Caibidil 9 Bainistíocht Mhuirí agus Chósta

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

 PDF

 

"Is éiceachóras beo gníomhach é an timpeallacht mhuirí agus chósta a mbíonn cúram agus aird ag teastáil uaidh. Is tosaíocht é leas a bhaint as acmhainneacht na hearnála muirí mar shócmhainn náisiúnta, agus ag an am céanna aghaidh a thabhairt ar an mbagairt a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr tuile cósta agus na dúshláin a bhaineann le himeall an chósta".

9.1         Réamhrá

Tá imeallbhord fada ag Contae na Gaillimhe ina bhfuil gnáthóga nádúrtha éagsúla, cósta creagach agus radhairc iontach, rudaí a chuireann leis an tírdhreach uathúil íocónach sin. Is mór an méid a dhéanann an geilleagar muirí, i réimse an iascaigh, an dobharshaothraithe agus na turasóireachta muirí. Soláthraíonn na huiscí cósta amach ó Chontae na Gaillimhe acmhainn thábhachtach a thacaíonn le fostaíocht gníomhaíochtaí fóillíochta agus a ghineann iad.

Le foilsiú an Phlean Chomhtháite Mhuirí ag an nGrúpa Comhordaithe Idir-Rannach um an Muir in 2012, leagadh amach treochlár soiléir maidir le fís an Rialtais go soláthrófar doiciméad straitéiseach agus tugadh aitheantas d'acmhainneacht mhuirí na hÉireann. Leagtar béim sa doiciméad beartais sin ar leibhéal níos airde comhordaithe maidir le cuir chuige beartais thar raon earnálacha muirí agus disciplíní lena mbaineann.

Sa chaibidil seo maidir le Bainistiú Muirí agus Cósta leagfar amach na tosaíochtaí forbartha don earnáil mhuirí sa chontae. Aithneofar sa chaibidil seo na príomhthionscail a bheidh ina gcuid den earnáil mhuirí sa chontae. Beidh cuspóirí beartais ann a thacóidh le teicneolaíochtaí nua agus nuálaíochtaí a chur chun cinn sa tionscal chun tacú leis na tionscail mhuirí atá i nGaillimh cheana. Pléifear an tAthrú Aeráide agus an caidreamh díreach leis an earnáil bainistíochta muirí agus cósta i mír 9.3 agus i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainní Inathnuaite.

9.2          Aidhmeanna Straitéiseacha

Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe leis na páirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí cuí maidir le Bainistiú Muirí agus Cósta agus leanfaidh sí de sheachadadh na forbartha muirí a chosaint ar bhealach inbhuanaithe. Beidh sé sin ag teacht leis na haidhmeanna straitéiseacha seo a leanas:

  • Fás san earnáil mhuirí a chur chun cinn agus geilleagar muirí atá faoi bhláth a sholáthar, geilleagar a bhaineann leas as na deiseanna a bheidh ar fáil ar bhealach comhordaithe inbhuanaithe;
  • Éascaíocht a dhéanamh ar fhorbairt agus cothabháil an infreastruchtúir mhuirí;
  • Tacú le cothabháil agus cosaint an éiceachórais mhuirí;
  • Iarracht a dhéanamh an cósta a chosaint ar chreimeadh agus dul i ngleic le tuile cósta.

9.3          Comhthéacs Straitéiseach

Ullmhaíodh an chaibidil seo i gcomhthéacs na bPleananna, Beartas agus Treoirlínte Náisiúnta agus Réigiúnacha seo a leanas:

 

Creat Náisiúnta Pleanála – Éire 2040  

Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 

Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí – Tuarascáil Bhonnlíne

Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí – Treochlár

Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí – Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí

Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí – Reachtaíocht Náisiúnta

Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí – Sonraí agus Cinnteoireacht Mhuirí

Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair 2020-2032 

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019

Plean Náisiúnta Maolaithe 2017 

Plean Forbartha maidir le Fuineamh Inathnuaite Amach ón gCósta

Plean Muirí Comhtháite 2012

Leas a Bhaint as Saibhreas Ár nAigéan – Treochlár an Phlean Mhuirí Chomhtháite d'Éirinn

Atlas Muirí na hÉireann – Foras na Mara

Dúshláin agus Deiseanna do Mhórthionscail Gheilleagar an Aigéin na hÉireann

9.3.1 An Creat Náisiúnta Pleanála

Tarraingíonn an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) aird ar an tábhacht a bhaineann le comhordú idir na páirtithe leasmhara sa tionscal chun pleanáil spásúil mhuirí atá cothromaithe a bhaint amach. Clúdaíonn an timpeallacht mhuirí raon leathan tionscal, lena n-áirítear turasóireacht, bia mara, próiseáil, táirgí biteicneolaíochta agus bithfhionnachtana muirí, fóillíocht, fuinneamh inathnuaite, taiscéalaíocht agus táirgeadh fuinnimh.

