ar thailte portaigh. Is tírdhreacha uathúla iad portaigh. D'fhéadfaidís feidhmiú mar limistéir thaitneamhachta don phobal áitiúil agus do chuairteoirí. Tacaíonn siad le gníomhaíochtaí allamuigh éagsúla, cosúil le cnocadóireacht, faire ar fhiadhúlra agus iascach, a mbíonn tairbhí eacnamaíochta ag baint leo i gceantair thuaithe. Is féidir portaigh a úsáid chun críocha eile, cosúil le fuinneamh inathnuaite, ar bhealach comhoiriúnach. Is acmhainn luachmhar talmhaíochta, bithéagsúlachta, pobail, oideachais agus turasóireachta iad portaigh freisin.

Tá liosta cuimsitheach gníomhartha sa 'Straitéis Náisiúnta um Portaigh 2016', gníomhartha atá riachtanach chun a chinntiú go ndéantar tailte portaigh na hÉireann a chaomhnú agus a chothú agus go ndéantar sócmhainní beo díobh do na pobail atá ina gcónaí in aice leo. Tá roinnt de na láithreáin sin in Oirthear na Gaillimhe faoi úinéireacht Bhord na Móna. Cé gur féidir úsáidí na láithreán sin amach anseo a shocrú ar bhonn suíomh ar shuíomh, aithnítear roinnt úsáidí a d'fhéadfadh a bhaint as portaigh ídithe san fhoilseachán de chuid Bhord na Móna, 'Creatlach Straitéiseach maidir le hÚsáid na bPortach Amach Anseo', mar seo a leanas: Fuinneamh Ailtéarnach (Fuinneamh Gaoithe, Bithmhaise, Gréine), Talmhaíocht, Turasóireacht agus Taitneamhacht, Gairneoireacht, Foraoiseacht, Bithéagsúlacht agus úsáidí a bhaineann leis an éiceachóras. Is príomhcheist dár gcontae é leas inbhuanaithe a bhaint as na húsáidí féideartha sin chun an tairbhe is mó eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach don chontae agus don réigiún.

Cuspóirí Beartais maidir le Tailte Portaigh

P 1        Tailte Portaigh a Chosaint

A chinntiú go gcaomhnaítear portaigh atá ainmnithe (nó atá molta lena n-ainmniú) mar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, Limistéir Chaomhantais Speisialta agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta mar gheall ar a n-acmhainneacht éiceolaíochta, rialaithe aeráide, oideachais, cultúir agus seandálaíochta, lena n-áirítear aon siúlbhealach seanbhunaithe (tóchair) trí phortaigh. 
 

P 2        Deachleachtas maidir le caomhnú agus bainistiú talún portaigh

Oibriú i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha maidir le gach láithreán oiriúnach portaigh chun deachleachtas maidir le caomhnú, bainistíocht agus teicnící athchóirithe inbhuanaithe portach a léiriú, agus a luach oidhreachta agus oideachais a chur chun cinn, faoi réir Measúnacht Tionchair Éiceolaíochta agus Scagadh Measúnachta Cuí, de réir mar is cuí.

 

P 3         Creatphleananna

Iarracht a dhéanamh tacaíocht a thabhairt do ghníomhaireachtaí ábhartha, cosúil le Bord na Móna, oibreacha athchóirithe le haghaidh tailte portaigh agus infreastruchtúr lena mbaineann a chur chun cinn, chun go n-úsáidfear tailte portaigh ar bhealach inbhuanaithe agus íogair ó thaobh an chomhshaoil de, cuspóirí taitneamhachta san áireamh leis na húsáidí sin.

 

10.10     Speicis Ionracha

 Is éard is speicis ionracha choimhthíocha ann ainmhithe agus plandaí a scaoileadh san fhiadhúlra de thimpiste nó d'aon ghnó, áit nach bhfuil siad le fáil de ghnáth agus a mbíonn tionchair dhiúltacha acu ar an timpeallacht. D'fhéadfadh speicis ionracha tionchair shuntasacha a bheith acu ar leasanna caomhnaithe agus eacnamaíochta, agus d'fhéadfaidís i gcásanna áirithe sábháilteacht an duine a chur i mbaol go hindíreach nó go díreach. D'fhéadfadh speicis ionracha andúchasacha, idir inveirteabraigh agus phlandaí, a bheith ina mbagairt mhór do bhithéagsúlacht áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus dhomhanda. D'fhéadfaí tionchar diúltach a imirt ar ghnáthóga talún nó uisceacha, agus d'fhéadfaí damáiste suntasach a dhéanamh d'éiceachórais, leasanna caomhantais agus eacnamaíochta, cosúil le talmhaíocht, foraoiseacht agus infreastruchtúr sibhialta, dá bharr. Ó am go chéile d'fhéadfaí sláinte phoiblí, ainmhíoch agus planda a chur i mbaol freisin. Tá seans ann go scaipfear speicis ionracha ó ghairdíní príobháideacha, úsáideoirí bád, gairneoireacht etc., e.g. glúineach bhiorach, rúbarb mór, agus an diúilicín riabhach inár lochanna. D'fhéadfadh speicis ionracha den chineál sin scaipeadh a thuilleadh mar gheall ar oibreacha tochailte agus tógála.

