10. Sráidbhailte Beagfháis

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

Gach Sráidbhaile Beagfháis a chur chun cinn mar áit le cónaí agus oibriú inti agus cuairt a thabhairt uirthi, ina gcuirtear raon seirbhísí, áiseanna pobail agus sráidbhaile insiúlta ar fáil atá ar aon dul le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe. 

10.1  Réamhrá 

Sa chuid seo (Imleabhar 2), tabharfar sonraí maidir le fís agus cuspóirí beartais chriosaithe do na sráidbhailte seo a leanas: 

An Cheathrú Rua, An Spidéal, Béal Átha Ghártha, Dún Mór, Gleann na Madadh, Cinn Mhara agus Maigh Locha. 

Ullmhaíodh pleananna Criosaithe agus Tuilte in éineacht le sainchuspóirí beartais do gach Sráidbhaile Beagfháis (SGV) a liostaítear thuas. 

San imleabhar seo de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028, cuimsítear na SGVanna ainmnithe do Chontae na Gaillimhe. Is iad seo na lonnaíochtaí den cúigiú sraith mar atá leagtha amach i gCaibidil 2 Croí-Straitéis, Ordlathas Lonnaíochta agus Straitéis Tithíochta den Phlean Forbartha Contae 2022-2028. Tá struchtúr lonnaíochta láidir ag na sráidbhailte atá liostaithe sa chatagóir seo agus tá an cumas acu tacú le fás breise, ag tairiscint rogha maireachtála malartach do dhaoine atá ag iarraidh cur fúthu inár SGVanna nó faoin tuath. Leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), éascaítear do sholáthar na sainchuspóirí beartais do shráidbhailte níos lú, ina bhfuil daonra níos lú ná 5,000 duine iontu, a chur san áireamh sa Phlean Forbartha Contae. 

Déantar na SGVanna a ghrúpáil le chéile chun an tImleabhar 2 den Phlean Forbartha Contae a fhoirmiú toisc go bhfuil siad cosúil ó thaobh méide de agus go háirithe, ó thaobh daonra de. Mar shampla, níl an daonra de gach lonnaíocht níos mó ná 1,000 duine, ach mar sin féin, tá cumas bonneagair ag gach lonnaíocht chun freastal ar mhéid comhréireach den daonra agus ar fhorbairt ghaolmhar laistigh de shaolré an Phlean Contae seo. Nuair a chuirtear gach ceann de na lonnaíochtaí beaga seo san áireamh sa Phlean Contae, le cuspóirí beartais agus léarscáil criosaithe, tá an t-údarás áitiúil i riocht níos straitéisí chun a riachtanais atá leagtha amach sa RSES a sheachadadh trí áiteanna níos fearr a sholáthar do dhaoine chun maireachtáil agus oibriú iontu. Leis na sráidbhailte seo a chur san áireamh sa Phlean Forbartha Contae, cuideofar le maoiniú agus tacaíochtaí eile a mhealladh ón Rialtas Láir agus ó fhoinsí féideartha eile. 

Tá gá leis na daonraí a chuirtear i leith gach sráidbhaile chun an fás leithdháilte daonra a chomhlíonadh mar atá leagtha amach sa CNP agus RSES. Caithfear freastal ar an bhfás seo sa daonra i ngach SGV ar bhealach inbhuanaithe, comhréireach agus seicheamhach. 

Léirítear sa tábla 10.1 seo a leanas an leithdháileadh daonra in aghaidh an SGV a liostaítear thuas. 

Lonnaíocht

 Daonáireamh 2016

Meastachán Daonra 2022 –2028

Aonaid Chónaithe

Cainníocht na dTailte Cónaithe atá ag teastáil (ha) 

An Cheathrú Rua

781

150

60

5.45

An Spidéal

237

55

22

2.00

Béal Átha Ghártha 

687

175

70

6.36

Dún Mór 

600

120

48

4.36

Gleann na Madadh 

480

130

52

4.73

Cinn Mhara 

730

200

80

7.27

Maigh Locha 

518

125

50

4.55

Tábla 10.1:      Leithdháileadh Daonra 2022 - 2028 

10.2     Achoimre Straitéiseach 

Tá fís straitéiseach mar bhonn agus mar thaca ag an achoimre straitéiseach do na SGVanna chun fás agus forbairt na sráidbhailte beagfháis seo sa todhchaí a threorú ar bhealach inbhuanaithe. 

Scrúdaíodh gach ceann de na SGVanna agus tá an rogha forbartha is fearr le haghaidh gach limistéar plean ar aon dul leis na mianta i dTionscadal Éireann (TÉ) 2040, chun na ceantair uirbeacha tógtha atá ann cheana a chomhdhlúthú. Tá láithreáin athfhorbraíochta agus inlíonta ina gcomhpháirteanna lárnacha de na pleananna seo. 

Leanfaidh an fhís straitéiseach mar atá mínithe thuas treoir náisiúnta agus na paraiméadair chaighdeánacha atá leagtha amach i bpríomhchaibidlí Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028. 