Nuair a ullmhaíodh an CNP aithníodh go n-éilítear leis an Treoir Eorpach um Pleanáil Spásúil Mhuirí pleanáil náisiúnta spásúil mhuirí a ghlacadh faoi 2021 chun leas a bhaint as an acmhainn atá san earnáil mhuirí. Mar sin, bheadh an dá straitéis náisiúnta sin ag nascadh le chéile agus ag cur le chéile, rud a chinnteoidh go mbeidh ceangal dlúth idir an earnáil mhuirí agus pleanáil talún. Iarrtar sa chaibidil seo éascaíocht a dhéanamh ar chomhordú éifeachtach na ngníomhaíochtaí muirí agus úsáide talún i gcomhréir le riachtanais Chuspóir Beartais Náisiúnta 39 den CNP.

Aithnítear sa CNP freisin an tábhacht a bhaineann leis an ngeilleagar muirí. Tacaítear le Cuspóir Beartais Náisiúnta 39 an geilleagar muirí a fhás ar bhealach inbhuanaithe agus béim a leagan mar chuid de sin ar phobail tuaithe ar an gcósta agus ar na hoileáin.

I dtaca le Bainistiú Cósta, aithnítear le Cuspóir Beartais Náisiúnta 41a agus 41b na riachtanais leis an imeallbhord a chosaint d'fhonn a shaintréithe fisiceacha agus timpeallachta a chothú agus an gá le dul i ngleic le tionchair an athraithe aeráide maidir leis na héifeachtaí ar athruithe ar leibhéal na farraige. 

9.3.2      Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta

Déanann an Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta (SRSE) tagairt don chultúr agus traidisiún láidir muirí sa chontae, agus déantar tagairt freisin do na tairbhí a d'fhéadfadh a bhaint as earnáil fuinnimh inmharthana agus fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Tá raon leathan gnéithe luachmhara oidhreachta a bhaineann le caomhantas agus bithéagsúlacht san earnáil mhuirí freisin. Is earnálacha atá ag teacht chun cinn agus a chuireann le geilleagar muirí a d'fhéadfadh a bheith faoi bhláth iad sláinte, leigheas agus teicneolaíocht mhuirí, chomh maith le taighde agus forbairt. Aithnítear bagairt na tuile cósta agus an chreimthe cósta mar bhagairt do na glúnta atá le teacht.

Meastar gur sócmhainn thábhachtach don tír é an geilleagar muirí agus gorm agus déantar tagairt dó sa SRSE faoi Uaillmhian Fáis 1 – Geilleagar agus Fostaíocht. Aithnítear le Cuspóir Beartais Réigiúnach (RPO 4.34) Páirc na Mara mar rud a d'fhéadfadh cur leis an tionscal muirí. Tacaíonn an SRSE freisin le calafoirt infreastruchtúir mhuirí ag áiteanna straitéiseacha a uasghrádú, mar a leagtar amach in RPO 4.31.

9.4          An tAthrú Aeráide

Is príomhsprioc an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide é 70% den leictreachas náisiúnta a ghiniúint le hacmhainní inathnuaite. Meastar i gcásanna áirithe go bhfuil na spriocanna maidir leis an athrú aeráide dúshlánach. Ach i gcás na hearnála muirí, is deis iad na paraiméadair seo méid suntasach fuinnimh inathnuaite a tháirgeadh, rud a bheadh iliomad tairbhí ag baint leis.  Táthar ag súil leis, de réir mar a chuirfear dlús le forbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta sna blianta atá le teacht, go mbeidh sé d'acmhainn ag an earnáil mhuirí méid an-suntasach a dhéanamh ar son an chláir oibre um an athrú aeráide go hidirnáisiúnta.

Tá an t-imeallbhord ar cheann de na ceantair is leochailí ó thaobh thionchair an athraithe aeráide de. Tá déine agus minicíocht na stoirmeacha i rith an gheimhridh ag méadú go tapa. Ní hamháin go gcreimeann na stoirmeacha sin an t-imeallbhord, ach bíonn siad ina gcúis le damáiste struchtúrach ar fiú na milliúin euro é, le tuilte agus le damáiste d'árthaí agus oibríochtaí iascaigh. Mar gheall ar chreimeadh cósta agus ar chosaintí nádúrtha cósta a chailleadh de bharr pátrúin aimsire, tá méadú tagtha ar an riosca tuile i gceantair chósta. Pléitear na dúshláin sin a thuilleadh i gCaibidil 14 An tAthrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainní Inathnuaite.

