Caibidil 5: Forbairt Gheilleagrach, Forbairt Fiontar agus Miondíola

Dúntadate_range20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

 PDF

 

“Láidreachtaí agus sócmhainní geilleagracha an chontae a fhorbairt agus cur leo ionas gur áit bhisiúil, iomaíoch agus mhealltach é an contae le haghaidh raon earnálacha, bunaithe ar phrionsabail bonn geilleagrach atá seanbhunaithe agus an-mhealltach d’infheisteoirí agus d’fhostaithe araon”.

5.1          Réamhrá

Tuigeann Comhairle Chontae na Gaillimhe an ról ríthábhachtach atá ag earnálacha geilleagracha, fiontar agus miondíola an chontae. Is é príomhaidhm an phlean cur leis na láidreachtaí geilleagracha atá laistigh den chontae agus déileáil, ar bhealach inbhuanaithe, leis na réimsí den chontae nach mór aird a dhíriú orthu sa chomhthéacs seo.

Is cuid den Réigiún Thiar Thuaidh é Gaillimh agus glactar le Gaillimh mar phríomhinneall geilleagrach an réigiúin chomh fada is a bhaineann le cruthú post agus rathúnas geilleagrach. Sainaithneofar sa chaibidil seo cuspóirí beartais chun tacú le príomhearnálacha geilleagracha agus gineadóirí fostaíochta sa chontae. Tá raon saincheisteanna nua geilleagracha le sárú ag an gcontae anois nach raibh le tabhairt faoi deara i bPleananna Forbartha Contae a cuireadh i dtoll a chéile roimhe seo agus bhain éiginnteacht áirithe leo seo le blianta beaga anuas. Áirítear ina measc: tionchar Brexit; paindéim Covid 19, spriocanna maidir le hastaíochtaí carbóin agus an t-aistriú i dtreo cianoibre i moil agus obair ón mbaile.  Tá tacar cuspóirí beartais láidre san áireamh a thacaíonn le forbairt gheilleagrach laistigh den chontae.

Chomh maith leis sin, clúdaítear sa chaibidil seo réimse gaolmhar na forbartha miondíola.  Go háirithe, díreofar ar na forálacha atá sonraithe in RSES maidir le forbairt mhiondíola a sholáthar agus Treoirlínte Pleanála Miondíola 2012, a chur i bhfeidhm.  De réir ordlathas lonnaíochta an Chontae, tá anailís mhiondíola curtha san áireamh a threoraíonn forbairt mhiondíola i suíomhanna oiriúnacha ar fud an Chontae.

Glactar leis go bhfuil an chaibidil seo comhsheasmhach le agus go gcuireann an méid atá sa chaibidil seo le gnéithe eile den Phlean lena n-áirítear an tOrdlathas Lonnaíochta, beartais maidir le dearadh uirbeach agus comhfhorbairt áite agus straitéis iompair agus um oiriúnú don athrú aeráide an phlean. Beidh sé seo mar bhonn le torthaí forbartha ar ardchaighdeán a áirítear iontu samhlacha forbartha ilchineálacha inbhuanaithe a gcuimsítear iontu gníomhaíocht chónaithe agus fostaíochta. Baineann fíorthábhacht le soláthar tráthúil bonneagar criticiúil, a gcuimsítear ann rochtain éifeachtach agus iontaofa ar iompar poiblí, i ndáil le soláthar foirmeacha inbhuanaithe forbartha.

5.2        Aidhmeanna Straitéiseacha

Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe leis na gníomhaireachtaí agus leis na páirtithe leasmhara cuí chun soláthar fás geilleagrach inbhuanaithe a chosaint de réir na n-aidhmeanna straitéiseacha seo a leanas

  • Fás agus forbairt a chur chun cinn ar fud an chontae de réir na croístraitéise agus Straitéis Iompair agus Pleanála Chontae na Gaillimhe chun daoine a chumasú le bheith ag obair sa chontae agus chun taitneamh a bhaint as caighdeán maith maireachtála;
  • Tacú le soláthar raon úsáidí fostaíochta lena n-áirítear miondíol ar láithreáin athfhorbraíochta agus inlíonta i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an Chontae;
  • A chinntiú go gcothaítear agus go ndéantar breis forbartha ar mhealltacht na Gaillimhe mar láthair le haghaidh infheistíocht intíre agus infheistíocht dhíreach eachtrach;
  • Leanúint le timpeallachtaí maireachtála ar ardchaighdeán a sholáthar ar fud na Gaillimhe ionas gur féidir an dea-cháil atá ar an gContae mar thimpeallacht mhealltach gnó le haghaidh infheistíocht dhíreach eachtrach a chothabháil agus a fhorbairt;
  • Tacú, más cuí, le moil chianoibre a bhunú i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an chontae agus rochtain ar leathanbhanda ardluais a sholáthar a chuirfidh ar chumas daoine ‘logáil isteach’ beag beann ar an áit a bhfuil siad ag obair;
  • Tacú le daoine aonair ionas go mbeidh ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh sa bhaile.

5.3         Comhthéacs Straitéiseach

Ullmhaíodh an chaibidil seo i gcomhthéacs na bpleananna, beartas agus treoirlínte náisiúnta agus réigiúnacha seo a leanas:

Creat Náisiúnta Pleanála 2018
Plean Forbartha Náisiúnta 2018 – 2027
An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach (RSES) do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair 2020
Food Wise 2025: Fís 10 mBliana do Thionscal Agraibhia na hÉireann 2015
Plean Áitiúil Geilleagrach agus Pobail Chomhairle Contae na Gaillimhe 2017
Fiontar 2025 Athnuachan 2018
Treoirlínte Pleanála Miondíola 2012
Ár bPoitéinseal Tuaithe a Réadú 2017
Straitéis Beartais Náisiúnta maidir leis an mBithgheilleagar 2018
Plean Náisiúnta um Maolú 2017
Straitéis Iompair agus Pleanála na Gaillimhe
Straitéis Iompair na Gaillimhe 2016
Tacú le Cianobair: Straitéis Náisiúnta Cianoibre 2021

5.3.1      Creat Náisiúnta Pleanála

Aithnítear sa Chreat Náisiúnta Pleanála (NPF) an luach geilleagrach a bhaineann le Gaillimh sa Réigiún Thiar Thuaidh. Tagraítear i roinnt NPO don idirnasc idir fostaíocht agus pleanáil talamhúsáide. Moltar in NPO 7 fás daonra in ionaid shuntasacha fostaíochta agus seirbhíse, athghiniúint ionad uirbeach níos lú, déileáil le hoidhreacht fás neamhbheartaithe agus ‘deis beir suas’ a sholáthar, cothromaíocht a chinntiú idir fás daonra agus fostaíochta.

Sonraítear in NPO 11 go mbeadh claonadh ann maidir le forbairt a d’fhéadfadh níos mó daoine a spreagadh agus níos mó post agus gníomhaíochtaí a ghiniúint laistigh de bhailte agus de shráidbhailte atá ann cheana féin.  Spreagfar forbairt ar láithreán athfhorbraíochta agus inlíonta sna bailte agus sna sráidbhailte ar fud an chontae chun struchtúr uirbeach an chontae a threisiú mar atá sainaitheanta san NPF atá sonraithe ag an gcuspóir beartais seo.

5.3.2      Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach

Tá an bhéim á leagan sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Gheilleagrach (RSES) ar shócmhainní áite agus ar earnálacha agus braislí. Tá sé mar aidhm le cur chuige RSES poitéinseal iomlán an réigiúin a bhaint amach trí infheistíochtaí i gcomhfhorbairt áite, áiteanna a fhorbairt atá mealltach le haghaidh infheistíocht ghnó agus chun daoine a mhealladh chun cónaithe agus chun oibre sa réigiún.

Ag macraileibhéal, tá roinnt RPO ag spreagadh lonnaíochtaí chun na nithe seo a leanas a dhéanamh; tairbhe a bhaint as a n-acmhainn easpórtála trí dheiseanna trádála agus domhanda a chur chun cinn; a bheith bríomhar agus uathúil, agus deis a thabhairt dár bpobail feidhmiú mar fhoinse spreagtha atá ag tacú le caighdeán beatha, cruthaitheacht agus nuálaíocht agus atá mealltach do nuálaithe, d’infheisteoirí, do ghnóthaí, do chuairteoirí agus do gach cónaitheoir.

5.3.3     Plean Áitiúil Geilleagrach agus Pobail Chomhairle Contae na Gaillimhe 2016-2022

Sonraítear an fhís atá ann do Chontae na Gaillimhe i bPlean Áitiúil Geilleagrach agus Pobail Chomhairle Contae na Gaillimhe (LECP): Contae uilechuimsitheach ag a bhfuil tuiscint shoiléir ar aitheantas agus ina bhfuilimid ar fad ag obair i gcomhar lena chéile chun poitéinseal iomlán geilleagrach, sóisialta, pobail, teangeolaíoch agus cultúrtha Chontae na Gaillimhe agus phobal na Gaillimhe a thabhairt chun beochta trí rannpháirtíocht saoránach ag leibhéal áitiúil.

Tacaíonn na cuspóirí beartais atá sainaitheanta sa chaibidil gheilleagrach seo le Téama 1: Fostaíocht agus Fiontar LECP agus an cuspóir ardleibhéil a bhaineann le cainníocht agus caighdeán na ndeiseanna fostaíochta agus fiontar ar fud an Chontae a fheabhsú.  Is éard atá á lorg faoi Chuspóir 3, atá ag tacú le hinfheistíocht i mbonneagar, cur chuige comhoibríoch le IDA Ireland chun Gaillimh a chur chun cinn mar shuíomh atá feiliúnach le haghaidh forbairt agus infheistíocht Bithchógaisíochta, trí thairbhe a bhaint as an mbraisle Eolaíochtaí na Beatha atá bunaithe cheana féin i gceantar Fhearann na Manach de Chontae Ros Comáin agus na Suíomhanna Straitéiseacha reatha atá dian ar fhóntais in Órán Mór agus i mBaile Átha an Rí.

5.4          Athrú Aeráide

I dteannta le bonneagar cosúil le hiompar poiblí ar ardchaighdeán, leathanbhanda agus rochtain ar áiseanna cúraim leanaí, ní mór forbairt gheilleagrach agus soláthar post a bhreithniú i gcomhthéacs an chláir oibre um ghníomhú ar son na haeráide.  Tarraingítear aird i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide (CAP) na hÉireann ar an tábhacht a bhaineann lenár spriocanna athraithe aeráide a bheith á gcomhlíonadh ag an earnáil fiontar sna blianta amach romhainn. Go bunúsach, is í an uaillmhian atá ann go mbeimis ag feidhmiú mar shochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de mar atá sonraithe in NPO 54 agus 21 in NPF.

Tá an earnáil déantúsaíochta sainaitheanta in CAP mar an tionscal a chruthaíonn an leibhéal is airde astaíochtaí in Éirinn, a fhorbraítear mar thoradh ar úsáid a bheith á baint as ceimiceáin, próiseáil bia, deochanna agus suimint. 

Bhain an leibhéal astaíochtaí carbóin le buaicthréimhsí gníomhaíochta geilleagraí i rith tréimhsí de rathúnas geilleagrach, mar gheall ar dhiansaothrú gníomhaíochta agus tugadh laghdú faoi deara i rith cúlú eacnamaíochta, rud a bhaineann le meath a bheith tagtha ar ghníomhaíocht gheilleagrach.

