Caibidil 4 Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

 PDF

 

“Tacú le ról ceantar tuaithe chun bonn daonra cobhsaí a chothú trí ghréasán láidir sráidbhailte agus bailte beaga agus pobail tuaithe a neartú trí thacú le geilleagar tuaithe athléimneach agus talamh agus acmhainní a bhainistiú go hinbhuanaithe”.

4.1          Réamhrá

Aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe an ról tábhachtach atá ag an gceantar tuaithe sa chontae ó pheirspictíocht tithíochta, gheilleagrach agus shóisialta.  Tá éagsúlacht shaibhir áiseanna nádúrtha, bailte beoga, sráidbhailte mealltacha, ardtailte, tailte féaraigh fairsinge, purláin locha, aibhneacha intíre, sruthanna, oileáin agus imeallbhord scéimhiúil sa chontae.

Tá Gaillimh ar cheann de na contaetha is tuaithe in Éirinn, agus cónaíonn beagnach 78% den daonra sna ceantair thuaithe. Ar an ábhar sin, léireofar an ceantar tuaithe agus a thábhacht sna príomhchuspóirí beartais agus tiocfaidh sé leis an mbeartas náisiúnta. ‘Geilleagair agus Pobail Tuaithe Neartaithe’. Glacann ceantair thuaithe le príomhról i dtaobh an t-aitheantas a shainiú, an geilleagar agus an timpeallacht ardchaighdeáin a chur chun cinn agus beidh sé mar príomhchuid d’fhorbairt straitéiseach an chontae i rith thréimhse an phlean.

Faoi mar a dtugtar cuntas air i gCaibidil 2, An Chroístraitéis, an Straitéis Lonnaíochta agus an Straitéis Tithíochta, sainaithnítear san ordlathas lonnaíochta roinnt sráidbhailte agus an tuath ghinearálta. Is é cuspóir beartais na Comhairle é go n-éascófar riachtanais tithíochta tuaithe a mbíonn gá leo sa phobal tuaithe áiteanna san Ordlathas Lonnaíochta agus go ndéanfar áiteanna mealltacha le cónaí iontu de na sráidbhailte laistigh den chatagóir seo agus go gcuirtear blaiseadh de shaol na tuaithe ar fáil iontu ag an taca céanna.  Tabharfar príomhthús áite sa phlean seo do chothromaíocht a bhaint amach idir pobail tuaithe inbhuanaithe a threisiú agus a neartú agus an tuath á cosaint i gcomhthráth ó rófhorbairt.

Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil athrú ag teacht ar chleachtais oibre agus go bhfuil níos mó cianoibriú á dhéanamh, tá deis ar fáil sráidbhailte tuaithe a sholáthar mar fhíor-rogha do dhaoine ar main leo cónaí i suíomh tuaithe. Beidh gá níos mó leis roghanna eile ar chónaí in ionaid mhóra uirbeacha a sholáthar, ach caithfear cothromaíocht a bhaint amach chun ceantair uirbeacha agus thuaithe a chothú. Meastar go gcuireann na bailte agus na sráidbhailte deis ar fáil anois do dhaoine ar mhaith leo cónaí i gceantar tuaithe, ach nach sásaíonn critéir an riachtanais tithíochta.

Tá réimse éagsúil úsáidí sa chontae, idir tionscail talmhaíochta, ghairneoireachta agus eachaí, ionaid táirgthe bia áitiúla, gnólachtaí agraibhia agus gníomhaíochtaí caitheamh aimsire agus turasóireacht talmhaíochta. Nuair a chuirtear iad seo i dteannta a chéile, cuireann siad deis ar fáil do chónaitheoirí agus do chuairteoirí taitneamh a bhaint as timpeallacht ardchaighdeáin le cónaí agus le hoibriú inti agus le tabhairt faoi chaitheamh aimsire inti.

4.2         Aidhmeanna Straitéiseacha

Cinnteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe go gcuirtear forbairtí i gceantair thuaithe ar fáil i gcomhréir leis na haidhmeanna straitéiseacha seo a leanas:

  • Mórtas ceantair a shaothrú i measc pobail tuaithe agus chun cabhrú le pobail tuaithe a n-acmhainní cultúrtha agus nádúrtha a chur chun cinn;
  • Beogacht agus todhchaí sráidbhailte tuaithe agus na tuaithe fairsinge a threisiú agus na róil a aithint a ghlacann siad sa chomhthéacs níos fairsinge sóisialta agus geilleagrach;
  • Forbairt shóisialta agus gheilleagrach áiteanna tuaithe an Chontae a spreagadh agus tacú leis;
  • Tacú le geilleagair thuaithe áitiúla agus éagsúlú fiontar tuaithe áitiúla a éascú;
  • Pobail tuaithe/chósta an Chontae, an fheirm theaghlaigh thraidisiúnta san áireamh, a chothú agus tacú leo amach anseo;
  • Cabhrú le ‘cleachtais bhorrtha/bhainistíochta glaise’ a chothú (slándáil, cáilíocht agus éagsúlacht bhia san áireamh) i mbunmhodhanna táirgthe bia laistigh de na hearnálacha agraibhia, iascaigh agus foraoiseachta laistigh den Chontae;
  • Tacú le forbairt inbhuanaithe shóisialta agus gheilleagrach lonnaíochtaí ceantar tuaithe agus é a chur chun cinn;
  • Tréithe amhairc ceantar tuaithe a chosaint agus a fheabhsú tríd an bhforbairt ghaolmhar a dhearadh go híogair.

4.3          Comhthéacs Straitéiseach  

Ullmhaíodh an chaibidil seo i gcomhthéacs na bPleananna, na mBeartas agus na dTreoirlínte Náisiúnta agus Réigiúnacha seo a leanas: 

An Creat Náisiúnta Pleanála – Tionscadal Éireann 2040 
An Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 
An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta don Réigiún Thuaidh agus Thiar 20202-2032 

An Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019 

Na Treoirlínte d’Údaráis Phleanála maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe 2005
Taisteal Níos Cliste – Todhchaí Iompair Inbhuanaithe –  Beartas Nua Iompair d’Éirinn 2009-2020

Food Wise 2025

Food Harvest 2020

Ár nAcmhainn Tuaithe a Bhaint Amach: An Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Treochlár an Rialtais maidir le hAthrú a chur ar Shaol na Tuaithe in Éirinn
Cairt Thuath na hÉireann, 2016, an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

4.3.1      An Creat Náisiúnta Pleanála

Aithnítear sa Chreat Náisiúnta Pleanála (an CNP) go bhfuil ról mór le glacadh ag ceantair thuaithe in Éirinn agus spreagtar Údaráis Áitiúla a chinntiú go dtéitear i ngleic le bearnaí nascachta agus go dtacaíonn beartais phleanála agus infheistíochta le cruthú post sa gheilleagar tuaithe.  Baineann NSO 3 Geilleagair agus Pobail Tuaithe Neartaithe le forbairt tuaithe. Aithnítear sa CNP go bhfuil samplaí iomadúla ann de phobail tuaithe bheoga fud fad na tíre i mbailte, sráidbhailte agus faoin tuath agus go bhfuil difríochtaí soiléire ann idir na saghsanna seo ceantar tuaithe agus pobal tuaithe maidir le scála, inrochtaineacht agus an brú a chuireann ceantair uirbeacha máguaird orthu. Aithnítear freisin go bhfuil dúshláin roimh na pobail tuaithe seo idir brúnna ginte uirbeach i limistéir mórthimpeall ar cheantair uirbeacha agus daonra a bhfuil meath ag teacht air agus atá ag dul in aois agus inrochtaineacht íseal ar bhonneagar agus ar theicneolaíochtaí nua. Lorgaítear ann freisin an borradh a bhainistiú atá ag teacht ar limistéir a n-imrítear tionchar láidir uirbeach orthu chun rófhorbairt a sheachaint, agus pobail bheoga tuaithe á gcothú i gcomhthráth.

4.3.2      An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta

Aithnítear sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (an SRSE) an tábhacht atá ag bailte beaga, sráidbhailte agus an ceantar tuaithe sa réigiún. Cé gur gá beocht agus beogacht na gceantar tuaithe a chaomhnú, is gá mórtas áite, cultúr, cáilíocht agus nádúr an tírdhreacha a chothú i gcomhthráth freisin. Aithnítear san SRSE freisin an ról geilleagrach tábhachtach atá ag lonnaíochtaí tuaithe ar leibhéal áitiúil, agus sainaithnítear ann i gcomhthráth an gá atá le geilleagair agus pobail thuaithe a neartú trí bhonn fostaíochta ceantar tuaithe a fhairsingiú, feabhas a chur ar nascacht agus dul i ngleic le heasnaimh bhonneagracha. Cuirtear roinnt Cuspóirí Beartais Réigiúnacha (CBRanna) san áireamh a bhfuil mar chuspóir acu na ceantair thuaithe a dhéanamh níos athléimní do dhúshláin atá rompu.  Is iad CBR 3.4, CBR 3.7, CBR 3.8 agus CBR 3.13 na príomh-CBRanna a théann i ngleic le forbairt tuaithe a ndéanfar breithniú mionsonraithe orthu sa chaibidil seo agus fud fad an phlean.

4.4         Athrú Aeráide

Glacfaidh Tithíocht Tuaithe agus Forbairt Tuaithe le príomhról cinntitheach chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh athrú aeráide sa chontae.  Nuair a bhíonn tacaíocht á tabhairt do phobail tuaithe agus nuair a bhíonn an tuath á cosaint, caithfear tionchar an phatrúin forbartha a bhaineann le tithíocht aonuaire agus forbairt tuaithe ar an aeráid agus an timpeallacht a chur san áireamh. Bítear ag brath an iomarca ar an ngluaisteán de dheasca tithíocht aonuaire fhánach, agus cuirtear deiseanna teoranta ar fáil do dhaoine siúl nó rothaíocht mar gheall ar an bhfad idir tithe agus an scoil, an obair nó seirbhísí áitiúla.  De réir mar a dhéanaimid dícheall tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, is tábhachtach go ndéanann patrúin forbartha amach anseo ár lorg carbóin a laghdú, ár dtimpeallacht a chosaint agus bealaí níos inbhuanaithe maireachtála a chur chun cinn. Meastar go gcuireann an t-ordlathas lonnaíochta i gCaibidil 2 agus na cuspóirí beartais a chuimsítear sa chaibidil seo a bhaineann le sráidbhailte agus an tuath fhairsing patrún inbhuanaithe forbartha chun cinn ina mbeartaítear borradh i lonnaíochtaí laistigh den chontae. Tugtar tacaíocht, maidir leis an earnáil talmhaíochta, don aistriú chuig modhanna feirmeoireachta atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de a laghdaíonn na gáis cheaptha teasa a scaoiltear agus cruthaíonn siad tairbhí don bhithéagsúlacht áitiúil agus do phobail tuaithe agus cuireann siad bia ardchaighdeáin ar fáil agus cothaíonn siad leas ainmhithe chomh maith. Cuirfidh na cuspóirí beartais sa chaibidil seo straitéis forbartha tuaithe chothrom chun cinn.