9.5         An Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí (CNPM)

Tá eolas faoin nGeilleagar Muirí agus Gorm sa doiciméad ón mbliain 2012, Leas a Bhaint as Saibhreas Ár nAigéan – Treochlár an Phlean Mhuirí Chomhtháite d'Éirinn, doiciméad a ndéantar athbhreithniú rialta air. Is aidhm sa doiciméad sin é creat pleanála a sholáthar don Gheilleagar Muirí agus bhí sé sin cumhdaithe i dTreoir AE ina dhiaidh sin, mar a luadh thuas. Is plean náisiúnta fiche bliain é an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí (CNPM) do cheantair mhuirí na tíre agus tá sé á ullmhú faoi láthair. Sa CNPM tá sraith beartas uileghabhálach a bhaineann leis an gcomhshaol, an tsochaí agus an geilleagar, agus tá beartais earnála do 16 earnáil, idir fhuinneamh inathnuaite, dhobharshaothrú, chalafoirt, chuanta, loingseoireacht, thurasóireacht agus chosaint. Tá gealltanas sa CNPM go n-ullmhófar pleananna fo-náisiúnta agus/nó réigiúnacha.

Tacaíonn an CNP leis an bpleanáil spásúil úsáide talún a ailíniú leis an bpleanáil spásúil mhuirí. Éilítear le Cuspóir Beartais Náisiúnta 39 go gcuireann pleananna forbartha réigiúnacha agus áitiúla réimsí ábhartha a bhaineann le pleanáil spásúil mhuirí san áireamh agus go gcomhtháthaítear iad sna pleananna, réimsí cosúil le fuinneamh inathnuaite, líonraí leictreachais, cosaintí cósta agus tuile, iascach agus dobharshaothrú, calafoirt agus cuanta, rochtain phoiblí, turasóireacht agus fóillíocht, láithreáin agus speicis chosanta, muirdhreach agus tírdhreach.

Athrú suntasach ar an bpróiseas toilithe le haghaidh forbairtí muirí atá sa Bhille um Pleanáil agus Bainistíocht Forbartha Muirí, 2019. Leis an mBille leasófar an tAcht Imeall Trá agus cruthófar réimse rialála nua agus córas aonair toilithe sa stát don cheantar muirí ar fad.

Cuspóirí Beartais maidir leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí

CNPM 1        Creat Pleanála Muirí

Iarracht a dhéanamh na cuspóirí beartais a chur i bhfeidhm, mar a leagtar amach sa Chreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí, chun tacú le bainistíocht éifeachtach na ngníomhaíochtaí muirí agus le húsáid níos inbhuanaithe na n-acmhainní muirí sa chontae.
 

CNPM 2        An Bille um Pleanáil agus Bainistíocht Forbartha Muirí

Tacú le haon athrú ar an gcóras pleanála spásúla muirí agus freastail air, athrú atá molta faoin mBille um Phleanáil agus Bainistíocht Forbartha Muirí 2019 (nó aon Bhille ina dhiaidh sin) nuair a achtaítear i ndlí é.

 

9.6      Forbairt Mhuirí agus Chósta

Caithfidh tograí forbartha i limistéir chósta aird a thabhairt ar nádúr athraithe agus dinimiciúil an chósta. Aithnítear gurb iad réitigh crua-innealtóireachta na réitigh is déine ó thaobh acmhainní de agus gur mó a chuireann siad isteach ar phróisis nádúrtha ná aon rud eile sa timpeallacht íogair sin.

Mar phrionsabal ginearálta, ní chuirfear forbairt ar láithreáin úrnua ach amháin i ndálaí eisceachtúla mura féidir úsáid a bhaint as suíomhanna reatha.

Cuspóirí Beartais maidir Forbairt Mhuirí agus Chósta

FMC 1        An tImeallbhord a Chosaint 

Saincharachtar an chósta a chosaint ach cosc a chur le forbairt mhíchuí, go háirithe ar thaobh na farraige de bhóithre cósta. Tabharfar spás d'fhorbairt nua, más féidir, taobh istigh de cheantair atá forbartha cheana féin agus beidh forbairt athléimneach i leith na haeráide ó thaobh a suímh agus a dearaidh de.
 

FMC 2        Pátrún Forbartha ar an gCósta

Nádúr agus pátrún na forbartha i gceantair chósta a rialú go dian agus cinnte a dhéanamh de go mbíonn an dearadh agus an tírdhreachú ar na caighdeáin is airde agus go mbíonn forbairt lonnaithe ar bhealach nach gcuireann isteach ar taitneamhacht amhairc an cheantair. 
 