Nuair a bheidh réimsí á sainaithint le haghaidh forbairt fostaíochta, fiontar agus miondíola, leagfar bhéim chomhbheartaithe ar laghdú carbóin a éascú agus a spreagadh trí shásraí éagsúla. Is gné é díriú ar phoist a sholáthar gar do cheantair chónaithe ionas go mbeidh daoine in ann úsáid a bhaint as móid iompair inbhuanaithe chun taisteal chuig an obair (siúl, rothaíocht agus iompar poiblí) ag an leibhéal is bunúsaí a bhféadfaí tacú léi chun cabhrú leis an gclár oibre um Athrú Aeráide.

Glactar leis gurb ionann an t-athrú go geilleagar ísealcharbóin ar fud na Gaillimhe agus deis le haghaidh tuilleadh fostaíochta a chruthú san earnáil seo trí nuálaíocht theicneolaíoch agus infheistíocht.

5.5          Próifíl Gheilleagrach Chontae na Gaillimhe

Tá daonra an chontae ag fás agus i ndaonáireamh 2016 taifeadadh go raibh 179,390 duine ina gcónaí sa chontae, 2.4% níos airde ná an daonáireamh a rinneadh roimhe sin (2011). Tugadh méadú 8.5% ar an bhfostaíocht iomlán faoi deara i rith na tréimhse céanna.  Tá thart ar 61.3% d’aosaigh Chontae na Gaillimhe páirteach sa lucht oibre, figiúr atá gar don mheán náisiúnta (61.9%). Is ionann an 85,054 duine atá páirteach i lucht oibre an chontae agus méadú 0.6% i gcomparáid le figiúr 2011, i gcomparáid le ráta fáis 3.2% go náisiúnta. Tá cion d’aosaigh Chontae na Gaillimhe atá ‘i mbun oibre’ (54.1%) os cionn an mheánfhigiúir náisiúnta, agus tá an cion daoine dífhostaithe beagán níos ísle ná sin. 

Tá na hearnálacha ginearálta ina bhfuil 75,116 cónaitheoir Chontae na Gaillimhe fostaithe agus ‘i mbun oibre’ iontu sainaitheanta i bhFigiúr 5.1 thíos. Áirítear i measc na bpríomhearnálacha fostaíochta - tógáil, miondíol agus mórdhíol, gairmiúil, eolaíoch & teicniúil, mar aon le tionscal agus sláinte agus cúram. Le déanaí, tá neart forbartha déanta sna hearnálacha agraibhia agus agrai-innealtóireachta go háitiúil agus is foinse leanúnach fostaíochta riamh anall an tionscal turasóireachta.

Áirítear i measc na n-earnálacha a fhostaíonn céatadán níos airde oibrithe i gcomparáid leis an stát trí chéile - tionscal, sláinte agus obair shóisialta, oideachas, talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht agus tógáil.

Figiúr 5.1 Céatadán den fhostaíocht iomlán i ngach earnáil ghinearálta i gContae na Gaillimhe agus sa Stát, 2016

Níl Mórdhíol & Miondíol chomh tábhachtach céanna i gCo. na Gaillimhe is atá in áiteanna eile. Laghdaigh fostaíocht sna hearnálacha Mórdhíola & Miondíola 0.4% ó 2011; i gcomparáid le méadú beag ag leibhéal náisiúnta (1.7%). I gcodarsnacht leis sin, laghdaigh fostaíocht san earnáil seirbhísí airgeadais 7.7% i gcomparáid le laghdú 1.3% ag leibhéal náisiúnta. Tá sé seo nasctha le brainsí áitiúla bainc agus cuideachtaí árachais a bheith á ndúnadh. San am céanna, tugadh fás suntasach faoi deara ar fhostaíocht san earnáil Cóiríochta & Seirbhíse Bia, méadú 13.3%, beagán os cionn an mheáin náisiúnta, 12.9%, fianaise ar mhéadú a bheith ag teacht ar ghníomhaíochtaí turasóireachta.

Áirítear seirbhísí dlútheolais (Gairmiúil, Gníomhaíochtaí Eolaíocha & Teicniúla, Airgeadas, Árachas & Eastát Réadach agus Faisnéis & Cumarsáid) i measc na bhfoinsí fostaíochta is lú sa chontae. Tugadh an dara méadú fostaíochta is mó sa chontae, áfach, faoi deara san earnáil Faisnéise & Cumarsáide (18.7%), agus mhéadaigh na seirbhísí Gairmiúla freisin (8.3%); cé go bhfuil siad faoi bhun mheánfhás an Stáit, atá cothrom le 31.4% agus 22.2% faoi seach.

5.5.1     Réamhaisnéis Post - Cóimheas Post an Chontae

Beidh fás post sa chontae ag tarlú i bpáirt le fás daonra i rith shaolré an Phlean seo.  Chun na leibhéil reatha fostaíochta a chothabháil, meastar go bhféadfadh lucht oibre na Gaillimhe méadú beagnach 103,606 duine faoi 2031 (54.1% Daonra 15+ bl.) agus go mbeidh beagnach 16,321 post nua ag teastáil idir seo agus 2031 chun cóimheas post de 0.70 a chinntiú (féach ar Tháblaí 5.1-5.3 thíos). Is ionann na figiúirí agus paraiméadar leathan chun measúnú a dhéanamh ar sholáthar talamh fostaíochta criosaithe sa chontae agus úsáidfear iad freisin ar bhonn lonnaíochta laistigh de LAPanna chun bailte a shainaithint a bhfuil gá le breis beart beartais iontu. 

Is táscaire é an cóimheas post maidir leis an gcothromaíocht atá idir suíomh an lucht oibre agus suíomh na bpost agus úsáidtear é go minic mar tháscaire chun inbhuanaitheacht lonnaíochtaí a thomhas.  Soláthraítear sa Chreat Náisiúnta Pleanála sonraí a bhaineann le daonra agus le fostaíocht i lonnaíochtaí uirbeacha bunaithe ar Dhaonáireamh 2016 agus soláthraítear faisnéis maidir le cóimheas post i ndáil le príomhlonnaíochtaí uirbeacha sa chontae. 

De bhrí go ndéantar iarracht sa Phlean seo cruthú fostaíochta a chothú agus an poitéinseal post a uasmhéadú i mbailte fáis ar fud an chontae agus breis ailínithe a chinntiú idir deiseanna daonra agus fostaíochta is cuspóir beartais ardleibhéil é a bheith ag iarraidh cóimheas post de 0.70 agus níos mó a chinntiú dár bpríomhcheantair uirbeacha. Sna ceantair seo bainfidh tábhacht lena chinntiú go bhfuil dóthain talamh criosaithe ar fáil chun críocha fostaíochta ag suíomhanna oiriúnacha chun freastal ar fhás fostaíochta agus ar an líon post a chabhróidh leis an gcothromaíocht seo a chinntiú.

 

 2016

Sprioc Daonra NPF / RSES 2026 Sprioc Daonra NPF / RSES 2031

Méadú  

Daonra

179,390

205,500 (+25,500)

219,500 (+39,500)

39,500

Daonra 15+ bl.

138,747 (77% den daonra iomlán)

158,235 (77% den daonra iomlán)

169,015 (77% den daonra iomlán)

 

Páirteach sa Lucht Oibre

85,054 (61.3% den Daonra 15+ bl.)

93,478 (bunaithe ar 61.3% den Daonra 15+ bl.)

103,606 (bunaithe ar 61.3% den Daonra 15+ bl.)

 

Daoine ag Obair (líon post)

75,116 (54.1% Daonra 15+ bl.)

82,499 (54.1% Daonra 15+ bl.)

91,437 (54.1% Daonra 15+ bl.)

16,321

Cóimheas Post

0.70

Sprioc 0.70

Sprioc 0.70

 

Sprioc maidir le hOibrithe Cónaitheora

52,581.2

57,749

64,005

11,423.8

Achar Iomlán Talamh Fostaíochta atá ag Teastáil – bunaithe ar fhostaíocht Íseal-meándlúist [1]

2,103,240

210.32 heicteár

2,309,960 m2

230.99 heicteár

(bunaithe ar 30sqm de réir an fhostaí).

2,560,200 m2

256.02 heicteár

-

Tábla 5.1 Réamhaisnéis Post le haghaidh 2026/ 2031

5.5.2      Próifíl Gheilleagrach agus Cóimheas Post Lonnaíochtaí

Tá sonraí le fáil i dTábla 5.2 thall ar an gcóimheas post le haghaidh lonnaíochtaí uirbeacha sa Chontae. Tá fianaise léirithe ag Béal Átha na Sluaighe agus ag Tuaim go bhfuil siad in ann tacú le fás inbhuanaithe trí chóimheasa arda poist. Léirítear sna figiúirí freisin, áfach, na lonnaíochtaí ina bhfuil an cóimheas post íseal.  Tá cóimheas post de 0.53, 0.438 agus 0.452 faoi seach i Maigh Cuilinn, Órán Mór agus Bearna, fianaise ar ardleibhéil de chomaitéireacht amach. 

Is léir go bhfuil tionchar ag ról agus feidhm Mhaigh Cuilinn agus Bhearna agus a gcóngaracht do Chathair na Gaillimhe ar an treocht seo. Sna ceantair seo, b’fhéidir nach mbeadh sé inmharthana poist a ailíniú le hoibreoirí cónaithe de bhrí go leanfaidh siad ag feidhmiú go príomha mar lonnaíochtaí cónaithe atá ag tacú le feidhm gheilleagrach Chathair na Gaillimhe agus cosnófar a gcarachtar mar shráidbhailte uirbeacha.   Beidh an bhéim á leagan sna ceantair seo ar na roghanna iompair inbhuanaithe atá ar fáil a threisiú agus más cuí tacaíocht bhreise  a sholáthar do dhaoine ar mian leo a bheith ag obair ón mbaile. 

Chomh maith leis sin, tá cóimheasa post íseal ag Órán Mór agus Baile Átha an Rí, 0.438 agus 0.767 faoi seach. I gcodarsnacht le beartais le haghaidh Mhaigh Cuilinn agus Bhearna, tá cuspóirí beartais don dá bhaile chun cur ar a gcumas a mbonn fostaíochta a mhéadú mar chuid de Chonair Gheilleagrach Straitéiseach Órán Mór-Bhaile Átha an Rí á soláthar trína ainmniú mar shuíomh lena mbaineann poitéinseal forbartha straitéisí ag scála réigiúnach. Tá eolas maidir le cuspóirí beartais chun tacú le hinfheistíocht i bhfostaíocht in Órán Mór, agus Baile Átha an Rí le fáil thíos.