I measc na mbeart chun cosc a chur le agus fáil réidh le speicis andúchasacha, scaipfear eolas chun feasacht an phobail a ardú, glacfar le cóid chleachtais/bearta caighdeánacha bithshlándála mar chuid de ghnáthghníomhaíochtaí Údarás Áitiúil, rachfar i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha, cuirfear chun cinn úsáid na speiceas dúchasach i bplandú agus tírdhreachú taitneamhachta, agus taifeadfar speicis ionracha/andúchasacha de réir mar a thagann an gá chun cinn agus a cheadaíonn acmhainní. Iarrfaidh an Chomhairle freisin cosc a chur le scaipeadh na speiceas ionrach andúchasach trí ghluaiseacht an charta truaillithe a rialú.

Cuspóirí Beartais maidir le Speicis Ionracha

SI 1        Speicis Choimhthíocha Ionracha agus Speicis Ionracha a Rialú 

Is cuspóir beartais na Comhairle tacaíocht a thabhairt do bhearta chun cosc a chur le agus chun fáil réidh speicis ionracha. 
 

SI 2        Plean Bainistíochta um Speicis Ionracha

Cinnte a dhéanamh de nach scaiptear ná nach dtugtar isteach speicis ionracha de bharr tograí forbartha. Má mholtar forbairtí ar láithreáin ina bhfuil speicis ionracha faoi láthair nó ina raibh siad roimhe sin, beidh gá le plean bainistíochta um speicis ionracha. Beidh plean tírdhreachaithe ag teastáil le haghaidh forbairtí gar do réimsí uisce agus caithfear nach mbeidh speicis ionracha choimhthíocha mar chuid díobh.
 

10.11     Pailneoirí

Ghlac Comhairle Chontae na Gaillimhe le Plean Uile-Éireann um Pailneoirí arb é sin an iarracht uile-oileáin chun na laghduithe ar fheithidí pailnithe a thiontú. Bíonn tionchar ar phailneoirí ag gníomhartha gach uile dhuine, idir údaráis áitiúla, ghrúpaí pobail, fheirmeoirí, scoileanna, gharraíodóirí agus ghnólachtaí. I measc na rudaí is mó a chuireann leis an meath, tá caillteanas gnáthóige, truailliú, nimhiú trí cheimiceáin agus lotnaidicídí, pataiginí, seadáin agus an t-athrú aeráide.

Cuspóirí Beartais maidir le Pailneoirí

P 1        Plean Uile-Éireann um Pailneoirí a Sheachadadh

Éascaíocht a dhéanamh ar sheachadadh Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí más féidir.

10.12     Crainn, Tailte Coille, Fálta Sceach agus Claíocha Cloiche

Is luachmhar an méid a dhéanann crainn, tailte coillte agus fálta sceach ar mhaithe le bithéagsúlacht agus le tírdhreach agus taitneamhacht amhairc áitiúil ar fud Chontae na Gaillimhe. D'fhéadfadh crainn áirithe, nó níos minice ná sin grúpaí crann, a bheith ina gcomhpháirt thábhachtach den tírdhreach/bailedhreach áitiúil, de shuíomh na bhfoirgneamh, nó de chomhtháthú rathúil na forbartha nua sa tírdhreach. Tá an gá le pobail uirbeacha níos glaise agus níos inbhuanaithe ag méadú, agus tá an fheasacht ar luach na gcrann sna lonnaíochtaí uirbeacha sin ag fás freisin.

Tá fálta sceach ina gcomhartha sóirt ag tírdhreach an Chontae agus soláthraíonn siad conairí tábhachtacha gnáthóg agus fiadhúlra le haghaidh mamaigh bheaga, speicis éan agus speicis ialtóige. Faoin Acht um Fhiadhúlra (Leasú), 2000, tá cosc ar fhálta sceach (agus fásra neamhshaothraithe) a ghearradh le linn shéasúr neadaithe na n-éan (1 Márta go dtí 1 Meán Fómhair), seachas i gcásanna áirithe de réir an dlí.

Cuspóirí Beartais maidir le Crainn, Tailte Coille, Fálta Sceach agus Claíocha Cloiche

CTCFSCC 1        Crainn, Fálta Sceach, Teorainneacha Nádúrtha agus Claíocha Cloiche

Crainn thábhachtacha, cnuasaigh crann agus teorainneacha crann, talamh coillte ársa, teorainneacha nádúrtha, lena n-áirítear claíocha cloiche, fálta sceacha reatha go háirithe fálta sceach teorann cois bóthair agus baile fearainn atá saibhir ó thaobh speiceas de, a chosaint agus iarracht a dhéanamh lena gcoinneáil más féidir, agus cineál teorann atá den chineál céanna a chur in áit teorainn reatha. Cinnte a dhéanamh de go dtugann tograí nua forbartha aird ar chrainn/clampaí crann suntasacha agus go mbíonn gach scéim plandaithe oiriúnach don suíomh sonrach agus úsáid a bhaint as crainn dhúchasacha éagsúla Éireannacha agus fálta sceacha de speicis andúchasacha. Pleananna Bainistíochta Crann a iarraidh lena chinntiú go dtugtar cosaint leordhóthanach ar chrainn le linn forbartha agus go dtugtar isteach iad i ndearadh na bhforbairtí. 
 

