2.1 Baile Chláir

Dúnta20 Bea, 2021, 9:00am - 30 Iúil, 2021, 4:30pm

2.1 Lonnaíocht Cheannchathartha Bhaile Chláir

2.2 Comhthéacs an Bhaile

Tá Baile Chláir suite thart ar 10 km soir ó thuaidh de Chathair na Gaillimhe, taobh istigh de Ghaeltacht Chontae na Gaillimhe. Tá an sráidbhaile lonnaithe laistigh de limistéar ceannchathartha na Gaillimhe agus, mar sin, is cuid de Limistéar Ceannchathartha na Gaillimhe é. Tá an sráidbhaile suite san áit a dtrasnaíonn Príomhbhealach Náisiúnta an N17 ó Ghaillimh go Sligeach (Cúil Mhuine) Abhainn an Chláir. Tá sé ar an acomhal leis an N18, an Príomhbhealach Náisiúnta ó Ghaillimh go Luimneach, a nascann leis an N6, an Príomhbhealach Náisiúnta ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath agus an N18/M18.

Tá roinnt siopaí áitiúla, aonaid tráchtála/gnó agus dhá óstán lena mbaineann na saoráidí gaolmhara (ionad fóillíochta) ann, cuirtear saoráidí oideachais ar fáil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu laistigh den sráidbhaile, sa cheantar máguaird agus líon mór daoine a thaistealaíonn ar an N83 Ó Mhaigh Eo/Sligeach go Gaillimh ar bhonn laethúil/seachtainiúil. Téann Baile Chláir síos i líne ón taobh thuaidh d’Abhainn an Chláir go taobh deas acomhal an N83 agus an R381.

Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí oibreacha draenála i mBaile Chláir le déanaí chun tuilte a mhaolú, agus táthar tar éis droichead nua a thógáil. Sa chuid den sráidbhaile is faide ó thuaidh, tá cnuasach eaglasta le fáil ina bhfuil an Caisleán agus fothrach na Mainistreach Proinsiasach, reilig agus fothrach na heaglaise paróiste ó na meánaoiseanna, agus is i gcoinne an chúlra iontaigh seo atá an sráidbhaile suite ar bhruach Abhainn an Chláir.

2.3    Pobail Inbhuanaithe

2.3.1 Tithíocht

Tá fás suntasach tagtha ar an lonnaíocht chathrach Baile Chláir le 20 bliain anuas, a bhuí sin lena cóngaracht do Chathair na Gaillimhe, agus tá an-tóir air i gcónaí mar áit chun forbairtí cónaithe a thógáil. I measc na gcineálacha tithe, tá tithe sraithe, tithe leathscoite agus tithe scoite, a bhformhór díobh idir bhungalónna agus thithe dhá stór. Tá roinnt foirgneamh tráchtála/miondíola lonnaithe taobh leis an N83 freisin, laistigh de lár an bhaile.

Is príomhaidhm den phlean lonnaíochta ceannchathartha seo tithíocht bhreise a chur ar fáil amach anseo a chomhlíonann prionsabail na cáilíochta agus na hinbhuanaitheachta, go speisialta ó thaobh dearaidh agus leagain amach de. Caithfidh prionsabail na cáilíochta, na hinbhuanaitheachta agus na hionchuimsitheachta a bheith chun tosaigh agus forbairtí cónaithe á dtógáil i mBaile Chláir amach anseo. Ba cheart go gcuireann scéimeanna nua iltithíochta laistigh de limistéar an phlean rogha iomchuí d’aonaid tithíochta éagsúla ar fáil a dhéanann freastal ar éilimh reatha an tsráidbhaile agus ar éilimh an tsráidbhaile amach anseo, agus a bhíonn freagrúil ar an gcomhthéacs áitiúil, ó thaobh dearaidh, leagain amach agus dlúis de. Caithfidh forbairtí cónaithe laistigh de Bhaile Chláir cloí leis an gcuspóir beartais maidir le haonaid tithíochta a dháileadh ar theaghlaigh le Gaeilge.