Ordlathas Lonnaíochta  Lonnaíocht Daonra 2016 Oibrithe Cónaitheora Poist Áitiúla % de Phoist i gCo. na Gaillimhe

Poist:

Oibrithe Cónaitheora – Faoi Láthair / Sprioc

Bailte Uirbeacha

Baile Chláir

 

1,248

621

344

0.8%

0.55

 

Bearna

 

859

859

388

0.9%

0.45

 

Órán Mór

 

4990

2,591

1,134

2.6%

0.44

 

Príomhbhailte

Tuaim

8,767

3,270

3,700

8.6%

1.13

 

Béal Átha na Sluaighe

6,662

2,205

3,045

7.1%

1.38

Poitéinseal Straitéiseach Baile Átha an Rí

4,445

1,891

1,450

3.4%

0.77

Bailte Féinchothaithe

An Gort

 

3,037

1,212

1,127

2.6%

0.93

  Loughrea 5,556 2,295 2,225 2.96% 0.969
Bailte Beagfháis

An Clochán

 

1,597

594

856

2%

1.44

 

Maigh Cuilinn

1,704

751

398

0.9%

0.53

 

Uachtar Ard

 

1,318

520

386

0.9%

0.74

 

Port Omna

 

1,450

529

549

1.3%

1.04

 

Áth Cinn

973

414

425

1%

1.03

Tábla 5.2 Cóimheas post le haghaidh lonnaíochtaí uirbeacha

Tá réamhaisnéis post (CSO 2016) le haghaidh Órán Mór agus Baile Átha an Rí, ar cuid den Chonair Gheilleagrach Straitéiseach iad, le fáil i dTábla 3 thíos. Deimhníonn sé sin an athuair gur leo cainníocht an talaimh chriosaithe chun freastal ar cheanglais forbartha a bheidh ann amach anseo.

Ordlathas Lonnaíochta

 Lonnaíocht

Daonra 2016 Daonra 2028 Cónaitheoirí Cónaithe 2016 Cónaitheoirí Cónaithe 2031 Poist Áitiúla 2016 % de na Poist i gContae na Gaillimhe 2016

Poist:

Cónaitheoirí Cónaithe – Reatha / Sprioc

Bailte Uirbeacha

Órán Mór[1]

 

4,990

6,690
(4,990
+1,700)

2,591 

3,478

1,134

2.6%

0.44

 

            2,434   0.70
           

Sprioc 2,434 post faoi 2031

Riachtanas iomlán thart ar 97,360 m2 / 97 ha

Acmhainn Straitéiseach Baile Átha an Rí [2]

4,445

5,945

1,891 (42% den daonra)

2,497

1,450

3.4%

0.77

 

 

5,945

 

2,497

 

Sprioc 1,747 post faoi 2031

Riachtanas iomlán thart ar 70,000 m2 / 70 ha

Tábla 5.3 Réamhaisnéis Post le haghaidh Chonair Gheilleagrach Straitéiseach Órán Mór-Bhaile Átha an Rí

5.5.3      Buntáistí agus Poitéinseal Geilleagrach laistigh de Chontae na Gaillimhe

Léirítear i dTábla 5.4 thíos breithmheas geilleagrach an chontae, agus tarraingítear aird ar lonnaíochtaí aonair agus ar a ról geilleagrach.

Ordlathas Lonnaíochta

 Lonnaíocht

Ról Geilleagrach Cur Chuige sa PFC
Bailte Uirbeacha

Baile Chláir

Bearna

Órán Mór

Creat*an Gharráin

Creat*Chnoc Mhaoil Drise

Iarláithreán Aerfoirt

Poist agus tithíocht inbhuanaithe a sholáthar, más féidir, sa cheantar seo a bhfuil brú forbraíochta le tabhairt faoi deara ann.

 

Sainaithin infheistíocht a theastaíonn chun forbairt fostaíochta agus chónaithe a ailíniú.

 

Príomhbhailte

Tuaim

Béal Átha na Sluaighe

 

Ionad fostaíochta straitéiseacha réigiúnacha ar scála suntasach ar féidir leo feidhmiú mar thiománaithe réigiúnacha a chuireann le agus a thacaíonn le ceantair uirbeacha ardoird laistigh den ordlathas lonnaíochta (i.e. Ionad Fáis Réigiúnacha agus Mórcheantar Uirbeach na Gaillimhe). Chomh maith leis sin, tá an poitéinseal acu tacú le leibhéal suntasach fáis sa daonra agus i bhfostaíocht trí infheistíocht chuí in infreastruchtúr, seirbhísí tacaíochta agus tionscnaimh comhfhorbartha áite. Fás post tuartha éascaithe trí chainníocht agus caighdeán oiriúnach talamh criosaithe fostaíocht.
Poitéinseal Straitéiseach Baile Átha an Rí

Áit lena mbaineann poitéinseal straitéiseach agus an deis talamh atá criosaithe go cuí a sholáthar le seirbhísí infreastruchtúir oiriúnacha chun freastal ar fhiontar e.g. Conair Gheilleagrach idir Órán Mór agus Baile Átha an Rí.

Ní mór conairí geilleagracha go háirithe conairí fostaíochta cosúil le conair Straitéiseach Órán Mór – Bhaile Átha an Rí a fhorbairt/a chur chun cinn agus a sheirbhísiú ag ardchaighdeáin idirnáisiúnta chun tuilleadh Infheistíochta Dírí Eachtraí agus tionscal/gnóthaí dúchasacha a mhealladh, ag cur leis an suíomh agus leis an infreastruchtúr straitéiseach atá ann faoi láthair. Cuirfear an chonair seo chun cinn go hinbhuanaithe mar ionad le haghaidh mórfhiontair náisiúnta agus idirnáisiúnta ar bhealach a ndéanfar breis sainmhínithe air i mbeartais phleanála áitiúla.

Freastal ar éileamh le haghaidh post tuartha trí chainníocht agus caighdeán oiriúnach talamh criosaithe fostaíochta. 

Bailte Féinchothaithe

 

 

 

An Gort

Baile Locha Riach

Leibhéal measartha post agus seirbhísí Cainníocht agus caighdeán oiriúnach talamh fostaíochta

Bailte Beagfháis

 

An Clochán

Maigh Cuilinn

Uachtar Ard

Port Omna

Áth Cinn

Ardleibhéil d’fhás daonra agus bonn fostaíochta lag.

 

/ Feidhmeanna áitiúla seirbhíse agus fostaíochta cóngarach do cheantair uirbeacha ardoird.

Ionchais fostaíochta agus roghanna iompair inbhuanaithe a fheabhsú

Tábla 5.4 Breithmheas geilleagrach ar an gcontae

5.5.4      Plean Straitéiseach Mhórcheantar Uirbeach na Gaillimhe

Is é an príomhionad atá sainaitheanta le haghaidh fáis sa cheantar é Cathair na Gaillimhe trína hainmniú mar Mhórcheantar Uirbeach i NPF agus RSES. Cuimsítear i dTeorainn Mhórcheantar Uirbeach na Gaillimhe ceantair de chuid na Comhairle Cathrach agus Contae (Baile Chláir, Bearna agus Órán Mór) agus sonraítear i MASP an treo straitéiseach ina mbeidh an chathair ag forbairt chun fás comhdhlúth a chomhlíonadh. Tá Órán Mór agus an t-Iarláithreán Aerfoirt sainaitheanta mar phríomhláithreáin tionscail agus teicneolaíochta laistigh de MASP. 

Aithnítear in RSES gur céatadán suntasach den soláthar talún é Órán Mór agus gur féidir leis tacú le fostaíocht ar scála mór amach anseo. Tá an talamh seo inrochtana go héasca mar thoradh ar fheabhsú an ghréasáin bóithre níos leithne trí mhótarbhealaí an M6 agus M17/M18. Tacaíonn RPO 3.6.5 le soláthar talún le haghaidh úsáidí fostaíochta ag an bPáirc Mhór, an t-Iarláithreán Aerfoirt agus Órán Mór.

Chomh maith leis sin, tá Iarláithreán Aerfort na Gaillimhe sainaitheanta in RSES mar phríomhláithreán deise lena mbaineann poitéinseal suntasach forbartha.    Tá sé sainaitheanta i NPF freisin mar chumasóir fáis agus, dá réir sin, rinne an Chomhairle staidéar ardleibhéil atá iarcheangailte leis an gcaibidil seo.

Leagtar béim in RSES ar sholáthar na dtionscadal infreastruchtúir seo a leanas mar thionscadail atá riachtanach i ndáil le forbairt an mhórcheantair uirbigh. Tacóidh an Chomhairle lena soláthar agus ullmhóidh sí agus comhoibreoidh sí i ndáil le hullmhú na bPleananna Forfheidhmiúcháin mar atá sonraithe in RSES. Tá tús áite á thabhairt don obair feabhsúcháin infreastruchtúir seo a leanas mar chuid den straitéis gheilleagrach seo.

  • Staidéar Draenála Mhórcheantar Uirbeach na Gaillimhe
  • Plean Draenála Ceantair na Gaillimhe 

5.5.5      Príomhbhailte Bhéal Átha na Sluaighe agus Thuama

Feidhmeoidh Príomhbhailte Bhéal Átha na Sluaighe agus Thuama mar ionaid fostaíochta straitéiseacha réigiúnacha ar scála suntasach ar féidir leo feidhmiú mar thiománaithe réigiúnacha a chuireann le agus a thacaíonn le ceantair uirbeacha ardoird laistigh den ordlathas lonnaíochta (i.e. Ionad Fáis Réigiúnacha agus Mórcheantar Uirbeach na Gaillimhe). Chomh maith leis sin, tá an poitéinseal acu tacú le leibhéal suntasach fáis sa daonra agus i bhfostaíocht trí infheistíocht chuí in infreastruchtúr, seirbhísí tacaíochta agus tionscnaimh comhfhorbartha áite.  Cuimseofar i bpleananna ceantair áitiúla Pleananna Iompair Áitiúla (LTP) a thacóidh le príomhthosaíochtaí le haghaidh Bhéal Átha na Sluaighe agus Thuama atá sainaitheanta in RSES.

5.5.6     Áit lena mbaineann poitéinseal straitéiseach – Baile Átha an Rí

Tá Baile Átha an Rí sainaitheanta mar áit lena mbaineann poitéinseal straitéiseach agus an deis talamh atá criosaithe go cuí a sholáthar mar aon le dóthain seirbhísí infreastruchtúracha chun freastal ar fhostaíocht agus ar fhiontar.  Meastar nach mór conairí geilleagracha go háirithe conairí fostaíochta cosúil le Conair Straitéiseach Órán Mór – Bhaile Átha an Rí a fhorbairt/a chur chun cinn agus a sheirbhísiú ag ardchaighdeáin idirnáisiúnta chun tuilleadh Infheistíochta Dírí Eachtraí agus tionscal/gnóthaí dúchasacha a mhealladh, ag cur leis an suíomh agus leis an infreastruchtúr straitéiseach atá ann faoi láthair. Ba cheart an chonair seo a chur chun cinn go hinbhuanaithe mar ionad le haghaidh mórfhiontair náisiúnta agus idirnáisiúnta ar bhealach.

5.5.7      Talamh Fostaíochta Criosaithe 

Tugtar le fios i measúnú ardleibhéil ar thalamh fostaíochta criosaithe laistigh den Chontae go bhfuil 532.57ha de thalamh criosaithe ar fáil le haghaidh úsáidí fostaíochta. Tá thart ar 134.71 ha den talamh seo forbartha agus tá thart ar 394.07 ha ar fáil chun tacú le forbairt gheilleagrach agus fás post amach anseo sa chontae.  Mar a léirítear i dTábla 1 thíos faoin mbliain 2031, beidh thart ar 256.02 heicteár ag teastáil.  Ó tharla go bhfuil thart ar 394.07 ha de thalamh fós ar fáil chun tacú le forbairt gheilleagrach agus fás post amach anseo, meastar go bhfuil soláthar oiriúnach talamh criosaithe ann le haghaidh fostaíocht ach déanfar athbhreithniú leanúnach ar shuíomh na gcriosanna seo.