4.5          Próifíl Phobal Tuaithe

Tá roinnt sráidbhailte tuaithe i nGaillimh ina gcuirtear príomhfheidhm ar fáil i dtaobh áiseanna a sholáthar, cosúil le hionaid adhartha agus áiseanna oideachais, sóisialta agus tithíochta. Le roinnt blianta anuas, bhí na sráidbhailte seo thíos le meath ar an daonra agus ar an soláthar seirbhísí áitiúla a fhreastalaíonn ar an daonra áitiúil agus ar an gcúlchríoch níos fairsinge. Bheadh comaitéireacht á déanamh riamh anall ag na daoine a chónaíonn sna sráidbhailte seo chuig na bailte níos mó agus Cathair na Gaillimhe ar mhaithe le fostaíocht agus oideachas meánscoile, ach go háirithe. Le bliain anuas, áfach, tá athrú suntasach tagtha ar chleachtais oibre agus tá níos mó cianoibriú á dhéanamh agus is é an t-athrú seo ar chleachtais oibre a sholáthraíonn deis do shráidbhailte tuaithe laistigh den chontae “athghiniúint” a dhéanamh mar gheall go bhfuil daoine ag aistriú chucu le cónaí iontu chun go ndéanfar iad a chothú agus a fhorbairt níos mó.

Is iad cuspóirí beartais an phlean seo leanúint ag tacú le forbairt inbhuanaithe ceantar tuaithe i nGaillimh trí bhorradh i sráidbhailte a spreagadh a shainaithnítear i leibhéal 7 den ordlathas lonnaíochta agus le forbairt chothrom agus inbhuanaithe faoin tuath.  Paraiméadar ar tábhachtach é a chur san áireamh freisin é tithíocht tuaithe a sholáthar faoin tuath fhairsing nuair a dhéantar trácht ar phobail tuaithe. Cuireadh brú suntasach forbartha sna limistéir seo agus teastaíonn cur chuige cothrom dá bharr chun na pobail seo a chothú.  Bunaítear an cur chuige i leith maireachtáil agus forbairt tuaithe ar fhorbairt tuaithe inbhuanaithe a chur chun cinn atá dírithe ar phobail tuaithe bheoga agus inmharthana a chothú, agus a lorg, i gcomhthráth, chun aistriú chuig sochaí athléimneach ísealcharbóin agus luach conláiste, áineasa agus oidhreachta thírdhreacha tuaithe agus thuath an chontae a chosaint. Freastalaíonn bonneagar fuíolluisce agus uisce ar roinnt de na sráidbhailte leibhéal 7 laistigh den ordlathas lonnaíochta. Ní bhaineann sráidbhailte eile an tairbhe seo, ach glacann siad le ról ríthábhachtach sa phobal agus sa chúlchríoch thuaithe níos fairsinge. Ní mór iad a chur san áireamh i measc sráidbhailte a bhfuil acmhainn forbartha theoranta acu ar leibhéal 7 mar gheall ar an ról ríthábhachtach pobail seo atá acu. 

4.5.1    Pobail Tuaithe Chónaithe a Neartú

Aithnítear sa CNP agus san SRSE tábhacht bhailte agus sráidbhailte chun pobal tuaithe beoga agus inbhuanaithe a chruthú. Tá sráidbhailte ar fud an chontae a bhí thíos le laghdú ar sheirbhísí agus inar cailleadh beogacht sa phobal.  Aithnítear san Ordlathas Lonnaíochta tuaithe don chontae an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht a bhaint amach idir forbairt cónaithe a éascú faoin tuath fhairsing agus na sráidbhailte a athbheochan. Faoi mar a dtugtar cuntas air i gCuspóir Beartais Náisiúnta 18b den CNP, forbrófar clár náisiúnta do “tithe nua i mbailte agus sráidbhailte beaga” agus le hÚdaráis Áitiúla, gníomhaireachtaí bonneagair phoiblí cosúil le hUisce Éireann, agus pobail áitiúla a chuireann láithreáin le seirbhísí ar fáil a bhfuil an bonneagar cuí acu a ghníomhódh mar rogha inmharthana ar thithe aonair faoin tuath fhairsing.  Dá gcuirfí an tionscnamh seo i bhfeidhm go rathúil, chuirfeadh seo ardán ar fáil d’fhorbairt inbhuanaithe pobal tuaithe, ina dtiocfaidh méadú comhordaithe ar an daonra, a chabhródh le gnólachtaí agus seirbhísí áitiúla a chruthú nó a chothú i gcásanna áirithe.

4.5.2      Acmhainn Forbartha Cónaithe i Lonnaíochtaí Leibhéal 7-Sráidbhailte agus Tuath le Seirbhísí/gan Seirbhísí

Sráidbhailte beaga atá i roinnt de na sráidbhailte sa chatagóir seo den ordlathas lonnaíochta a bhfuil braisle thithe i gceist leo agus ina bhfuil leibhéal teoranta seirbhísí ar fáil. Freastalaíonn soláthar uisce agus/nó fuíolluisce príomhphíobáin ar roinnt de na sráidbhailte seo, agus ní dhéantar an soláthar seo i roinnt eile de na sráidbhailte. Aithnítear sa phlean seo go bhfuil acmhainn sna sráidbhailte seo chun freastal ar leibhéal beag borrtha, agus go bhfuil acmhainn bhorrtha ar fáil ag brath ar mhéid an tsráidbhaile.  Príomhghnéithe í comhfhorbairt áite laistigh de na sráidbhailte tuaithe, faoi mar a dtugtar cuntas air i gCaibidil 3 Comhfhorbairt Áite, Athghiniúint agus Maireachtáil Uirbeach, a chuireann barr feabhais ar bheogacht agus ar eispéireas tuaithe. 

4.5.2.1   Sráidbhailte le Seirbhísí

Meastar go bhfuil acmhainn sna sráidbhailte le seirbhísí chun tabhairt faoi fhorbairt ilaonaid a mheastar atá cuí agus teastaíonn straitéis dearaidh a bhaineann go sonrach leis an láithreán chun forbairt gach ceapaí a threorú. Is gá breithniú a dhéanamh ar roinnt gnéithe dearaidh go mbeifear in ann an fhorbairt a shuíomh laistigh den sráidbhaile aonair.

4.5.2.2   Sráidbhailte gan Seirbhísí

Nuair a théitear i ngleic leis na sráidbhailte ina bhfuil easnamh bonneagar fuíolluisce, is gá tacú le braisliú cúig theach nó níos lú ar láithreáin ina bhfuil ionaid chóireála fuíolluisce aonair faoi chúinsí áirithe chun barr feabhais a chur ar inmharthanacht agus ar mhealltacht na limistéar seo agus chun rogha inmharthana a sholáthar ar an teach aonair faoin tuath.

4.5.2.3   An Tuath Fhairsing

Tírdhreach beo agus ina gcónaíonn daoine atá sa tuath fhairsing agus leanfaidh sé amhlaidh agus díreofar ann ar riachtanais gheilleagar tuaithe agus phobal tuaithe, faoi mar a dtugtar cuntas air i mír 4.7 den chaibidil seo, ach is gá forbairt ribíneach agus fuílligh ón gceantar uirbeach a sheachaint, áfach.  Forordaítear beartas náisiúnta sa CNP maidir le tithíocht tuaithe a fhorbairt agus mar a dtugtar cuntas air in CBN 19, tá gá ann le hidirdhealú soiléir a sholáthar idir limistéir faoi thionchar uirbeach agus áiteanna eile, a ndéanfar scagadh breise orthu i mír 4.6 a leanfaidh. 

Cuspóirí Beartais Pobail Tuaithe

RC 1        Forbairt Inbhuanaithe i Sráidbhailte
Is é cuspóir beartais na Comhairle forbairt inbhuanaithe chothrom ár sráidbhailte a spreagadh ar bhealach incriminteach, agus an bhéim ar fhorbairt ar scála beag idir an meántéarma agus an fadtéarma, ar aon dul le nádúr na lonnaíochta.


RC 2        Tithíocht Tuaithe faoin Tuath
Forbairt tithíochta tuaithe faoin tuath fhairsing a bhainistiú trína iarraidh ar iarratasóirí a léiriú go gcomhlíonann siad na Cuspóirí Beartais Tithíochta Tuaithe faoi mar a dtugtar cuntas orthu i Mír 4.6.3.

RC 3        Bailte agus Sráidbhailte Beaga
Tacú leis an tionscnamh “Tithe Nua i mBailte agus Sráidbhailte Beaga” a fhorbairt i gcomhairle le hUisce Éireann agus páirtithe leasmhara eile trí sheirbhísí uisce agus láithreáin le seirbhísí a sholáthar laistigh de lorg reatha sráidbhailte tuaithe. 

RC 4        Forbairt Úsáide Measctha Sráidbhailte
Tacú le forbairt tráchtála a sholáthar atá ar scála cuí laistigh de shráidbhailte. Féadtar a áireamh leis seo forbairt úsáide measctha theoranta nua, forbairt a ghineann fostaíocht, forbairt cúraim leanaí agus forbairt tráchtála chuí eile ina measc sin. 