Beidh an fhís ag cloí leis na prionsabail a leagtar amach thíos. Sainaithnítear leis na prionsabail seo bealach chun an fhís a bhaint amach. Ina measc tá: 

  • Iniúchadh a dhéanamh ar acmhainneacht gach suímh mar a shainaithnítear é mar SGV i struchtúr lonnaíochta an Phlean Forbartha Contae agus an candam daonra leithdháilte a bhaint amach faoi 2028 de réir TÉ 2040 agus na Croí-Straitéise/HNDA;
  • Leibhéal forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn atá oiriúnach do charachtar, oidhreacht, taitneamhacht agus ról straitéiseach gach lonnaíochta lena ligtear d’fheabhas a chur ar na SGVanna agus ar na seirbhísí, saoráidí agus taitneamhachtaí feabhsaithe chomh maith;
  • Soláthar a dhéanamh do chomhdhlúthú agus d'fhás comhleanúnach na sráidbhailte agus na gceantar tuaithe seo i gContae na Gaillimhe;
  • Tacú le leibhéal iomchuí seirbhísí agus bonneagair atá comhréireach le gach sráidbhaile chun fás agus forbairt inbhuanaithe sa todhchaí a éascú;
  • Lárionaid sráidbhailte láidre beoga a chur chun cinn a mheallann gnó nua agus a sholáthraíonn feidhmeanna miondíola agus seirbhíse iomchuí chun freastal ar riachtanais de gach sráidbhaile agus den chúlchríoch máguaird, chomh maith le timpeallacht thaitneamhach tharraingteach le haghaidh siopadóireachta, gnó, áineasa agus maireachtála a chur ar fáil;
  • Líonra gluaiseachta ar ardchaighdeán a sholáthar do choisithe, do rothaithe agus d’fheithiclí le tosaíocht a thabhairt don iompar poiblí;
  • Dearadh ardchaighdeáin a chomhtháthú i ngach forbairt don todhchaí laistigh de gach lonnaíocht, ag cur teicneolaíochtaí glasa nuálacha chun cinn i limistéir uile an phlean a chuireann go dearfach leis an gcomhshaol;
  • Ní dhéanfar forbairt nua atá laistigh de gach ceann de na SGVanna i gceantair i gCriosanna Tuilte A agus B nuair is féidir. Tá gach ceann de na Criosanna Tuilte seo aitheanta sna léarscáileanna Straitéiseacha um Measúnú Riosca Tuilte do gach ceann de na SGVanna;
  • Forbairt a spreagadh a dhéantar a chomhtháthú go híogair leis an tírdhreach atá ann cheana, forbairt lena léirítear tuiscint ar cháilíochtaí intreacha shuíomh an tírdhreacha agus, nuair is féidir, deiseanna a chur chun cinn chun tréithe, gnéithe agus bithéagsúlacht tírdhreacha a chosaint agus a fheabhsú;
  • Cáilíocht ár sócmhainní comhshaoil ar nós aibhneacha agus lochanna a choinneáil mar aon leis na hiarsmaí stairiúla ar nós Déanmhas Cosanta agus Limistéar Caomhantais Ailtireachta laistigh de gach SGV de réir na treorach náisiúnta.

10.3  Struchtúr an Doiciméid 

In Imleabhar 2 tá na SGVanna uile a sainaithníodh i gContae na Gaillimhe. Tá dhá chomhpháirt den chuid seo a bhfuil cur síos orthu thíos. 

  • Prionsabail ghinearálta agus cuspóirí beartais ardleibhéil a bhaineann le gach ceann de na SGVanna.
  • Dréachtaíodh léarscáileanna criosaithe saincheaptha chomh maith lena téacs tacaíochta do gach sráidbhaile ina mbaintear an úsáid is fearr as na sócmhainní atá i ngach SGV. Imeasc na SGVanna tá: An Cheathrú Rua, An Spidéal, Béal Átha Ghártha, Dún Mór, Gleann na Madadh, Cinn Mhara agus Maigh Locha.

10.4  Criosanna Úsáid Talún

Criosú Cuspóir Beartais  Cur síos 

Cónaithe Reatha &  Cónaithe Inlíonta 

Conláistí cónaithe na gceantar cónaithe atá ann cheana a chosaint agus a fheabhsú.  Foráil a dhéanamh maidir le hathruithe feabhsúcháin tí, síntí agus forbairt chónaithe inlíonta iomchuí de réir phrionsabail dea-dhearaidh agus cosanta na gconláistí cónaithe atá ann cheana. 
Céim Chónaithe 1  Limistéir chonláiste chónaithe a chosaint, a sholáthar agus a fheabhsú laistigh de shaolré an phlean seo.  Éascú a dhéanamh d’fhorbairtí cónaithe nua ar ardchaighdeán a sholáthar ar dhlúis iomchuí le naisc mhaith idir leagan amach agus dearadh agus lár an tsráidbhaile agus áiseanna pobail. Meascán oiriúnach de mhéideanna, de chineálacha agus de thionachtaí tí a sholáthar d’fhonn freastal ar riachtanais teaghlaigh agus chun pobail dea-thomhaiste a chur chun cinn. 
Céim Chónaithe 2  Limistéir chonláiste chónaithe a chosaint, a sholáthar agus a fheabhsú. 

Éascú a dhéanamh d’fhorbairtí cónaithe nua ar ardchaighdeán a sholáthar ar dhlúis iomchuí le naisc mhaithe idir leagan amach agus dearadh agus lár an tsráidbhaile agus áiseanna pobail. De ghnáth ní fhéadtar forbairt a dhéanamh ar chriosú cónaithe Chéim 2 le linn shaolré an phlean seo faoi réir na bhforálacha thíos. 
*    Forbairtí neamhchónaithe atá oiriúnach do chomhthéacs an láithreáin, aon chonláiste cónaithe atá ann cheana chomh maith leis an bpatrún forbartha reatha sa cheantar;
*    Nuair is léir nach féidir nó nach bhforbrófar tailte R-Chónaithe (Céim 1) laistigh de thréimhse an phlean d’fhéadfadh sé go ndéanfaí forbairt chónaithe a mheas ar bhealach céimnithe ar roinnt tailte cónaithe (Tailte  chéim 2). 