5.6        Straitéis Gheilleagrach

Tá an cur chuige sa Phlean seo dírithe ar fhás geilleagrach suntasach laistigh de bhailte uirbeacha, príomhbhailte agus réimsí lena mbaineann poitéinseal straitéiseach. Tá sé seo comhsheasmhach le RPO 3.1 de RSES a thacaíonn le forbairt áiteanna uirbeacha ar scála réigiúnach trí:

  • Na spriocanna daonra a bhaineann le hionaid uirbeacha agus réigiúnacha fáis trí fhás comhdhlúth
  • Fás comhdhlúth suntasach a chinntiú i bpríomhbhailte; agus
  • Láithreáin thréigthe agus tearcúsáidte a fhorbairt, agus béim a leagan ar dtús ar chroílár bailte.

Cuirfear tús le hullmhú Straitéis Forbartha Geilleagraí don chontae nuair a chríochnófar an chéad daonáireamh eile.

Cuspóir Beartais na Straitéise Geilleagraí

ES1        Straitéis Gheilleagrach 

Tacú le hullmhú Straitéis Forbartha Geilleagraí do Chontae na Gaillimhe.

5.7         Ainmniúcháin Fostaíochta Spásúla i gContae na Gaillimhe

I dteannta leis an ngréasán de bhailte agus sráidbhailte ar fud an chontae mar atá mínithe thuas, sainaithnítear i Rannóg 5.5 tuilleadh réimsí a bhféadfaí fostaíocht a chruthú iontu agus tá úsáidí fiontair pléite thíos.

5.7.1     Conair Gheilleagrach Straitéiseach

Tá Gaillimh sainaitheanta in RSES mar Chathair agus contae a bheidh ag fás ar bhealach iomaíoch domhanda a bheidh comhdhlúth, nasctha agus uilechuimsitheach, áit ar féidir le daoine agus le gnóthaí fás inti. Is é an cuspóir atá ann i ndáil le Gaillimh na coinníollacha cearta a chruthú do dhaoine ionas go mbeidh ar a gcumas maireachtáil agus obair a dhéanamh i nGaillimh. Ní féidir poist a sholáthar i nGaillimh ach amháin má tá suíomhanna mealltacha ar fáil ar féidir le cuideachtaí infheistiú iontu. Ag croílár na straitéise forbartha le haghaidh Gaillimh tá ainmniú na Conaire Geilleagraí Straitéisí (SEC) idir Órán Mór agus Baile Átha an Rí.

Ritheann an SEC soir ó Órán Mór go dtí Baile Átha an Rí agus is cuid de straitéis forbartha geilleagraí seanbhunaithe don chontae é ina bhfuil réimsí tosaíochta le haghaidh forbairt gheilleagrach sainaitheanta. Tá ailíniú na conaire bunaithe ar líne iarnróid na Gaillimhe go Baile Átha Cliath agus bealach an M6.

Is ceantar lena mbaineann tábhacht straitéiseach é seo atá inrochtana agus ag a bhfuil rochtain ar dhlús ard infreastruchtúr seanbhunaithe agus luachmhar. Tá an poitéinseal ag an gceantar seo leibhéil shuntasacha infheistíochta a mhealladh agus forbairt gheilleagrach agus cruthú fostaíochta a spreagadh, agus roinnt feidhmeanna geilleagracha a chomhlíonadh chun tacú leis an gCathair, leis an gContae agus leis an réigiún trí chéile.

Tá fairsinge an SEC sainmhínithe mar cheantar atá 2 chiliméadar ó thuaidh agus ó dheas de líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-na Gaillimhe idir Stáisiún Traenach Áth Tíomáin agus an crosaire comhréidh (R381) ag Órán Mór. Déantar tagairt in RSES do Chonair Órán Mór – Bhaile Átha an Rí mar shampla de dheis chun forbairt gheilleagrach a dhéanamh ba cheart tacú léi agus cabhair a thabhairt chun láithreáin oiriúnacha a shainaithint. Chomh maith leis sin, ba cheart an SEC a sheirbhísiú de réir ardchaighdeán idirnáisiúnta chun tuilleadh infheistíocht dhíreach eachtrach agus tionscal dúchasach a mhealladh a chabhróidh le tuilleadh forbairt a dhéanamh ar SEC mar shuíomh straitéiseach ag a bhfuil infreastruchtúr inrochtana.

5.7.2      Conair Gheilleagrach an Atlantaigh

Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair le húdaráis forbartha réigiúnacha agus comhoibreoidh sí le hÚdaráis Áitiúla chun forbairt gheilleagrach ag scála réigiúnach a chomhlíonadh. Cuimsítear 9 gcontae agus 10 nÚdarás Áitiúla i gConair Gheilleagrach an Atlantaigh (AEC). Áirítear ina measc Dún na nGall, Liatroim, Sligeach, Ros Comáin, Maigh Eo, Gaillimh, An Clár, Luimneach agus Ciarraí.

D’fhorbair coincheap AEC ón ngá atá le déileáil le héagothroime réigiúnach in Éirinn agus rogha inbhuanaithe a sholáthar do réigiún an oirthir le haghaidh infheistíocht agus fás daonra. I dteannta leis seo tá gá le coincheap réigiúnach nua a fhorbairt agus branda idirnáisiúnta lena mbaineann tairiscint uathúil Chaighdeán na Beatha.

Is é an aidhm atá ann comhoibriú a fhorbairt agus a mhéadú laistigh de AEC a uasmhéadaíonn a sócmhainní, a mheallann infheistíocht agus a chruthaíonn poist agus rathúnas sa réigiún. Oibríonn comhpháirtíocht ag gach leibhéal de AEC. Áirítear anseo comhoibriú i ndáil le hacmhainní, eagraíochtaí agus gréasáin chun cuspóirí coiteanna a chomhlíonadh trí raon leathan gníomhaíochtaí agus tionscadal. Páirteach i dtascfhórsa AEC tá Ranna agus Comhlachtaí Poiblí, an Earnáil Ardoideachais, Grúpa Comhlachais & Ceannairí Gnó.

Seo a leanas aidhmeanna straitéiseacha AEC:

  • Fás daonra, trí choimeád tallainne agus imirce isteach, ar fud AEC – agus ní mór gur rogha mhealltach agus inmharthana é an réigiún le bheith ag staidéar ann, ag obair ann nó ag infheistiú ann.
  • Eascróidh athghiniúint áitiúil agus forbairt tuaithe ó AEC trí infheistíocht infreastruchtúrtha réigiúnach agus soláthar seirbhíse agus cruthófar pobail inmharthana agus bhríomhara ar fud AEC.
  • Cruthóidh fás agus infheistíocht i ngach MASP agus Ionad Fáis tionchar fo-réigiúnach agus, dá bharr sin, beidh tionchar ag a leithéid ag leibhéal áitiúil agus pobail.
  • Bunóidh AEC córas láidir agus forásach comhoibrithe agus gréasán comhpháirtithe a chruthóidh buntáiste iomaíoch agus rath atriallach.

Páirtithe Leasmhara

Tá gréasán suntasach páirtithe leasmhara ag Comhairle Chontae na Gaillimhe trína rannpháirtíocht le AEC mar thiománaí forbartha réigiúnaí. Áirítear ina measc:

  • Coimisiún Forbartha an Iarthair
  • Comhlachas Tráchtála
  • 10 nÚdarás Áitiúla
  • Comhthionól Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair
  • An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

I láthair na huaire, tá tionscadal Mhoil AEC ar siúl a áirítear ann gnéithe éagsúla cosúil le:

  • Gréasán réigiúnach mol a chruthú ar fud AEC.
  • Inneall áirithinte a fhorbairt agus a rolladh amach le haghaidh gach mol sa réigiún.
  • Feachtas margaíochta chun aird a tharraingt ar mhoil agus ar na seirbhísí atá á soláthar acu.

Ina theannta sin, tá WDC ag obair i gcomhpháirt le hOifigigh AEC chun Uirlis Tallainne a fhorbairt agus ar an bhfeachtas dar teideal ‘More to Life’.

5.7.3    (Iarláithreán Aerfort na Gaillimhe) Gaillimh Páirc Nuálaíochta Gnó agus Teicneolaíochta

Tá iarláithreán Aerfort na Gaillimhe sainaitheanta in NPF mar Phríomhchumasóir Fáis. Sonraítear in NPF gur cheart d’fhorbairt inbhuanaithe iarláithreán an Aerfoirt úsáidí fostaíochta a sholáthar mar aon le háiseanna agus infreastruchtúr tacaíochta. Tá an láithreán suite ag imeall oirthear Chathair na Gaillimhe agus is cuid den mhórcheantar uirbeach é atá sainaitheanta in RSES. Tá achar 46 HA sa láithreán agus áirítear ann foirgnimh agus roinnt pointí rochtana poitéinsiúla a d’fhéadfaí a bhreithniú. Is láithreán athfhorbraíochta é seo, agus tá NPF agus RSES ag tacú leis an obair athfhorbraíochta. Is í an fhís atá do thalamh iarláithreán an aerfoirt freastal ar fhorbairt gheilleagrach sa chuid seo den chontae ag scála ag a mbeidh tionchar réigiúnach. Tá tacaíocht á tabhairt in RSES do mháistirphlean a chur i gcrích don iarláithreán aerfoirt a d’fhéadfaí a ullmhú ar bhonn céimnithe sa chás go meastar a leithéid a bheith oiriúnach.

Tá rochtain éasca ón láithreán ar an ngréasán mótarbhealaí agus d’fhéadfaí nascacht a chruthú leis an líne iarnróid atá ann cheana féin atá ag freastal ar Órán Mór. Tá an talamh seo suite cóngarach do cheantair mhóra fostaíochta atá ann cheana féin cosúil le hEastát Tionscail na Páirce Móire agus talamh eile de chuid IDA in Órán Mór agus i mBaile Átha an Rí.

Tá an láithreán faoi úinéireacht iomlán Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Chomhairle Contae na Gaillimhe, rud a chiallaíonn go bhfuil leibhéal áirithe neamhspleáchais agus solúbthachta ann i ndáil leis an bhfís atá ann don láithreán mar phríomhláithreán fostaíochta, taighde agus forbartha a thabhairt chun beochta. 

Tá mionanailís ar iar-Láithreán Aerfort na Gaillimhe curtha i gcrích. Scrúdaítear san anailís sin an gnó poitéinsiúil agus na hionchais nuálacha theicneolaíocha a bhaineann leis, a áirítear ann fís le haghaidh athfhorbairt an láithreáin a dhéanfaidh foráil le haghaidh tairbhe gheilleagrach do réigiún na Gaillimhe trí chéile.  Glactar leis gurb ionann forbairt na talún seo agus deis uathúil agus gan choibhéis, fás agus rathúnas leanúnach geilleagrach a sholáthar.