RC 5        Braisliú Tuaithe ar Thailte gan Seirbhísí i Sráidbhailte 
Tacú le braislí cúig theach nó níos lú a fhorbairt laistigh de lorg sráidbhailte reatha ina bhfuil ionaid chóireála fuíolluisce aonair i gcomhréir leis an gCód Cleachtais is cothroime le dáta de chuid an GCC le haghaidh Córais Chóireála agus Diúscartha Fuíolluisce a fhreastalaíonn ar thithe aonair. Cinnteoidh na tograí go léir go ndéantar soláthar uisce sábháilte a sholáthar. Áireofar le tograí d’fhorbairt sna sráidbhailte seo measúnú a dhéanann hidreolaí cáilithe, ina léirítear nach dteipfidh ar aon dobharlach uisce dromchla nó screamhuisce cuspóir an ghrúpa uisce a bhaint amach faoin gCreat-Treoir Dramhaíola mar gheall ar an sceitheadh ón dabhach shéarachais, anuas ar dhabhcha séarachais eile laistigh den sráidbhaile agus den cheantar níos fairsinge. 

RC 6        Acmhainn Forbartha Cónaithe Sráidbhailte
Déanfar breithniú ar fhorbairt, laistigh de lorg sráidbhailte, nuair a bhíonn forbairtí tithe iolracha i gceist leis, faoi réir seirbhísí, láithreánú, dearaidh, conláistí cónaithe a chosaint agus gnáthchritéir Bhainistíochta Forbartha faoi mar a dtugtar cuntas orthu i gCaibidil 3 Comhfhorbairt Áite, Athghiniúint agus Maireachtáil Uirbeach agus Caibidil 15 Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha.

RC 7        Treoirlínte do Scéimeanna Tithíochta Braisle i Sráidbhailte
Treoirlínte do Scéimeanna Tithíochta Braisle i Sráidbhailte Tuaithe a ullmhú laistigh de shaolré an Phlean Forbartha, ag brath ar an méid acmhainní atá ar fáil. 
 

4.6          Straitéis Tithíochta Tuaithe faoin Tuath Fhairsing

Déanann an CNP agus an SRSE cur chuige na Straitéise Lonnaíochta Tuaithe don chontae a threorú. Treoirlínte d’Údaráis Phleanála maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe (an RCORÁ 2005) agus Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe (SIPCG) nua. Luaitear sna Treoirlínte d’Údaráis Phleanála maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe (2005) go mbeidh saintréithe ag “Ceantair Thuaithe atá Lag ó thaobh Struchtúir de” cosúil le meath seasmhach agus suntasach ar an daonra agus struchtúr geilleagrach níos laige bunaithe ar innéacsanna ioncaim, fostaíochta agus borrtha gheilleagraigh. I gcodarsnacht leis sin, beidh saintréithe cosúil le gaireacht do gharphurláin nó don cheantar comaitéireachta atá gar do chathracha agus bailte, daonra atá ag dul i méid, fianaise go bhfuil brú suntasach ar thithíocht a fhorbairt mar gheall ar ghaireacht do na ceantair uirbeacha sin, nó do mhórchonairí iompair ina bhfuil teacht gan stró ar an gceantar uirbeach, agus ina bhfuil brú ar “Ceantar Tuaithe Láidir atá faoi Thionchar Suntasach Uirbeach”.

Is féidir teacht ar Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe (SIPCG) in Aguisín 3 den phlean seo.  Tugtar le fios sa straitéis seo an brú atá ar na mórchonairí iompair go príomha feadh mhótarbhealaí an M6/M17 agus i limistéir mórthimpeall na bpríomhcheantar uirbeach agus ceantar uirbeach an chontae.

Thug an tÚdarás Pleanála faoi mheasúnú i gcomhréir leis an gcur chuige seo a leanas:

  • Seoladh anailís agus léarscáiliú ar na sonraí faoi iarratais pleanála ar thithíocht ar aghaidh ó glacadh le Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015-2021;
  • Anailís ar fhorbairt tithíochta trí úsáid a bhaint as Logeolaire An Post;
  • Anailís ar thoghcheantair atá faoi bhrú suntasach forbartha agus ar phurláin na bpríomhlonnaíochtaí uirbeacha agus laistigh de Mhórcheantar uirbeach an chontae bunaithe ar thurais chomaitéireachta chuig na ceantair seo;
  • Anailís ar shonraí Dhaonáirimh 2006 agus 2016 ar threochtaí daonra agus teaghlaigh;
  • Anailís ar Mheasúnacht ar Nádúr an Tírdhreacha.

Seo a leanas príomhthorthaí na hanailíse seo:

  • Luas na gníomhaíochta laistigh den limistéar comaitéireachta timpeall ar Chathair na Gaillimhe;
  • Is ionann an leibhéal tithe aonair a deonaíodh idir Feabhra 2015 agus Feabhra 2021 san SIPCG agus thart ar 1499, agus is ionann an leibhéal sna limistéir lasmuigh de SIPCG agus thart ar 1059;
  • Tugtar le fios sa Logeolaire go raibh thart ar 2,388 seoladh nua i gcaitheamh na tréimhse ó Fheabhra 2015 go Feabhra 2021 sa SIPCG agus thart ar 1175 seoladh nua lasmuigh de SIPCG sa tréimhse chéanna;
  • Is suntasach don athrú a tháinig ar an daonra idir Daonáireamh 2006 agus 2016.
  1. I limistéar SIPCG, tá méadú breis agus idir 10% agus 25% tagtha ar an daonra i  dToghranna (TRanna) agus is mó an méadú seo i roinnt TRanna ná 25%, go háirithe timpeall ar Bhaile Átha an Rí agus Órán Mór;   
  2. Tá laghdú thart ar idir 0 agus -5% tagtha ar an daonra in TRanna i gceantair an Chontae lastoir den SIPC;
  3. Tá laghdú ginearálta tagtha freisin ar an daonra in TRanna ar tháinig méadú ní ba lú ná 10% orthu, i gceantair an Chontae laistiar de SIPCG. 

Rinneadh breithniú ar an anailís agus na straitéisí uile thuas agus na limistéir á sainaithint atá faoi bhrú uirbeach.

4.6.1     Ceantair Thuaithe faoi Bhrú Láidir Uirbeach – an Ceantar Uirbeach agus SIPCG

I ndiaidh an anailís faoina dtugtar i Mír 4.6 thuas, rinneadh an cinneadh go bhfuil na limistéir a léirítear ar Léarscáil Uimhir 2 an-chosúil le saintréithe ceantar tuaithe faoi brú láidir uirbeach. Tá saintréithe borrtha ar an daonra ag na limistéir seo ag láithreacha atá gar do bhailte móra agus a ndéanann líon mór de na daoine a chónaíonn sna ceantair thuaithe seo comaitéireacht chucu. Is léir freisin ón anailís a rinneadh go raibh brú ar fhorbairt a dhéanamh do thithíocht mar gheall ar an ngaireacht do Chathair na Gaillimhe. Is é cuspóir na limistéar seo bonn cobhsaí daonra a choimeád i gceantair thuaithe laistigh de ghréasán láidir bailte agus sráidbhailte beaga.

Is iad príomhchuspóirí na Comhairle:

  • Fíor-riachtanais tithíochta an phobail tuaithe áitiúil a éascú (tithíocht a ghintear faoin tuath), a fhad agus a bhítear sásta go n-oireann an láithreán agus ag brath ar bhreithnithe teicniúla;
  • Forbairt a ghintear i gceantair uirbeacha a dhíriú ar limistéir a bhfuil forbairt tithíochta nua le déanamh iontu sna lárionaid uirbeacha máguaird, ar bhailte a shainaithnítear sa cheantar uirbeach agus sna bailte agus sráidbhailte a shainaithnítear sa Straitéis Lonnaíochta;
  • Tacú le tithíocht tuaithe i gceantair a ainmnítear mar cheantair atá lag ó thaobh struchtúir de
  • Freastal ar thograí forbartha cónaithe i gcomhréir le Caibidil 15 Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha.

I gcomhréir leis an CNP agus na Treoirlínte maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe, glactar leis i bprionsabal, go ginearálta, gur cheart tithíocht ghinte uirbeach titim amach laistigh de na limistéir thógtha nó ar thailte a shainaithnítear, tríd an bpróiseas Pleananna Lonnaíochta/Plean Ceantair Áitiúil. I ndiaidh gur ainmníodh Plean Chathair agus Phurláin Uirbeacha Chathair na Gaillimhe, ina gcuimsítear lonnaíochtaí Bhearna, Bhaile Chláir agus Órán Mór, meastar gur cheart na ceantair thuaithe idir na lonnaíochtaí seo agus teorainn riaracháin Chathair na Gaillimhe a chosaint ó thithíocht tuaithe fhánach. Laistigh de cheantar uirbeach an chontae, caithfidh an tIarratasóir a bheith ina b(h)all de theaghlach feirme agus caithfidh sé/sí roinnt critéar a shásamh a dtabharfar cuntas orthu i gcuspóirí beartais a eiseofar amach anseo.

I gceantair lasmuigh den cheantar uirbeach, na ceantair atá faoi bhrú uirbeach, beidh ar an iarratasóir a léiriú go bhfuil riachtanas deimhnithe tithíochta Tuaithe ann a bhfuil bunús leis.

Maidir leis na ceantair uirbeacha timpeall ar an nGort, Baile Loch Riach, Baile Átha an Rí agus Tuaim, meastar go bhfuil sé ina choinníoll de phrionsabail na pleanála cirte agus na forbartha cirte inbhuanaithe gur cheart creimeadh an imill uirbigh timpeall ar na bailte seo a dhíspreagadh. Iarrfar ar iarratasóirí a bhfuil teach a dteaghlaigh suite laistigh d’Imeall Uirbeach na mbailte seo a dheimhniú go bhfuil Riachtanas Tithíochta Tuaithe ann a bhfuil bunús leis agus ní cheadófar ach an chatagóir seo de dhaoine áit chónaithe a thógáil sna ceantair seo.