2.3.2 Láran Bhaile/Miondíol

Tá Lár Bhaile Chláir gnóthach go leor agus an phríomhghníomhaíocht thráchtála lonnaithe siar ó thuaidh den N83 ó Super Valu mhuintir Hughes ar imeall theas lár an bhaile i dtreo an Óstáin The Arches ar imeall thuaidh an láir. Áirítear sa phlean do na sé bliana atá amach romhainn criosú a dhéanamh i Lár an Bhaile agus tá sé ina chuid den phlean sin aghaidh an phríomhlimistéir thráchtála a chur i dtreo an N83. Áirítear sa chriosú sin i lár an bhaile tailte atá soir ó dheas ón N83 lonnaithe i lár an bhaile, agus tailte soir ó dheas ón acomhal idir an N83 agus an R381 a chuimsíonn tailte a shainaithnítear mar Lár an Bhaile/inlíonta (féach an léarscáil um chriosú úsáide talún Bhaile Chláir).

Trí lár an tsráidbhaile i mBaile Chláir a chomhdhlúthú d’fhonn freastal ar fhás amach anseo, cabhrófar chun sraoilleáil uirbeach a chosc trí fhorbairt uirbeach níos dlúithe a sholáthar, chomh maith le bonn le haghaidh pobail uirbigh níos inbhuanaithe.

2.3.3 Fostaíocht agus Forbairt Gheilleagrach

Tá Páirc Ghnó lonnaithe taobh leis an N18, agus tá gnólachtaí tráchtála i roinnt aonaid istigh inti. Tá na tailte seo criosaithe mar thailte Gnó agus Fiontraíochta. Rinneadh athchóiriú ar Chaisleán Bhaile Chláir le blianta beaga anuas agus tagann an-chuid turasóirí ann. Reáchtáiltear roinnt féilte ar thailte an chaisleáin, go mór mór le linn an tsamhraidh.

2.3.4 Saoráidí Pobail

Tá saoráidí pobail riachtanach le haghaidh folláine agus feidhmiú pobal inbhuanaithe, agus cuireann siad le caighdeán saoil níos fearr ar an iomlán. Áirítear leo saoráidí oideachais, cúram leanaí, spóirt agus áineasa, ealaíon agus cultúir, saoráidí d’fheidhmeanna sláinte agus sóisialta, tailte adhlactha, ionaid adhartha, srl. i mBaile Chláir, cé go raibh fás suntasach ar fhorbairt agus ar dhaonra le fiche bliain anuas, níor soláthraíodh bonneagar tacaíochta pobail le dul leis an bhfás sin, agus dá bhrí sin tá brú breise ar na saoráidí agus seirbhísí pobail atá ann cheana féin. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go bhfreastalaíonn soláthar saoráidí nua pobail sa Phlean Forbartha Contae ar riachtanais an phobail áitiúil faoi láthair agus amach anseo i rith thréimhse an phlean, agus go gcuirtear ar fáil iad in áiteanna a bhfuil sé éasca dul chucu de shiúl na gcos, ar rothar nó ar iompar poiblí.

2.3.5 Oideachas

Le blianta beaga anuas, tógadh Coláiste Bhaile Chláir (meánscoil) in aice le Páirc Ghnó Bhaile Chláir. Is Coláiste Pobail comhoideachais, il-sainchreidmheach í an scoile seo a bunaíodh in 2013. Tá an bhunscoil Ag Foghlaim le Chéile Bhaile Chláir lonnaithe ar an gcampas céanna ar an taobh siar ó thuaidh den suíomh.

Tá Bunscoil Bhaile Chláir lonnaithe thart ar 0.5km siar ó thuaidh ón mbunscoil Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile Chláir, soir ón R381 díreach roimh an acomhal idir an N83 agus lár an tsráidbhaile.

Tacófar le saoráidí oideachais de réir mar is cuí laistigh de thailte arna gcriosú i bPlean Lonnaíochta Ceannchathartha Bhaile Chláir.

2.3.6 Comhshaol agus Oidhreacht

Tá roinnt déanmhas cosanta laistigh de lonnaíocht cheannchathartha Bhaile Chláir atá liostaithe ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (TDC) atá istigh le Plean Forbartha Contae na Gaillimhe, e.g. Droichead Bhaile Chláir (TDC Uimh. 108) agus Caisleán Bhaile Chláir (TDC Uimh. 110). Tá roinnt Séadchomharthaí Taifeadta seandálaíochta laistigh de limistéar an phlean freisin, ar an taobh ó thuaidh den lonnaíocht an chuid is mó díobh, gar do Mhainistir Bhaile Chláir agus Caisleán Bhaile Chláir.