Lár an tSráidbhaile  Foráil a dhéanamh d’fhorbairt agus d’fheabhsú úsáidí oiriúnacha de lár an tsráidbhaile lena n-áirítear úsáidí miondíola, tráchtála, oifige agus cathartha/pobail agus chun foráil a dhéanamh do chóiríocht chónaithe den scéim “um Chónaí os cionn an tSiopa” , nó do chóiríocht chónaithe choimhdeach eile.  Lár an tsráidbhaile atá ann cheana a fhorbairt agus a chomhdhlúthú chun a bheocht agus a fhuinneamh a fheabhsú le forbairtí tráchtála agus cónaithe iomchuí a dhlúthú, rud a chinnteoidh meascán d’úsáidí tráchtála, áineasa agus cathartha.. 
Tionsclaíocht  Forbairt inbhuanaithe d’úsáidí tionsclaíocha agus d’úsáidí a bhaineann leis an tionscal a chur chun cinn, lena n-áirítear déantúsaíocht, próiseáil ábhar, trádstóráil agus dáileadh ar thailte oiriúnacha, le seirbhísí agus saoráidí leordhóthanacha agus ardleibhéal rochtana ar na mórghréasáin bhóithre agus ar na háiseanna iompair phoiblí.  Forbairt bhreise agus feabhsúchán ar na limistéir fostaíochta atá ann cheana a éascú chomh maith le deiseanna a éascú d’fhorbairtí nua ardthionsclaíocha i dtimpeallacht fhisiciúil ar ardchaighdeán. 
Talmhaíocht 

Forbairt d’úsáidí talmhaíochta agus d’úsáidí a bhaineann le talmhaíocht a chur chun cinn de réir na pleanála cirte agus na forbartha inbhuanaithe. 

 

Forbairt bhreise na talmhaíochta a éascú agus deiseanna le haghaidh éagsúlú feirme le húsáidí a bhaineann le talmhaíocht a éascú. 

 

Gnó agus Fiontar  Foráil a dhéanamh d’fhorbairt ghnó agus fhiontar.  Forbairt bhreise agus feabhsúchán ar na limistéir fostaíochta atá ann cheana a éascú chomh maith le deiseanna a éascú d’fhorbairtí nua ardthionsclaíocha i dtimpeallacht fhisiciúil ar ardchaighdeáin. 
Áiseanna Pobail  Foráil a dhéanamh d’áiseanna cathartha, pobail agus oideachais.  Forbairt de bhonneagar pobail, sláinte, oideachais reiligiúnach, sóisialta agus sibhialta a éascú. 
Spás Oscailte / Áineas agus Taitneamhacht  An spás oscailte atá ann cheana a chosaint agus a fheabhsú agus spás áineasa agus conláiste a sholáthar.  Forbairt agus feabhsúchán breise a éascú maidir leis na spásanna oscailte gníomhacha atá ann cheana, limistéir aclaíochta fhoirmiúla, fearainn spóirt, páirceanna imeartha.
Turasóireacht Acmhainneacht chultúrtha, stairiúil agus turasóireachta a chur chun cinn agus a spreagadh do gach ceann de na SGVanna.  Forbairt agus feabhsú na saoráidí turasóireachta atá i gcuid de na SGVanna cheana a éascú. 
Forbairt agus infheistíocht nua turasóireachta a spreagadh i gcás inarb iomchuí. 
Fóntas Poiblí  Tailte ar a sholáthraítear bonneagar seirbhíse a chothabháil.  Ligean do thailte a bheith ainmnithe le haghaidh fóntais phoiblí ar nós gléasraí cóireála fuíolluisce. 
Bonneagar Iompair  Soláthar agus cothabháil bonneagair iompair riachtanaigh a éascú.  Ligean do thailte a bheith curtha in áirithe chun bóithre poiblí, cosáin, cuanta, canálacha, rotharbhealaí, stadanna bus agus tírdhreachtú a éascú mar aon le haon oibreacha gaolmhara riachtanacha, 
i gcás inarb iomchuí. 

10.5 Maitrís Chriosaithe Úsáid Talún do Shráidbhaile Beagfháis 

Commercial and Industrial Uses

VC

 R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A

Siamsaíocht 

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

ATM

P

O

O

O

O

O

N

N

N

N

Banc / Cumann Foirgníochta 

P

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Beár / Bialann 

P

N

N

N

O

N

N

N

N

N

B&B (Leaba is Bricfeasta)

O

O1

N

N

P

N

N

N

N

O1

Oifig Gheallghlacadóra 

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Conchró coinneála 

N

N

O

N

N

N

N

N

N

O

Caifé

P

O

 O2

O2

P

O2

N

N

N

N

Páirc carbhán - Saoire 

N

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Íoc is Iompair 

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Corrthrádáil 

O

N

N

N

O

O

N

N

N

N

Pictiúrlann 

P

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Ionad Comhdhála 

P

N

N

P

O

N

N

N

N

N

Ionaid Sonraí / Ionaid Óstáil Gréasáin 

P

N

O

P

N

N

N

N

N

N

Bialann Tiomáint Tríd 

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Ionad Fiontair 

O

N

O

P

N

N

N

N

N

N

Tionscal Eastóscach 

N

N

N

N

N

N

N

N

N

O

Ionad Garraíodóireachta 

O

N

N

O

N

N

O*

N

N

N

Dochtúirí Teaghlaigh & Seirbhísí Leighis 

P

O

N

O

N

O

N

N

N

N

Loistín1 

P

O1

N

N

P

O

N

N

N

O1

Hair Dressing Salon/Personal/Grooming

P

O

N

N

N

N

N

N

N

N

Gníomhaíocht Eacnamaíoch ó Bhaile

O

O1

N

N

N

N

N

N

N

O1

Brú 

P

O

N

N

P

N

N

N

N

N

Óstán 

P

O

N

N

P

N

N

N

N

N

Iosta Breosla Teaghlaigh 

N

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Tionsclaíoch 

N

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Aonaid Lóistíochta, Stórála & Dáileacháin 