Is é aidhm an doiciméid seo todhchaí ardleibhéil an láithreáin a shonrú, lena n-áirítear an cur chuige iomlán agus na gníomhartha forbartha a sholáthróidh an chinnteacht a bheidh ag teastáil chun tacú le hinfheistíocht i mbreis ama agus acmhainní i bpleanáil agus i bhforbairt bhreise an láithreáin le haghaidh úsáidí fostaíochta. Tá an cur chuige iomlán pléite le agus tá IDA agus Fiontraíocht Éireann ag tacú leis.

Tá an doiciméad físe seo i gceangal ag deireadh na caibidle seo. Cuimsítear ann straitéis ardleibhéil d’fhorbairt an láithreáin athfhorbraíochta seo le haghaidh raon úsáidí. Tá sé beartaithe go ndéanfar an fhorbairt laistigh de mháistirphlean iomlán a áireofar ann foráil le haghaidh earnálacha atá ag forbairt agus tionscal tacaíochta do gach cuideachta ilnáisiúnta. Tá sé beartaithe chomh maith spás a sholáthar le haghaidh poitéinseal fáis amach anseo an tionscail bia ag cur le forbairt an Champais Nuálaí Bia i mBaile Átha an Rí.

Tríd is tríd, d’fhéadfadh an láithreán fostaíochta seo líon suntasach post a chruthú - idir 3,676 fostaí bunaithe i gcineálacha fostaíochta tionscal éadrom agus 10,465 fostaí a bheadh bunaithe ar mheascán de chineálacha fostaíochta tionscal éadrom (40%) agus tráchtála (60%).

5.7.4     Eastát Tionscail na Páirce Móire

Tá an láithreán seo suite ag oirthear Chathair na Gaillimhe agus idir an dá cheantar riaracháin. Is eastát tionsclaíoch seanbhunaithe é seo a bhfuil roinnt cuideachtaí corparáideacha ilnáisiúnta bunaithe ann, ar cuid de bhraisle teicneolaíocht mhíochaine iad atá á bainistiú ag IDA. Tá córas iompair phoiblí éifeachtach ag freastal ar an láithreán, mar aon le roinnt príomhbhealaí bus cathrach. Tá an t-infreastruchtúr rothaíochta uasghrádaithe freisin agus tá gréasán de lánaí rothar bunaithe anois. Tá an láithreán suite laistigh de mhórcheantar uirbeach agus tá tuilleadh plé déanta ar an láithreán seo in Imleabhar 2. Is ionann an chuid fágtha de thalamh neamhfhorbartha IDA agus cuid de Phlean Creata Uirbigh Chnoc Mhaoil Drise a áirítear sa Phlean Uirbeach in Imleabhar 2.

Cuspóirí Beartais na nAinmniúchán Fostaíochta Spásúil i gContae na Gaillimhe

EL 1        Príomhshuíomhanna Fostaíochta 

Cuspóir de chuid an phlean é leanúint le príomhshuíomhanna fostaíochta agus infreastruchtúr tacaíochta laistigh den chontae a sholáthar agus a fheabhsú. Tacófar le forbairt gheilleagrach laistigh de na suíomhanna atá liostaithe i dTábla 5.4 chun forbairt gheilleagrach leanúnach sa chontae a chinntiú. 

Áirítear i measc na gcuspóirí atá luaite leis na príomhshuíomhanna fostaíochta:
 

  • Na háiseanna infreastruchtúracha atá ar fáil laistigh de cheantar MASP, príomhbhailte agus an chonair gheilleagrach straitéiseach a uasghrádú, a fheabhsú agus a uasmhéadú; 
  • Iarracht a dhéanamh talamh a choimeád chun tacú le gníomhaíochtaí suntasacha náisiúnta agus réigiúnacha agus chun forbairt speisialaithe fiontair a mhealladh atá ar mórscála nó ar ardluach;
  • Deiseanna le haghaidh fostaíocht san earnáil eolaíochta agus teicneolaíochta a éascú;
  • A chinntiú go bhfuil an fhorbairt comhoiriúnach le feabhsú, caomhnú agus cosaint na timpeallachta agus acmhainní cultúrtha aitheanta;
  • Láithreáin a shainaithint atá ar mhéid oiriúnach agus ag suíomh oiriúnach chun freastal ar an infreastruchtúr riachtanach nó ar na gníomhaíochtaí tacaíochta nach mbeadh oiriúnach gar d’ionaid daonra nó do thimpeallachtaí íogaire nó do ghníomhaíochtaí geilleagracha atá íogair ó thaobh na timpeallachta de.

EL 2    Conair Gheilleagrach Straitéiseach

I ndáil leis an gConair Gheilleagrach Straitéiseach, cuirfidh an Chomhairle céimeanna i gcrích chun an méid seo a leanas a chinntiú:
 

  • Beidh talamh á choimeád chun tacú le gníomhaíochtaí suntasacha náisiúnta agus réigiúnacha agus chun forbairt speisialaithe fiontair a mhealladh atá ar mórscála agus ar ardluach;
  • Deiseanna le haghaidh úsáidí san earnáil fostaíochta agus teicneolaíochta a éascú;
  • A chinntiú go bhfuil an fhorbairt comhoiriúnach le feabhsú, caomhnú agus cosaint na timpeallachta agus acmhainní cultúrtha aitheanta atá le fáil laistigh den chonair;
  • Láithreáin a shainaithint atá ar mhéid oiriúnach agus ag suíomh oiriúnach chun freastal ar an infreastruchtúr riachtanach nó ar na gníomhaíochtaí tacaíochta nach mbeadh oiriúnach gar d’ionaid daonra nó do thimpeallachtaí íogaire nó do ghníomhaíochtaí geilleagracha atá íogair ó thaobh na timpeallachta de;

EL 3        Conair Gheilleagrach an Atlantaigh 

Tacóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le forbairt réigiúnach trí rannpháirtíocht i dtionscadail AEC agus leanfar le forbairt agus le feabhsú mhealltacht an AEC i gContae na Gaillimhe agus go háirithe rochtaineacht agus nascacht feabhsaithe a sholáthar laistigh den AEC.

EL 4         Iar-Aerfort na Gaillimhe 

Tacú le forbairt tailte ag iarláithreán Aerfort na Gaillimhe mar champas fostaíochta le haghaidh na n-earnálacha nuálaíochta, Gnó agus Teicneolaíochta lena n-áirítear réimsí nua cosúil leis an tionscal bia agus na tionscail chruthaitheacha agus ghlasa agus teicneolaíocht talmhaíochta, agus forbairt braislí de ghnóthaí comhlántacha ag an láithreán seo a spreagadh. Chomh maith leis sin, tacóidh sé seo le suíomh gnóthaí atá nasctha leis na cuideachtaí ilnáisiúnta ach nach féidir freastal orthu laistigh de thailte IDA.

EL 5    Eastát Tionscail na Páirce Móire 

Tacú le húsáid leanúnach Eastát Tionscail na Páirce Móire mar mhórshuíomh fostaíochta de réir na pleanála cuí agus na forbartha inbhuanaithe.
 

5.8         Earnálacha, Braislí agus Deiseanna Fostaíochta

Seo a leanas na hearnálacha agus na braislí nua lena mbaineann an méid is mó tábhachta sa réigiún:

  • Turasóireacht;
  • Fuinneamh in-athnuaite agus todhchaí ísealcharbóin;
  • An Geilleagar Muirí agus Gorm;
  • TFC agus Fiontraíocht Dhigiteach;
  • Eolaíocht na Beatha (Teicneolaíocht Míochaine, Cógaisíocht, Biteicneolaíocht, Cúram Sláinte);
  • Ard-déantúsaíocht agus Ard-innealtóireacht;
  • Teicneolaíocht Talmhaíochta agus Agraibhia;
  • Miondíol.

 

Tá an straitéis gheilleagrach sa Phlean seo ag tacú le gach ceann dár n-earnálacha tosaíochta. Tá cuspóirí beartais chun tacú leis an ngeilleagar turasóireachta sonraithe i gCaibidil 8 Turasóireacht agus Tírdhreach, Caibidil 9 Bainistíocht Mhuirí agus Chósta ina sonraítear na tosaíochtaí don earnáil mhuirí agus tá tacaíocht le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus ísealcharbóin sonraithe i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn In-athnuaite, Straitéis Fuinnimh In-athnuaite Rialtais Áitiúil (LARES) ar cuid den chaibidil seo é freisin. D’fhoilsigh an Chomhairle Straitéis Dhigiteach le déanaí agus táthar ag leanúint le leathanbhanda ardluais a rolladh amach ar fud an chontae. Tá breis sonraí maidir leis seo le fáil i gCaibidil 7 Infreastruchtúr, Fóntais agus Cosaint na Timpeallachta.

5.8.1     Eolaíocht na Beatha

Tá cáil ar Ghaillimh le fada mar shuíomh mealltach agus tá raon braislí tionsclaíocha atá dírithe ar fhorbairt feistí leighis lonnaithe i nGaillimh. Tá an earnáil seo i ndiaidh cur ar bhealach suntasach le geilleagar áitiúil an chontae le blianta fada anuas.  B’ionann é cinneadh Boston Scientific agus Medtronic lonnú i nGaillimh agus túsphointe fhorbairt na braisle teicneolaíochta míochaine i nGaillimh. Tharla braisliú an tionscail seo i gcomhpháirt le hinstitiúidí tríú leibhéal na Gaillimhe agus le speisialtóirí éagsúla an tionscail seo. Chabhraigh an caidreamh seo chun líon lucht saothair oilte agus iontaofa a chruthú, rud a bhí mar bhonn le dea-cháil idirnáisiúnta agus iontaofachta trí thacaíocht a fháil ó chuideachtaí áirithe sa tionscal. Bhí an éifeacht braislithe seo mar bhonn le fás ar líon na ngnólachtaí soláthróra atá ag freastal ar an margadh. Tá roinnt cuideachtaí anois ag díriú go speisialta ar fheistí cairdeolaíochta agus ar na comhpháirteanna gaolmhara éagsúla. Bhí sé seo mar bhonn lena chinntiú go nglactar leis go bhfuil Gaillimh ag díriú go speisialta ar fhorbairt agus ar dhéantúsaíocht feistí leighis corónacha.

Tá raon comhlachtaí difriúla cosúil le IDA, Fiontraíocht Éireann, Údarás na Gaeltachta, OÉ Gaillimh agus GMIT, ag tacú le rath bhraisle na bhfeistí leighis. I dteannta a chéile, soláthraíonn na heagraíochtaí seo raon tacaíochtaí don tionscal a áirítear ina measc tacaíocht forbartha gnó, airgeadas, rochtain ar mhargaí, custaiméirí nua, rochtain ar lucht oibre oilte agus áiseanna eolais agus taighde. Tá ról tábhachtach ag bunú Ionad Náisiúnta na bhFeistí Leighis in OÉ Gaillimh i ndáil le cothabháil agus cur chun cinn na Gaillimhe mar cheannródaí in earnáil na bhfeistí leighis.

I measc na dtionscal eile a chuireann ar bhealach suntasach leis na ngeilleagar áitiúil tá bithleighis agus TFC. Ar an gcuma chéanna, tá nasc láidir idir na fostóirí is mó sa réimse seo agus na hinstitiúidí oideachais in aice láimhe i nGaillimh.