Téann Abhainn an Chláir trí imeall thuaidh lonnaíocht Bhaile Chláir agus isteach i Loch Coirib. Tá an abhainn seo ina cuid de Limistéir Chaomhantais Speisialta Loch Coirib, suíomh éiceolaíochta ainmnithe a mbaineann tábhacht Eorpach leis.

Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt ar an bhféiniúlacht uathúil chultúir a léiríonn lonnaíocht amhail Baile Chláir agus a chinntiú go ndéanann forbairt nua an fhéiniúlacht sin a thacú agus a chomhlánú.

Tá oidhreacht cultúir shaibhir ag lonnaíocht Bhaile Chláir agus ag a mhórchúlchríoch tuaithe, mar a léirítear le Caisleán Bhaile Chláir agus Mainistir Bhaile Chláir atá lonnaithe laistigh de theorainn na lonnaíochta, agus leis an gCeárta agus an Músaem atá lonnaithe taobh ó thuaidh den sráidbhaile. Tá sé tábhachtach go léireodh forbairtí nua meas ar an gcultúr bunaithe seo. Tacóidh an Chomhairle i bprionsabal le tograí forbartha a d’fheabhsódh oidhreacht chultúir na láithreán seo, de réir mar is cuí.

Gné eile den oidhreacht chultúir i mBaile Chláir ná a stádas Gaeltachta laistigh de Ghaeltacht Chonamara. Mar sin, tá sé tábhachtach a chinntiú go léireoidh forbairt nua meas ar oidhreacht stairiúil agus chultúir Bhaile Chláir, agus go ndéanann sí a stádas Gaeltachta agus a oidhreacht theangeolaíoch a chosaint agus a fheabhsú, i gcomhréir le forálacha an Plean Forbartha Contae. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa sráidbhaile trí choinníollacha pleanála iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear eastáit a ainmniú, comharthaíocht, agus céatadán de na haonaid tithíochta sna forbairtí tithíochta nua a shannadh do Ghaeilgeoirí.

2.4    Seirbhísí agus Bonneagar

2.4.1 Diúscairt Fuíolluisce

Le blianta beaga anuas, sholáthair Uisce Éireann ionad cóireála fuíolluisce bhardasaigh i mBaile Chláir. Tá sé d’acmhainn ag an ionad cóireála sin freastal ar riachtanais forbartha cónaithe agus tionsclaíoch Bhaile Chláir sa lá atá inniu ann agus amach anseo.

2.4.2 Seirbhísí Uisce

Freastalaíonn an príomhlíonra uisce poiblí ar Bhaile Chláir. Tacóidh an plean le cothabháil agus feabhsúcháin a dhéanamh ar an soláthar seo chun forbairt todhchaí an tsráidbhaile a chosaint.

2.4.3 Bonneagar Iompair agus Gluaiseachta

Sa phlean seo, cuirtear éifeachtúlacht chun cinn ó thaobh cúrsaíochta agus bainistíochta tráchta ar fud an tsráidbhaile, agus cuirfear páirceáil iomchuí ar fáil, gar do lár an tsráidbhaile.

Tacaíonn an Plean le Seachbhóthar Bhaile Chláir ar an N17 a chur i gcrích. Thiocfaí laghdú mór ar mhéid an tráchta a thagann tríd an sráidbhaile gach lá dá bhforbrófaí an seachbhóthar seo, agus chuirfeadh sé feabhas ar an timpeallacht i lár an tsráidbhaile freisin, chomh maith le sábháilteacht, cúrsaíocht agus bainistíocht tráchta i mBaile Chláir a fheabhsú.