4.6.2      Ceantair Thuaithe atá Lag ó thaobh Struchtúir de (Lastoir agus Laistiar de SIPCG)

I ndiaidh an anailís faoina dtugtar i Mír 4.6 thuas, rinneadh an cinneadh gur féidir na ceantair laistiar agus lastoir de SIPCG a chatagóiriú mar Cheantair Thuaithe atá Lag ó thaobh Struchtúir de. Is féidir an ceantar tuaithe seo a chatagóiriú mar an gceantar tuaithe laistiar agus lastoir de SIPCG, faoi mar a léirítear i Mír 4.1. Bonn íseal daonra atá sna ceantair seo, den chuid is mó, agus níor tháinig an leibhéal céanna borrtha ar an daonra iontu a tháinig sna ceantair laistigh de SIPCG/na ceantair faoi bhrú Uirbeach. Tá ceantair ann inar tháinig laghdú ar an daonra, agus tá méadú ar an daonra tagtha ar roinnt ceantar idir Daonáireamh 2006 agus 2016. Tá seirbhísí agus bonneagar laghdaithe ar fáil sna ceantair seo mar gheall ar bhonn íseal daonra.

Is iad príomhchuspóirí na Comhairle sa saghas ceantar tuaithe seo:

  • Freastal ar thograí forbartha cónaithe de réir mar a thagann siad aníos a fhad agus atáthar sásta go bhfuil an láithreán oiriúnach agus a shásaítear breithnithe teicniúla;
  • Freastal ar thograí forbartha cónaithe i gcomhréir le Caibidil 15 Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha;
  • Bailte agus sráidbhailte reatha a chothú agus éileamh ar thithíocht a ghintear i gceantair uirbeacha a dhíriú isteach chuig na ceantair seo;
  • Ceantair a chosaint atá suite i gCatagóirí Tírdhreacha 2, 3 agus 4.

4.6.3     An Straitéis Forbartha Tithíochta Tuaithe 2022-2028

Chun riachtanais an NPF agus na dTreoirlínte maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe (2005) a chur san áireamh, meastar gur gá na freagairtí beartais ar leith seo a leanas a chorprú isteach sa phlean lena chinntiú go mbainistítear soláthar tithíochta tuaithe faoin tuath fhairsing go héifeachtúil agus go cuí. 

Anuas ar na ceantair a shainaithnítear thuas (an Ceantar Uirbeach Tuaithe, Ceantair Thuaithe faoi Bhrú Láidir Uirbeach agus Ceantair atá Lag ó thaobh Struchtúir de), meastar gur gá na ceantair a chur san áireamh a ndéanann Íogaireacht Tírdhreacha 2, 3 agus 4 difear dóibh agus na ceantair freisin atá lonnaithe laistigh den Ghaeltacht. I gceantair a rangaítear in Íogaireacht Tírdhreacha 2, 3 agus 4, tá ar iarratasóir a lorgaíonn teach tuaithe a thógáil faoin tuath fhairsing a thaispeáint go bhfuil Riachtanas Tithíochta Tuaithe a bhfuil bunús leis agus na Naisc Thuaithe atá acu.

Seo a leanas na cuspóirí beartais ar leith le haghaidh tithíocht tuaithe faoin tuath fhairsing: 

  • Crios Tithíochta Tuaithe 1: Ceantar Uirbeach Tuaithe-
  • Crios Tithíochta Tuaithe 2: Ceantar Tuaithe faoi Bhrú Láidir Uirbeach-SIPCG
  • Crios Tithíochta Tuaithe 3: Ceantair atá Lag ó Thaobh Struchtúir de
  • Crios Tithíochta Tuaithe 4: Íogaireacht Tírdhreacha 2, 3 agus 4
  • Crios Tithíochta Tuaithe 5: An Ghaeltacht

Map 1: Rural Area Types

Rural Areas Map

Map 4.2: Rural Housing Policy

4.2 Rural Housing Policy

Cuspóirí Beartais Tithíocht Tuaithe

RH 1        Crios Tithíochta Tuaithe 1 (Ceantar Uirbeach Tuaithe) 

Cuspóir beartais é tithíocht tuaithe a éascú sa Cheantar Uirbeach Tuaithe seo faoi réir na gcritéar seo a leanas:

Lorgaíonn na hiarratasóirí siúd a bhfuil Naisc Thuaithe* sheanbhunaithe fhollasacha gheilleagracha agus/nó shóisialta acu leis an gceantar trí naisc theaghlaigh reatha agus neasteaghlaigh, a gcéad áit chónaithe a fhorbairt ar ghabháltais reatha fheirm an teaghlaigh. Cuirfear fianaise dhoiciméadach faoi bhráid an Údaráis Phleanála le húdar a thabhairt leis an bhforbairt a bheartaítear agus déanfar measúnú air ar bhonn cás ar chás. Beidh coinníoll Clásal Feidhme i bhfeidhm ar feadh tréimhse 7 mbliana, i ndiaidh an dáta a áitíonn an duine nó na daoine an áit chónaithe an chéad uair lena mbaineann an clásal feidhme.

RH 2        Crios Tithíochta Tuaithe 2 (Ceantar Tuaithe faoi Bhrú Láidir Uirbeach-SIPCG-Lasmuigh de Chrios Ceantair Uirbigh Thuaithe 1)

Cuspóir beartais é tithíocht tuaithe a éascú sa cheantar tuaithe seo atá faoi bhrú láidir uirbeach faoi réir na gcritéar seo a leanas:

1(a). Lorgaíonn na hiarratasóirí siúd a bhfuil Naisc Thuaithe* sheanbhunaithe fhollasacha gheilleagracha agus/nó shóisialta acu leis an gceantar trí naisc theaghlaigh reatha agus neasteaghlaigh, a gcéad áit chónaithe a fhorbairt ar ghabháltais reatha fheirm an teaghlaigh. Cuirfear fianaise dhoiciméadach faoi bhráid an Údaráis Phleanála le húdar a thabhairt leis an bhforbairt a bheartaítear agus déanfar measúnú air ar bhonn cás ar chás.



1(b). D’fhás na hiarratasóirí siúd nach bhfuil aon tailte teaghlaigh acu ach ar mian leo a gcéad áit chónaithe a thógáil laistigh den phobal lena bhfuil Naisc Thuaithe* sheanbhunaithe fhollasacha gheilleagracha agus/nó shóisialta agus inar chaith siad cuid shubstainteach leanúnach dá saol, i.e. d’fhás siad aníos sa cheantar agus tá naisc neasteaghlaigh acu sa cheantar, e.g. is mac nó iníon iad le daoine atá ina gcónaí sa cheantar le fada an lá. I ndiaidh Riachtanas Tithíochta Tuaithe a bhfuil bunús leis* a dheimhniú, freastalófar ar na daoine siúd a dhéanann iarratas ar láithreán laistigh de gha 8 gciliméadar ó bhunáit chónaithe a dteaghlaigh, faoi réir na ngnáthchritéar bainistíochta forbartha.  Cuirfear fianaise dhoiciméadach faoi bhráid an Údaráis Phleanála le húdar a thabhairt leis an bhforbairt a bheartaítear agus déanfar measúnú air ar bhonn cás ar chás. 



1(c). Na hiarratasóirí siúd ar féidir leo a shásamh don Údarás Pleanála go bhfuil siad spleách ó thaobh feidhme de maidir le riachtanas follasach geilleagrach ar na ceantair thuaithe máguaird ina lorgaíonn siad teach aonair a fhorbairt mar a bpríomh-Áit Chónaithe teaghlaigh faoin tuath.  Cuirfear fianaise dhoiciméadach faoi bhráid an Údaráis Phleanála le húdar a thabhairt leis an bhforbairt a bheartaítear agus déanfar measúnú air ar bhonn cás ar chás.



1(d). Na hiarratasóirí siúd a chónaigh ar feadh tréimhsí substainteacha dá saol sa cheantar tuaithe, agus a bhog amach ón gceantar ansin agus ar mian leo anois filleadh agus a gcéad áit chónaithe a thógáil mar a n-áit chónaithe bhuan sa cheantar áitiúil seo. Cuirfear fianaise dhoiciméadach faoi bhráid an Údaráis Phleanála leis na naisc atá acu leis an gceantar a léiriú le  húdar a thabhairt leis an bhforbairt a bheartaítear agus déanfar measúnú air ar bhonn cás ar chás.

2. Beidh coinníoll Clásal Feidhme i bhfeidhm ar feadh tréimhse 7 mbliana, i ndiaidh an dáta a áitíonn an duine nó na daoine an áit chónaithe an chéad uair lena mbaineann an clásal feidhme.

*Féach sainmhíniú ar leathanach 80


RH 3        Crios Tithíochta Tuaithe 1 (Ceantair atá Lag ó Thaobh Struchtúir de)

Cuspóir beartais na Comhairle é forbairt tithe aonair a éascú faoin tuath fhairsing in “Ceantair atá lag ó thaobh Struchtúir de” faoi réir chomhlíonadh na ngnáthchritéar pleanála agus comhshaoil agus na gCaighdeán Bainistíochta Forbartha a dtugtar cuntas orthu i gCaibidil 15 agus caighdeáin eile infheidhme, seachas na tailte siúd a chuimsítear in Aicmiú Tírdhreacha 2, 3 agus 4 nuair a  bhíonn cuspóir RH4 i bhfeidhm.

RH 4        Crios Tithíochta Tuaithe 1 (Aicmiú Tírdhreacha 2, 3 agus 4)

Tá ar na hiarratasóirí siúd a lorgaíonn tithe aonair a thógáil faoin tuath fhairsing i gceantair atá lonnaithe in Aicmiú Tírdhreacha 2, 3 agus 4a Naisc Thuaithe* fhollasacha gheilleagracha agus/nó shóisialta a léiriú agus inar chaith siad cuid shubstainteach leanúnach dá saol, i.e. d’fhás siad aníos sa cheantar, cuireadh scolaíocht orthu sa cheantar agus tá naisc neasteaghlaigh acu sa cheantar, e.g. is mac nó iníon iad le daoine atá ina gcónaí sa cheantar le fada an lá agus tá orthu Riachtanas Tithíochta Tuaithe a bhfuil Bunús leis* a dheimhniú. Anuas air sin, b’fhéidir go mbeidh ar Iarratasóir measúnacht tionchair amhairc ar a bhforbairt a sheoladh ar aghaidh, nuair atá an togra i gceantar a shainaithnítear mar “Pointí Fócais/Radhairc” i Measúnacht ar Nádúr an Tírdhreacha de chuid an Chontae nó i limistéir thírdhreacha ainmnithe Aicme 3 agus 4. Cuirfear fianaise dhoiciméadach faoi bhráid an Údaráis Phleanála le húdar a thabhairt leis an bhforbairt a bheartaítear agus déanfar measúnú air ar bhonn cás ar chás. Beidh coinníoll Clásal Feidhme i bhfeidhm ar feadh tréimhse 7 mbliana, i ndiaidh an dáta a áitíonn an duine nó na daoine an áit chónaithe an chéad uair lena mbaineann an clásal feidhme.