CTCFSCC 2        Crainn agus Tailte Coillte a Phlandú

I gcomhar le Coillte agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus eagraíochtaí eile, plandú crann agus talamh coillte a spreagadh agus a chur chun cinn mar mhodh tábhachtach chun cur lena cuspóir, is é sin bithéagsúlacht, acmhainní nádúrtha, taitneamhacht, tírdhreach agus táirge turasóireachta an Chontae a chothú, a chosaint agus a fheabhsú. Tailte coillte pobail a spreagadh i gceantair uirbeacha/imill uirbigh trí úsáid a bhaint as maoiniú a bhíonn ar fáil trí scéimeanna cosúil le NeighbourWood agus na Scéimeanna um Choillte Dúchasacha. 

 

CTCFSCC 3        Foraoiseacht a Chosaint 

Gach limistéar suntasach foraoise duillsiltí a chosaint, seachas limistéir foraoiseachta tráchtála. Ba cheart go n-iarrfadh tograí forbartha sna limistéir sin idirghníomhú le nádúr an tírdhreacha de na limistéir foraoisithe agus a dteorainneacha, fad a chuirtear feabhas ar limistéir foraoisithe chun an luach bithéagsúlachta a mhéadú.

 

10.13    An Gheolaíocht, Eascracha

10.13.1   Láithreáin Seandálaíochta

Tá Contae na Gaillimhe aitheanta go forleathan mar gheall ar an oidhreacht gheolaíoch atá ann, ach tuigtear nó léirítear é seo don chuid is mó daoine mar an tírdhreach nó na radhairc atá ann. Ós rud é go bhfuil sé ar cheann de na contaetha is mó in Éirinn, agus toisc go bhfuil an bhuncharraig nochta go maith i go leor áiteanna ann, tá raon leathan de láithreáin oidhreachta geolaíochta lonnaithe ann. Mar sin féin, tá cuid den gheo-éagsúlacht is casta sa tír le fáil ann freisin agus fágtar dá bharr sin go bhfuil go leor láithreáin atá tábhacht leis ó thaobh na geolaíochta de.

Tá láithreáin atá tábhacht ó thaobh oidhreachta geolaíochta náisiúnta nó áitiúil sainaitheanta i gClár Oidhreachta Geolaíochta na hÉireann (IGH), agus tá siad sin rangaítear mar Láithreáin Gheolaíochta Contae (CGS) agus táthar tar éis iad a ghabháil isteach sa Phlean Oidhreachta Náisiúnta. Rinne Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (GSI) Clár Oidhreachta Geolaíochta na hÉireann a bhunú in 1998 i gcomhpháirt le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá sé mar aidhm ag an gclár sin láithreáin na hoidhreachta geolaíochta in Éirinn a shainaithint agus a roghnú lena n-ainmniú mar NHAnna amach anseo. Go dtí seo, níl aon láithreán geolaíochta atá ainmnithe go reachtúil mar NHA.

Aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann leis an oidhreacht gheolaíoch agus le gnéithe geolaíochta sa Chontae. In iniúchadh a rinneadh ar na láithreáin Oidhreachta Geolaíochta i gContae na Gaillimhe rinneadh 134 Láithreán Gheolaíochta Contae (CGS) a shainaithint agus tá an liosta curtha le chéile i gcomhairle le Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann. Téann cuid de na carraigeacha is sine sa Chontae chomh fada siar leis an Ré Ordaivíseach agus áirítear leo ceantair ghaineamhchloiche agus scealla atá suite i dtuaisceart an Chontae. Mar sin féin, is í an Aolchloch Charbónmhar atá ann sa chuid is mó de gheolaíocht bhuncharraige na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm ag Comhairle Chontae na Gaillimhe na córais thábhachtacha gheolaíochta agus gheo-mhoirfeolaíocha atá sa Chontae a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú agus iarracht a dhéanamh rochtain ar láithreáin dá leithéid a chur chun cinn nuair is féidir (féach aguisín 8).

Cuspóirí Beartais - Láithreáin Gheolaíochta

PG 1        Córais Gheolaíochta agus Gheo-Mhoirfeolaíocha 

Córais gheolaíochta agus gheo-mhoirfeolaíocha, láithreáin oidhreachta geolaíochta contae agus gnéithe a chosaint agus a chaomhnú ón bhforbairt mhíchuí a bhainfeadh óna luach oidhreachta agus ón méid is féidir a léirmhíniú uaidh, agus cinnte a dhéanamh de go ndéantar aon phlean nó tionscadal a théann i bhfeidhm ar chruthuithe carst, ar eascracha nó ar chórais gheolaíochta agus gheo-mhoirfeolaíocha tábhachtacha eile a mheasúnú go leordhóthanach i dtéarmaí an tionchair gheoifiscigh, idreolaích nó éiceolaích a d’fhéadfadh a bheith aige ar an gcomhshaol.