9.7          Geilleagar Muirí agus Cósta

Chuir an earnáil mhuirí go leor fostaíochta ar fáil sa chontae. Mar sin, tugtar aitheantas dá tábhacht agus tá léiriú ar a tábhacht sa chaibidil seo. I measc na ndúshlán roimh an earnáil, tá éifeachtaí na dtuairteanna seachtracha, an Breatimeacht san áireamh, ar easpórtálacha iascaigh agus an gá le haistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin.

Bhí thart ar 30,000 duine i dtéarmaí coibhéis lánaimseartha fostaithe in earnáil mhuirí na hÉireann in 2019. Meastar gurbh ionann láimhdeachas bliantúil na hearnála muirí in Éirinn agus thart ar €6 billiún.

Tá raon earnálacha i ngeilleagar aigéin na hÉireann, lena n-áirítear na cinn seo a leanas:

  • Loingseoireacht agus Iompar Muirí;
  • Turasóireacht Cósta Mhuirí;
  • Dobharshaothrú Muirí;
  • Próiseáil Bia Mara;
  • Táirgí Teicneolaíochta Muirí;
  • Fuinneamh Inathnuaite Muirí.

Cuireann na hearnálacha loingseoireachta, iompair mhuirí agus turasóireachta go mór le geilleagar an aigéin. 

Cuspóir Beartais maidir le Geilleagar Muirí agus Cósta

GMC 1        Geilleagar Muirí 

Tacú le forbairt agus fás an gheilleagair mhuirí agus cothromaíocht a aimsiú idir na héilimh chomhsháraitheacha ar an spás atá ar fáil ar an gcósta ó úsáideoirí éagsúla agus comhardú agus cómhaireachtáil na ngníomhaíochtaí agus an infreastruchtúir a spreagadh, fad a thugtar aird do chúrsaí iomchuí timpeallachta.

9.8          Loingseoireacht agus Iompar Muirí

Tá ról suntasach ag calafoirt, cuanta agus infreastruchtúr lena mbaineann i bhforbairt leanúnach an gheilleagair Mhuirí agus Chósta. Beidh sé ríthábhachtach tacú lena bhfeabhsú agus lena gcothabháil sna blianta atá le teacht mar a dhíríonn an clár oibre um fhuinneamh inathnuaite ar fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta.

Tá Ros an Mhíl ar an gcalafort is mó agus is gnóthaí i gContae na Gaillimhe. Tá roinnt feidhmeanna aige atá bunriachtanach don earnáil mhuirí. Is calafort iascaireachta seanbhunaithe é an tsaoráid sin agus tá sé ar cheann de na deich gcalafort is mó sa tír ó thaobh méid na n-iasc a chuirtear i dtír ann.

Is ceanncheathrú chabhlach dhomhainiascaigh na Gaillimhe agus Árann é freisin agus ainmníodh é mar cheann de na sé Mhórionad Calafoirt Iascaireachta sa tír.

Déantar iarracht le RPO 4.31 den SRSE príomhchalafoirt iascaireachta a chosaint, a uasghrádú agus a mhéadú, Ros an Mhíl san áireamh, chun a chinntiú go ndéantar infheistíocht leanúnach in áiseanna chun a rath leanúnach a chosaint.

Tacaíonn an calafort leis na hoileáin agus le tionscal na turasóireachta ach seirbhís farantóireachta chuig Oileáin Árainn chur ar fáil do phaisinéirí agus earraí i rith na bliana ar fad. Tacófar le bealaí eile go dtí oileáin san fharraige amuigh ó Ros an Mhíl, de réir mar is cuí. Braitheann feabhas leanúnach na hearnála muirí ar acmhainn chalafoirt bhreise a chur ar fáil.

Cuspóirí Beartais maidir le Loingseoireacht agus Iompar Muirí

LIM 1        Cumas Muirí    

Tacú le cumas muirí chéanna agus cuanta an chontae agus infreastruchtúr lena mbaineann agus forbairt mhuirí chuí eile agus tacú le forbairt inbhuanaithe an infreastruchtúir sin chun cur ar chumas an geilleagar muirí forbairt.
 

LIM 2        Ros an Mhíl a Mhéadú     

Tacú le acmhainneacht Ros an Mhíl mar chalafort shuntasach laistigh de shaolré an phlean seo agus cinnte a dhéanamh de go bhfíorófar a acmhainneacht forbartha go hiomlán, i gcomhréir le cúrsaí timpeallachta.
 