N

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Taifeadadh Meán & Úsáidí Ginearálta  Meán 

O

O

O

P

N

N

N

N

N

N

Seomra Taispeántais Díolachán Mótair 

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Club oíche 

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Oifig (<100m2) 

P

O

N

N

N

O

N

N

N

O

Oifig (100m2 go 1000m2) 

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Páirc Oifige (> 1000m2) 

N

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Stáisiún Peitril 

O

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Seirbhísí Gairmiúla / Eile 

P

O

N

N

N

N

N

N

N

N

Bialann 

P

N

N

N

P

N

N

N

N

N

Gnó Eolaíocht-Bhunaithe & Teicneolaíocht-Bhunaithe 

O

N

P

P

N

N

N

N

N

N

Clós Conamair 

N

N

O

N

N

N

N

N

N

N

Garáiste Seirbhíse 

N

N

O

O

N

N

N

N

N

N

Siopa - Ar bhonn Comparáide 

P

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Siopa - Áise 

P

O

N

N

O

N

N

N

N

N

Siopaí - Ionad Áise / Comparáide ar Scála Mór  

P

N

N

N

  N

N

N

N

N

N

 

VC

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A
Déantúsaíocht ar Scála Beag 

N

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Iosta Stórála 

N

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Beir-Leat 

O

N

N

N

O

N

N

N

N

N

Iosta Iompair 

N

N

O

O

N

N

N

O

N

N

Clinic Tréidliachta 

O

O

O

O

N

N

N

N

N

O

Trádstóráil (lena n-áirítear Mórdhíol) 

N

N

P

O

N

N

N

N

N

N

Trádstóráil (Miondíol / Neamhbhia <700m2)3 

O

N

N

N

N

N

N

N

N

N

Trádstóráil (Earraí Miondíola / Neamhbhia / Tí Toirtiúla 700m2 - 5,000m2)3 

N

N

N

O

N

N

N

N

N

N

Úsáidí Cónaithe 

VC

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A
Árasáin

P

O1

N

N

N

N

N

N

N

N

Láithreán Stad 

N

O

N

N

N

O

N

N

N

O

Cónaithe (Gan Árasáin a áireamh)1 

O

P1

N

N

N

N

N

N

N

O1

Cóiríocht saoire ghearrthéarmach 

O

N

N

N

P

N

N

N

N

N

Áras Seanóirí 

O

P

N

N

N

O

N

N

N

N

Úsáidí Poiblí, Pobail agus Institiúideach 

VC

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A
Foirgnimh ar mhaithe le Sláinte, Sábháilteacht & Leas an Phobail  P O N O O P O* O N N
Reilig 

N

O

N

N

N

P

O*

N

N

P

Áiseanna Cúraim Leanaí (Crèche / Naíolann) 

P

O

O

O

N

P

N

N

N

N

Teach Club & Áiseanna Gaolmhara 

O

O

N

N

O

P

O*

N

N

O

Áis Phobail 

P

O

N

O

O

P

O*

N

N

O

Créamatóiriam 

N

O

O

O

N

O

N

N

N

O

Foirgneamh Cultúrtha / Áineasa 

P

O

N

O

P

P

O*

N

N

N

Oideachas - Bunscoil / Meánscoil 

O

O

O

N

N

P

O*

N

N

O

Oideachas - Oideachas / Oiliúint Eile 

P

O

O

O

N

P

N

N

N

O

Teach Tórraimh 

P

O

O

O

N

O

N

N

N

N

Fóillíocht 

P

O

N

O

O

P

O*

N

N

O

Leabharlann 

P

O

N

N

O

P

N

N

N

N

Áit Adhartha Phoiblí 

O

O

N

O

N

O

N

N

N

N

Spás Oscailte, Úsáidí Áineasa agus Conláiste 

VC

R

 

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A
Cúrsa Gailf 

N

N

N

N

P

N

O*

N

N

O

Gníomhaíochtaí Áineasa/Cultúrtha 

O

O

O

O

P

P

O*

N

N

O

Úsáidí Talmhaíochta 

VC

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A
Seamlas 

N

N

O

N

N

N

N

N

N

O

Foirgneamh Talmhaíochta 

O

O

O

O

N

O

O*

N

N

P

Marglann / Comharchumann 

O

N

P

N

N

N

N

N

N

P

Úsáidí Ginearálta / Seirbhísí agus Bonneagair 

VC

R

I

BE

T

CF

OS*

PU

TI

A
Fógraí - Neamhspleách 

O

N

O

O

N

O

N

O

O

N

Carrchlós 

P

O

P

O

O

O

N

N

O

N

Áiseanna Athchúrsála / Ionaid Fág anseo 

N

N

O

O

N

O

N

O

N

O

Líonadh Talún Dhramhaíl Tí 

N

N

N

N

N

N

N

N

N

O

Bonneagar Fóntas & Suiteálacha Seirbhíse Poiblí 

O

O

O

O

O

O

O*

P

O

O

Fuinneamh gaoithe / in-athnuaite baile ar scála beag 

O

O

O

O

O

O

O*

O

N

O

Nótaí Ginearálta ar an Maitrís Chriosaithe Úsáid Talún: 