 

PG 2        Oidhreacht Gheolaíochta Chontae na Gaillimhe

Tacú le cur i bhfeidhm na moltaí atá déanta in Geological Heritage of County Galway – An Audit of County Geological Sites in County Galway (2019). Téigh i gcomhairle le Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann nuair a táthar ag tabhairt faoi forbairtí, nó nuair a táthar dá gceadú nó dá n-údarú forbairtí a bhfuil sé dóchúil go mbeadh tionchar acu ar na Láithreáin Gheolaíochta sa Chontae nó a mbeadh tochailtí suntasacha i gceist leo, lena n-áirítear láithreáin atá sainaitheanta in Geological Heritage of County Galway – An Audit of County Geological Sites in County Galway (2019). 

 

PG 3         Láithreáin Gheolaíochta a Chur Chun Cinn agus Rochtain Chur Orthu

Níos mó feasachta a spreagadh faoi na láithreáin oidhreachta geolaíochta sa chontae, an rochtain phoiblí ar láithreáin geolaíochta agus geomoirfeolaíocha a chur chun cinn, nuair is iomchuí, agus an fhorbairt mhíchuí a sheachaint.

 

10.13.2  Eascracha

Is éard is eiscir ná gné oighreach atá déanta as sraithe den ghaineamh agus den ghairbhéal a sil-leagadh iad ag deireadh na hOighearaoise. Aithníonn an Chomhairle an tábhacht uathúil a bhaineann le tírdhreach eascracha na Gaillimhe mar gheall ar an luach atá i gceist le ó thaobh na geolaíocha, na zó-eolaíochta, na luibheolaíocha, na heolaíocha de, agus mar thírdhreach freisin.

Cuspóir Bheartais - Eascracha

ESK 1         Córais Eascracha a Chosaint 

Tírdhreach, oidhreacht nádúrtha agus luach bithéagsúlachta na gcóras eiscir sa chontae a chosaint agus a chaomhnú.  Measúnú a dhéanamh ar iarratais ar an gcairéalú agus ar fhorbairtí eile atá beartaithe ag tagairt dá stádas nó dá dtábhacht choibhneasta, mar shampla, mar thaitneamhacht, mar thírdhreach agus mar luach eolaíoch i gcomhthéacs an chórais eiscir fhoriomláin. 
 

ESK 2        Limistéar Eascracha 

Aird a thabhairt do Mheasúnú Tírdhreacha Chontae na Gaillimhe agus na moltaí ann a bhaineann le limistéir eiscir chomh maith le haon tuarascálacha / sonraí ábhartha eile a thagann amach ina dhiaidh.
 

10.14   Lochanna Intíre, Uiscebhealaí

I measc uiscebhealaí intíre an Chontae, áirítear lochanna, aibhneacha, canálacha agus sruthanna. Is córais bheo iad ina bhfuil raon leathan gnáthóga agus speiceas le fáil. Feidhmíonn siad mar chonairí éiceolaíocha a nascann gnáthóga agus láithreáin ainmnithe agus cuirtear speicis éagsúla ar a gcumas taisteal ó áit go háit dá réir. Cuireann uiscebhealaí go mór le carachtar an tírdhreacha, leis an tírdhreach mar fhóntas agus leis an gcaighdéan saoil atá ag muintir an Chontae, agus cabhraíonn siad chomh maith chun tacú leis an tairiscint turasóireachta a ghabhann leis an gcontae agus áiseanna áineasa atá ann.

Cuid dhílis den chosaint do chóras uiscechúrsa is ea ‘Crios Bruachánach’ agus ba cheart go mbeadh sé leathan go leor chun an abhainn nó an uiscechúrsa a chosaint. Ba cheart an leithead roghnaithe a chur in oiriúint do shaintréithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán, leis an achar ón abhann nó le cladach locha. Tá sé tábhachtach go bhfuil an crios maolánach mór go leor chun sláine éiceolaíoch na habhann (agus an fásra nua ann san áireamh) a chosaint agus go mbíonn stair dhaonna an cheantair curtha san áireamh sa chrios bruachánach (fásra ar thaobh an bhruach lena n-áirítear crainn). Is é cuspóir beartais na Comhairle an crios seo a chosaint roimh an bhforbairt mhíchuí.

Cuspóir Bheartais - Lochanna Intíre, Uiscebhealaí

IW 1        Uiscebhealaí Intíre

(a) Cáilíocht, carachtar agus gnéithe na n-uiscebhealaí intíre a chosaint agus a chaomhnú tríd an rialú a dhéanamh ar fhorbairtí atá gar d’uiscebhealaí, idir uiscebhealaí inseolta agus neamh-inseolta araon, de réir threoirlínte an dea-chleachtais. 

(b) Lochanna agus uiscebhealaí intíre na Gaillimhe a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú ar mhaithe leis an taitneamhacht agus an taitneamhacht acmhainní áineasa a ghabhann leo.

(c) Criosanna bruachánacha na gcóras sruthchúrsa ar fud an Chontae a chosaint, ag aithint na dtairbhí atá le fáil uathu maidir leis an mbainistíocht riosca i gcás tuilte agus an chosaint do shláine éiceolaíoch na gcóras sruthchúrsa agus a chinntiú go ndéantar gcuirtear san áireamh iad sa chriosú úsáide talún sna Pleananna Ceantair Áitiúil.