9.9          Dobharshaothrú agus Iascach

Baineann dobharshaothrú le hiascaireacht iasc eite, sliogiasc, speiceas feamainne agus cineálacha bia uiscigh. Ní bhaineann sé go heisiach le hiascach ar farraige, cé go mbíonn formhór na gníomhaíochta dobharshaothraithe ar siúl sa timpeallacht mhuirí ar an imeall trá. Tá ról tábhachtach ag an tionscal iascaireachta maidir le geilleagar láidir muirí an chontae a chosaint. Le blianta beaga anuas, b'ionann líon na ndaoine a bhí fostaithe sa tionscal iascaireachta agus os cionn 14,000, go díreach nó go hindíreach. I bhfianaise an imeallbhoird fhada, líon na sráidbhailte iascaireachta atá ann agus mhéid na fostaíochta a churthaíonn an tionscal seo, is gá an plean seo a aithint agus a chosaint.

Iarrfar leis an bplean éascaíocht a dhéanamh ar an tionscal seo a fhorbairt a thuilleadh ar bhealach inbhuanaithe gan dochar a dhéanamh don timpeallacht nádúrtha. Meastar freisin go bhfuil an t-infreastruchtúr cumasúcháin atá ag teastáil chun tionscal dobharshaothraithe atá faoi bhláth thar a bheith tábhachtach. Beidh gá le calafoirt, céanna agus infreastruchtúr lena mbaineann a fhorbairt agus a chothabháil chun a chinntiú go leanann an tionscal sin ag forbairt.

Cuspóirí Beartais maidir le Dobharshaothrú agus Iascach

DI 1        Dobharshaothrú Muirí

Tacú le tionscail dobharshaothraithe mhuirí agus iascaigh a fhorbairt, ionas go n-uasmhéadaítear líon na bpost agus fás i bpobail chósta, áit ar féidir a léiriú nach mbeidh tionchair dhiúltacha shuntasach ag an bhforbairt ar an timpeallacht.

9.10        Sliogéisc

D'fhonn na huiscí sliogéisc atá ann a chosaint agus chun a chinntiú go gcosnófar na ceantair sin amach anseo, thug an tAontas Eorpach an Treoir um Uiscí Sliogéisc (2006/113/CE) isteach. Ba é cuspóir na Treorach sin bearta praiticiúla a chur i bhfeidhm chun uiscí a chosaint, lena n-áirítear uiscí sliogéisc, ar thruailliú agus daonraí áirithe sliogéisc a chosaint ar iarmhairtí éagsúla dochracha de bharr substaintí truaillithe a sceitheadh san fharraige. Ó 2013, tugadh an Treoir um Uiscí Sliogéisc isteach i dTreoir Réime Uisce (TRU) an AE. Tá cur chuige níos comhtháite aige sin i leith cáilíocht uisce a bhainistiú ar bhonn abhantrach (dobharcheantar), d'fhonn cáilíocht éiceolaíoch agus ceimiceach na n-aibhneacha, na lochanna, an screamhuisce, na n-inbhear agus na n-uiscí cósta, uiscí sliogéisc san áireamh, a chosaint agus a fheabhsú.

 

Aithnítear 9 gceantar ar imeallbhord Chontae na Gaillimhe mar uiscí sliogéisc:

  • Cuan Chill Chiaráin;
  • Droichead an Chláirín/Bá Chinn Mhara;
  • Cuan Eachinse.
  • Cuan na Gaillimhe amuigh/Indreabhán;
  • Cuan Mhanainn;
  • Cuan an Chlocháin/Cuan Aird Bhéarra;
  • Cuan Bharr an tSrutha;
  • Cuan Bhaile na Cille.
  • An Caoláire Rua.

Tá Clár um Chosc ar Thruailliú i bhfeidhm maidir leis na ceantair ainmnithe sin. De ghnáth, éilítear go dtugann forbairt aird ar riachtanais Phlean Bainistithe Abhantrach an Iarthair ina ndéantar tagairt d'uiscí sliogéisc cosanta. Caithfidh forbairtí in aice le hUiscí Sliogéisc ainmnithe, nó gar dóibh, aird a thabhairt ar an ainmniú agus cinnte a dhéanamh de nach mbíonn tionchar diúltach ag an bhforbairt ar cháilíocht an uisce agus ar láithreáin Natura 2000 sa cheantar.

Cuspóirí Beartais maidir le Sliogéisc

S 1        An Treoir um Uiscí Sliogéisc    

Leanúint d'oibriú le pobail áitiúla, páirtithe leasmhara ábhartha agus leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara lena chinntiú go gcuirtear an Treoir um Uiscí Sliogéisc i bhfeidhm mar is ceart agus go rathúil feadh imeallbhord Chontae na Gaillimhe.
 