Aithnítear sa phlean freisin agus tugtar tacaíocht ann do thábhacht an iompair inbhuanaithe, lena n- áirítear úsáid talún agus iompar a chomhtháthú, rud a spreagfaidh aistriú córa iompair ó iompar príobháideach chuig an rothaíocht, siúil agus iompar poiblí. D’fhonn aistriú córa iompair mar sin a spreagadh, ní mór feabhsúcháin a dhéanamh ar líonra na gcosán poiblí atá sa sráidbhaile cheana thar thréimhse an phlean chun gluaiseachtaí sábháilte coisithe a chinntiú. Ina theannta sin, is riachtanach go ndíreoidh forbairtí nua uile ar nascacht agus go nascann siad leis an líonra cosán atá ann cheana ionas go mbainfear nascacht amach agus go mbainfear leas aisti sa sráidbhaile, agus nach gceadófar an cineál forbartha ar a dtugtar ‘cliobógacht’.

2.5    Athrú Aeráide agus Tuile

Mar a leagtar amach i gCaibidil 14 Athrú Aeráide, Fuinneamh agus Acmhainn In-Athnuaite, imríonn an t-athrú aeráide tionchar díreach i gcónaí ar shaol daoine, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar ina laghdófar na hachair taistil ar an oideachas, ar an obair agus ar sheirbhísí, ina gcuirfear feabhas ar shaoráidí siúil agus rothaíochta agus ina ndéanfar foinsí áitiúla fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhtháthú.

Rinneadh Measúnú Baol Tuile céim 2 ar phlean lonnaíochta Bhaile Chláir agus sainaithnítear ceantair a mbaineann baol tuile leo, dobharthuile, tuile cois cósta, tuile bháistiúil agus tuile screamhuisce san áireamh. Tá léarscáil baol tuile le fáil i gCuid 4 den phlean ceannchathartha seo.

Cuspóirí Beartais Bhaile Chláir (Plean Lonnaíochta Ceannchathartha Bhaile Chláir - PLCBC)

PLCBC1 Pobail Chónaithe Inbhuanaithe

Forbairt tailte oiriúnacha agus seirbhísithe a chur chun cinn chun pobail chónaitheacha inbhuanaithe d’ardchaighdeán atá leagtha amach go maith agus a bhfuil tírdhreachtú maith iontu a sholáthar, le meascán oiriúnach cineálacha agus dlús tithíochta, chomh maith le húsáidí tailte comhlántacha ar nós saoráidí pobail, seirbhísí áitiúla agus saoráidí iompair phoiblí, chun freastal ar an daonra cónaitheach phlean lonnaíochtaí Ceannchathartha Bhaile Chláir. Conláistí cónaithe reatha a chosaint agus forbairt inlíonta nua réititheach arna ndearadh go hiomchuí a éascú, i gcomhréir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe limistéar an phlean. Spreagadh sonrach a dhéanamh ar chónaí os cionn an tsiopa, rud a d’fhéadfadh cur go mór le beogacht lár an bhaile agus gníomhaíocht a shíneadh níos faide ná uaireanta gnó.

PLCBC 2 Lár an Bhaile Inbhuanaithe

Forbairt Bhaile Chláir a chur chun cinn mar thimpeallacht dhlúth, ardchaighdeáin, dhea- thírdhreachaithe agus inrochtana ina bhfuil meascán iomchuí d’úsáidí, lena n-áirítear úsáidí cónaitheacha, tráchtála, seirbhísí, turasóireachta, fiontraíochta, poiblí agus pobail, de réir mar is cuí, a sholáthraíonn réimse seirbhísí, áiseanna agus saoráidí miondíola, don phobal áitiúil agus cuairteoirí. Díreofar den chuid is mó ar lár an bhaile agus ar an bpríomhshráid ghaolmhar maidir le gníomhaíocht mhiondíola agus seirbhíse laistigh de na pleananna seo.

PLCBC 3 Saoráidí agus Seirbhísí Pobail

(a). Forbairt saoráidí pobail a chur chun cinn ar thailte/suíomhanna oiriúnacha i lonnaíocht Bhaile Chláir agus ardleibhéal rochtana ar an bpobal áitiúil a chur ar fáil, lena n-áirítear úsáidí oideachais, úsáidí pobail, úsáidí sibhialta, úsáidí poiblí, úsáidí áineasa, úsáidí cultúir agus úsáidí eile comhlántacha.

(b). Tailte maidir le saoráidí pobail a sholáthar a fhorchoimeád chun críocha páirc spraoi a sholáthar.

(c ). Tailte maidir le saoráidí pobail a sholáthar a fhorchoimeád chun críocha reilig a sholáthar.