  1. (1) Measfar na húsáidí seo ar thailte Cónaithe faoi réir Chuspóir Beartais SGV 2, nó de réir mar is cuí. 
  2. Caifé (2) - Breithneofar an úsáid seo i gcás go bhfuil sí coimhdeach le forbairt chomhoiriúnach fhoriomlán chun freastal ar riachtanais an cheantair thar timpeall. 
  3. Trádstóráil (3) - - De ghnáth ní cheadófar forbairt nó foroinnt siopaí i níos lú ná 700m2 in áiteanna atá ar imeall an láir agus lasmuigh den lár, de réir Threoirlínte Pleanála Miondíola 2012 (nó aon doiciméad nuashonraithe/a ghabhann ina n-ionad). 
  4. Ionad Sonraí - Féadfar é a shainiú mar shaoráid, ina bhfuil trealamh teicneolaíochta faisnéise suiteáilte agus á fheidhmiú, agus ina bhfuil sonraí leictreonacha á stóráil agus á dáileadh chomh maith. 
  5. Crios R: Cónaithe - Tá Céim 1 céimnithe d’fhorbairt chónaithe laistigh de shaolré an Phlean seo; - De ghnáth níl Céim 2 infhorbartha i rith shaolré an Phlean seo, faoi réir na bhforálacha agus na n-eisceachtaí atá leagtha amach faoi Chuspóir Beartais SGV 1. 
  6. *OS - Féach freisin Léarscáil 2 - Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte, Cuspóir Beartais SGV 17 agus Caighdeán DM 69. D’ainneoin an criosú Spáis Oscailte/Áineasa agus Conláiste, ní mór d’úsáidí beartaithe sa chrios seo a thaispeáint 
    go gcomhlíontar An Córas Pleanála & Treoirlínte um Riosca Tuilte (2009) (nó arna nuashonrú). D’fhéadfadh go mbeadh gá le Tástáil Fírinnithe mar atá leagtha amach sna treoirlínte sin. 
  7. Ní thugtar aon úsáidí talún ar leith don chrios Úsáid Talún Teoranta toisc go léirítear leis an gcrios seo an fhorbairt atá suite cheana féin laistigh de Chrios Tuilte A/B.  Le haghaidh treorach ar úsáidí / forbairt atá oiriúnach sa chrios seo, féach le do thoil ar Chuspóir Beartais SGV 16 agus DM Caighdeán 69 den phlean seo, agus an Córas Pleanála & Treoirlínte um Riosca Tuilte lena n-áirítear Ciorclán Roinne PL2/2014.
  8. N* -Ní cheadaítear de ghnáth, eisceachtaí a mheastar d’iarratais faoi 

Nótaí ar Aicmí Úsáid Talún i Maitrís Chriosaithe Úsáid Talún: 

Sainmhínítear mar seo a leanas na haicmí úsáide talún dá dtagraítear sa mhaitrís chriosaithe úsáide talún:      

  1. Ceadaithe i bPrionsabal (P) - Úsáid a aicmítear mar Cheadaithe i bPrionsabal is ea úsáid a nglacann an tÚdarás Áitiúil leis go teoiriciúil sa chrios ábhartha, faoi réir chomhlíonadh na gcuspóirí, na gcaighdeán agus na gceanglas beartais ábhartha atá leagtha amach sa phlean seo agus faoi réir na bprionsabal um pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe. 
  2. Oscailte le breithniú (O) - Úsáid a aicmítear mar Oscailte le Breithniú is ea úsáid a fhéadfaidh an tÚdarás Áitiúil a cheadú i gcás go bhfuil sé sásta go mbeidh an fhoirm forbartha a mholtar comhoiriúnach leis na cuspóirí beartais don chrios, agus nach mbeidh sí ag teacht salach ar úsáidí a cheadaítear agus go gcomhlíontar pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, lena n-áirítear na cuspóirí beartais atá leagtha amach sa phlean seo. 
  3. Ní Cheadaítear de Ghnáth (N) - Úsáid nach ndéantar a aicmiú mar Ní Cheadaítear de Ghnáth is úsáid í nach gceadóidh an tÚdarás Áitiúil í ach amháin in imthosca eisceachtúla. D’d'fhéadfadh sé seo a bheith mar gheall ar an éifeacht a fheictear dó ar úsáidí atá ann cheana agus atá ceadaithe, a neamh-chomhoiriúnacht leis na cuspóirí beartais, na caighdeáin agus na ceanglais atá sa phlean seo nó toisc go bhféadfadh sé a bheith ar neamhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair. 

Tá na criosanna úsáide talún dá dtagraítear sa mhaitrís chriosaithe úsáide talún comhdhéanta díobh seo a leanas: 

  1. 1.    Crios VC     Lár an tSráidbhaile/Tráchtála
    2.    Crios R       Cónaithe 
    3.    Crios I        Tionsclaíoch 
    4.    Crios BE     Gnó & Fiontar
    5.    Crios T       Turasóireacht 
    6.    Crios CF     Áiseanna Pobail 
    7.    Crios OS    Spás Oscailte/Áineas & Conláiste
    8.    Crios PU    Fóntais Phoiblí 
    9.    Crios TF     Bonneagar Iompair
    10.  Crios A      Talmhaíocht

10.6   Cuspóirí an Bheartais Chriosaithe um Úsáid Talún 

Land Use Zoning Policy Objectives for the Small Growth Villages

SGV 1                   Céimniú Forbartha Cónaithe

Tacú le forbairt tailte atá ainmnithe mar Chónaithe (Céim 1) laistigh de shaolré an Phlean, i gcomhréir leis an gCroí-Straitéis agus faoi réir gnáthriachtanas pleanála, rochtana agus seirbhísithe, agus na tailte atá ainmnithe mar Chónaithe (Céim 2) a chur in áirithe do riachtanais fháis níos fadtéarmaí de gach sráidbhaile. De ghnáth ní féidir tailte cónaithe (Céim 2) a fhorbairt le haghaidh tithíochta laistigh de shaolré an Phlean seo, cé is moite de na forbairtí seo a leanas, a fhéadfaidh an tÚdarás Pleanála a mheas, faoi réir cáis oiriúnaigh fianaisebhunaithe a bheith déanta don togra:
a)    Forbairtí tí aonair do bhaill teaghlaigh áitiúla ar thalamh ar leis an teaghlach í, faoi réir clásal áitíochta 7 mbliana.
b)    Forbairtí neamhchónaithe atá oiriúnach do chomhthéacs an láithreáin, conláistí cónaithe, an patrún forbartha atá ann cheana sa cheantar agus na cuspóirí beartais sa Phlean.
c)    Nuair is léir nach bhféadtar nó nach bhforbrófar tailte Cónaithe (Céim 1) chun críocha cónaithe laistigh de thréimhse an phlean, féadfar forbairt chónaithe a mheas i gcásanna teoranta ar bhealach céimnithe ar thailte oiriúnacha Cónaithe (Céim 2), in imthosca eisceachtúla:

  • De ghnáth ní bhreithneofar forbairt ar thailte Cónaithe (Céim 2) ach sa chás go bhfuil 50% de na tailte Cónaithe (Céim 1) tiomanta d’fhorbairt.
  • Beidh forbairtí cónaithe ar thailte Cónaithe (Céim 2) faoi réir chomhlíonadh na Croí-Straitéise, na bprionsabal um pleanáil cheart agus na forbartha inbhuanaithe, nascachta, lena n-áirítear bonneagar agus cosán poiblí agus soilsiú go lár an tsráidbhaile, an cur chuige seicheamhach, forbairtí cliobógacha a sheachaint, agus faoi réir gnáthriachtanas pleanála, comhshaoil, rochtana agus seirbhísithe a chomhlíonadh. Ní cheadófar forbairtí ach amháin má tá cás fianaisebhunaithe dearbhaithe chuig sásamh an Údaráis Phleanála agus ní dhéanfaidh an fhorbairt dochar d’úsáid na dtailte sa todhchaí do riachtanais fháis níos fadtéarmaí gach lonnaíochta.

SGV 2    Forbairt Inlíonta Chónaithe

I sráidbhailte atá ann cheana déanfar forbairt tithíochta inlíonta teoranta ar scála beag ar láithreáin iomchuí a mheas. Tabharfaidh na láithreáin inlíonta seo aird ar charachtar na sráide atá ann cheana maidir leis an líne thógála atá ann cheana, scála, comhréireanna, leagan amach, airde agus ábhair mhargaíochta na bhforbairtí máguaird. Ní mór do bhealach sábháilte rochtana isteach agus amach a bheith ag an láithreán agus caighdeáin bhainistíochta forbartha le haghaidh áitribh nua a chomhlíonadh.

SGV 3    Lár an tSráidbhaile

  1. Beidh Láir na Sráidbhailte (VC) fós mar phríomhfhócas do shuíomh na forbartha miondíola agus tráchtála nua. Cinnteoidh an tÚdarás Pleanála go mbeidh suíomh na forbartha miondíola sa todhchaí chomhsheasmhach leis na príomhphrionsabail bheartais agus ord tosaíochta, mar atá leagtha amach faoi Alt 4.4 go 4.6 de na Treoirlínte d’Údaráis Phleanála um Pleanáil Miondíola 2012 (agus aon doiciméad nuashonraithe/a ghabhann ina n- ionad) agus beidh gá le Measúnuithe Tionchair Miondíola, lena n-áirítear sonraí faoin gcur chuige seicheamhach agus Ráitis Dearaidh d’fhorbairtí miondíola de réir na dTreoirlínte Pleanála Miondíola.
  2. Foráil a dhéanamh d’fhorbairtí measctha tráchtála agus comhlántacha a fhorbairt, ar thailte oiriúnacha ar féidir leo pointí fócasacha a sholáthar chun seirbhísí a sholáthar do chomharsanachtaí/ ceantair máguaird chomh maith le deiseanna d’fhiontair tráchtála, d’fhorbairtí miondíola agus do chruthú fostaíochta.
  3. Beocht agus inmharthanacht láir na sráidbhailte a chosaint agus a fheabhsú trína chinntiú go bhfanfaidh siad mar an príomhionad miondíola, tráchtála agus úsáide measctha agus cosc a chur ar iomadú d’aon úsáid aonair nó d’úsáidí eile, dar leis an Údarás Pleanála, nach gcuireann le beogacht agus inmharthanacht láir na sráidbhailte.

SGV 4    Bainistíocht Lár an tSráidbhaile

Faoi réir acmhainní iomchuí, ullmhóidh an Chomhairle, i gcomhar le páirtithe leasmhara áitiúla, pleananna bainistíochta lár sráidbhaile do na Sráidbhailte Beagfháis éagsúla de réir mar is cuí.
Sna Pleananna Bainistíochta breithneoidh cuid nó gach ceann díobh seo a leanas
(a)    Oibreacha Feabhsúcháin ar an Ríocht Phoiblí;
(b)    Uasghrádú ar shoilsiú poiblí;
(c)    Nascacht idir lár an tsráidbhaile agus imeall níos leithne na sráidbhailte;
(d)    Dearadh/feabhsúcháin ar aghaidheanna siopaí ar na príomhshráideanna;
(e)    Uasghrádú agus feabhsú ar throscán sráide;
(f)    Tírdhreachtú bog agus plandáil bhog ar ardchaighdeán a sholáthar chomh maith le spásanna poiblí feidhmiúla;
(g)    Bainistíocht pháirceála;
(h)    Breithniú ar athúsáid cúlchríocha laistigh de láir na sráidbhailte le haghaidh spáis chathartha/úsáidí eile;

SGV 5    Áiseanna Pobail

Forbairt áiseanna pobail a chur chun cinn ar thailte oiriúnacha, le hardleibhéal rochtana ar an bpobal áitiúil, lena n-áirítear úsáidí oideachais, pobail, cathartha, poiblí, institiúideacha, áineasa, cultúrtha agus comhlántacha eile, de réir mar is cuí.