RH 5        Crios Tithíochta Tuaithe 5 (An Ghaeltacht)

Cuspóir beartais na Comhairle é Tithíocht Tuaithe a éascú faoin tuath fhairsing faoi réir na gcritéar seo a leanas:
(a) Comhlíonfaidh na hiarratasóirí siúd laistigh den Ghaeltacht atá lonnaithe i gCrios 1 (Ceantar Uirbeach Tuaithe) agus Crios 2 (an Ceantar Tuaithe faoi Bhrú Láidir Uirbeach-SIPCG) agus Crios 4 (Íogaireacht Tírdhreacha) na cuspóirí beartais a chuimsítear RH 1, RH 2 agus RH 4, faoi mar is cuí.
(b) Cuspóir beartais na Comhairle é go ndéanfar breithniú ar chainteoirí Gaeilge ar féidir leo a n-inniúlacht an Ghaeilge a labhairt a chruthú i gcomhréir le riachtanais Chomhairle Contae na Gaillimhe agus ar féidir leo a gcumas a léiriú bheith mar shócmhainn fhadtéarmach do líonraí traidisiúnta, cultúrtha agus teanga pobail bheoga Ghaeltachta. Bainfidh na breithnithe seo le hiarratasóirí a lorgaíonn a bpríomháit chónaithe bhuan a sholáthar, in ainmniúcháin tírdhreacha Aicme 1 agus 2.  Sínfidh sé isteach i limistéir Aicme 3 nach bhfuil i láithreacha feiceálacha scéimhe. Ní bhainfidh an breithniú seo le hiarratasóirí a lorgaíonn tógáil i gCrios 1 (Ceantar Uirbeach Tuaithe). 
Bainfidh Clásal Feidhme Teanga fad 15 bliana le forbairtí faofa sa chatagóir seo

RH 6        Áitreabh Athsholáthair

Cuspóir beartais na Comhairle é go spreagfaí áiteanna cónaithe ináitrithe reatha a athchóiriú mar rogha níos inbhuanaithe ná scartáil agus ná áit chónaithe nua a thógáil, mura gcuirtear cás conclúideach i dtaobh scartála bunaithe ar fhianaise theicniúil faoi bhráid an Údaráis Phleanála go ndéanfaidh breithniú air ar bhonn cás ar chás. Beidh sé ina riachtanas go ndeartar aon teach cónaithe nua i gcomhréir leis na Treoirlínte Dearaidh Tithíochta Tuaithe faoin Tuath de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe. Freastalófar ar iarratasóirí ar gá dóibh teach reatha an teaghlaigh a scartáil gan a bheith orthu Riachtanas Tithíochta a dheimhniú agus ní bheidh siad faoi réir clásal feidhme.

RH 7        Áit Chónaithe Reatha a Athchóiriú

Cuspóir beartais na Comhairle é go ndéileáiltear go ginearálta le tograí chun áiteanna cónaithe tréigthe nó leath-thréigthe sa Chontae a athchóiriú, a athbhunú nó a mhionathrú ar a bhfiúntais ar bhonn cás ar chás, agus aird ar chuspóirí beartais ábhartha an phlean seo, láthair agus aird ar bail ar leith an struchtúir agus scála aon oibreacha a theastaíonn chun an struchtúr a uasghrádú go mbainfidh sé caighdeáin nua-aimseartha amach. Caithfidh an áit chónaithe thréigthe/leath-thréigthe a bheith slán ó thaobh struchtúir de agus caithfidh gur féidir é a athchóiriú nó a shíneadh agus caithfidh formhór a bhunghnéithe a bheith slán. Teastóidh tuarascáil struchtúrach lena léiriú gur féidir úsáid ináitrithe a bhaint as an struchtúr arís, gan baint de bhuntréithe na háite cónaithe. Nuair a bheartaítear an áit chónaithe reatha a scartáil go hiomlán, bainfidh Clásal Feidhme ar feadh seacht mbliana.

RH 8        Áit Chónaithe Aonair a Críochnaíodh go Substainteach

Ceadófar cábáin adhmaid agus faighneoga nó struchtúir adhmaid a thógáil i láithreacha inar féidir iad a chomhtháthú isteach sa tírdhreach reatha nó nuair is féidir le hiarratas a léiriú go ndearfar tírdhreach cuí timpeall an struchtúir.


RH 9        Treoirlínte Dearaidh 

Cuspóir beartais na Comhairle é aird a thabhairt ar Threoirlínte Dearaidh do Thithe Tuaithe Aonair de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe agus aird ar leith ar an méid seo a leanas: 
a). Is é an cuspóir beartais dearadh áiteanna cónaithe nua a spreagadh a léiríonn meas ar thréithe, patrún agus traidisiún áiteanna reatha, ábhar agus foirmeacha tógtha agus a dhéantar a shuíomh go hoiriúnach isteach sa tírdhreach;  
b). Is é an cuspóir beartais cuir chuige inbhuanaithe a chur chun cinn i leith tithe cónaithe a dhearadh agus tograí a spreagadh a bheith tíosach ar fhuinneamh ina ndearadh agus a leagan amach; 
c). Is é an cuspóir beartais a iarraidh go ndéantar an tírdhreachú agus an scáthphlandáil chuí i bhforbairtí a bheartaítear trí úsáid a bhaint as speicis agus grúpálacha dhúchasacha/áitiúla, den chuid is mó.

RH 10        Tithíocht Fholamh/Neamhchríochnaithe 

Spreagfar iarratasóirí ar thithíocht tuaithe ar thailte seachas ar thailte an teaghlaigh breithniú a dhéanamh ar an rogha tithíochta reatha nó a cheadaítear i gceantair ina bhfuil ardleibhéil den stoc sin ar fáil. Ba cheart ráiteas a bhaineann leis an gcéanna a sheoladh mar chuid den iarratas a thugann le fios go ndearnadh scrúdú ar an stoc sin agus cúiseanna soiléire atá le mí-oiriúnacht aon fhorbairtí a breithníodh.

RH 11        Cóireáil Fuíolluisce a Sholáthar

Soláthair a dhéanamh do thithíocht tuaithe sa chontae i gcomhréir le Cód Cleachtais an GCC: Córais Chóireála do Thithe Aonair (2009).

RH 12        Oiriúnú an Stoic Thithíochta Reatha 

Soláthar cóiríochta a éascú do dhaoine breacaosta agus gaolta cleithiúnacha i dteach an teaghlaigh reatha agus na critéir seo a leanas á gcomhlíonadh:
•    Bheith ceangailte leis an áit chónaithe reatha;
•    Bheith nasctha go hinmheánach leis an áit chónaithe reatha;
•    Gan rochtain ar leith a bheith curtha ar fáil ar aghaidhchló na háite cónaithe;
•    Bheith den mhéid agus den fhad cuí;
•    Tá saoráidí leordhóthanacha draenála bréine in ann freastal air. 

RH 13        Acmhainn Tithíochta Tuaithe

Déanfar Forbairt Cónaithe ar ghabháltais i gCriosanna 1, 2 4 agus 5 a theorannú nuair atá stair forbartha ann trí láithreáin a dhíol nó a fhorbairt, d’ainneoin go gcomhlíonann an t-iarratasóir na critéir riachtanais áitiúla. 

RH 14        Forbairt Líneach 

Síneadh forbartha líní a dhíspreagadh (a shainmhínítear mar chúig theach nó níos mó taobh le 250 méadar d’éadanas bóthair). Déanfaidh an Chomhairle measúnú ar cibé acu an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh an fhorbairt líneach sin níos measa, agus aird ar chomhthéacs an láithreáin.

RH 15        Forbairt Talamh Chúil faoin Tuath Fhairsing

I ngach limistéir faoi réir na gcuspóirí beartais eile maidir le Tithíocht Tuaithe a sholáthar, déanfar breithnithe ar fhorbairt a dhéanfaidh duine den neasteaghlach ar thailte an teaghlaigh mar fhorbairt talamh chúil.  Ní bheidh teorainn ar fhorbairt talamh chúil ach amháin sa chás go bhfuil an patrún seo forbartha ann cheana féin
Tá seo faoi réir an mhéid seo a leanas:
•    Nuair nach bhfuil aon tailte eile ar fáil ar ghabháltas an teaghlaigh; 
•     Nuair atá patrún reatha/stairiúil d’fhorbairt cónaithe talamh chúil/braisle ann laistigh den cheantar tuaithe;
•    Ní imreoidh an fhorbairt a bheartaítear tionchar diúltach ar thríú páirtithe/úinéirí réadmhaoine máguaird;
•    Beidh ar láithreáin inmharthana ar a bhfuil láithreacha síothlúcháin neamhspleácha ag teastáil chun treoirlínte teicniúla a shásamh;
•    Cuirfear rochtain ar fáil, faoi ghnáthchúinsí tríd an mbealach isteach reatha;
•    Caithfidh an láithreán bheith in ann na critéir eile go léir a shásamh, cosúil le fad idirscartha.

RH 16        Rochtain Dhíreach ar Bhóthar Náisiúnta

Cuirfear srian ar fhorbairt cónaithe feadh Bóithre Náisiúnta lasmuigh de na criosanna luais 50-60 ciliméadar san uair i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Pleanáil Spásúlachta agus Bóithre Náisiúnta (2012) de chuid na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
 
Déanfar breithniú ar riachtanas teaghlaigh feirme cónaí ar ghabháltas an teaghlaigh ar bhonn teoranta agus caithfear a léiriú go bhfuil riachtanas feidhmiúil ann cónaí ag an láthair seo. Cuirfear fianaise dhoiciméadach faoi bhráid an Údaráis Phleanála le húdar a thabhairt leis an bhforbairt a bheartaítear agus déanfar measúnú air ar bhonn cás ar chás. Nuair atá rochtain ann cheana féin, caithfear breithniú a dhéanamh ar an gcomhúsáid a bhaintear as sin agus caithfear a léiriú go bhfuil sé mí-oiriúnach ó thaobh cúrsaí teicniúla de sular féidir breithniú a dhéanamh ar aon rochtain nua. Rochtain trí bhóithre áitiúla a bheidh an rogha is fearr i gcónaí agus caithfear a léiriú i ngach cás nach bhfuil seo ina fhéidearthacht. Bainfidh Clásal feidhme le cead pleanála a dheonaítear don fhorbairt thuas.