(d) Tacóidh an Chomhairle go príomha le forbairt agus uasghrádú na nUiscebhealaí Intíre agus na saoráidí a ghabhann leo ar aon dul leis an reachtaíocht, an dea-chleachtas agus straitéisí bainistíochta ábhartha, chomh maith leis na príomhpháirtithe leasmhara agus comhlachtaí gaolmhara, agus Uiscebhealaí Éireann ina measc. 

(e) A chinntiú go mbeidh gach astarraingt uisce faoi réir measúnaithe chun na ceanglais faoi Airteagal 6 den Treoir um Ghnáthóga a chomhlíonadh. 

(f) Iarracht a dhéanamh rochtain bhreise a sholáthar ar bhruacha locha agus aibhneacha le haghaidh cearta slí poiblí, saoráidí páirceála agus saoráidí leataobh, nuair is iomchuí. 

(g) Beidh gá ann, i leith gach uile fhorbairt, cinnte a dhéanamh de go dtugtar faoi bearta cosanta ithreach leordhóthanacha, nuair is iomchuí, lena n-áirítear imscrúduithe ar chineál agus ar mhéid aon éillithe ithreach/screamhuisce.

10.15     An Bonneagar Glas agus Gorm

Is téarma cineálach é an Bonneagar Glas (GI) a chlúdaíonn cosaint, bainistíocht agus feabhsú acmhainní comhshaoil uirbeacha, peirea-uirbeacha agus tuaithe (nádúrtha agus bainistithe araon) trí spásanna glasa ilfheidhmeacha agus idirnasctha a sholáthar. Is éard atá i gceist leis an mbonneagar glas agus gorm, go bunúsach, ná na spásanna glasa agus an timpeallacht uisce. Tugtar ‘bonneagar’ air toisc go bhfuil sé chomh tábhachtach don phobal le cineálacha eile bonneagair, bóithre, scoileanna agus ospidéil, mar shampla. Glactar leis go gcuimsítear leis gach uile spás glas agus timpeallacht uisce a bhfuil luach poiblí agus nádúrtha ag baint leis.

Baineann an Bonneagar Glas leis an líonra idirnasctha de shócmhainní comhshaoil sa Chontae, i suíomhanna uirbeacha agus tuaithe araon, ar féidir leo raon sochar comhshaoil agus cáilíocht beatha a chur ar fáil don phobal. Clúdaíonn sé timpeallachtaí nádúrtha, leathnádúrtha agus forbartha, lena n-áirítear gnáthóga ardtailte, bogaigh, portaigh, coillearnacha, gairdíní, limistéir screamhuisce, aibhneacha agus na tuillemhánna, lochanna, canálacha agus ceantair chósta iontu.

Tagraíonn Bonneagar Gorm (BI) do dhobharlaigh agus d’uiscebhealaí dála aibhneacha, lochanna, sruthanna, taiscumair, ceantair chuain, tuilemhánna, bruacha abhann, bogaigh agus linnte. Nuair a chuirtear na sócmhainní seo go léir le chéile, is é sin an Bonneagar Glas-Gorm atá cuimsithe iontu, agus is féidir leo a bheith poiblí agus príobháideach araon, agus rochtain phoiblí orthu, nó gan é, i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon. Soláthraíonn an bonneagar Glas agus Gorm buntáistí comhshaoil, eacnamaíocha, oideachais, éiceolaíocha agus sóisialta trí réitigh nádúrtha-bhunaithe agus is féidir leis an gcaillteanas bithéagsúlachta, an ilroinnt ghnáthóige agus díghrádú éiceachóras a stopadh agus a aisiompú, fiú.

Cuireann an bonneagar Glas agus Gorm araon le deiseanna áineasa agus turasóireachta, cothaíonn siad ár dtionscal bia agus spreagann siad gnólachtaí nua a bheith curtha i mbun chun infheistíocht a dhéanamh sa Chontae. Aithnítear níos mó freisin go bhfuil bonneagar glas agus gorm ina chuid ríthábhachtach chun pobail athléimneacha a thógáil atá in ann oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide.

Tá deiseanna ann i gContae na Gaillimhe chun an líonra bonneagair ghlais a leathnú agus a neartú agus chun iniúchadh breise a dhéanamh ar chomhtháthú an bhonneagair ghlais i bhforbairtí poiblí agus príobháideacha sa todhchaí. Tá sé ar dhúshlán tábhachtach atá le tabhairt ag Contae na Gaillimhe an fás a bhainistiú ionas go gcoinneofar oidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlachta an Chontae ar bhealach a gcosnófar acmhainní bonneagair ghlais an Chontae amach anseo. Tá sé i gceist é sin a bhaint amach trí na cuspóirí beartais atá fite fuaite tríd an bplean ar fad a bhaint amach agus trí Straitéis Oiriúnaithe Aeráide na Gaillimhe, Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta na Gaillimhe agus straitéisí lárnacha reachtúla agus neamhreachtúla eile a chur i bhfeidhm freisin.