5.8.2      Infheistíocht Dhíreach Eachtrach

Tá ról lárnach ag Infheistíocht Dhíreach Eachtrach (FDI) i bhfostaíocht a chruthú i nGaillimh.  Is é an IDA an ghníomhaireacht stáit ainmnithe atá freagrach as FDI a mhealladh go hÉirinn. I measc na bhfoinsí fostaíochta a cruthaíodh go díreach ó FDI áirítear raon leathan earnálacha a bhaineann le déantúsaíocht, taighde, forbairt, nuálaíocht, agus seirbhísí gnó.  I dteannta a chéile, cruthaíonn na tionscail seo infheistíocht shuntasach chaipitil agus bonn fostaíochta atá cruthaithe ag cuideachtaí FDI. Braitheann an rath a bhíonn ar chinntiú go lonnaíonn na cuideachtaí seo in Éirinn ar na hiarrachtaí a dhéanann raon comhlachtaí poiblí a áirítear údaráis áitiúla ina measc.  Ó pheirspictíocht pleanála de, leanfar leis an timpeallacht agus leis na coinníollacha cearta a chruthú i nGaillimh chun soláthar leanúnach FDI chuig bailte agus sráidbhailte éagsúla ar fud an Chontae a chinntiú agus tacú leis.

Tá roinnt beart ann a chinnteoidh mealltacht Chontae na Gaillimhe mar áit mhaith le lonnú inti agus le gnó a dhéanamh inti.  Áirítear ina measc seo príomhinfreastruchtúr cosúil le Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe agus rochtain ar iompar poiblí ar ardchaighdeán a sholáthar mar aon le timpeallacht maireachtála ar ardchaighdeán a chruthú inár bpríomhbhailte agus sráidbhailte.

Cuireann FDI ar bhealach suntasach le rathúnas geilleagrach rud a théann chun tairbhe gheilleagar na háite. I measc na mbuntáistí eile a bhaineann le FDI a sholáthar tá cur ar bhealach suntasach le holltáirgeacht intíre na hÉireann, cruthú fostaíochta agus ioncam Rialtais.  Deimhníodh é seo in 2018 nuair a chruthaigh cuideachtaí FDI 70% (€172 billiún) de luach easpórtálacha uile na hÉireann.  Ina theannta sin, is léir ó fhianaise atá ar fáil, in 2018, i ndáil le gach 10 bpost a chruthaigh FDI, gur cruthaíodh 8 bpost bhreise sa gheilleagar trí chéile, treocht atá riachtanach i gcomhthéacs rátaí fostaíochta na hÉireann.  Cé gur chuir Paindéim Covid 19 in 2020 moill áirithe ar an dul chun cinn geilleagrach i nGaillimh, meastar gur cheart go leanfadh an gaol atá bunaithe le FDI ag dul ó neart go neart amach anseo chun tairbhe gheilleagar an Chontae. Leanfar le tús áite a thabhairt don iarracht leanúnach an tallann chuí a sholáthar trí institiúidí tríú leibhéal, talamh fostaíochta agus timpeallacht thacúil ghnó, i dteannta leis an infreastruchtúr gaolmhar, ar fud an Chontae.

5.8.3     Teicneolaíocht Talmhaíochta agus Agraibhia

In RSES glactar le hearnáil na teicneolaíochta talmhaíochta mar an tionscal dúchasach is mó in Éirinn. Dá réir sin, tá sé oiriúnach tacú le forbairt leanúnach an tionscail i nGaillimh. Ag leibhéal náisiúnta, tá 8.4% díobh siúd atá i mbun fostaíocht lánaimseartha ag obair san earnáil seo. Sonraítear in NPF go dtacófar le forbairt na hearnála seo amach anseo trí chur chun feidhme Food Wise 2025. Tá an eagraíocht seo freagrach as forbairt agraibhia mar earnáil i ngeilleagar na hÉireann. Sonraítear in Food Wise sraith teilgean fáis a bhaineann le forbairt na hearnála agraibhia agus an ról a bheidh aige i ngeilleagar na hÉireann. Tá pobal na tuaithe in Éirinn ag fáiltiú roimh fhorbairt an tionscail nua seo i bhfianaise na ndúshlán geilleagrach éagsúil a chuir bac ar fhás i gceantair thuaithe ar fud na Gaillimhe le blianta beaga anuas. Tá breis plé déanta ar fhorbairt i gceantair thuaithe i gCaibidil 4 Maireachtáil agus Forbairt Tuaithe.

Sonraítear in NPO 23 de NPF an tacaíocht atá á tabhairt d’earnáil talmhaíochta agus bia atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Chomh maith leis sin, caithfidh fás inbhuanaithe na hearnála agraibhia as seo go ceann roinnt blianta cloí lena freagrachtaí laghdaithe carbóin. Cabhróidh forbairtí nua teicneolaíochta agus cur chuige nuálach i ndáil leis an earnáil seo sa chomhthéacs seo.

Tá cur síos déanta ar an mBithgheilleagar in NPF mar earnáil ina gcuimsítear táirgeadh acmhainní bitheolaíocha in-athnuaite. Áirítear ina measc seo táirgí cosúil le barra mar aon le foraoisí, iasc, ainmhithe agus miocrorgánaigh agus tiontú na n-acmhainní seo agus iarmhair sruthanna dramhaíola, fotháirgí nó dramhaíl sholadach chathrach go dtí táirgí breisluacha. Áirítear i measc na dtáirgí breisluacha is féidir a tháirgeadh bia, beatha, táirgí bithbhunaithe agus bithfhuinneamh. Cabhraíonn forbairt an tionscail bhithgheilleagair chiorclaigh seo ina bhfuil táirgí bithbhunaithe in úsáid le haghaidh cuspóirí éagsúla le leibhéil dramhaíola a laghdú agus cuireann sé ar chumas cheantar tuaithe na hÉireann cabhrú le sochaí ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a fhorbairt mar atá sonraithe in NPF. Úsáidtear teicneolaíochtaí nua mar chuid den chur chuige seo agus éilítear bealach smaointeoireachta nua. Bunaithe ar an méid is féidir leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an mbithgheilleagar cur le hiarrachtaí laghdaithe carbóin na hÉireann, meastar gur cheart tacú leis an earnáil seo áit ar cuí, tuiscint a bhfuil glacadh léi in NWRA freisin.

5.8.4      Gastranamaíocht

Glactar le gastranamaíocht mar rannpháirtí tábhachtach inár ngeilleagar agus inár n-oidhreacht chultúrtha. Tá sé nasctha le forbairt na turasóireachta laistigh den chontae freisin. Is forbairt nua é an Campas Nuálaí Bia atá faoi cheannaireacht Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Teagasc in infreastruchtúr bia na hÉireann, a bhfuil de bhuntáiste aige go bhfuil infreastruchtúr earnáil ilbhia agus tacaíocht le fáil ag suíomh amháin. Cuimseofar sna tacaíochtaí seo atá ar fáil i mBaile Átha an Rí saineolas sna réimsí seo a leanas - feoil, déiríocht, bianna tomhaltais agus bia mara.

Is éard atá sa Champas Nuálaí Bia, i mbeagán focal, tionscadal athraithe céime a bheidh mar bhonn le fiontraíocht bia a athrú in iarthar na hÉireann. Déileálfaidh an campas leis an gceanglas atá ann go mbeadh infreastruchtúr réigiúnach bia ar fáil trí ionad scála nuálaíochta agus goir dinimiciúil bia agus dí a sholáthar. Beidh 2,301sqm ar fáil agus cruthófar 360 post laistigh de 3 bliana i mbreis is 40 gnó a sholáthróidh méid suntasach oiliúna, forbartha agus tacaíochta ó na comhpháirtithe bunaidh agus na páirtithe leasmhara trí chéile.

Nuair a bheidh an áis oscailte soláthrófar foinse bhreise fostaíochta sa chuid seo den chontae. Tá an áis seo á forbairt i gcomhpháirt le Teagasc a chuireann ar bhealach suntasach le forbairt fiontar tuaithe talmhaíochta in Éirinn.

5.8.5      Cianobair

Mar thoradh ar phaindéim Covid 19 thosaigh líon níos mó fostaithe ná riamh ar fud na hÉireann ag obair ón mbaile. Ní feiniméan iomlán nua é an cur chuige oibre seo. Tá sé ag tarlú i roinnt tionscal le roinnt blianta anuas. Cuireann rolladh amach leathanbhanda ardluais ar fud na Gaillimhe ar chumas daoine atá i mbun cineálacha áirithe fostaíochta a bheith ag obair i suíomhanna seachas a bpríomháit fostaíochta. Cabhraíonn an rogha a bheith ag obair go cianda ón mbaile leis an líon daoine a bhíonn ag taisteal chun na hoibre gach lá a laghdú. Cabhraíonn sé seo linn ár leibhéil charbóin a laghdú. Chomh maith leis sin, bíonn níos mó solúbthachta ag fostaithe a bhíonn ag obair ón mbaile i ndáil leis an gcothromaíocht oibre is saoil a bhainistiú. Baineann buntáistí don fhostóir leis seo freisin i ndáil leis an leibhéal spás oifige a theastaíonn ó eagraíocht, rud a d’fhéadfadh costas ard a chruthú d’fhostóirí.

Athraíonn rolladh amach obair ón mbaile an gá atá le bheith ag maireachtáil achar réasúnta ón ionad oibre.  I gcomhthéacs na Gaillimhe, b’fhéidir go mbeadh fonn anois ar dhaoine athlonnú anseo chun tairbhe a bhaint as an ardchaighdeán saoil faoin tuath i gContae na Gaillimhe gan gá a bheith le taisteal chun na hoibre gach lá. Tacófar leo siúd atá ag obair ón mbaile más féidir.

Chomh maith leis sin, táthar ag moladh in RSES go mbeadh ‘geilleagar níos cliste’ á sholáthar ar fud an réigiúin trí leathanbhanda ardluais a sholáthar sna ceantair is iargúlta den Chontae. Soláthróidh moil chianoibre i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an chontae breis solúbthachta dóibh siúd ar mian leo “logáil isteach” fad is atá siad ag taisteal ar fud an chontae. D’fhéadfadh go gcabhródh a leithéid sin d’áis i gcodanna níos iargúlta den chontae le líon suntasach daoine a mhealladh isteach sna bailte agus sráidbhailte ar laethanta oibre, rud a d’fhéadfadh dul chun tairbhe an gheilleagair áitiúil.  Glactar leis go mbainfeadh an-tairbhe leis an gcineál seo úsáide bunaithe ar pheirspictíocht fiontraíochta agus gheilleagrach.

Cuspóirí Beartais Earnálacha, Braislí agus Deiseanna Fostaíochta

SCO 1        Infheistíocht Leantach 

Tacú le soláthar leantach infheistíocht fostaíochta ar fud Chontae na Gaillimhe de réir na pleanála cuí agus na forbartha inbhuanaithe. 

SCO 2     Infheistíocht Dhíreach Eachtrach 

Déanfar iarracht sa Phlean an caidreamh atá bunaithe le FDIanna le blianta beaga anuas a chothabháil trí láithreáin agus coinníollacha oiriúnacha a shainaithint le haghaidh lonnú agus fhorbairt na gcuideachtaí idirnáisiúnta seo i nGaillimh.