RH 17        Rochtain Díreach ar Bhóithre Réigiúnacha Srianta

Ní cheadófar rochtain a bheartaítear ar aon Bhóthar Réigiúnach srianta lasmuigh de na criosanna 50-60 ciliméadar san uair srianta ach do bhaill fheirm an teaghlaigh ar ghabháltas an teaghlaigh agus caithfear údar leis an rochtain a bheartaítear, measúnú ar an scóip chun rochtain a roinnt agus/nó rochtain a fháil ar mhionbhóthar eile, arbh é an rogha is fearr, a sholáthar

Bainfidh Clásal feidhme le cead pleanála a dheonaítear don fhorbairt thuas.

RH 18        Cábáin Adhmaid agus Faighneoga

Ní hionann cábáin adhmaid agus faighneoga nó struchtúir adhmaid a thógáil agus saintréitheacht dhúchasach le haghaidh Chontae na Gaillimhe agus ní cheadófar iad ach faoi chúinsí eisceachtúla i láithreacha cuí nuair a dhéantar iad a chomhtháthú isteach sa tírdhreach nó nuair atá láithreánú uathúil ann.

RH19    Chlárlann na Talún

Nuair is féidir le hiarratasóirí sonraí ó Chlárlann na Talún nó sonraí fóilió a sholáthar a léiríonn go bhfuil na tailte ar a lorgaíonn siad a gcéad áit chónaithe a thógáil mar a n-áit chónaithe bhuan, sa cheantar faoi úinéireacht an teaghlaigh ar feadh tréimhse 20 bliain nó níos faide, déanfar breithniú ar a gcáilitheacht. 
Nuair a deimhníodh seo chun sásaimh an Údaráis Phleanála, ní bheidh naisc bhreise intreacha le léiriú.

 

Sainmhíniú a úsáidtear thuas:

*Naisc Thuaithe:

Ar mhaithe leis an méid thuas, is é an sainmhíniú a thugtar ar naisc thuaithe naisc fhollasacha láidre gheilleagracha nó shóisialta a bhíonn ag duine leis an gceantar tuaithe agus ar mian leis nó léi áit chónaithe a thógáil go ginearálta laistigh de ghá 8 gciliméadar timpeall ar an áit ar chónaigh an t-iarratasóir ar feadh cuid leanúnach shubstainteach dá s(h)aol.

*Riachtanas Tithíochta Tuaithe a bhfuil Bunús leis:

Is é an sainmhíniú a thugtar air seo fianaise a thacaíonn le duine chun cónaí sa cheantar ar leith seo agus nach bhfuil nó nach raibh úinéireacht aige nó aici riamh ar theach/nár deonaíodh cead pleanála dó nó di riamh do theach tuaithe aonair nó nár thóg teach riamh (seachas faoi chúinsí eisceachtúla) sa cheantar atá i gceist agus a bhfuil riachtanas láidir follasach geilleagrach agus nó sóisialta aige nó aici le háit chónaithe a dhéanfaidís féin a áitiú go buan. Anuas air sin, beidh ar na hiarratasóirí a naisc thuaithe a léiriú freisin, faoi mar a dtugtar cuntas air thuas.

*Imeall Uirbeach:

Imeall Uirbeach an Ghoirt, Bhaile Locha Riach, Bhaile Átha an Rí agus Thuama. Iarrfar ar iarratasóirí a bhfuil teach a dteaghlaigh suite laistigh den imeall uirbeach a dheimhniú go bhfuil Riachtanas Tithíochta Tuaithe ann a bhfuil Bunús leis agus ní cheadófar ach an chatagóir seo de dhaoine áit chónaithe a thógáil sa cheantar seo.

4.7        Forbairt Tuaithe

Faoi mar a dtugtar cuntas air i Mír 4.1, toradh straitéiseach náisiúnta den CNP é ‘Geilleagair agus Pobail Tuaithe Neartaithe. Glacann ceantair thuaithe le príomhról i dtaobh ár n-aitheantas a shainiú, ár ngeilleagar agus ár dtimpeallacht ardchaighdeáin a chur chun cinn agus beidh sé mar chuid d’fhorbairt straitéiseach an chontae i rith thréimhse an phlean. Anuas ar an earnáil acmhainní nádúrtha agus bhia bheith mar cholúin thraidisiúnta den gheilleagar tuaithe, déanann nascacht fheabhsaithe a éascaíonn oibriú as baile agus moil dhigiteacha, leathanbhanda agus deiseanna le haghaidh forbairt gheilleagrach tuaithe an acmhainn a chur ar fáil lena chinntiú go bhforbraítear ár gceantar tuaithe ar bhealach inbhuanaithe agus ordúil mar phobal beo agus oibre. I gcomhréir leis an straitéis gheilleagrach a dtugtar cuntas uirthi i gCaibidil 5 don chontae foriomlán, ba cheart forbairt a bhaineann le fostaíocht laistigh den cheantar tuaithe a dhíriú go ginearálta ar thailte laistigh dár bpleananna lonnaíochta agus ár bpleananna ceantair áitiúil a fhreastalaíonn ar infheistíocht áitiúil agus ar thionscal ar scála beag. Tá tionscail áirithe ann, áfach, atá oiriúnach laistigh den cheantar tuaithe lasmuigh de lonnaíochtaí ainmnithe. Áirítear leis na tionscail seo, mar shampla, talmhaíocht, gairneoireacht, foraoiseacht, turasóireacht agus fiontraíocht tuaithe acmhainní-bhunaithe. Ba cheart tacú leo seo, sa chás gur cuí.

Cuspóirí Beartais Forbairt Tuaithe

RD 1        Acmhainn Fiontraíochta Tuaithe

Forbairt an gheilleagair thuaithe a éascú trí thacú le tionscal talmhaíochta agus bia atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh na heacnamaíochta de, anuas ar thionscail foraoiseachta, iascaireachta agus dobharshaothraithe, fuinnimh agus eastóscacha, an bithgheilleagar agus éagsúlú isteach i ngníomhaíochtaí eile ar an bhfeirm agus amach ón bhfeirm, agus an tábhacht á tabhairt faoi deara i gcomhthráth a bhaineann leis an tírdhreach nádúrtha agus an oidhreacht thógtha a chothú agus a chosaint, a mbaineann ríthábhacht leo maidir le turasóireacht tuaithe.

RD 2        An Geilleagar Cliste

Tacú le agus forbairt a dhéanamh ar bhonn fairsing speisialachas geilleagrach mar nithe dinimiciúla a chuireann á ngeilleagar tuaithe chun cinn, nuálaíocht agus éagsúlú sa talmhaíocht san áireamh.  

RD 3        Comhshamhlú Foirgneamh

A chinntiú go ndéantar gach foirgneamh a láithreánú go cuí agus go dtagann siad lena dtimpeallacht i dtaobh scála, dearaidh, ábhar agus datha. Spreagfar foirgnimh a ghrúpáil ar mhaithe le taitneamhacht amhairc. Go ginearálta, ní cheadófar fálta sceach a bhaint chun freastal ar fhoirgnimh talmhaíochta. 

RD 4        Cianoibriú

Tacú le cianoibriú sa cheantar tuaithe, ar scála cuí, d’fhiontraíocht/ghnólachtaí nach dteastaíonn uathu go dtugann baill den phobal cuairt orthu, faoi réir na ngnáthbhreithnithe pleanála.
 

4.8          Talmhaíocht

Gan amhras, is í an talmhaíocht an tionchar is mó a imríonn tionchar ar fhorbairt tuaithe i nGaillimh. Cé nach mbíonn an talmhaíocht i gceist a thuilleadh le tréithe geilleagracha ceantar tuaithe, is í an earnáil an rud is tábhachtaí a chuireann le hinmharthanacht gheilleagrach agus shóisialta cheantar tuaithe.

Tá cleachtais talmhaíochta ag athrú agus á nuachóiriú de shíor. Mar gheall ar scála na feirmeoireachta atá ag dul i méid, anuas ar an úsáid mhéadaitheach a bhaintear as ceimiceáin, agus ar mhodhanna nua táirgthe, tá brú ar an gcomhshaol, go háirithe trí éilliú ithreach, truailliú screamhuisce agus uisce dromchla6 agus na tionchair a imrítear ar oidhreacht nádúrtha agus thógtha. Is féidir le modhanna talmhaíochta cur le hathrú aeráide agus é a laghdú araon. Éascóidh agus spreagfaidh an Chomhairle dea-chleachtas i dtaobh forbairt talmhaíochta nua. 

Cuid luachmhar de thréithe ár gceantar tuaithe iad foirm thraidisiúnta foirgnimh talmhaíochta, leagan amach feirmeacha agus patrún páirceanna agus is fiú iad a chosaint.  Cé go n-aithníonn an Chomhairle nach mór d’fhoirgnimh nua feirme a bheith feidhmiúil agus éifeachtúil, beidh orthu teacht lena dtimpeallacht agus ba cheart iad a shuíomh agus a dhearadh chun an tírdhreach tuaithe a chomhshamhlú. 

Cuspóirí Beartais Forbairt Talmhaíochta

AD 1        Cleachtais Talmhaíochta Inbhuanaithe
Forbairt cleachtais agus saoráidí talmhaíochta inbhuanaithe laistigh den chontae a éascú, faoi réir treoir dhea-chleachtais, gnáthchritéir phleanála agus chomhshaoil agus na caighdeáin bhainistíochta forbartha i gCaibidil 15 Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha a chomhlíonadh. 

AD 2        Tailte Talmhaíochta 
Tailte talmhaíochta ar chaighdeán maith a chosaint ó fhorbairt a d’fhéadfaí a shuíomh in áiteanna eile agus a bhainfeadh de tháirgiúlacht talmhaíochta na dtailte amach anseo nó a d’fhéadfadh díobháil bhuan a dhéanamh d’inmharthanacht tráchtála talamh thalmhaíochta reatha nó máguaird.