Buntáistí an Bhonneagair Ghlais

Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhbhuntáistí a bhaineann le forbairt bheartais bonneagair ghlais mar seo: 

  • Buntáistí Comhshaoil.
  • Buntáistí sóisialta agus eacnamaíochta.
  • Buntáistí Bithéagsúlachta.
  • Cuireann sé le Caighdeán na Beatha.
  • Timpeallachtaí Táirgiúla.
  • Buntáistí Oiriúnaithe um an Athrú Aeráide agus Buntáistí Maolaithe.
  • Cruthaíonn sé mórtas áite i gceantair Uirbeacha agus Tuaithe araon.
  • Tuiscint ar na tírdhreacha, an ailtireacht, agus ar an oidhreacht nádúrtha agus an oidhreacht chultúrtha araon.
  • Cosnaíonn sé Acmhainn Uisce, an Bhainistíocht Tuilte agus Feabhsaíonn sé Caighdeán an Uisce
  • An bhainistíocht abhantraí/dhobharcheantair a chomhtháthú leis an bpleanáil straitéiseach.

Cuspóirí Beartais - An Bonneagar Glas agus an Bonneagar Gorm

GBI 1        Forbairtí Nua 

Ceanglas a chur ar gach togra don fhorbraíocht ar an mórscála go gcuireann siad le cosaint, bainistíocht agus feabhsú an bhonneagair ghlais / ghoirm atá ann cheana sa Chontae agus le bonneagar glas / gorm nua a chur ar fáil, nuair is iomchuí, trí phlean bonneagair ghlais / ghorm a áireamh mar chuid dhílis d'aon iarratas pleanála. Ba cheart go sainaithneofaí sa phlean seo sócmhainní, srianta agus deiseanna comhshaoil agus éiceolaíochta agus go n-áireofar ann chomh maith tograí forbairt acmhainní bonneagair ghlais a chosaint, a bhainistiú agus a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe. 
 

GBI 2        Líonra Bonneagair Ghlais/Ghoirm  

Éascú a dhéanamh ar an bhforbairt agus an feabhsú leanúnach i leith líonra bonneagair ghlais/ghoirm do cheantair uirbeacha agus thuaithe, ag nascadh conairí nádúrtha agus leathnádúrtha lena n-áirítear spásanna glasa, spásanna oscailte, taitneamhachtaí glasa agus talamh iarmharach, chomh maith le haibhneacha agus canálacha. Féadfar go n-áireofaí ar na feabhsuithe ar ghnéithe nádúrtha soláthar maolán bruachánach, cláir bhia pobail (cuibhrinn) agus limistéir fhiáine le haghaidh an phailnithe, rud a bhfágfadh go mbeifí cinnte go raibh limistéar nádúrtha ann ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht, an fiadhúlra agus an oiriúnú aeráide. 

 

10.16   An Líonra Gormbhealaí, Glasbhealaí agus Bealaí Portaigh

Is éard atá i gceist le gormbhealaí gréasán uiscebhealaí intíre inseolta cosúil le lochanna, canálacha agus aibhneacha. Cuireann siad bealaí scéimhe ar fáil ar chanú, rothar nó ar chos agus ceanglaíonn siad Contae na Gaillimhe le Cathair na Gaillimhe agus le Contaetha máguaird. I gContae na Gaillimhe, tá i measc na samplaí Abhainn na Sionainne: an Pháirc Líneach ó Bheannchar, Contae Uíbh Fhailí go Míleac i gContae na Gaillimhe, Abhainn na Gaillimhe agus Loch Coirib; Gormbhealach Mór an Iarthair (Gormbhealach Abhainn na Gaillimhe agus Loch Coirib), Gleann Abhann Abhainn an Chláir, Loch Deirgeirt, Gormbhealach Loch Deirgeirt ó Phort Omna go dtí an Scairbh i gContae an Chláir. Nuair a chuirtear líon na n-aibhneacha agus na lochanna sa chontae san áireamh, déanfaidh an Chomhairle dícheall gréasán gormbhealaí comhtháite a fhorbairt laistigh den chontae agus go contaetha eile.

Go bunúsach, is bealaí comhroinnte easbhóthair iad féarbhealaí atá saindeartha do rothaithe agus do choisithe araon chun críocha fóillíochta, áineasa, turasóireachta agus turais laethúla agus is le haghaidh turais neamh-mhótair iad go heisiach, agus déantar iad a fhorbairt ar bhealach comhtháite a fheabhsaíonn timpeallacht agus cáilíocht beatha an cheantair máguaird. Soláthraíonn siad deiseanna áineasa le haghaidh an tsiúil, na jagála agus na rothaíochta, is minic a bhíonn siad comhcheangailte le conairí abhann / srutha agus is féidir leo pasáiste gan bacainn a chur chun cinn don fhiadhúlra chomh maith.  Ag seo, cuid de na roghanna atá le fáil i gContae na Gaillimhe chun siúl agus chun a bheith ag rothaíocht: Bealach Rothaíochta/Glasbhealach Náisiúnta Gaillimh go Baile Átha Cliath; In éineacht le féarbhealaí atá beartaithe ón Órán Mór go Bearna, Baile Átha an Rí go Tuaim, an Clochán go Deirgimleach agus an Clochán go Leitir Fraic.