S 2        Uiscí Sliogéisc a Chosaint 

Iarracht a dhéanamh cáilíocht na n-uiscí sliogéisc ainmnithe amach ó chósta Chontae na Gaillimhe a chosaint.
 

9.11        Turasóireacht Mhuirí agus Chósta

Cuireann an luach ard taitneamhachta a bhaineann le himeallbhord Chontae na Gaillimhe deis ar fáil le haghaidh raon úsáidí a bhaineann le turasóireacht. Spreag Slí an Atlantaigh Fhiáin cuairteoirí cuairt a thabhairt ar cheantair thuaithe an Chontae i gConamara, rud a raibh tionchar suntasach dearfach aige ar na pobail sin.

Braitheann rath na turasóireachta muirí ar cháilíocht agus cothabháil an infreastruchtúir tacaíochta. Leanfar ar aghaidh stádas Brataí Goirme a fháil do thránna sa chontae. Aithnítear freisin go bhfuil sé tábhachtach cothabháil a dhéanamh ar chuanta agus céanna chun a chinntiú go mbíonn gníomhaíochtaí atá bunaithe san uisce sábháilte agus go meallann siad daoine. Mar gheall ar an gconair chósta a rolladh amach mar chuid den líonra gormbhealaigh le blianta beaga anuas, mealladh go leor daoine.

Cuspóirí Beartais maidir Turasóireacht Mhuirí agus Chósta

TMC 1        Spóirt agus Fóillíocht Mhuirí Bunaithe san Uisce

Moltaí a spreagadh a chuireann spóirt agus fóillíocht mhuirí bunaithe san uisce chun cinn i gceantair chósta agus ar aibhneacha ar fud an Chontae i gcomhréir le cúrsaí timpeallachta.   
 

TMC 2        Turasóireacht agus Fóillíocht Chósta

Éascaíocht a dhéanamh ar thurasóireacht agus gníomhaíochtaí fóillíochta inbhuanaithe más cuí, fad a spreagtar éagsúlú agus úsáid na n-áiseanna reatha i gcomhréir le cúrsaí timpeallachta.
 

TMC 3        Siúlbhealaí Cósta Reatha

Tacú le moltaí a fheabhsaíonn líonra reatha na siúlbhealach cósta sa chontae i gcomhréir le cúrsaí timpeallachta.  
 

9.12        Fuinneamh Inathnuaite Muirí

Is Toradh Straitéiseach Náisiúnta, atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta Pleanála, é Aistriú i dtreo Sochaí Ísealcharbóin atá Athléimneach i leith an Athraithe Aeráide agus tá sé ina chuid den Dearcadh Náisiúnta um Beartas Aeráide anois. Tacaíonn Cuspóir Beartais Náisiúnta 42 sa CNP le forbairt na hacmhainneachta fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta in Éirinn, lena n-áirítear feabhsúchán na nasc le heangacha intíre agus idirnáisiúnta i gcomhréir leis an bPlean Forbartha um Fhuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta. Chun an sprioc sin a bhaint amach, táthar ag iarraidh méid áirithe fuinnimh inathnuaite a sholáthar ar talamh agus amach ón gcósta. Is príomhacmhainn náisiúnta in Éirinn i dtaca leis sin flúirse an fhuinnimh inathnuaite ar féidir a ghiniúint amach ó chósta na tíre. Ghinfí é sin ó fhuinneamh gaoithe, tonnta agus taoide agus nascfaí é le foinsí móra éilimh mar a dheimhnítear sa Straitéis Réigiúnach Údaráis Áitiúil um Fhuinneamh Inathnuaite lena ngabhann.

Tá láithreán tástála ag an gcontae cheana féin i gCuan na Gaillimhe, ar a dtugtar 'Marine Renewable ETS'.

Rinneadh dul chun cinn teicniúil suntasach maidir le giniúint fuinnimh inathnuaite le blianta beaga anuas agus mar sin is rogha forbartha mealltach agus inmharthana é. Beidh an méid a chuirfidh forbairt na bhfoinsí fuinnimh amach ón gcósta tábhachtach chun cinnte a dhéanamh de go gcomhlíonann Éire a freagrachtaí maidir leis an athrú aeráide.

Cuspóirí Beartais maidir le Fuinneamh Inathnuaite Muirí

FIM 1        Fuinneamh Inathnuaite 

Tacú le giniúint inmharthana fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta san fharraige amuigh ó chósta Chontae na Gaillimhe, de réir mar is cuí agus i gcomhréir le cúrsaí timpeallachta agus taitneamhachta.