AD 3        Foirgnimh Talmhaíochta a Nuachóiriú
Nuachóiriú na talmhaíochta a éascú agus dea-chleachtas a spreagadh nuair a bhíonn foirgnimh agus suiteálacha nua talmhaíochta á ndearadh agus á dtógáil chun an comhshaol, oidhreacht nádúrtha agus thógtha agus conláiste cónaithe a chosaint. 

AD 4        Dramhaíl Talmhaíochta
Lena chinntiú go ndéantar dramhaíl talmhaíochta a bhainistiú agus a dhiúscairt ar bhealach a sábháilte, éifeachtúil agus inbhuanaithe agus aird ar an gcomhshaol agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint (2014) agus na treoirlínte dea-chleachtais ábhartha á gcomhlíonadh ina n-iomláine.  
 

4.9          Éagsúlú Talmhaíochta

Tá an earnáil agraibhia ar cheann de na tionscail dhúchasacha is tábhachtaí in Éirinn agus baineann ríthábhacht leis i dtaobh gheilleagar an chontae. Tá táirgeadh bia, ar na scálaí go léir, ag fás go leanúnach agus baineann tábhacht ar leith leis i gceantair thuaithe, áit ar eascair earnáil láidir sainbhia/bhia ceardaí. Leagtar béim i straitéisí ar leibhéal náisiúnta, cosúil le Food Wise 2025, ar thábhacht na hearnála seo agus ar an acmhainn atá aige tabhairt faoi bhorradh breise. Tá ról tábhachtach le glacadh ag an tionscal agraibhia, agus go háirithe ag táirgeadh bia áitiúil, le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht a chinntiú. Is féidir le táirgeadh bia áitiúil fostaíocht áitiúil agus táirge níos fearr don tomhaltóir araon a sholáthar. Tá ról níos tábhachtaí i gcónaí á ghlacadh ag táirgeadh bia agus deoch cheardaí i ngeilleagar an chontae, go háirithe i gceantair thuaithe.

Beartas na Comhairle é forbairt an gheilleagair thuaithe a éascú trí thacú le hinbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht gheilleagrach sa talmhaíocht agus le héagsúlú isteach i ngníomhaíochtaí eile ar an bhfeirm agus amach ón bhfeirm, cosúil leis an earnáil bhia agus dí, foraoiseacht, gairneoireacht, ceardaíocht, gnó talmhaíochta, iascaireacht, dobharshaothrú, bainistíocht dramhaíola, turasóireacht tuaithe, fuinneamh in-athnuaite agus an bithgheilleagar, agus an tábhacht á tabhairt faoi deara i gcomhthráth a bhaineann leis an tírdhreach nádúrtha agus an oidhreacht thógtha a chothú agus a chosaint, a mbaineann ríthábhacht leo maidir le turasóireacht tuaithe.

Cuspóir Beartais Éagsúlú Talmhaíochta

AGD 1        Éagsúlú Talmhaíochta

Tá sé mar bheartas na Comhairle breithniú fabhrach a dhéanamh ar thograí le haghaidh éagsúlú atá bunaithe ar an bhfeirm, a chuireann leis an oibríocht talmhaíochta ar an bhfeirm, cosúil le: 
(a) Sainchleachtais feirmeoireachta, mar shampla, bláthanna a fhás, saoráidí eachaí, éanlaithe clóis, muisiriúin a fhás, agus sainphórú ainmhithe; 
(b) Fiontair feirme, cosúil le próiseáil, comharchumainn, stórais soláthairtí feirme agus gnó talmhaíochta;
(c) Bianna orgánacha agus sainbhianna a tháirgeadh chun freastal ar an éileamh ar na táirgí siúd; agus 
(d) Foirgnimh feirme lena mbaineann tábhacht dhúchasach nach dteastaíonn a thuilleadh a thiontú ina bhfiontair chuí a dhéanann an t-úinéir a reáchtáil, cosúil le turasóireacht talmhaíochta, mar bhealach chun tacú le pobal inmharthana tuaithe, faoi réir phleanáil cheart agus fhorbairt inbhuanaithe an cheantair.
 

4.10        Gairneoireacht

Tá borradh tagtha le blianta beaga anuas ar an éileamh ar thoradh áitiúil úr. Aithnítear an tábhacht a bhaineann leis an tionscal gairneoireachta i dtaobh gheilleagar tuaithe na Gaillimhe. D’fhéadfadh forbairt bhreise ar an ngairneoireacht agus ar tháirgeadh bia agus talmhaíochta breisluacha sa chontae deiseanna a sholáthar do bhorradh. Tá Margaí Tuaithe áitiúla ag cur go mór freisin leis an earnáil bhia agus an geilleagar áitiúil agus cuirtear margaí ar siúl ar fud an chontae ar bhonn seachtainiúil.

Cuspóirí Beartais Gairneoireacht

HO 1        Fiontair Ghairneoireachta

Bunú fiontair nua ghairneoireachta agus fairsingiú na bhfiontar reatha a éascú i gceantair thuaithe faoi réir phleanáil cheart agus fhorbairt inbhuanaithe an cheantair, na gnáthchritéir phleanála agus chomhshaoil agus na Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha a chuimsítear i gCaibidil 15 a chomhlíonadh. 

HO 2        Forbairtí Gairneoireachta 

A chinntiú go n-áirítear le hiarratais ar fhorbairt a bhaineann le gairneoireacht bearta leordhóthanacha chun na tionchair a mhaolú ar éilliú uisce ithreach, glacadh le cleachtais inbhuanaithe i dtaobh úsáid ithreach agus móna agus úsáid lotnaidicídí agus feithidicídí agus glacadh le cleachtais inbhuanaithe chun bainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar uisce ó dhíonta trí chórais draenála inbhuanaithe agus limistéir choinneála a chorprú laistigh de na forbairtí.

 

4.11        Foraoiseacht

D’fhoilsigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (an RTBM) beartas foraoise in 2014, ‘Foraois, Táirgí agus Daoine - Beartas Foraoise na hÉireann – Fís Athnuaite’ agus leagtar amach ann beartas an Rialtais maidir leis an earnáil seo den gheilleagar tuaithe.

Cuireann foraois agus coillearnach tairbhí tábhachtacha sóisialta (luach áineasa agus caitheamh aimsire), geilleagrach (tacú le fostaíocht tuaithe agus éagsúlacht tuaithe) agus comhshaoil (athrú aeráide a bhainistiú agus ceapadh carbóin, bithéagsúlacht agus foinse fuinnimh in-athnuaite/mhalartaigh iad freisin).

Spreagtar foraoiseacht i limistéir chuí, nuair nach n-imreoidh sé tionchar suntasach ar ghnáthóga ainmnithe, ar sheandálaíocht, nuair nach gcuirfidh sé isteach ar limistéir ardtaitneamhachta, radhairc chosanta nó ar bhealaí scéimhe, nuair nach gcuirfidh sé isteach ar an tírdhreach nó nuair nach gcruthóidh sé riosca d’éiceachórais íogaire nó do cháilíocht an uisce.

Cuspóirí Beartais Foraoiseacht

F 1        Beartas Náisiúnta
Tacú le beartas Náisiúnta maidir le foraoiseacht chun earnáil foraoiseacht a fhorbairt atá iomaíoch go hidirnáisiúnta agus inbhuanaithe a sholáthraíonn réimse iomlán tairbhí geilleagracha, comhshaoil agus sóisialta don tsochaí, faoi réir na ngnáthchritéar pleanála.

F 2        Forbairt Inbhuanaithe 
Forbairt earnáil foraoiseachta dhea-bhainistithe inbhuanaithe a spreagadh, atá comhoiriúnach do chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear éifeachtaí dóchúla suntasacha a sheachaint ar láithreáin Eorpacha (SACanna agus SPAanna) agus a dhéantar a chur, a bhainistiú agus a bhaint i gcomhréir le Treoirlínte na Seirbhíse Foraoiseachta um Thírdhreach, Buaint Foraoise agus Comhshaol, Seandálaíocht, Bithéagsúlacht agus Cáilíocht Uisce.

F 3        Coillearnach Dhúchasach
A chinntiú go gcosnaítear agus go bhfeabhsaítear coillearnach dhúchasach agus, sa chás gur cuí, foraois bhuaircíneach a thiontú ina gcoillearnach dhúchasach agus díriú ar dheiseanna chun gnáthóga a nascadh agus seirbhísí éiceolaíochta níos fairsinge.

F 4        Forbairt Foraoiseachta
Foraoiseacht agus forbairt a bhaineann le foraoiseacht a spreagadh, mar bhealach chun éagsúlú a dhéanamh ó ghníomhaíocht thraidisiúnta talmhaíochta agus tús áite á thabhairt do speicis dhúchasacha.
F5        Dífhoraoisiú
Dífhoraoisiú a sheachaint nó foraoisiú tráchtála a chur chun cinn laistigh de láithreáin Eorpacha mura mbaineann sé go díreach le bainistíocht an láithreáin dá leasanna cáilitheacha.

F6    Foraoisiú  
Ní thitfidh forbairt foraoisithe amach laistigh de 100m ó aonaid chónaithe.
 

4.12        An Tionscal Eachaí

Tá roinnt tionscail eachaíbhunaithe suite laistigh den chontae. Is eol tábhacht phórtha áitiúla cosúil le Capaillín Chonamara agus an Capall Tarraingthe Éireannach agus an bhaint atá acu leis an tír ar fud an domhain. Cuirtear díolacháin agus seónna rialta capall ar siúl i rith na bliana.  Tá roinnt scoileanna agus áiseanna eachaíochta ann ar fud an chontae le haghaidh gníomhaíochtaí gaolmhara fóillíochta agus spóirt. Tá roinnt mhaith daoine fostaithe go díreach agus go hindíreach sa tionscal eachaí, a chuireann go mór leis an ngeilleagar sa chontae.

Cuspóir Beartais An Tionscal Eachaí

EQ1        An Tionscal Eachaí

Tacú leis an tionscal eachaí sa chontae agus é a chur chun cinn mar sholáthraí geilleagrach agus fostaíochta agus i gcomhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an cheantair.