Is éard atá sa Chontae mar bhealaigh phortaigh ná roinnt suíomhanna móna ardaithe suntasacha agus sainaithnítear cuid acu siúd gur fiú iad a chosaint in Oirthear na Gaillimhe agus cuid díobh a bhfuil sé aitheanta go bhfuil acmhainn ag acu chun nasc a dhéanamh le gné eile den bhonneagar glas / gorm.

Aithníonn an Chomhairle na Gormbhealaí, na Glasbhealaí agus na Bealaí Portaigh agus an méid a chuireann siad le líonra Bonneagair Ghlais foriomlán an Chontae, chomh maith leis an iliomad buntáistí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil luachmhara atá curtha ar fáil mar gheall orthu. Aithníonn an Chomhairle an gá atá ann na sócmhainní seo a chaomhnú agus a chosaint agus féachann sí lena bhforbairt a thuilleadh, toisc go soláthraíonn siad cosaintí nádúrtha i gcoinne riosca i gcás tuilte i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon; acmhainneacht luachmhar eacnamaíoch a chur leis agus a thairiscint i dtéarmaí na forbartha turasóireachta agus na seachtháirgí a ghabhann léi; agus buntáistí suntasacha ó thaobh na cáilíochta beatha freisin.

Tá an Chomhairle lántiomanta do líonra Glasbhealaí, Gormbhealaí agus Bealaí Portaigh a fhorbairt de réir cheanglais an bheartais náisiúnta, lena n-áirítear ‘Strategy for the Future Development of National and Regional Greenways’ (2018).

Cuspóirí Beartais - An Líonra Gormbhealaí, Glasbhealaí agus Bealaí Portaigh

BGP 1        Glasbhealaí/Gormbhealaí Straitéiseacha

Tacú le tionscadail straitéiseacha inbhuanaithe Glasbhealaigh / Gormbhealaí a sholáthar sa Chontae ar aon dul leis an Straitéis um Fhorbairt na nGlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha Amach Anseo, chun an reachtaíocht agus an dea-chleachtas a éascú ar bhealach atá comhoiriúnach le beartais chaomhnaithe dúlra agus comhshaoil eile. 
 

BGP 2        Líonra Straitéiseach Glasbhealach a Fhorbairt

Tacú le Líonra Glasbhealaí Straitéiseach comhtháite de bhealaí náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt agus nascacht leis na féarbhealaí atá ann cheana a uasmhéadú trí naisc a chur idir an mbonneagar rothaíochta agus siúil ar bhealach atá comhoiriúnach le beartais chaomhnaithe dúlra agus comhshaoil eile. Leis sin, áireofar:

  • Rotharbhealach/Glasbhealach Náisiúnta Gaillimh go Baile Átha Cliath;
  • Glasbhealach Chonamara i.e. (An Clochán go hUachtar Ard, Gaillimh go hUachtar Ard);
  • Órán Mór go Glasbhealach Chósta Bhearna;
  • Baile Átha an Rí go Tuaim;
  • An Clochán go Deirgimleach;
  • An Clochán go Leitir Fraic.

 
BGP 3        Glasbhealaí, Gormbhealaí, Bealaí Portaigh agus Conairí

(a). Is cuspóir beartais é tacú le leathnú amach féarbhealaí, gormbhealaí, móinbhealaí agus conairí sa chontae agus iad a chomhtháthú agus a nascadh le féarbhealaí, gormbhealaí, móinbhealaí agus conairí eile atá ann cheana féin/atá beartaithe, laistigh agus lasmuigh den chontae araon. 
(b). Cuspóir beartais é tacú, sa chás gurb iomchuí, le coincheap Glasbhealaí chun breithniú a dhéanamh ar bhonneagar taistil áitiúil, agus ar nascacht le bailte agus sráidbhailte áitiúla nuair a bhíonn bealach aon Ghlasbhealaigh á dhearadh.

 

10.17     Cearta Slí Poiblí

Bhí cearta slí poiblí ann leis na cianta agus bhí siad mar bhealach do dhaoine i bhfad ó shin chun taisteal timpeall áiteanna éagsúla sa Chontae. Is féidir le cearta slí poiblí acmhainn shuntasach áineasa agus taitneamhachta a chur ar fáil agus is sócmhainn thábhachtach eacnamaíochta agus turasóireachta iad don Chontae freisin.Aithníonn an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le cearta slí seanbhunaithe a choinneáil agus tacú le tionscnaimh chun bealaí siúil agus inrochtaineacht ghinearálta a bhunú.

Cuspóir Bheartais - Cearta Slí Poiblí

PRW 1        Cearta Slí Poiblí 

(a) Nuair a dhéantar iarratas air, cuir an riachtanas atá le cearta slí poiblí a chaomhnú a chur san áireamh sa chás go dtugtar rochtain ar chladach, sliabh, cladach locha, bruach abhann nó áit eile áilleachta nádúrtha nó áise áineasa leo. 