SGV 6    Gnó agus Fiontar

Forbairt úsáidí gnó agus fiontar, tionscal éadrom / trádstóráil agus éascú úsáidí cineál páirce fiontar / oifige chun aonaid nua-thionscanta/gorlainne agus fiontair bheaga mheánmhéide a áireamh, ar thailte oiriúnacha le seirbhísí agus saoráidí leordhóthanacha agus le hardleibhéal rochtana ar na mórghréasáin bhóithre agus ar shaoráidí iompair phoiblí.

SGV 7    Tionsclaíoch

Forbairt inbhuanaithe d’úsáidí tionsclaíocha agus d’úsáidí a bhaineann leis an tionscal a chur chun cinn, lena n-áirítear déantúsaíocht, próiseáil ábhar, trádstóráil agus dáileadh ar thailte oiriúnacha, le seirbhísí agus saoráidí leordhóthanacha agus le hardleibhéal rochtana ar na mórghréasáin bhóithre agus ar na háiseanna iompair phoiblí.

Beidh gá le cóireáil imlíne leordhóthanach agus/nó sciathadh chun comhéadain ardchaighdeáin a chinntiú le spásanna poiblí agus le haon áiteanna cónaithe tadhlacha nó úsáidí íogaire talún eile de réir mar is cuí.

SGV 8     Spás Oscailte Áineas agus Conláiste

Bainistíocht, úsáid agus/nó forbairt inbhuanaithe de na tailte SO a chur chun cinn, de réir mar is cuí. Áireofar leis seo:

a) Spásanna oscailte agus gníomhaíochtaí áineasa a fhorbairt, de réir dea-chleachtais agus ar thailte oiriúnacha a bhfuil rochtain leordhóthanach ar an bpobal áitiúil acu agus spás oscailte agus saoráidí áineasa atá ann a choinneáil, mura féidir a thaispeáint go soiléir chun sástacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach bhfuil na húsáidí ag teastáil ón bpobal a thuilleadh;

b). Bainistíocht agus úsáid chuí ar aon limistéir riosca tuile laistigh de chrios an SO chun riosca agus tionchar féideartha tuilte a sheachaint, a laghdú agus/nó a mhaolú;

c) Bainistíocht agus úsáid chuí d’aon limistéar a bhfuil luach ard bithéagsúlachta aige.

SGV 9       Turasóireacht

a) Is cuspóir beartais de chuid na Comhairle é forbairt acmhainneacht turasóireachta na sráidbhailte a spreagadh agus a éascú ar bhealach a urramaíonn, a thógann, a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn oidhreacht chultúrtha, thógtha agus nádúrtha agus taitneamhachtaí áitiúla gach limistéar lonnaíochta;

b) Soláthar a dhéanamh nuair is indéanta agus tacú le bonneagar agus seirbhísí turasóireachta a sholáthar lena n-áirítear, bonneagar siúlóide, rothaíochta agus uiscebhunaithe agus saoráidí gearrthéarmacha cóiríochta d’aíonna i ngach sráidbhaile in áiteanna iomchuí.

SGV 10      Talmhaíocht

Beidh toimhde ghinearálta ann i gcoinne forbartha cónaithe ar thailte criosaithe Talmhaíochta (A), atá suite laistigh de theorainn an phlean cé is moite d’fhorbairtí tí aonair do bhaill teaghlaigh ar thailte faoi úinéireacht teaghlaigh, a d’fhéadfaí a mheas faoi réir chomhlíonadh na gcuspóirí beartais atá i gCaibidil 4 Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe, mar is cuí, le gnáthriachtanais phleanála, rochtana agus seirbhísithe agus prionsabail na pleanála cirte agus na forbartha inbhuanaithe. Ní cheadófar forbairtí ach amháin má tá cás fianaisebhunaithe curtha faoi bhráid chuig sásamh an Údaráis Phleanála agus nach ndéanfaidh an fhorbairt dochar d’úsáid na dtailte sa todhchaí do riachtanais fháis níos fadtéarmaí gach lonnaíochta. Beidh feidhm ag coinníoll soláthair ar feadh tréimhse 7 mbliana, tar éis an dáta a ndéantar an duine nó na daoine lena mbaineann an clásal feidhme is infheidhme ina leith an teach a áitiú den chéad uair.

SGV 11     Fóntais Phoiblí

a)    Soláthar agus cothabháil bonneagair fóntais phoiblí riachtanach a éascú, mar aon leis na saoráidí agus na húsáidí coimhdeacha riachtanacha, de réir mar is cuí.

b)    Déanfar tograí forbartha i gcomharsanacht an bhonneagair fóntais phoiblí a mheas ar bhonn cás ar chás de réir na pleanála cirte agus na forbartha inbhuanaithe

SGV 12    Dearadh Ardchaighdeáin, atá Íogair ó thaobh Comhthéacs de

A chinntiú go bhfreagraíonn forbairtí nua do chomhthéacs an láithreáin agus go bhfuil siad ag teacht le carachtar, taitneamhacht, oidhreacht, timpeallacht agus tírdhreach an cheantair. Ceanglófar ar thograí d’fhorbairtí nua carachtar reatha an cheantair a chomhlánú i dtéarmaí scála, airde, mórdhlúthú, líne thógála, gráin uirbigh agus sainmhínithe agus trí mholtaí dearaidh ardchaighdeáin d’fhoirgnimh/struchtúir/aghaidheanna siopaí, úsáid ardchaighdeáin, ábhair iomchuí agus comharthaíocht, soilsiú, tograí tírdhreachtaithe agus sonraí eile den sórt sin a sholáthar.