SCO 3        An Tionscal Agraibhia agus Éagsúlú Tuaithe 

Tacú le forbairt an tionscail agraibhia agus an éagsúlaithe tuaithe ar bhealach inbhuanaithe ar fud Chontae na Gaillimhe trí thaighde agus forbairt a éascú más cuí.

SCO 4        Braislí Nuálaíochta Talmhaíochta  

Tacú le forbairt braislí nuálaíochta talmhaíochta i gContae na Gaillimhe trí naisc feabhsaithe a spreagadh idir an fheirm, taighde, teicneolaíocht agus tráchtálú de réir na pleanála cuí agus na forbartha inbhuanaithe.

SCO 5        An Earnáil Gastranamaíochta 

Forbairt na hearnála gastranamaíochta a chosaint agus tacú léi mar chuid dár n-oidhreacht chultúrtha i gContae na Gaillimhe mar fhoinse d’fhorbairt gheilleagrach inbhuanaithe.

SCO 6        Campas Nuálaí Bia 

Tacú le forbairt an Champais Nuálaí Bia i mBéal Átha an Rí agus an fhorbairt a éascú, chun ionad saineolais a bhunú i ndáil le forbairt na heolaíochta bia, an tionscail agus na teicneolaíochta.

SCO 7        Fiontraíocht Nua 

Tacú le taighde taiscéalaíoch, tionscadail cheannródaíocha, gnóthaí/tionscail nuathionscanta agus cláir athoiliúna i gcomhar leis na gníomhaireachtaí forbartha agus na n-institiúidí oideachais/taighde.

SCO 8        Moil agus Cianobair 

Tacú le forbairt Bailte agus Sráidbhailte Cliste ar fud Chathair na Gaillimhe chun an geilleagar tuaithe a fhorbairt agus a éagsúlú agus cur leis na sócmhainní fiontair áitiúla agus infreastruchtúir atá ar fáil chun dlús a chur le nuálaíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí cliste a bhaineann le fuinneamh, iompar, agraibhia, turasóireacht, ríomhsheirbhísí agus cianobair lena n-áirítear moil oibre.
 

5.9          Miondíol

Déantar iarracht in RSES tacú le ról na mbailte níos lú agus na mbailte ar meánmhéid, a bhfuil ról tábhachtach acu i ndáil le soláthar seirbhíse agus fostaíochta ina ndobharcheantair laistigh d’fheidhm gheilleagrach an chontae. Tá raon bailte agus sráidbhailte i nGaillimh ag scálaí difriúla ina bhfuil leibhéil dhifriúla de ghníomhaíocht gheilleagrach ag tarlú. Sainaithnítear a leithéid sin de lonnaíochtaí laistigh den ordlathas lonnaíochta agus croístraitéis an Phlean seo.

I ndáil le forbairt straitéis miondíola, tarraingítear aird in RSES ar an iomaíochas idir an t-eispéireas traidisiúnta siopadóireachta i lár an bhaile agus eispéireas na siopadóireachta ar líne rud a tharraingíonn aird ar an tionchar a bheidh aige seo ar bheocht agus ar inmharthanacht lár ár mbailte agus príomhshráideanna ár sráidbhailte.   Chuir paindéim Covid 19 dlús le scairmhargadh na hearnála ar líne rud ba chúis le níos mó brú a chur ar líon níos mó miondíoltóirí Éireannacha a láithreacht ar líne a fhorbairt ionas gur féidir leo a bheith san iomaíocht.  Baineann dúshláin shuntasacha beartais leis an treocht seo i ndáil leis an bplean forbartha ionas gur féidir na hionaid mhiondíola traidisiúnta ar fud an ordlathais lonnaíochta a chothabháil.

Sonraítear i dTreoirlínte Pleanála Miondíola, 2012 nach mór aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas sa phlean forbartha:

  • Ní mór go mbeidís fianaisebhunaithe trí thairbhe a bhaint as anailís agus sonraí tacaíochta chun cinnteoireacht a threorú;
  • Ní mór go mbeidís comhsheasmhach leis an gcur chuige sna treoirlínte seo; agus
  • Ní mór go mbeidís soiléir agus beacht chomh fada is a bhaineann le cuspóirí agus le ceanglais shonracha.

5.9.1      Ordlathas/Straitéis Mhiondíola

Áirítear in NPF beartais straitéiseacha a bhfuil sé mar aidhm leo beocht agus inmharthanacht áiteanna uirbeacha agus tuaithe in Éirinn a chinntiú. Baineann NPO 6 le ról agus feidhm ceantar uirbeach, tarraingítear aird ann ar uaillmhian an Rialtais cathracha, bailte agus sráidbhailte a athghiniúint agus a athnuachan mar shócmhainní timpeallachta chun láidreacht agus beocht áiteanna uirbeacha a chinntiú. Sonraítear in NPO 11 toimhde i bhfabhar forbartha a spreagfaidh daoine, poist agus gníomhaíocht laistigh d’áiteanna uirbeacha reatha de gach méid.

Tá ceanglas reachtúil ann go n-áireofaí sa Chroístraitéis faisnéis a léiríonn nuair a bhí cuspóirí le haghaidh forbairt mhiondíola á sonrú, gur thug an tÚdarás Pleanála aird ar na Treoirlínte Pleanála Miondíola agus go bhfuil na meastacháin maidir le forbairt mhiondíola riachtanach amach anseo bunaithe ar agus go ndéantar cuntas iontu ar spriocanna sonracha daonra. Nuair a bheifear ag déileáil leis an gceanglas seo, tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe Straitéis Mhiondíola a ullmhú i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.  Cuirfear na riachtanais thuasluaite ar fad san áireamh sa Straitéis Mhiondíola seo.

Tá an t-ordlathas miondíola don Chontae sonraithe thíos agus tá roinnt cuspóirí beartais a bhaineann le bainistíocht mhiondíola sainaitheanta. Tá an t-ordlathas miondíola ailínithe le hainmniúchán lonnaíochtaí sa tábla sa Chroístraitéis agus san Ordlathas Lonnaíochta gaolmhar, MASP, Príomhbhailte mar phríomhréimse fócais le haghaidh forbairtí miondíola nua. Tá forbairt mhiondíola nua ag scála cuí i láithreáin atá suite go lárnach laistigh de na bailte agus sráidbhailte fágtha á spreagadh freisin.

Ní mór go mbeadh an cur chuige i ndáil le forbairt mhiondíola ailínithe le forálacha an Ordlathais Lonnaíochta, a gcuimsítear ann na catagóirí seo a leanas:

  • Ceantar Uirbeach Chontae na Gaillimhe (Baile Chláir, Bearna, Órán Mór)
  • Príomhbhailte (Béal Átha na Sluaighe, Tuaim)
  • Suíomh lena mbaineann Poitéinseal Straitéiseach (Baile Átha an Rí)
  • Bailte Beagfháis (An Clochán, Áth Cinn, Maigh Cuilinn, Uachtar Ard, Port Omna)
  • Sráidbhailte Beagfháis (An Cheathrú Rua, An Spidéal, Béal Átha Ghártha, Dún Mór, Gleann na Madadh, Cinn Mhara, Maigh Locha)
Leibhéal / Feidhm Mhiondíola Ionad
Leibhéal 1 Cathair na Gaillimhe
Leibhéal 2 Lár an Cheantair

 

Leibhéal 3 Bailte Ceantair / Fochontae

Béal Átha na Sluaighe

Tuaim

Baile Átha an Rí

An Gort

Leibhéal 4 Ionad Comharsanachta

 

Leibhéal 5 Baile/lár sráidbhaile/Ceantar Tuaithe

An Clochán

Maigh Cuilinn

Uachtar Ard

Port Omna

Áth Cinn

Tábla 5.5             Ordlathas Miondíola

 

Cuspóirí Beartais Miondíola

RET 1        Ordlathas Miondíola 

Tacóidh an Chomhairle Contae ar bhealach gníomhach le hordlathas feidhmeanna miondíola sa Chontae a chuireann le hordlathas lonnaíochta an phlean seo agus beidh toimhde ghinearálta ann i gcoinne forbairt mhiondíola lasmuigh de bhailte.

RET 2        Straitéis Mhiondíola 

Tacú leis an earnáil mhiondíola sa Chontae agus í a fhorbairt agus comhlíontacht a chinntiú le Treoirlínte Pleanála Miondíola d’Údaráis Phleanála DoECLG (2012), lena n-áirítear an gá atá le cur chuige seicheamhach i ndáil le forbairt mhiondíola, cuspóirí beartais aon Straitéis Mhiondíola do Ghaillimh a bheidh ann amach anseo agus an treoir atá sonraithe i Lámhleabhar Dearadh Miondíola DoECLG (Aibreán 2012).

RET 3        Comhstraitéis Mhiondíola 

Cuspóir de chuid an Údaráis Pleanála é oibriú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun comhstraitéis mhiondíola a ullmhú de réir an cheanglais faoi Alt 3.5 de na Treoirlínte Pleanála Miondíola d’Údaráis Phleanála (2012). 
 

5.10       Príomhcheantair Siopadóireachta

Leagtar béim shuntasach sna Treoirlínte Pleanála Miondíola ar an tábhacht a bhaineann le lár bailte agus sráidbhailte bríomhara a sholáthar. Glactar leis chomh maith in RPG (2012) gur féidir an tábhacht a bhaineann le beocht Lár an Bhaile a léiriú trí chloí go docht le forálacha an ‘cur chuige seicheamhach’, a chosnóidh beocht agus inmharthanacht lár bailte agus sráidbhailte. Tá ainmniúcháin chriosaithe lár baile nó sráidbhaile le fáil i ngach baile agus sráidbhaile. Soláthraíonn na ceantair seo meascán de shiopadóireacht áise agus seirbhísí áitiúla eile. Braitheann scála an tsoláthair miondíola i ngach baile agus sráidbhaile ar mhéid an bhaile nó an tsráidbhaile, an suíomh agus an dobharcheantar mar aon lena chóngaraí is atá sé do Chathair na Gaillimhe.

Is pointe fócais tábhachtach iad na bailte agus na sráidbhailte do cheantar tuaithe na Gaillimhe. Áirítear i measc na n-úsáidí eile atá á mbaint as bailte agus sráidbhailte margaí bia seachtainiúla nó díol beostoic ag margaí áitiúla a mheallann líon suntasach cuairteoirí chuig ceantar agus a chruthaíonn éagsúlacht mhiondíola. Is úsáidí idirspleácha iad seo a théann chun tairbhe lár bailte agus sráidbhailte. Teastaíonn éagsúlacht sna seirbhísí atá á dtairiscint chun lár baile nó sráidbhaile bríomhar a chinntiú agus a chothabháil. Cuireann iomadú úsáid amháin ar leith seachas úsáidí eile an bheocht seo i mbaol.

5.10.1    Folúntas

Mórcheist é an leibhéal folúntais i lár bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann le blianta beaga anuas, go háirithe i gceantair ina bhfuil an struchtúr tuaithe níos laige. D’eascair sé seo as fachtóirí éagsúla a bhí le sonraí roimh Phaindéim Covid 19 agus áirítear ina measc an mhiondíol ar líne. Déanfar comh-iarracht trí shásraí maoinithe éagsúla a chinntiú go bhfuil na príomhcheantair siopadóireachta i mbailte agus i sráidbhailte de gach méid mealltach, á gcothabháil agus á seirbhísiú go héifeachtach agus go bhfuil infreastruchtúr ann lena rathúnas a chinntiú amach anseo.