4.13        Forbairtí Tráchtála i gCeantair Thuaithe

Foinse thábhachtach fiontraíochta áitiúla iad gnólachtaí agus fiontair thuaithe sa Chontae. Tá go leor samplaí de shárghnólachtaí tuaithe ann ar fud an chontae. Áirítear leis seo fiontair thalmhaíochta, eachaí, innealtóireachta/dhéantúsaíochta, áineasa, thurasóireachta, fuinnimh/fuinnimh in-athnuaite, agus thuaithe acmhainnbhunaithe. Cé go dtacaíonn an plean leis na fiontair siúd agus le héagsúlú an gheilleagair thuaithe, aithnítear freisin gur gá cothromaíocht a bhaint amach idir tacú le fiontair agus tionscadail atá bunaithe faoin tuath agus an timpeallacht áitiúil a chosaint.

Dírítear forbairtí nua a bhaineann le fostaíocht, sa chéad ásc, ar lonnaíochtaí ina bhfuil seirbhísí ar fáil, agus ar thailte a sainaithníodh d’úsáidí fostaíochta.

Aithnítear freisin go mbíonn cásanna ann inar féidir freastal níos éasca ar fhorbairt nó ina n-oireann an fhorbairt sin níos mó do cheantar tuaithe. D’fhéadfadh seo a bheith mar gheall ar fhorbairt a bhaineann go sonrach le láthair, nó atá bunaithe ar acmhainn lena mbaineann tábhacht réigiúnach nó náisiúnta.

Maidir le fiontar reatha tuaithe a fhairsingiú, déanfar breithniú ar scála na forbartha reatha agus a bheartaítear, acmhainn an bhonneagair áitiúil chun freastal ar an bhfairsingiú, agus ar chomhoiriúnacht na forbartha don cheantar máguaird.

Cuspóir Beartais Forbairtí Tráchtála i gCeantair Thuaithe

CD 1                      Fiontair Thuaithe

Breithniú a dhéanamh ar agus tacú le ar fhiontair thuaithe ar scála beag i gceantair thuaithe gan seirbhísí lasmuigh de shuíomhanna baile nó sráidbhaile ar féidir iad a shuíomh i bhfoirgnimh  reatha feirme nó ar féidir iad a bhunú ar láithreán athfhorbraíochta, a fhad agus a shásaítear na critéir seo a leanas:

(a) Comhoiriúnacht agus oiriúnacht ghinearálta do cheantar tuaithe gan seirbhísí (déanfar príomhbhreithniú ar thalmhaíocht, acmhainní in-athnuaite agus muirí, foraoiseacht, turasóireacht, caitheamh aimsire nó gníomhaíochtaí agus seirbhísí a bhaineann le fiontraíocht táirgthe bia);

(b) Scála na forbartha (comhshamhlú go cuí a dhéanamh isteach i suíomh tuaithe);

(c) Cineál na forbartha (foinsítear amhábhair go háitiúil);

(d) Breithniú ar thionchair shóisialta agus chomhshaoil (caithfidh nach n-imríonn an fiontar drochthionchar suntasach ar an gcomhshaol nó ar áineas tuaithe);

(e) Caithfidh nach ionann an fiontar agus guais sábháilteachta ar bhóithre nó caithfidh nach n-imríonn sé drochthionchar mór ar an ngréasán bóithre, acmhainn na mbóithre agus ar leibhéil tráchta;

(f) Conláiste cónaithe (caithfidh nach n-imríonn an fiontar drochthionchar suntasach ar chonláiste cónaithe).

4.14        Eastóscadh Mianraí agus Cairéil

Tá tionscail eastóscacha bunaithe ar acmhainn, de bharr a gcineáil, agus baintear ithir agus carraig dá bharr. Aithnítear cairéalú agus tionscail eastóscacha eile amhail bheith tábhachtach d’fhorbairt gheilleagrach tuaithe áitiúil an Chontae i dtaobh fostaíocht a ghiniúint agus amhábhar a sholáthar don tionscal tógála. Cruthaíonn geolaíocht an Chontae acmhainní comhiomlána i dtaobh gainimh, aolchloiche agus gairbhéil, a dhéantar a shaothrú faoi láthair ag cairéil ar fud an Chontae agus aithníonn an Chomhairle an acmhainn seo mar shócmhainn thábhachtach gheilleagrach. Is féidir le tionscail eastóscacha bheith mar chúis freisin le héifeachtaí díobhálacha comhshaoil agus conláiste cónaithe, trácht méadaithe, deannach, torann, truailliú uisce, cur isteach físiúil agus d’fhéadfadh na héifeachtaí i leith gréasáin bhóithre áitiúla a bheith suntasach freisin.

Éascóidh an Chomhairle cumas acmhainní nádúrtha an cheantair a shaothrú agus a chinntiú i gcomhthráth go ndéantar an timpeallacht agus conláistí tuaithe agus cónaithe a chosaint go cuí. Tugann an Chomhairle, agus aird ar an líon substainteach cairéal atá laistigh den chontae faoi láthair, tús áite d’eastóscadh leanúnach inbhuanaithe na gcairéal seo i gcomparáid le láithreáin úrnua nua a fhorbairt. Nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh ar iarratais ar fhorbairt a bhaineann le cairéil reatha nó a bheartaítear, cuirfidh an Chomhairle treoirlínte an RCPRÁ Cairéil agus Gníomhaíochtaí Coimhdeacha: Treoirlínte d’Údaráis Phleanála 2004 (aon cháipéis nuashonraithe/a tháinig ina n-ionad) go hiomlán i gcuntas agus tugann an Chomhairle aird ar chonláistí cónaithe agus nádúrtha a chosaint, truailliú a chosc agus uiscígh agus screamhuisce a chosaint. Déanfar forbairt cairéal nua a rialú go dian i limistéir lena mbaineann ardluach tírdhreacha, i limistéir a bhfuil acmhainn mhór seandálaíochta acu, ar láithreáin Eorpacha, i Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHAanna), in Anaclanna Dúlra nó i limistéir eile thábhachta maidir le caomhnú flóra agus fána agus tabharfaidh forbairt aird freisin ar riachtanais cháipéis treorach an AE Tabhairt faoi Ghníomhaíochtaí Eastóscacha i gcomhréir le Riachtanais Natura 2000.

Cuspóirí Beartais Eastóscadh Mianraí agus Cairéil

MEQ 1        Acmhainní Comhiomlána

Soláthairtí leordhóthanacha d’acmhainní comhiomlána a chinntiú chun freastal ar riachtanais
bhorrtha amach anseo laistigh de Chontae na Gaillimhe agus den réigiún níos fairsinge agus le saothrú na n-acmhainní siúd a éascú nuair a chruthaítear go bhfuil gá leis agus go bhfuil deis mhargaidh ann do na mianraí nó na comhiomláin siúd, agus a chinntiú nach n-imríonn an saothrú seo acmhainní drochthionchar ar an gcomhshaol nó ar úsáidí reatha talún máguaird.


MEQ 2        Cosaint an Chomhshaoil 

Iarrfaidh an Chomhairle an méid seo a leanas maidir le heastóscadh comhiomlán údaraithe a bhainistiú -

(a) Comhlíonfaidh gach cairéal ceanglais na Treorach maidir le Gnáthóga ón AE, an Achta um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2010 agus na treorach faoi mar a chuimsítear laistigh de na Treoirlínte maidir le Cairéil agus Saoráidí Coimhdeacha ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais, na Treoirlínte Bainistíocht Comhshaoil sa Tionscal Eastóscach: Mianraí Neamhsceidealaithe 2006 (aon cháipéisí nuashonraithe/a thagann ina n-ionad san áireamh) agus Caighdeán 19 DM den Phlean Forbartha seo.

(b) A iarraidh ar thograí forbartha ar láithreáin chairéil nó i ngar dóibh, chun tabhairt faoi imscrúduithe cuí ar chineál agus méid seanchairéal (nuair is infheidhme). Fiosróidh na tograí siúd freisin cineál agus méid an éillithe ithreach agus screamhuisce agus na rioscaí a bhaineann le hoibreacha forbartha láithreáin sa mhullach ar an maolú cuí;

(c) A iarraidh go ndéantar measúnú i dTograí Forbartha ar thionchar féideartha an eastósctha i limistéir is díol spéise geomoirfeolaíoch agus ina bhfuil screamhuisce agus uiscígh thábhachtacha, gnéithe seandálaíochta tábhachtacha agus Limistéir Oidhreachta Nádúrtha lonnaithe;

(d) Aird a thabhairt ar an Measúnacht ar Nádúr Tírdhreacha an Chontae agus a moltaí;

(e) A chinntiú go n-imríonn aon ghníomhaíocht cairéil drochthionchar íosta ar an ngréasán bóithre agus go n-íocann an tionscal féin as an gcostas iomlán a bhíonn ar fheabhsúcháin bhóthair, i rith oibríochtaí agus ag tráth an dúnta san áireamh, atá riachtanach chun na tionscail siúd a éascú.

(f) A chinntiú nach n-imríonn eastóscadh mianraí nó comhiomlán drochthionchar ar chonláiste cónaithe nó comhshaoil;

(g) Na spruadair go léir a bhfuiltear eolach orthu agus nach bhfuil ídithe a chosaint ó fhorbairt a d’fhéadfadh a scóip le haghaidh eastóscadh a theorannú.

MEQ 3        Bainistíocht Inbhuanaithe ar Chairéil Ídithe 

Úsáid cairéal agus claiseanna a spreagadh chun bainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar dhramhaíl tógála agus scartála i ndiaidh céim na haisghabhála, mar rogha ar thalamh thalmhaíochta a úsáid, faoi réir gnáthbhreithnithe pleanála agus comhshaoil.

MEQ 4        Pleananna Tírdhreachaithe

A chinntiú go mbeidh gach eastóscadh faoi réir riachtanais tírdhreachaithe agus gur cheart cairéil ídithe a athshlánú agus an úsáid sin a bhaint astu a chomhaontaítear leis an Údarás Pleanála a bhféadfaí úsáidí áineasa, bithéagsúlachta, caitheamh aimsire nó eile deireadh saoil a áireamh leis na húsáidí sin.  Ní bhainfear úsáid as na láithreáin athshlánaithe seo ach i dtaobh dramhaíl thámh agus déanfar láithreáin a údarú faoi na rialacháin chuí dramhaíola.
 

                                                                       

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

  

Clár ábhair

Baile