PLCBC 4 Gnó & Fiontraíocht

Cur chun cinn a dhéanamh ar úsáidí gnó agus fiontraíochta, tionsclaíocht éadrom/trádstóráil agus úsáidí a leithéid agus páirc fhiontraíochta/páirc oifigí, aonaid ghoir/gnólachtaí nuathionscanta agus Gnólachtaí Beaga agus Meánmhéide a fhorbairt ar thailte oiriúnacha i mBaile Chláir agus ardleibhéal rochtana a sholáthar ar líonraí príomhbhóithre agus ar shaoráidí iompair phoiblí.

PLCBC 5 Bonneagar Poiblí

Tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’fhorbairt bonneagair agus oibreacha feabhsúcháin a rachaidh chun sochair Bhaile Chláir agus an réigiún i gcoitinne.

PLCBC 6 Líonra Coisithe agus Rothaíochta

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt chun sraith de bhealaí coisithe agus rothaíochta a fhorbairt, a nascfaidh limistéir chónaithe le lár an bhaile agus seirbhísí pobail áitiúla , nuair is féidir.

PLCBC 7 Creatstraitéis Iompair agus Athnuachana Uirbí

Creatstraitéis Tráchta, Iompair agus Athnuachana Uirbí a ullmhú don Bhaile thar shaolré an phlean agus féadfaidh Plean Athbhreithnithe Bainistíochta Tráchta a bheith ina chuid de sin agus;

(a) Athfhorbairt Suíomhanna Deise laistigh de limistéar an Phlean.

(b) Tacaíocht a thabhairt agus cur chun cinn a dhéanamh ar chúrsaíocht agus bainistíocht éifeachtúil tráchta ar fud Bhaile Chláir, agus éascaíocht a dhéanamh maidir le páirceáil iomchuí a chur ar fáil gar do lár an bhaile.

(c) Líonra de bhealaí siúil agus rothaíochta ainmnithe a chur ar fáil chun nascacht shábháilte agus áisiúil a sholáthar idir phríomhlimistéir chónaithe an bhaile agus phríomhlimistéir eile den bhaile, scoileanna san áireamh.

PLCBC 8 Seachbhóthar Bhaile Chláir

Tacaíocht a thabhairt chun Seachbhóthar Bhaile Chláir a fhorbairt.

PLCBC 9 An Ghaeilge

An Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn mar chéad teanga pobail limistéar Bhaile Chláir, lena n-áirítear:

  • A chinntiú go dtugtar ainmneacha Gaeilge ar fhorbairtí agus go ndéanann na hainmneacha sin léiriú ar charachtar an limistéir.
  • Forbairt saoráidí oideachais, áineasa, turasóireachta agus gnó a fheidhmíonn trí Ghaeilge a spreagadh.

Úsáidfear comharthaíocht Ghaeilge den chuid is mó agus siombailí a aithnítear go hidirnáisiúnta le feiceáil uirthi.

PLCBC 10 Clásal Feidhme Teanga

Cuirfear Clásal Feidhme Teanga i bhfeidhm ar chéatadán de na haonaid chónaithe nuair a dhéanfar forbairtí ina bhfuil níos mó ná aonad nó dhó i gceist a fhorbairt i mBaile Chláir. Cuirfear an clásal feidhme teanga i bhfeidhm ar 20% de na tithe ar a laghad nó ar chóimhéid le céatadán na ndaoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil, i gcomhréir leis an Daonáireamh is deireanaí a foilsíodh, pé ceann acu is mó.

PLCBC 11 Pointí Rochtana Táscacha um Fhorbairt

Pointí rochtana ar thailte infhorbartha/talamh cúil mar a léirítear ar an Léarscáil um Chriosú Úsáide Talún do Bhaile Chláir.

PLCBC 12 Úsáidí Neamhchomhréireacha

I gcás nach bhfuil úsáidí reatha i gcomhréir leis na cuspóirí úsáide talún nó le maitrís an phlean, éascóidh/tacóidh an tÚdarás chun na húsáidí sin a athlonnú chuig tailte níos inbhuanaithe a mbaineann an criosú iomchuí leo.

Baile Chláir Land Use Zoning Map
Baile Chláir Flood Risk Management Map

Clár ábhair

Baile