Tarraingítear aird in NPO 16 ar rún an Rialtais déileáil le rátaí folúntais i lár bailte agus sráidbhailte beaga chun meath tuaithe a laghdú agus beocht agus inmharthanacht ceantar tuaithe a spreagadh. Chomh maith leis sin, leagtar béim ar leith in RSES ar an dúshlán a chruthaíonn rátaí folúntais inár mbailte agus sráidbhailte.  Tá an ráta náisiúnta folúntais cothrom le 13.5% agus tá an ráta don chontae cothrom le 16.6%[1]. As measc na mbailte agus na sráidbhailte sa chontae, tá rátaí folúntais níos airde i dTuaim agus i mBaile Locha Riach, 21.8% agus 16.8% faoi seach.  Ainneoin go bhfuil an ráta folúntais i mBaile Locha Riach laghdaithe 1.4% ó rinneadh an suirbhé deiridh i Ráithe 2 2019, tá an ráta i dTuaim méadaithe 0.5%. 

Tá na treochtaí comhsheasmhach leis na treochtaí atá le tabhairt faoi deara sa chúige trí chéile.  As na ceithre chúige, bhí an ráta folúntais is airde le tabhairt faoi deara i gConnachta - 17.0% i Ráithe 2 2020, arb ionann é agus méadú 0.4pp i gcomparáid le Ráithe 2 2019. Bhí na cúig chontae ina raibh na rátaí folúntais is airde lonnaithe i gConnachta: Sligeach (19.3%), Liatroim (17.1%), Gaillimh (16.6%), Ros Comáin (16.6%) agus Maigh Eo (16.6%).Tuarascáil Ráthe2,202

5.10.2    Siopaí agus Seirbhísí Áitiúla

Taobh amuigh de lár bailte agus sráidbhailte tá éileamh fós ar shiopaí áise áitiúla, a bhíonn le fáil go minic i stadanna freastail. Bíonn earraí agus seirbhísí tábhachtacha laethúla á soláthar sna siopaí seo do dhaoine atá ag maireachtáil sa cheantar. Go minic, stopann daoine ag siopaí mar seo ar a mbealach chuig áit éigin eile - leanaí a fhágáil ar scoil agus a bhailiú ón scoil.  Is féidir saoráidí mar seo a lonnú gar do scoileanna, talamh fostaíochta agus ceantair chónaithe. Ba cheart, áfach, ar an gcéad dul síos, miondíol a sholáthar i mbailte agus i sráidbhailte. Níor cheart go mbeadh spás urláir siopaí agus seirbhísí áitiúla taobh amuigh de bhaile níos mó ná 100sqm de réir RPGanna (2012). I gcásanna ina bhfuil an spás urláir níos mó ná 100sqm, bainfear úsáid as an gcur chuige seicheamhach.

5.10.3    Úsáidí Tráthnóna agus Déanacha

Tá níos mó tábhachta ag baint de réir a chéile leis an nGeilleagar Tráthnóna/Déanach in Éirinn agus is fianaise ar an méid sin bunú Thascfhórsa an Gheilleagair Dhéanaigh i mí Iúil 2020. Is é cuspóir an Tascfhórsa cuir chuige nua a fhorbairt chun tacú le agus tuilleadh forbairt a dhéanamh ar an tionscal seo. Ní coincheap nua é an geilleagar tráthnóna agus déanach. Áirítear leis gníomhaíochtaí éagsúla idir tithe tábhairne, bialanna, caiféanna, clubanna, bialanna beir leat, pictiúrlann, amharclann agus roghanna eile siamsaíochta. Is féidir leis an nGeilleagar Tráthnóna/Déanach cur ar bhealach suntasach leis an ngeilleagar áitiúil ar bhealach a rachaidh chun tairbhe bailte agus sráidbhailte ar fud Chontae na Gaillimhe. Ba cheart tacú le gníomhaíochtaí déanacha i mbailte agus i sráidbhailte ar an gcoinníoll nach bhfuil dochar á dhéanamh don taitneamhacht chónaithe agus ba cheart go mbeadh beocht agus inmharthanacht mar thoradh ar ghníomhaíochtaí tráthnóna agus déanacha, agus go mbeadh timpeallacht shábháilte á cruthú do chuairteoirí agus do chónaitheoirí araon.

5.10.4    Stáisiúin Bhreosla

Tá stáisiúin bhreosla le fáil anois mar chuid de shaoráidí siopadóireachta áise le blianta fada anuas, agus in go leor ceantar tuaithe is é an stáisiún breosla an t-aon seirbhís mhiondíola sa cheantar. Sna cásanna seo, b’fhéidir go mbeadh sé oiriúnach an fhorbairt a éascú chun raon níos leithne táirgí a sholáthar ar achar urláir breá mór. É sin ráite, tá líon suntasach stáisiún breosla agus siopaí gaolmhara forbartha ag imeall bailte móra. Sna cásanna seo, dá réir sin, d’fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach teorainn a chur leis an raon táirgí atá ar fáil agus ar an achar urláir do chustaiméirí chun an soláthar miondíola laistigh de lár an bhaile a chosaint. Ag féachaint don mhéid thuasluaite, breithneoidh an Chomhairle tograí ar bhonn an iarratais. Os a choinne sin, sonraítear i dTreoirlínte Pleanála Miondíola (2012) nár cheart go mbeadh spás urláir siopa gaolmhar níos mó ná 100sqm agus gur cheart tairbhe a bhaint as an gcur chuige seicheamhach i ndáil le haon togra a bhfuil an t-achar urláir ann níos mó ná an tairseach seo.

Cuspóir Beartais na bPríomhcheantar Siopadóireachta

CSA 1     Forbairt Mhiondíola Cothromaithe 

A chinntiú, ar mhaithe le beocht agus inmharthanacht, go mbíonn cothromaíocht le tabhairt faoi deara idir seirbhísí agus asraonta mar thoradh ar thograí forbartha, agus ar an tslí sin, go seachnaítear comhchruinniú iomarcach úsáidí. 

CSA 2     Úsáidí Miondíola agus Comhlántacha 

Meascán sláintiúil úsáidí miondíola agus úsáidí comhlántacha oiriúnacha eile a spreagadh agus tacú leo i lár bailte agus sráidbhailte agus bearta spriocdhírithe a shainaithint chun na rátaí folúntais a laghdú.

CSA 3     Úsáidí Lár an Bhaile 

Tacú, más féidir, le hiarratais phleanála ina moltar úsáidí comhlántacha, neamh-mhiondíola i lár bailte agus sráidbhailte, a bhfuil leibhéil arda folúntais le tabhairt faoi deara iontu.

CSA 4     Aghaidheanna agus Comharthaíocht Siopaí 

Cuireann aghaidheanna foirgnimh i lár bailte agus sráidbhailte ar bhealach suntasach le mealltacht áite. Ba cheart breithniú cúramach a dhéanamh ar fhorbairt aghaidheanna siopaí agus na comharthaíochta gaolmhaire i lár bailte agus sráidbhailte, go háirithe i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta.

CSA 5     Dearadh Aghaidheanna Siopaí 

Dearadh aghaidheanna siopaí ar ardchaighdeán a spreagadh i lár bailte agus sráidbhailte go háirithe in ACAanna ainmnithe.

CSA 6     Ionaid Áitiúla 

Tacú le soláthar ionad áitiúil atá ag freastal ar dhaonraí an dobharcheantair áitiúil i gceantair chónaithe nua, i gcomhréir le riachtanais áitiúla.

CSA 7     Siopaí agus Seirbhísí Áitiúla

Forbairt siopaí beaga agus seirbhísí a cheadú ag suíomhanna imeallacha laistigh de lonnaíochtaí baile sa chás gur féidir a léiriú go bhfuil na forbairtí ag scála atá oiriúnach chun freastal ar éileamh áitiúil agus nach mbeidh tionchar diúltach ag a leithéid ar bheocht agus ar inmharthanacht lár an bhaile atá ann cheana féin.

CSA 8    Úsáidí Tráthnóna agus Déanacha 

Tacú le tograí le haghaidh forbairt a bhfuil úsáidí tráthnóna agus déanacha seachbhuaice, tráchtála, miondíola nó caitheamh aimsire san áireamh iontu laistigh de nó cóngarach do lár bailte agus sráidbhailte, áit ar féidir a léiriú go gcuirfidh an fhorbairt le carachtar agus le feidhm ceantair agus nach mbainfear an bonn de thaitneamhacht chónaithe agus ghinearálta an cheantair.

CSA 9    Bainistíocht Úsáidí Déanacha 

Iarracht a dhéanamh a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le hardchaighdeáin timpeallachta trí phrionsabail dea-chleachtais a chur i bhfeidhm i ndáil le bainistíocht úsáidí déanacha, trí bhearta cosc bruscair a bhunú agus uaireanta oibre a rialú.

CSA 10     Miondíol agus Stáisiúin Bhreosla Gaolmhara 

Breithniú a dhéanamh ar thograí forbartha le haghaidh saoráidí siopa a bheidh taobh le stáisiúin bhreosla de réir na mbuntáistí aonair atá ag baint leo, ag féachaint do Treoirlínte Pleanála Miondíola d’Údaráis Phleanála (2012) agus faoi réir impleachtaí tráchta.

CSA 11    Forbairt Straitéiseach Lár Baile

Tacú le marglanna agus comharchumainn atá bunaithe sa Chontae cheana féin ar mian leo athlonnú ó lár an bhaile go dtí imeall an bhaile faoi réir cloí leis na gnáthriachtanais phleanála agus leis na caighdeáin bainistíochta forbartha, agus ar an tslí sin, forbairt lár an bhaile/an chroícheantair le haghaidh úsáidí miondíola agus tráchtála a cheadú. 

CSA 12     Timpeallacht Mhiondíola ar Ardchaighdeán 

Tacú le forbairt cineálacha, scálaí agus patrún oiriúnach d’fhorbairt mhiondíola i suíomhanna oiriúnacha laistigh de na lonnaíochtaí sa Chontae agus le dearadh ar ardchaighdeán:

  • A thacaíonn le beocht agus le hinmharthanacht lár na lonnaíochta reatha agus na bpríomhshráideanna gaolmhara agus/nó nach mbaineann an bonn den fhuinneamh atá le brath ar na sráideanna sin;
  • A chosnaíonn infheistíocht i mbóithre straitéiseacha agus in infreastruchtúr agus inrochtaineacht ar cheantair mhiondíola a sholáthar, go háirithe i ndáil le hiompar poiblí;
  • A chabhraíonn le timpeallacht mhiondíola ar ardchaighdeán a chruthú.

Map 5.1: Economic Engine

Economic Engine Map

5.10.5    Straitéis Iarláithreán Aerfort na Gaillimhe

 

Download PDF 5.10.5

 

[1] Talamh Chriosaithe Iomlán (Ha) 164.73

[2] Talamh Chriosaithe Iomlán (Ha) 143.34

Clár ábhair

Baile