9.13      Oidhreacht Mhuirí agus Chósta

Is cuid shuntasach dár n-oidhreacht agus dár bhféiniúlacht é an timpeallacht mhuirí, agus is léiriú air sin iad ár bpobail bhríomhara chósta agus oileáin. Tá cuanta cé, dúnta cósta agus tithe solais ina gcuid bhunúsach dár n-oidhreacht. Mar a leagadh amach sa SRSE faoi RPO 4.15, éilítear go gcosnaítear agus go gcaomhnaítear ár n-oidhreacht chósta, seandálaíochta agus tógtha agus moltar go n-athchóireofar ár bpríomhshócmhainní cósta. Cosnaítear roinnt láithreán bithéagsúlachta trína n-ainmniú mar láithreáin LCS agus LfCS faoin Treoir um Ghnáthóga, ach níl raon na bithéagsúlachta uiscí teoranta do na láithreáin ainmnithe sin.

Cuspóirí Beartais maidir le Oidhreacht Mhuirí agus Chósta

OMC 1        Oidhreacht Chultúrtha agus Mhuirí    

Más féidir, cosc a chur le forbairt mhuirí cur isteach ar cháilíocht agus tábhacht an chultúir agus na hoidhreachta muirí i gcomhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe.
 

OMC 2        Timpeallacht Mhuirí    

Is cuspóir beartais na Comhairle é bithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus a fheabhsú, más cuí, i gcomhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe.
 

9.14        Taighde agus Nuálaíocht Mhuirí

Iarrtar le RPO 4.3.2 den SRSE na sócmhainní réigiúnacha sa Gheilleagar Gorm a leathnú. Déantar tagairt do Pháirc na Mara in RPO 4.34 den SRSE lena ndéantar iarracht roinnt de na Páirceanna Nuálaíochta Acmhainne Muirí straitéiseacha muirí a fhorbairt agus a leathnú.

Tá sé d'acmhainn ag calafort Ros an Mhíl forbairt mar chnuasach muirí sa Chontae. Bainfear é sin amach trí chomhoibriú go dlúth le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile, cosúil le gnólachtaí príobháideacha agus institiúidí oideachais agus taighde cosúil le Foras na Mara agus an tAonad Taighde ar Ghnéithe Socheacnamaíocha na Mara in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar shampla.

Cuspóirí Beartais maidir Taighde agus Nuálaíocht Mhuirí

TNM 1        Taighde agus Nuálaíocht Mhuirí 

Tacú le forbairt mhuirí cosúil le háiseanna taighde agus nuálaíochta sa Chontae. Beidh sé sin faoi réir chúrsaí timpeallachta mionsonraithe agus ní mór tograí a dhéanamh i gcomhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe.

 TNM 2        Páirc Nuálaíochta Acmhainne Muirí    

Tacú le Páirceanna Nuálaíochta Acmhainne Muirí straitéiseacha a fhorbairt agus a leathnú, Páirc na Mara i gCill Chiaráin san áireamh, agus iarracht a dhéanamh tacú leis an méadú ar fhás dobharshaothraithe agus bia mara sa Gheilleagar Muirí i gcomhréir le pleanáil cheart agus cúrsaí timpeallachta.
 

9.15        Dúshláin Mhuirí agus Chósta

Mar a leagtar amach i gCuspóir Beartais Náisiúnta 41b den Chreat Náisiúnta Pleanála, déantar iarracht aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na n-athruithe ar leibhéal na farraige agus ar thuile agus creimeadh cósta agus tacú le freagairtí oiriúnaithe a chur i bhfeidhm i gceantair leochaileacha. Tá an teocht ag ardú go seasmhach le blianta anuas ar bhealach nach bhfacthas ó roimh na 1950idí. Le linn an fhichiú haois agus ag tús an aonú haois is fiche, taifeadadh gur tháinig ardú 0.19 méadar ar leibhéal na farraige. Meastar go méadóidh sé sin go dtí 0.91 méadar faoin mbliain 2100. Cuireann an t-athrú aeráide agus ardú ar leibhéal na farraige go mór le tionchair an chreimthe cósta. Tá nasc dlúth idir an dá cheist.  Mar shampla, tagann méadú ar mhinicíocht agus déine na stoirmeacha de bharr an athraithe aeráide agus bíonn sé sin ina chúis le bá cósta níos measa. D'fhéadfadh sé sin srian a chur le rochtain ar áiseanna dobharshaothraithe amach ón gcósta agus ar an gcalafort agus cosc a chur le húsáid shábháilte na gcalafort agus na gcuanta.