(b) Déan iarracht na cearta slí poiblí atá ann cheana a shainaithint, a mhapáil agus a chosaint de réir mar a bheidh siad ar fáil don Údarás Pleanála thar shaolré an phlean.

10.18     Geopháirceanna Domhanda de chuid UNESCO agus Láithreáin Oidhreachta Domhanda

Is ceantair gheografacha aontaithe aonair iad Geopháirceanna Domhanda UNESCO ina ndéantar láithreáin agus tírdhreacha a bhfuil tábhacht gheolaíoch idirnáisiúnta acu a bhainistiú de réir coincheap iomlánaíoch cosanta, oideachais agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe. Tá an-tóir ar an gcur chuige ón mbun aníos atá acu i leith an chaomhnú a chomhcheangal le forbairt inbhuaine, agus ról a thabhairt do mhuintir na háite ina dtaca. Faoi láthair, tá 127 Geopháirc Dhomhanda de chuid UNESCO, lonnaithe i 35 tír.

Is tionscadal uaillmhianach dhá bhliain é geoparc Dhúiche Sheoigheach & na Lochanna Iartharacha (2020-2021), is é an cuspóir lárnacha a ghabhann leis ná geopháirc a fhorbairt sa cheantar timpeall ar Dhúiche Sheoigheach ar theorainn na Gaillimhe-Mhaigh Eo, agus Loch Measca, Loch Carra agus Loch Coiribe, agus é faoi rún iarratas a dhéanamh ina dhiaidh ar lánstádas Geopháirc Domhanda de chuid UNESCO ina dhiaidh. 

Is ceantar a bhfuil oidhreacht shuntasach chultúrtha agus thírdhreacha í Ísealchríocha na Boirne a théann ó Airde an tSléibhe go dtí Ardtailte na Boirne agus ó Chinn Mhara go Croisín i gContae an Chláir.

Tá líonra láidir éicea-ghnólachtaí lonnaithe i nGeopháirc Domhanda na Boirne agus Aillte an Mhothair de chuid UNESCO, agus iad suite laistigh dá thírdhreach íocónach den aolchloch, d’uaimheanna agus d’aillte carst. Tacaíonn sé leis an turasóireacht inbhuaine a fhorbraíonn agus a chuireann an ceantar chun cinn mar cheann scríbe speisialta saibhir agus sainchuspóra, a neartaíonn an geilleagar áitiúil agus a fheabhsaíonn eispéireas an chuairteora. Cuireann an Geopháirc geolaíocht agus córas idrigeolaíoch íogair an cheantair chun cinn trí ghníomhaíochtaí oideachais agus for-rochtana agus cleachtais láidre á seoladh aige sa turasóireacht inbhuaine.​

Cé go bhfuil Geopháirc Dhomhanda na Boirne agus Aillte an Mhothair de chuid UNESCO lonnaithe i gContae an Chláir, chuaigh an t-ainmniú seo chun leasa phobail cheantar Ísealchríocha na Boirne i gContae na Gaillimhe.

Cuspóir Bheartais - Stádas mar Gheopháirc Dhomhanda de chuid UNESCO

UGG 1        Stádas mar Gheopháirc Dhomhanda de chuid UNESCO

Leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir chun obair leanúnach Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair atá ag iarraidh Geopháirc a éascú agus a thacú agus iarratas a dhéanamh chun lánstádas Geopháirc Domhanda de chuid UNESCO a bhaint amach dó. Tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh i ndáil le Geopháirc Ísealchríocha na Boirne,  agus le Geopháirc Domhanda na Boirne agus Ailte an Mhothair de chuid UNESCO a bhaineann leis an gcontae.

10.19    Láithreán Oidhreachta Domhanda

Tá cosaint oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha an domhain thar a bheith tábhachtach do na glúnta atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá fós le teacht agus, chuige sin, tá an Stát tiomanta a Láithreáin Oidhreachta Domhanda (liosta trialach) a shainaithint, a chosaint, a chaomhnú, a chur i láthair agus a chur chun cinn amach anseo ar mhaithe leis na glúnta atá fós le teacht ar aon dul le hAirteagal 4 den Choinbhinsiún um an Oidhreacht Domhanda.

Cuspóir Bheartais - Láithreáin Oidhreachta Domhanda Shealadacha

TWHS 1            Láithreáin Oidhreachta Domhanda Shealadacha 

An Luach Uilíoch Dochreidte a bhaineann leis na Láithreán Oidhreachta Domhanda trialacha i gContae na Gaillimhe a chosaint, eadhon Dúnta Cloiche an Iarthair agus an Bhoirinn atá áirithe Liosta Sealadach UNESCO agus dul i dteagmháil le tionscnaimh náisiúnta agus idirnáisiúnta eile a chuireann oidhreacht speisialta thógtha, nádúrtha agus chultúrtha áiteanna chun cinn sa Chontae. Comhoibriú le húinéirí talún, le muintir na háite agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile chun stádas Láithreán Oidhreachta Domhanda a bhaint amach do na láithreáin atá sainaitheanta i gContae na Gaillimhe.

Map 10.1:  European Sites

Map 10.2: Natural Heritage Areas

Clár ábhair

Baile