SGV 13    Tithíocht Shóisialta agus Speisialtóra

A éileamh go gcuirfear 10% ar a laghad de na láithreáin chónaithe incháilithe nua ar leataobh chun aonaid tithíochta sóisialta agus speisialaithe nua a fhorbairt, mura dtugtar aghaidh orthu trí shocruithe malartacha oiriúnacha trí chomhaontú leis an Údarás Pleanála, de réir Straitéis Tithíochta Chontae na Gaillimhe agus Cuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar fhoráil Chuid V chun beartas an Rialtais a léiriú.

SGV 14      Forbairt Chónaithe Eile

Beidh toimhde ghinearálta i bhfabhar tithe altranais / cúraim agus cóiríocht / áiseanna scoir agus ionaid chúraim phobail / lae a fhorbairt ar thailte criosaithe cónaithe, tailte criosaithe saoráide pobail nó in aice le lár an tsráidbhaile seanbhunaithe nó mar athúsáid oiriúnach le haghaidh déanmhas cosanta nó foirgneamh eile (m.sh. foirgnimh institiúideacha nó oideachais) a mbeadh acmhainneacht athfhorbartha teoranta acu i bhfianaise a méid agus a gcarachtar ailtireachta, faoi réir gnáthriachtanas pleanála, comhshaoil, rochtana agus seirbhísithe.

SGV 15    Bonneagar Iompair

Soláthar agus cothabháil bonneagair fóntais phoiblí riachtanach a éascú, mar aon leis na saoráidí agus na húsáidí coimhdeacha riachtanacha, de réir mar is cuí.

SGV 16    Úsáid Talún Shrianta (CL)

Bainistíocht chuí agus úsáid inbhuanaithe riosca tuile a éascú laistigh de cheantair a forbraíodh roimhe seo.

Ní bhaineann an criosú seo ach le ceantair a forbraíodh roimhe seo agus cuirtear teorainn ar fhorbairt nua, agus aithnítear go bhféadfadh forbairt ar scála beag a bheith ag teastáil ó úsáidí forbartha atá ann cheana laistigh de na criosanna seo, mar a leagtar amach thíos, thar shaolré an Phlean Forbartha Contae, a chuirfeadh le forbairt uirbeach dhlúth agus inbhuanaithe an tsráidbhaile.

Meastar go bhfuil an criosú bunúsach nó na húsáidí ceadaithe atá ann cheana inghlactha i bprionsabal le haghaidh mionfhorbairtí ar fhoirgnimh atá ann cheana (mar shampla síntí beaga ar thithe, athruithe ar úsáid foirgneamh atá ann cheana), nach dócha go n-ardóidh siad saincheisteanna suntasacha tuile, ar an gcoinníoll nach gcuireann siad bac ar chosáin shreafa tábhachtacha, ná líon suntasach breise daoine a thabhairt isteach i limistéir riosca tuile ná stóráil substaintí guaiseacha a bheith i gceist leo.

Ó tharla go mbaineann iarratais den sórt sin le foirgnimh atá ann cheana nó le ceantair fhorbartha, ní fhéadtar an cur chuige seicheamhach a úsáid chun iad a lonnú i gceantair ina bhfuil riosca níos ísle i gceist leo agus ní bheidh feidhm ag an Tástáil Fírinnithe.

Beidh Measúnú Riosca Tuilte mionsonraithe ag gabháil le tograí forbartha laistigh den chrios seo, a dhéanfar de réir an Chórais Phleanála agus na dTreoirlínte um Measúnú Riosca Tuilte agus Ciorclán PL 2/2014 (nó arna nuashonrú), lena ndéanfar measúnú ar na rioscaí tuile a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe.

Ní bhreithneofar tograí ach amháin nuair a léirítear chun sástacht an Údaráis Phleanála nach mbeadh drochthionchar acu ná nach gcuirfidís bac ar rochtain ar chúrsa uisce, tuilemhá nó saoráidí cosanta agus bainistíochta tuile, nó nach méadóidís an baol tuilte in áiteanna eile. Ceanglófar freisin nádúr agus dearadh na mbeart bainistíochta riosca tuile struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha atá riachtanach le haghaidh forbartha i gceantair den sórt sin a thaispeáint, chun a chinntiú nach méadófar guais agus riosca tuile. Leanfaidh na bearta atá beartaithe dea- chleachtas i mbainistiú sláinte agus sábháilteachta d’úsáideoirí agus do chónaitheoirí na forbartha.

Comhlíonfar sonraíochtaí le haghaidh forbairtí i gceantair atá i mbaol tuile atá leagtha amach sa phlean seo de réir mar is cuí. (Féach freisin ar chuspóir beartais SGV 17).

SGV 17    Limistéir Riosca Tuilte agus Criosanna Úsáid Talún

A chinntiú go ndéantar aon fhorbairt bheartaithe a d’fhéadfadh a bheith comhoiriúnach le cuspóirí/maitrís an bheartais criosaithe úsáide talún ach ina gcuimsítear úsáid nach bhfuil oiriúnach don Chrios Tuilte (mar a léirítear ar Léarscáil 8 - Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte) agus/nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol tuile faoi réir measúnaithe riosca tuile, de réir an Chórais Phleanála agus na dTreoirlínte um Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte d’Údaráis Phleanála 2009 agus Imlitir na Roinne Pl 2/2014 (nó arna nuashonrú laistigh de shaolré an phlean seo) agus cuspóirí beartais an phlean seo.

SGV 18       Láithreáin Deise

An fhorbairt nó an athfhorbairt iomchuí agus inbhuanaithe a spreagadh agus tacú léi nuair is iomchuí tailte a shainaithnítear mar láithreáin deise forbartha laistigh de na léarscáileanna criosaithe úsáide talún do gach ceann de na SGVanna.

Clár ábhair

Baile