San Iniúchadh ar Bheartas agus Cleachtas Údarás Áitiúil um Chreimeadh Cósta, a foilsíodh in 2017, tarraingíodh aird ar fhairsinge an chreimthe cósta de réir mar a mheasann 19 n-údarás áitiúla.  I gContae na Gaillimhe measadh go raibh 154 km den imeallbhord i mbaol creimeadh cósta.

Baineann dúshlán atá roimh an timpeallacht mhuirí agus chósta leis na hathruithe ar theocht na farraige. D'fhéadfadh sé sin tionchar a imirt ar an earnáil dobharshaothraithe mar gheall ar bhlás algach na bhfíteaplanctón. Chuirfeadh sé sin isteach ar tháirgeadh dobharshaothraithe sliogéisc agus éisc eite, laghdódh sé sin cáilíocht na ngnáthóg eile agus bheadh tionchar aige sin ar fheidhmiú speiceas áirithe. Bheadh roinnt beart maolaithe ann chun an t-athrú ar theocht na farraige a chúiteamh, cosúil le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta agus dobharshaothrú iltrófach comhtháite a fhorbairt áit a saothrófar níos mó ná speiceas amháin, a bhféadadh éisc eite agus feamainn sa suíomh céanna a bheith san áireamh leo. D'fhéadfadh sé sin carbón a cheapadh, rud a dtabharfar tacaíocht dó mar choincheap nuálach.

Cuspóirí Beartais maidir le Dúshláin Mhuirí agus Chósta

DMC 1        Luachanna Timpeallachta an Chósta
Acmhainneacht taitneamhachta, carachtair, amhairc, fóillíochta agus eacnamaíochta agus luachanna timpeallachta an chósta a chosaint. Cinnte a dhéanamh de nach gcuireann forbairt mhíchuí isteach ar chosaintí nádúrtha cósta, dumhcha gainimh, tránna agus bogaigh cósta san áireamh. 
 

DMC 2        Gnáthóga Cósta a Chosaint    
Nádúr agus pátrún na forbartha i gceantair chósta a rialú go dian agus cinnte a dhéanamh de go mbíonn an dearadh agus an tírdhreachú ar na caighdeáin is airde agus go mbíonn forbairt lonnaithe ar bhealach nach gcuireann isteach ar thaitneamhacht amhairc an cheantair. 

(a)  Cuirfear cosc le forbairt má chuireann an fhorbairt gnáthóga nó gnéithe cósta i mbaol suntasach, nó a d'fhéadfadh sin a dhéanamh, agus/nó más dócha go mbeidh pátrúin dhiúltacha chreimthe nó sil-leagtha ann áit eile ar an gcósta dá barr;
(b) Cosc a chur le forbairt ar an gcósta taobh amuigh de bhailte agus sráidbhailte atá ann, áit nach gcosnaítear forbairt den chineál sin ar bhealach leordhóthanach thar shaolré na forbartha gan an gá le cosaintí cósta breise a thógáil.
 

DMC 3        An Limistéar Cósta a Chosaint 
Is cuspóir beartais é an Limistéar Cósta a chosaint trí na bearta seo a leanas:

(a) Cinnte a dhéanamh de go ndéantar oibreacha caomhantais i limistéir chósta i gcomhréir le deachleachtas agus tacaíocht a thabhairt do bhearta chun an cósta, an t-imeall cósta agus gnáthóga cósta a chosaint;

(b) Iarracht a dhéanamh cosc a chur le baint neamhúdaraithe gainimh agus ábhar trá lena mbaineann;

(c) Tránna sa chontae a chaomhnú, a fheabhsú agus a chosaint ar fhorbairt mhíchuí agus iarracht a dhéanamh stádas reatha na dtránna ainmnithe Brataí Goirme agus Cóstaí Glasa a choinneáil agus líon na dtránna agus na gcóstaí a bhfuil an stádas sin acu amach anseo a mhéadú;

(d) Éascaíocht a dhéanamh ar chur chuige Bhainistiú Comhtháite an Chreasa Cósta chun a chinntiú go ndéantar acmhainní saorga agus nádúrtha an chreasa cósta a chaomhnú, a bhainistiú agus a chosaint;
 

DMC 4        Creat-Phlean Comhtháite Bainistithe     

Tacú le Creat-Phlean Comhtháite Bainistithe le haghaidh Chuan na Gaillimhe a ullmhú ag gach páirtí leasmhara ábhartha chun soláthar a dhéanamh d'fhorbairt inbhuanaithe agus comhtháite Limistéar Chuan na Gaillimhe ar bhealach comhordaithe
 

Clár ábhair

Baile